This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026A00918
Enhanced Partnership and Cooperation Agreement between the European Union and its Member States, of the one part, and the Republic of Uzbekistan, of the other part
Comhaontú Comhphartaíochta agus Comhair Feabhsuithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhállstáit, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den phairt eile
Comhaontú Comhphartaíochta agus Comhair Feabhsuithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhállstáit, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den phairt eile
ST/6300/2025/INIT
IO L, 2026/918, 30.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree/2026/918/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/918 |
30.4.2026 |
COMHAONTÚ COMHPHARTAÍOCHTA AGUS COMHAIR FEABHSUITHE IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS A BHÁLLSTÁIT, DE PHÁIRT, AGUS POBLACHT NA hÚISBÉICEASTÁINE, DEN PHAIRT EILE
BROLLACH
RÍOCHT NA BEILGE,
POBLACHT NA BULGÁIRE,
POBLACHT NA SEICE,
RÍOCHT NA DANMHAIRGE,
POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,
POBLACHT NA hEASTÓINE,
ÉIRE,
AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,
RÍOCHT NA SPÁINNE,
POBLACHT NA FRAINCE,
POBLACHT NA CRÓITE,
POBLACHT NA hIODÁILE,
POBLACHT NA CIPIRE,
POBLACHT NA LAITVIA,
POBLACHT NA LIOTUÁINE,
ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,
AN UNGÁIR,
POBLACHT MHÁLTA,
RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,
POBLACHT NA hOSTAIRE,
POBLACHT NA POLAINNE,
POBLACHT NA PORTAINGÉILE,
AN RÓMÁIN,
POBLACHT NA SLÓIVÉINE,
POBLACHT NA SLÓVAICE,
POBLACHT NA FIONLAINNE,
RÍOCHT NA SUALAINNE,
Páirtithe Conarthacha sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear na ‘Ballstáit’ anseo feasta,
agus
AN tAONTAS EORPACH,
de pháirt,
agus POBLACHT NA hÚISBÉICEASTÁINE,
den pháirt eile,
dá ngairtear ‘na Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta,
I bhFIANAISE na gceangal láidir eatarthu agus na luachanna coiteanna atá acu,
DE BHRÍ gur mian leo an comhar chun tairbhe an dá thaobh a neartú, a bunaíodh tríd an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair lenar bunaíodh comhpháirtíocht idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile, a síníodh i bhFlórans an 21 Meitheamh 1996,
DE BHRÍ gur mian leo an caidreamh eatarthu a uasghrádú chun fíorchásannna polaitiúla agus eacnamaíocha nua agus dul chun cinn a gcomhpháirtíochta a léiriú,
AG CUR IN IÚL DÓIBH go bhfuil siad ar aon toil a gcomhar a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a éagsúlú ar gach leibhéal maidir le saincheisteanna déthaobhacha, réigiúnacha agus idirnáisiúnta a bhaineann leis an leas coiteann,
AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH a ngealltanas maidir le cur chun cinn, cosaint agus cur chun feidhme chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú, mar aon le hurraim do phrionsabail an daonlathais, an smacht reachta agus an dea-rialachas,
AG DEARBHÚ DÓIBH a ngealltanas maidir le prionsabail a leagtar síos i gCairt na Náisiún Aontaithe (dá ngairtear ‘Cairt NA’ anseo feasta), i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine arna ghlacadh le rún A/RES/217 (III) A ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1948, san Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (dá ngairtear ‘ESCE’ anseo feasta), go háirithe Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí 1975 arna glacadh an 1 Lúnasa 1975 le linn na Comhdhála um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (dá ngairtear ‘Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí ESCE’ anseo feasta), sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla arna ghlacadh le rún 2200A (XXI) ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 16 Nollaig 1966, sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha arna ghlacadh le rún 2200A (XXI) ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 16 Nollaig 1966, chomh maith le prionsabail agus noirm uilíocha eile de chuid an dlí idirnáisiúnta,
AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH a ngealltanas maidir le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a chur chun cinn go gníomhach agus gabháil d’iltaobhachas éifeachtach agus díospóidí a réiteach go síochánta, go háirithe trí chomhoibriú laistigh de chreat NA agus ESCE,
DE BHRÍ gur mian leo idirphlé polaitiúil tráthrialta ar shaincheisteanna déthaobhacha agus idirnáisiúnta a bhaineann leis an leas coiteann a fhorbairt a thuilleadh,
I bhFIANAISE a ngealltanais maidir le hoibleagáidí idirnáisiúnta chun comhrac in aghaidh leathadh na n-arm ollscriosta (dá ngairtear ‘AOS’ anseo feasta) agus na mbealaí a ndéantar iad a sheachadadh,
I bhFIANAISE a ngealltanais maidir le comhar sa réimse ceartais, saoirse agus slándála a neartú, lena n-áirítear comhar sa chomhrac in aghaidh an éillithe,
I bhFIANAISE a ngealltanais rannchuidiú, trína gcomhar, le forbairt inbhuanaithe pholaitiúil, shocheacnamaíoch agus institiúideach,
I bhFIANAISE a dtola chun a gcaidreamh eacnamaíoch a neartú ar bhonn phrionsabail an gheilleagair shaormhargaidh agus chun timpeallacht a chruthú a chuideoidh leis an trádáil dhéthaobhach agus an caidreamh infheistíochta a leathnú, mar aon le nascacht a bheidh chun tairbhe an dá thaobh,
AG TACÚ leis an méid atá bainte amach ag Poblacht na hÚisbéiceastáine agus lena hiarrachtaí chun feabhas a chur ar na cúinsí gnó, chun an t-éilliú a chomhrac, agus chun fás eacnamaíoch agus fostaíocht a chruthú,
SPREAGADH a thabhairt i leith aontachas Phoblacht na hÚisbéiceastáine don Eagraíocht Dhomhanda Trádála (dá ngairtear ‘EDT’ anseo feasta), agus cearta agus oibleagáidí a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach faoi chuimsiú EDT, agus rún an Aontais Eorpaigh cúnamh teicniúil a chur ar fáil sa phróiseas sin a dhearbhú, lena n-áirítear i réimse dheimhniú na norm agus na gcaighdeán, na reachtaíochta maidir le cosaint maoine intleachtúla agus na gcleachtas forfheidhmithe dlí,
I bhFIANAISE a ngealltanas maidir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe a urramú agus maidir le hoibriú i gcomhar le chéile chun cuspóirí Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a shaothrú,
I bhFIANAISE a ngealltanas chun inbhuanaitheacht agus cosaint an chomhshaoil a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhar trasteorann agus trí chomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu a chur chun feidhme, agus chun an comhar a neartú i ngach réimse den ghníomhaíocht ar son na haeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a glacadh an 12 Nollaig 2015 (dá ngairtear ‘Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide’ anseo feasta),
Á AITHINT go bhfuil an comhar ar fad idir na Páirtithe sa Chomhaontú seo maidir le húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach á rialú leis an gComhaontú maidir le comhar in úsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Rialtas Phoblacht na hÚisbéiceastáine, a síníodh sa Bhruiséil an 6 Deireadh Fómhair 2003, agus nach dtagann sé faoin gComhaontú seo,
DE BHRÍ gur mian leo an comhar agus an malartú a leathnú i réimsí na heolaíochta agus na teicneolaíochta, na nuálaíochta agus an oideachais, an chultúir agus an spóirt,
I bhFIANAISE a ngealltanas maidir le comhar trasteorann agus réigiúnach a chur chun cinn,
AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH, i gcás ina gcinnfidh na Páirtithe, faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, comhaontuithe sonracha a dhéanamh sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a thugann an tAontas Eorpach i gcrích de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, nach mbeadh forálacha na gcomhaontuithe den sórt sin a bheidh ann amach anseo ina gceangal ar Éirinn mura gcuirfidh an tAontas, i gcomhthráth le hÉirinn, in iúl don Úisbéiceastáin, a mhéid a bhaineann lena caidreamh déthaobhach roimhe sin, go bhfuil Éire tar éis teacht faoi cheangal ag na comhaontuithe den sórt sin a bheidh ann amach anseo mar chuid den Aontas Eorpach i gcomhréir le Prótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE; ag tabhairt dá n-aire dóibh freisin, maidir le haon bheart inmheánach ina dhiaidh sin de chuid an Aontais Eorpaigh a ghlactar de bhun Theideal V de Chuid Trí de CFAE chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme, ní bheadh sé ina cheangal ar Éirinn, ach amháin má tá sé curtha in iúl ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach sna bearta sin nó glacadh leo i gcomhréir le Prótacal Uimh. 21; agus ag tabhairt dá n-aire dóibh thairis sin go dtiocfadh na comhaontuithe sin a bheidh amach anseo sin nó na bearta inmheánacha sin de chuid an Aontais Eorpaigh ina dhiaidh sin faoi réim Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE,
COMHAONTAÍONN SIAD MAR A LEANAS:
TEIDEAL I
CUSPÓIRÍ AGUS PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
AIRTEAGAL 1
Cuspóirí
1. Bunaítear leis an gComhaontú seo comhpháirtíocht agus comhar feabhsaithe idir na Páirtithe atá bunaithe ar luachanna comhroinnte, ar leasanna comhchoiteanna agus ar an uaillmhian chun a gcaidreamh a neartú i ngach réimse dá chur i bhfeidhm, chun tairbhe an dá thaobh.
2. Is próiseas é an chomhpháirtíocht agus comhar sin idir na Páirtithe a chuireann le forbairt inbhuanaithe, síocháin, cobhsaíocht agus slándáil, trí chóineasú méadaithe maidir le beartas eachtrach agus slándála, comhar polaitiúil agus eacnamaíoch éifeachtach agus iltaobhachas.
AIRTEAGAL 2
Prionsabail Ghinearálta
1. Is é atá ina bhonn taca faoi bheartais inmheánacha agus idirnáisiúnta an dá Pháirtí agus atá ina gné fhíor-riachtanach den Chomhaontú seo, urraim do na prionsabail dhaonlathacha agus do chearta an duine agus do na saoirsí bunúsacha, mar a leagtar amach go háirithe i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, i gCairt na Náisiún Aontaithe, in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí ESCE agus in ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile um chearta an duine ar páirtithe iontu iad.
2. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas do chaighdeáin idirnáisiúnta saothair i gcomhréir le coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (dá ngairtear ‘EIS’ anseo feasta) a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu nó a bhféadfaidís a bheith ina bpáirtithe iontu amach anseo.
3. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a n-urraim do phrionsabail an dea-rialachais, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh an éillithe ar gach leibhéal.
4. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a ngealltanas maidir le prionsabail an gheilleagair margaidh, forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide.
5. Tá na Páirtithe tiomanta don chomhrac in aghaidh na gcineálacha éagsúla coireachta eagraithe agus sceimhlitheoireachta trasnáisiúnta, don chomhrac in aghaidh leathadh AOS agus na mbealaí a ndéantar iad a sheachadadh, agus don iltaobhachas éifeachtach.
6. Cuirfidh na Páirtithe an Comhaontú seo chun feidhme ar bhonn luachanna comhroinnte, phrionsabail an idirphlé chothroim, na muiníne, na hurraime agus na tairbhe frithpháirtí, an chomhair réigiúnaigh, an iltaobhachais éifeachtaigh agus na hurraime dá n-oibleagáidí idirnáisiúnta a eascraíonn as a gcomhaltacht sna Náisiúin Aontaithe agus in ESCE go háirithe.
