This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0980
Decision of the EEA Joint Committee No 24/2026 of 6 February 2026 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2026/980]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 24/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/980]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 24/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/980]
IO L, 2026/980, 21.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/980/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/980 |
21.5.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 24/2026
an 6 Feabhra 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/980]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Treoir Tarmligthe (AE) 2025/1802 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do luaidhe i sádair ardteochta leáite (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Treoir Tarmligthe (AE) 2025/2363 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do luaidhe i ngloine nó i gcomhpháirteanna ceirmeacha (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Treoir Tarmligthe (AE) 2025/2364 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach, in alúmanam agus i gcopar (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 12q (Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32025 L 1802: Treoir Tharmligthe (AE) 2025/1802 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 (IO L, 2025/1802, 21.11.2025), |
|
— |
32025 L 2363: Treoir Tharmligthe (AE) 2025/2363 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 (IO L, 2025/2363, 21.11.2025), |
|
— |
32025 L 2364: Treoir Tharmligthe (AE) 2025/2364 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 (IO L, 2025/2364, 21.11.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Treoracha Tarmligthe (AE) 2025/1802, (AE) 2025/2363 agus (AE) 2025/2364 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Feabhra 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Feabhra 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2025/1802, 21.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/1802/oj.
(2) IO L, 2025/2363, 21.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/2363/oj.
(3) IO L, 2025/2364, 21.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/2364/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/980/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)