This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0652
Decision of the EEA Joint Committee No 281/2025 of 5 December 2025 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement 2026/652]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 281/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/652]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 281/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/652]
IO L, 2026/652, 16.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/652/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/652 |
16.4.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 281/2025
an 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/652]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/787 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1,4-démheitiolnaftailéin, aimídeasulfúrón, beantazón, bicsifein, clómasón, feanocsapróp-P, fluidhé-ocsainil, fluocsastróibin, flutolainil, flocsaipiorocsad, aigéad gibrilineach, gibriliní, halaicsifein-meitil meiceapróp-P, ola phairifín, peintiaipiorad, pirimeafos-meitil, própamacarb, próipiosaimíd, próitiaconasól, riomsulfúrón, seadacsán agus sulfocsaflór (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/881 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1085 agus (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le coinníollacha formheasa na substainte gníomhaí 1-meitilcioglapróipéin (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/910 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2025 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí fluifeanaicéat, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus (AE) 2015/408 ón gCoimisiún (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1092 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún chun liosta na substaintí gníomhacha atá formheasta nó a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13zzzzt (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún):
|
|
3. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 13zzzzzzzzzzc (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1085 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
|
4. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13zzzzzzzzzzzzzzzj (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/845 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/787, (AE) 2025/881, (AE) 2025/910 agus (AE) 2025/1092 san Íoslainnis agus san Ioruais, agus tá siad le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L, 2025/787, 25.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/787/oj.
(2) IO L, 2025/881, 8.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/881/oj.
(3) IO L, 2025/910, 21.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/910/oj.
(4) IO L, 2025/1092, 3.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1092/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/652/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)