TEIDEAL II
IDIRPHLÉ POLAITÚIL AGUS ATHCHÓIRIÚ; COMHAR I RÉIMSE AN BHEARTAIS EACHTRAIGH AGUS SLÁNDÁLA
AIRTEAGAL 3
Aidhmeanna an idirphlé pholaitiúil
Déanfaidh na Páirtithe idirphlé polaitiúil éifeachtach a fhorbairt i ngach réimse leasa choitinn, lena n-áirítear beartas eachtrach agus slándála agus athchóiriú inmheánach. Beidh sé d’aidhm ag an idirphlé polaitiúil:
|
(a) |
méadú a dhéanamh ar éifeachtacht an chomhair agus an chóineasaithe pholaitiúil i ndáil le beartas eachtrach agus slándála, agus síocháin agus cobhsaíocht agus slándáil idirnáisiúnta agus réigiúnach a chur chun cinn, a chaomhnú agus a neartú, agus an méid sin bunaithe ar iltaobhachas éifeachtach; |
|
(b) |
forbairt inbhuanaithe pholaitiúil, shocheacnamaíoch agus institiúideach a neartú; |
|
(c) |
urraim do na prionsabail dhaonlathacha, don smacht reachta agus don dea-rialachas, do chearta an duine agus do na saoirsí bunúsacha a neartú, agus an comhar sna réimsí sin a mhéadú; |
|
(d) |
idirphlé a fhorbairt agus comhar a dhoimhniú i réimse na slándála agus na cosanta; |
|
(e) |
réiteach síochánta díospóidí agus prionsabail na sláine críche, na dosháraitheachta teorann, na ceannasachta agus an neamhspleáchais a chur chun cinn; agus |
|
(f) |
tuilleadh feabhais a chur ar na coinníollacha a bhaineann le comhar réigiúnach. |
AIRTEAGAL 4
An daonlathas agus an smacht reachta
Cuirfidh na Páirtithe leis an idirphlé agus leis an gcomhar agus é d’aidhm acu an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
urraim do na prionsabail dhaonlathacha agus don smacht reachta a áirithiú, chomh maith le cobhsaíocht, éifeachtacht agus cuntasacht na n-institiúidí daonlathacha a neartú a thuilleadh; |
|
(b) |
tacú le hiarrachtaí athchóirithe breithiúnacha agus dlíthiúla a chur chun feidhme chun feidhmiú éifeachtach na n-institiúidí i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus an cheartais, agus i ndáil le rochtain ar cheartas agus an ceart chun triail chóir a fháil, neamhspleáchas, cuntasacht agus éifeachtúlacht an chórais bhreithiúnaigh a áirithiú, mar aon leis na coimircí nós imeachta in ábhair choiriúla agus maidir le cearta íospartach agus finnéithe a neartú; |
|
(c) |
ríomhrialachas a chur chun cinn agus athchóiriú riaracháin phoiblí a shaothrú chun rialachas cuntasach, éifeachtúil agus trédhearcach a chruthú ar gach uile leibhéal; |
|
(d) |
tacú leis na próisis toghcháin agus inniúlachtaí na gcomhlachtaí bainistíochta toghcháin a neartú; agus |
|
(e) |
éifeachtacht sa chomhrac in aghaidh an éillithe ar gach leibhéal a áirithiú. |
AIRTEAGAL 5
Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha
Rachaidh na páirtithe i gcomhar le chéile chun cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint, agus cuirfidh siad leis an idirphlé agus an comhar agus an méid seo a leanas d’aidhm acu:
|
(a) |
urraim a áirithiú do chearta an duine agus do chearta daoine a bhaineann le mionlaigh eitneacha, reiligiúnacha agus teanga agus grúpaí leochaileacha amhail daoine faoi mhíchumas, agus an urraim sin a chur chun cinn, chomh maith le foréigean agus gach cineál idirdhealaithe a chomhrac; |
|
(b) |
cosaint leanaí ar fhoréigean, ar dhúshaothrú agus ar mhí-úsáid a áirithiú agus a chur chun cinn; |
|
(c) |
a áirithiú go ndéanfar cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn, idir chearta sibhialta agus chearta polaitiúla mar aon le cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, lena n-áirítear saoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán, saoirse comhthionóil shíochánta agus saoirse comhlachais, saoirse ó chéasadh agus ó dhrochíde fhisiciúil, agus saoirse reiligiúin nó creidimh; |
|
(d) |
cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha agus forfheidhmiú éifeachtach caighdeán saothair a chur chun cinn i gcomhréir leis na coinbhinsiúin EIS a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu nó a bhféadfaidís a bheith ina bpáirtithe iontu amach anseo; |
|
(e) |
deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus an comhionannas inscne a áirithiú, lena n-áirítear rannpháirtíocht fhóinteach agus cumhachtú na mban agus na gcailíní; |
|
(f) |
institiúidí náisiúnta a bhaineann le cearta an duine a neartú, lena n-áirítear iad a bheith rannpháirteach sna próisis chinnteoireachta; agus |
|
(g) |
