Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D0932

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 3/2026 an 6 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/932]

IO L, 2026/932, 21.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/932/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/932/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/932

21.5.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 3/2026

an 6 Feabhra 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/932]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Baineann Rialachán (AE) 2023/1231 le rialacha sonracha i ndáil le hearraí áirithe a liostaítear sa Rialachán sin a theacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe. Dá réir sin, déantar foráil leis maidir le cearta agus oibleagáidí páirtithe seachas na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE. Chun críocha Chomhaontú LEE, ní ionchorprófar sa Chomhaontú ach forálacha lena leagtar síos cearta agus oibleagáidí na bPáirtithe Conarthacha. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag codanna de Rialachán (AE) 2023/1231 maidir le Stáit CSTE.

(3)

Baineann an Cinneadh seo, inter alia, le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí ainmhithe amhail ubháin, suthanna agus seamhan. An reachtaíocht a bhaineann leis na cúrsaí sin, ní bheidh feidhm aici maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE.

(4)

Baineann an Cinneadh seo, inter alia, le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta agus cúrsaí fíteashláintíochta. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta agus cúrsaí fíteashláintíochta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 60 (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 ón gCoimisiún) i gCuid 7.2 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘61.

32023 R 1231: Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (IO L 165, 29.6.2023, lch. 103).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

Airteagal 1(2) agus (3), Airteagail 3–12, Airteagal 19 agus Iarscríbhinní I-IV, ní bheidh feidhm acu maidir le Stáit CSTE.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2023/1231 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Feabhra 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 165, 29.6.2023, lch. 103.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/932/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top