Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D0685

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 254/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/685]

IO L, 2026/685, 16.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/685/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/685/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/685

16.4.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 254/2025

an 5 Nollaig 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/685]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2025/2016 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2025 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samplaí agus ítimí áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 9c (Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún) de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32025 R 2016: Rialachán (AE) 2025/2016 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2025 (IO L, 2025/2016, 9.10.2025).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2025/2016 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L 2025/2016, 9.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2016/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/685/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top