This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0966
Decision of the EEA Joint Committee No 42/2026 of 6 February 2026 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2026/966]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 42/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/966]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 42/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/966]
IO L, 2026/966, 21.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/966/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/966 |
21.5.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 42/2026
an 6 Feabhra 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/966]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2024/1258 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais íosta maidir le híos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla san earnáil iompair ócáidigh paisinéirí agus maidir le cumhacht na mBallstát pionóis a fhorchur i leith sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a rinneadh i mBallstát eile nó i dtríú tír (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/773 ón gCoimisiún an 4 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2009/992/AE a mhéid a bhaineann le híoscheanglais le haghaidh sonraí breise atá le cur isteach sa chlár leictreonach náisiúnta um ghnóthais iompair de bhóthar (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 19aa (Cinneadh 2009/992/AE ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
|
2. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 24e (Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2024/1258 agus Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/773 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Feabhra 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2024/1258, 2.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1258/oj.
(2) IO L, 2024/773, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/773/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/966/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)