This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0644
Decision of the EEA Joint Committee No 288/2025 of 5 December 2025 amending Annex IV (Energy) to the EEA Agreement [2026/644]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 288/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/644]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 288/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/644]
IO L, 2026/644, 16.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/644/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/644 |
16.4.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 288/2025
an 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/644]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/826 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní VIII agus IX a ghabhann le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hábhar measúnuithe cuimsitheacha ar an acmhainneacht le haghaidh téamh agus fuarú éifeachtúil (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 24 (Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32019 R 0826: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/826 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 (IO L 137, 23.5.2019, lch. 3).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/826 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 174/2025 ó Chomhchoiste LEE an 11 Iúil 2025 (2), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L 137, 23.5.2019, lch. 3.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
(2) IO L 2025/2110, 6.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2110/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/644/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)