This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0991
Decision of the EEA Joint Committee No 47/2026 of 6 February 2026 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2026/991]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 47/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/991]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 47/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/991]
IO L, 2026/991, 21.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/991/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/991 |
21.5.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 47/2026
an 6 Feabhra 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/991]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2024/3128 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a mhéid a bhaineann le táscairí nua athbhreithnithe i ndáil le scéim feidhmíochta agus muirearaithe le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66xk (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32024 R 3128: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3128 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2024 (IO L, 2024/3128, 17.12.2024).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3128 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Feabhra 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2024/3128, 17.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3128/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/991/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)