comhar a neartú laistigh de chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe um chearta an duine agus Nósanna Imeachta Speisialta agus a gcuid moltaí a chur chun feidhme go héifeachtach. |
AIRTEAGAL 6
An tsochaí shibhialta
Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun timpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta agus dá ról maidir le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus pholaitiúil sochaí dhaonlathaí oscailte a neartú, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
|
(a) |
inniúlacht, neamhspleáchas agus cuntasacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú; |
|
(b) |
rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bpróisis reachtóireachta agus ceaptha beartas a chothú, trí idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a bhunú idir, ar thaobh amháin, institiúidí poiblí agus, ar an taobh eile, ionadaithe na sochaí sibhialta; |
|
(c) |
teagmhálacha, malartú faisnéise agus taithí a neartú idir gach earnáil den tsochaí shibhialta san Aontas Eorpach agus i bPoblacht na hÚisbéiceastáine; agus |
|
(d) |
rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa chaidreamh idir na Páirtithe a áirithiú, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo. |
AIRTEAGAL 7
Comhbheartas eachtrach agus slándála
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas do phrionsabail agus noirm uilíocha an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear na prionsabail agus na noirm sin a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe agus in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí ESCE, inter alia, na prionsabail seo a leanas: comhionannas ceannasach, urraim do na cearta atá ina ngné dhílis den cheannasacht; staonadh ó bhagairt nó úsáid fornirt; dosháraitheacht teorainneacha; iomláine chríochach Stát; réiteach síochánta díospóidí; neamh-idirghabháil i ngnóthaí inmheánacha; urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin nó creidimh; cearta comhionanna agus féinchinntiúchán pobal; comhar idir Stáit; agus oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh de mheon macánta.
2. Déanfaidh na Páirtithe a n-idirphlé agus a gcomhar i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála a threisiú, lena n-áirítear gnéithe den bheartas slándála agus cosanta, agus tabharfaidh siad aghaidh go háirithe ar chosc coinbhleachtaí agus bainistiú géarchéime feabhsaithe éifeachtach, laghdú riosca, cibearshlándáil, feidhmiú éifeachtúil na hearnála slándála, cobhsaíocht réigiúnach, dí-armáil, neamhleathadh, rialú arm agus rialú onnmhairiúcháin.
AIRTEAGAL 8
Coireanna tromchúiseacha ar údar imní iad don chomhphobal idirnáisiúnta
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe nach mór pionós a ghearradh ar na coireanna is tromchúisí ar údar imní iad don chomhphobal idirnáisiúnta ar an iomlán, agus nach mór a áirithiú go ndéanfar iad a ionchúiseamh go héifeachtach trí bhearta a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus tríd an gcomhar idirnáisiúnta a fheabhsú.
2. Measann na Páirtithe go gcuireann bunú agus feidhmiú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus struchtúir iltaobhacha eile le cur chun cinn na síochána agus an cheartais idirnáisiúnta. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile, lena n-áirítear comhar trí idirphlé.
3. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun idirphlé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh trí leas a bhaint as na creataí déthaobhacha agus iltaobhacha is infheidhme.
AIRTEAGAL 9
Cosc coinbhleachtaí agus bainistiú géarchéime
Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le cosc coinbhleachtaí agus bainistiú géarchéime chun timpeallacht shíochánta agus chobhsaí a chruthú.
AIRTEAGAL 10
Comhar réigiúnach agus réiteach síochánta coinbhleachtaí
1. Cuirfidh na Páirtithe dlús lena n-iarrachtaí comhpháirteacha chun feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh tuilleadh comhair réigiúnaigh i bpríomhréimsí amhail bainistiú inbhuanaithe uisce trasteorann, acmhainní mianracha agus fuinnimh, bainistiú teorainneacha lena n-éascaítear sreafaí dlisteanacha trasteorann daoine agus earraí, nascacht inbhuanaithe, dea-chaidreamh comharsanachta agus forbairt dhaonlathach agus inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cobhsaíocht agus slándáil san Áise Láir. Oibreoidh na Páirtithe chun coinbhleachtaí a réiteach go síochánta.
