This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0043
Decision of the EEA Joint Committee No 218/2025 of 19 September 2025 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2026/43]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 218/2025 an 19 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/43]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 218/2025 an 19 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/43]
IO L, 2026/43, 15.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/43/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/43 |
15.1.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 218/2025
an 19 Meán Fómhair 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/43]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1130 ón gCoimisiún an 18 Márta 2025 lena gceartaítear an leagan Ollainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 maidir le córais aerárthaí gan foireann agus maidir le hoibreoirí tríú tír de chórais aerárthaí gan foireann (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66zbb (Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32025 R 1130: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1130 ón gCoimisiún an 18 Márta 2025 (IO L, 2025/1130, 4.6.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1130 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Meán Fómhair 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L 2025/1130, 4.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1130/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/43/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)