This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D1238
Decision of the EEA Joint Committee No 98/2026 of 20 March 2026 amending Annex XI (Electronic communication, audiovisual services and information society) to the EEA Agreement [2026/1238]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 98/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1238]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 98/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1238]
IO L, 2026/1238, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1238/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1238 |
25.6.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 98/2026
an 20 Márta 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1238]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2425 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2025 maidir le comhchuibhiú bhanda minicíochta 3800-4200 MHz don úsáid chomhroinnte ag córais leathanbhanda trastíre gan sreang atá in ann nascacht líonra achair logánta a sholáthar san Aontas (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 5czv (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1983 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘5czw. |
32025 D 2425: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2425 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2025 maidir le comhchuibhiú bhanda minicíochta 3800-4200 MHz don úsáid chomhroinnte ag córais leathanbhanda trastíre gan sreang atá in ann nascacht líonra achair logánta a sholáthar san Aontas (IO L, 2025/2425, 4.12.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2425 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 2025/2425, 4.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2425/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1238/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)