2. Leis na hiarrachtaí dá dtagraítear i mír 1, díreofar ar an gcuspóir síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a choinneáil ar bun, mar a chumhdaítear i gCairt NA, in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí ESCE agus in ionstraimí iltaobhacha ábhartha eile ar páirtithe iontu iad an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÚisbéiceastáine.
AIRTEAGAL 11
Leathadh arm ollscriosta (AOS) a chomhrac
1. Is é breith na bPáirtithe go bhfuil an leathadh arm ollscriosta (AOS) agus na bealaí a ndéantar iad a sheachadadh, chuig ghníomhaithe stáit agus neamhstáit araon, ar cheann de na bagairtí is tromchúisí ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil idirnáisiúnta.
2. Dá bhrí sin, oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile agus cuideoidh siad le cur in aghaidh leathadh AOS agus na mbealaí a ndéantar iad a sheachadadh trí na hoibleagáidí atá orthu cheana a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme go hiomlán faoi chonarthaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta um dhí-armáil agus neamhleathadh agus oibleagáidí ábhartha idirnáisiúnta eile ar páirtithe iontu iad. Tá na Páirtithe ar aon fhocal gur gné fhíor-riachtanach den Chomhaontú seo í an fhoráil seo.
3. Thairis sin, oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile agus rannchuideoidh siad le leathadh AOS agus na bealaí a ndéantar iad a sheachadadh a chomhrac trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
beart a dhéanamh chun gach ionstraim idirnáisiúnta ábhartha eile a shíniú nó a dhaingniú, nó aontú di, cibé acu is iomchuí, agus a chur chun feidhme ina hiomláine; |
|
(b) |
córas éifeachtach rialaithe náisiúnta onnmhairiúcháin a bhunú, lena rialófaí onnmhairiú agus aistriú earraí atá bainteach le hairm ollscriosta, lena n-áirítear rialú ar úsáid deiridh AOS i ndáil le teicneolaíochtaí dé-úsáide agus ina mbeidh smachtbhannaí éifeachtacha i leith sáruithe ar rialuithe onnmhairiúcháin. |
4. Bunóidh na Páirtithe idirphlé tráthrialta a ghabhfaidh leis na gnéithe sin agus a dhéanfaidh iad a chomhdhlúthú.
AIRTEAGAL 12
Rialú ar onnmhairiú mionarm agus armán éadrom agus gnátharm
1. Aithníonn na Páirtithe an bhagairt thromchúiseach ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta a bhaineann le monarú, aistriú agus scaipeadh aindleathach mionarm agus armán éadrom (dá ngairtear ‘SALW’ anseo feasta), lena n-áirítear a n-armlón, an iomarca díobh a charnadh, droch-bhainistiú a dhéanamh orthu, stoc-chairn díobh a dhaingniú go míchuí agus iad a leathadh gan rialú.
2. Cloífidh na Comhpháirtithe lena n-oibleagáidí chun déileáil leis an trádáil aindleathach in SALW, lena n-áirítear a n-armlón, faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana agus faoi rúin Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus cuirfidh siad na hoibleagáidí sin chun feidhme go hiomlán, chomh maith lena ngealltanais faoi chreat Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun Gach Gné den Trádáil Aindleathach i Mionairm agus in Armáin Éadroma a Chosc, a Chomhrac agus a Dhíothú a glacadh an 20 Iúil 2001, agus faoi chonarthaí agus comhaontuithe ar páirtithe iontu iad.
3. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le córais rialuithe intíre chun gnáth-airm a aistriú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana ar páirtithe iontu iad. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le rialuithe den chineál sin a chur i bhfeidhm ar bhealach freagrach, mar rannchuidiú don tsíocháin, don tslándáil agus don chobhsaíocht idirnáisiúnta agus réigiúnach, chun fulaingt an chine dhaonna a laghdú, agus chun atreorú gnáth-arm a chosc.
