This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0933
Decision of the EEA Joint Committee No 1/2026 of 6 February 2026 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) to the EEA Agreement [2026/933]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 1/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/933]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 1/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/933]
IO L, 2026/933, 21.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/933/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/933 |
21.5.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 1/2026
an 6 Feabhra 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/933]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/917 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le híoscheanglais le haghaidh poist rialaithe teorann, lena n-áirítear lárionaid chigireachta, agus maidir leis an bhformáid, na catagóirí agus na giorrúcháin atá le húsáid chun poist rialaithe teorann agus lárionaid rialaithe a liostú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Baineann an Cinneadh seo inter alia le reachtaíocht ina bhfuil forálacha maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe. Forálacha maidir le hainmhithe beo, cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe, ní bheidh feidhm acu maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. |
|
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 11bg (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
|
— |
32025 R 0917: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/917 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2025 (IO L, 2025/917, 20.5.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/917 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Feabhra 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2025/917, 20.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/917/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/933/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)