This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0968
Decision of the EEA Joint Committee No 40/2026 of 6 February 2026 amending Annex IX (Financial services) to the EEA Agreement [2026/968]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 40/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/968]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 40/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/968]
IO L, 2026/968, 21.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/968/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/968 |
21.5.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 40/2026
an 6 Feabhra 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/968]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1126 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú i ndáil leis an bhfaisnéis atá le háireamh san iarratas ar údarú chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal agus chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31rzh (Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/885 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘31rzi. |
32025 R 1126: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1126 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú i ndáil leis an bhfaisnéis atá le háireamh san iarratas ar údarú chun comharthaí sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal agus chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála (IO L, 2025/1126, 15.9.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1126 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Feabhra 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 2025/1126, 15.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1126/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/968/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)