Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D0660

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 275/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/660]

IO L, 2026/660, 16.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/660/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/660/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/660

16.4.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 275/2025

an 5 Nollaig 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/660]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2025/1090 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le N,N-démeitilaicéataimíd (DMAC) agus 1-eitilpiorólaidin-2-ón (NEP) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12zc (Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32025 R 1090: Rialachán (AE) 2025/1090 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 (IO L, 2025/1090, 3.6.2025).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2025/1090 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Nollaig 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L, 2025/1090, 3.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1090/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/660/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top