This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0609
Decision of the EEA Joint Committee No 311/2025 of 5 December 2025 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2026/609]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 311/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/609]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 311/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/609]
IO L, 2026/609, 16.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/609/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/609 |
16.4.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 311/2025
an 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/609]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2024/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 80/2009, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointí 21b (Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus 66d (Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 63 (Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle): ‘, arna leasú le:
|
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2024/1230 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L 2024/1230, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1230/oj.
(*1) Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/609/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)