Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D0940

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 8/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/940]

IO L, 2026/940, 21.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/940/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/940/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/940

21.5.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 8/2026

an 6 Feabhra 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/940]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2171 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2025 maidir le hathnuachan a dhéanamh ar údarú D-pantaitéanáite cailciam (vitimín B5) agus D-pantanóil (vitimín B5) mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 669/2014 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2175 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum CECT 4528 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch a athnuachan agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 399/2014 (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2183 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2025 maidir le húdarú L-vailín arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80058 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch a athnuachan agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 848/2014 (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2186 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2025 maidir le húdarú aigéid phróipianaigh, próipianáite sóidiam agus próipianáite amóiniam a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch talún agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1222/2013 agus (AE) Uimh. 305/2014 (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2171 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 669/2014 ón gCoimisiún (5), ar rialachán é atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2175 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 399/2014 ón gCoimisiún (6), ar rialachán é atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(7)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2183 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 848/2014 ón gCoimisiún (7), ar rialachán é atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(8)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2186 aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1222/2013 (8) agus (AE) Uimh. 305/2014 ón gCoimisiún (9), ar rialacháin iad atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(9)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:

1.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 682 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1795 ón gCoimisiún):

‘683.

32025 R 2171: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2171 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2025 maidir le hathnuachan a dhéanamh ar údarú D-pantaitéanáite cailciam (vitimín B5) agus D-pantanóil (vitimín B5) mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 669/2014 (IO L, 2025/2171, 30.10.2025).

684.

32025 R 2175: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2175 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum CECT 4528 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch a athnuachan agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 399/2014 (IO L, 2025/2175, 30.10.2025).

685.

32025 R 2183: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2183 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2025 maidir le húdarú L-vailín arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80058 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch a athnuachan agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 848/2014 (IO L, 2025/2183, 30.10.2025).

686.

32025 R 2186: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2186 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2025 maidir le húdarú aigéid phróipianaigh, próipianáite sóidiam agus próipianáite amóiniam a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch talún agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1222/2013 agus (AE) Uimh. 305/2014 (IO L, 2025/2186, 30.10.2025).’

2.

Scriostar téacsanna phointí 107 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 669/2014 ón gCoimisiún), 2zzzc (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 399/2014 ón gCoimisiún), 110 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 848/2014 ón gCoimisiún), 2zzn (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1222/2013 ón gCoimisiún), agus 106 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 305/2014 ón gCoimisiún).

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2171, (AE) 2025/2175 (AE) 2025/2183 agus (AE) 2025/2186 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Feabhra 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2025/2171, 30.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2171/oj.

(2)   IO L, 2025/2175, 30.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2175/oj.

(3)   IO L, 2025/2183, 30.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2183/oj.

(4)   IO L, 2025/2186, 30.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2186/oj.

(5)   IO L 179, 19.6.2014, lch. 62.

(6)   IO L 119, 23.4.2014, lch. 40.

(7)   IO L 232, 5.8.2014, lch. 13.

(8)   IO L 320, 30.11.2013, lch. 16.

(9)   IO L 90, 26.3.2014, lch. 12.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/940/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top