4. Spreagfaidh na Páirtithe comhar agus comhordú, comhlántacht agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus iad ag dréim le rialú na trádála idirnáisiúnta i ngnáth-airm a rialáil nó a fheabhsú agus chun trádáil aindleathach gnáth-arm a chosc, a chomhrac agus a dhíothú, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí idirphlé rialta a reáchtáil.
TEIDEAL III
CEARTAS, SAOIRSE AGUS SLÁNDÁIL
AIRTEAGAL 13
Cosaint Sonraí Pearsanta
1. Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus a chur chun cinn.
2. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun ardleibhéal cosanta agus forfheidhmiú éifeachtach na gceart dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh i gcomhthéacs gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, chun sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta agus coireanna trasnáisiúnta eile a chosc agus a chomhrac.
3. Maidir le cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, aithníonn na Páirtithe go bhfuil sé sin ar cheann de na tosca bunúsacha i ndáil le caidreamh eacnamaíoch agus trádála a fhorbairt a thuilleadh, agus i ndáil le muinín na saoránach as an ngeilleagar digiteach a bhunú.
4. Áireofar i gcomhar na bPáirtithe cúnamh praiticiúil maidir lena reachtaíocht féin a chomhchuibhiú i réimse na cosanta sonraí pearsanta, agus ionstraimí agus caighdeáin dlí an Aontais Eorpaigh agus ionstraimí agus caighdeáin dlí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, lena n-áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch arna dhéanamh an 28 Eanáir 1981 agus an Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch maidir le húdaráis mhaoirseachta agus sreabha sonraí trasteorann arna dhéanamh an 8 Samhain 2001, chomh maith le comhar i bhforfheidhmiú rialacha cosanta sonraí.
AIRTEAGAL 14
Comhar i ndáil le himirce, tearmann agus bainistiú teorann
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le plé cuimsitheach a bhunú maidir le gach saincheist a bhaineann leis an imirce, lena n-áirítear imirce dhleathach i gcomhréir le hinniúlachtaí an Aontais agus inniúlachtaí náisiúnta, na bunchúiseanna leis an imirce neamhdhleathach, cosaint idirnáisiúnta agus an imirce neamhdhleathach, smuigleáil daoine agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac.
2. Bunófar an comhar ar mheasúnú ar riachtanais shonracha arna dhéanamh trí chomhairliúchán frithpháirteach idir na Páirtithe agus cuirfear chun feidhme é i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha atá acu. Díreofar leis sin ar na nithe seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhdhleathaí; |
|
(b) |
reachtaíocht agus cleachtais náisiúnta a mhéid a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail agus caighdeáin uilíocha, agus urraim do phrionsabal an non refoulement a áirithiú; |
|
(c) |
ag aithint di a ábhartha atá Dearbhú Nua-Eabhrac maidir le Dídeanaithe agus Imircigh, arna ghlacadh le rún A/RES/71/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 19 Meán Fómhair 2016, agus an comhar idirnáisiúnta agus réigiúnach a neartú, faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe agus na bhfóram ábhartha réigiúnach; |
|
(d) |
rialacha maidir le ligean isteach agus cearta agus stádas na ndaoine a ligtear isteach, cóir chothrom agus lánpháirtiú daoine nach náisiúnaigh iad a chónaíonn in áit go dleathach, oideachas agus oiliúint agus bearta in aghaidh ciníochais agus seineafóibe; |
|
(e) |
beartas éifeachtach coisctheach a bhunú in aghaidh na himirce neamhdhleathaí, smuigleála imirceach agus gáinneála ar dhaoine, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta arna ghlacadh le rún A/RES/55/25 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 8 Eanáir 2001 agus a Phrótacail a tháinig i bhfeidhm le haghaidh na bPáirtithe, lena n-áirítear an tsaincheist maidir le dul i ngleic le líonraí smuigléirí, líonraí coiriúla atá páirteach i ngáinneáil ar dhaoine a shuaitheadh agus íospartaigh gáinneála den sórt sin a chosaint; |
