Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D0041

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 225/2025 an 19 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Prótacal 4 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le rialacha tionscnaimh [2026/41]

IO L, 2026/41, 15.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/41/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/41/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/41

15.1.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 225/2025

an 19 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear Prótacal 4 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le rialacha tionscnaimh [2026/41]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá tagairt in Airteagal 9 de Chomhaontú LEE do Phrótacal 4 a ghabhann le Comhaontú LEE (‘Prótacal 4’) lena leagtar síos na rialacha tionscnaimh.

(2)

Is é is aidhm don Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (‘Coinbhinsiún PEM’) ná na córais dhéthaobhacha um rialacha tionscnaimh atá ann cheana agus a bunaíodh le comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha a tugadh i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún PEM a thrasuí ionas go mbeidh na córais sin faoi chuimsiú creat iltaobhach, gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna comhaontuithe déthaobhacha siúd.

(3)

Tar éis thabhairt i gcrích agus theacht i bhfeidhm an leasaithe ar Choinbhinsiún PEM, mar a áirítear i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 309/2024 ó Chomhchoiste LEE (1), ní bheidh feidhm ag an tacar malartach rialacha tionscnaimh mar a áirítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 4 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir leis na Páirtithe Conarthacha agus, dá réir sin, aisghairfear iad faoi Chomhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 4 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Scriostar téacs Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 4 a ghabhann le Comhaontú LEE.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Meán Fómhair 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L 2025/578, 24.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/578/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/41/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top