This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0936
Decision of the EEA Joint Committee No 6/2026 of 6 February 2026 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) to the EEA Agreement [2026/936]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 6/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/936]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 6/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/936]
IO L, 2026/936, 21.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/936/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/936 |
21.5.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 6/2026
an 6 Feabhra 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/936]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1776 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Bifidobacterium longum CNCM I-5642 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí (sealbhóir an údaraithe: Nestlé Enterprises S.A. – Division Nestlé Purina Petcare Europe a ndéantar ionadaíocht orthu ar leibhéal an Aontais trí Centres de Recherche et Développement Nestlé S.A.S) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1782 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti crágach cróimiam de DL-meitiainín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh salmainidí (sealbhóir an údaraithe: Zinpro Animal Nutrition Europe, Inc.) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 677 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1254 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘678. |
32025 R 1776: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1776 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Bifidobacterium longum CNCM I-5642 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí (sealbhóir an údaraithe: Nestlé Enterprises S.A. – Division Nestlé Purina Petcare Europe a ndéantar ionadaíocht orthu ar leibhéal an Aontais trí Centres de Recherche et Développement Nestlé S.A.S) (IO L, 2025/1776, 9.9.2025). |
|
679. |
32025 R 1782: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1782 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti crágach cróimiam de DL-meitiainín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh salmainidí (sealbhóir an údaraithe: Zinpro Animal Nutrition Europe, Inc.) (IO L, 2025/1782, 10.9.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1776 agus (AE) 2025/1782 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Feabhra 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2025/1776, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1776/oj.
(2) IO L, 2025/1782, 10.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1782/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/936/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)