|
(f) |
saincheisteanna amhail eagrú, oiliúint, dea-chleachtais agus bearta oibríochtúla eile chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an imirce, go háirithe imirce neamhdhleathach, slándáil doiciméad, beartas víosaí arb é is aidhm dó soghluaisteacht na saoránach a éascú, agus bainistiú teorainneacha agus córais faisnéise imirce; agus |
|
(g) |
saincheisteanna a bhaineann le gníomhaíochtaí saothair agus cosaint na gceart atá ag imircigh dhleathacha agus a mbaill teaghlaigh i gcomhréir le noirm idirnáisiúnta. |
AIRTEAGAL 15
Athligean isteach agus an comhrac in aghaidh na himirce neamhdhleathaí
1. Faoi chuimsiú a gcomhair agus chun an imirce neamhdhleathach a chosc agus dul i ngleic léi, tá an méid seo a leanas comhaontaithe ag na Páirtithe:
|
(a) |
maidir le haon duine dá náisiúnaigh nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha atá i bhfeidhm maidir le hiontráil, nó bheith i láthair, nó bheith ag cónaí i gcríoch Ballstáit, déanfaidh Poblacht na hÚisbéiceastáine é a athligean isteach ar iarraidh ón mBallstát sin agus gan moill mhíchuí; |
|
(b) |
daoine dá náisiúnaigh nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha atá i bhfeidhm maidir le teacht isteach, nó a bheith i láthair nó a bheith ag cónaí i gcríoch Phoblacht na hÚisbéiceastáine, déanfaidh gach Ballstát iad a athligean isteach ar iarraidh ó Phoblacht na hÚisbéiceastáine agus gan moill mhíchuí; agus |
|
(c) |
cuirfidh na Ballstáit agus Poblacht na hÚisbéiceastáine na doiciméid taistil iomchuí ar fáil dá náisiúnaigh chun na gcríoch sin laistigh de 30 lá ón dáta a thíolacfaidh an Páirtí iarrthach an t-iarratas um athligean isteach, lena n-áirítear iad a chur ar fáil trí mheáin leictreonacha, ar iarratas é arna tharraingt suas i gcomhréir leis an múnla in Iarscríbhinn 3 (lena n-áirítear, i gcás inar féidir, doiciméid trína gcruthaítear saoránacht). |
I gcás nár eisíodh an doiciméad taistil laistigh den teorainn ama sin, féadfaidh na Páirtithe úsáid a bhaint as ‘doiciméad taistil Eorpach i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh’ mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) nó doiciméad taistil comhchosúil de chuid Phoblacht na hÚisbéiceastáine.
I gcás nach mbeidh aon doiciméid nó cruthúnais eile ar a náisiúntacht ag an duine atá le hathligean isteach, déanfaidh ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha inniúla Phoblacht na hÚisbéiceastáine, arna iarraidh sin ag Poblacht na hÚisbéiceastáine nó ag an mBallstát lena mbaineann, lánchomhar a sholáthar chun a náisiúntacht a bhunú.
2. Féadfaidh na Páirtithe breithniú a dhéanamh ar chaibidlíocht a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÚisbéiceastáine lena rialaítear nósanna imeachta agus oibleagáidí sonracha do na Ballstáit agus do Phoblacht na hÚisbéiceastáine maidir le hathligean isteach; |
|
(b) |
comhaontú maidir le héascú víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na hÚisbéiceastáine. |
AIRTEAGAL 16
An Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile d’fhonn cosc a chur ar úsáid a gcuid institiúidí airgeadais agus a gcuid gnólachtaí agus gairmeacha neamh-airgeadais ainmnithe chun sciúradh airgid a dhéanamh nó chun sceimhlitheoireacht a mhaoiniú.
2. Chuige sin, déanfaidh siad faisnéis a mhalartú laistigh de chreat a reachtaíochta féin agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile chun cur chun feidhme iomlán éifeachtach na moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (dá ngairtear ‘FATF’ anseo feasta) a áirithiú, chomh maith le caighdeáin eile arna nglacadh ag comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha eile atá gníomhach sa réimse seo. D’fhéadfaí a áireamh le comhar den sórt sin, i measc nithe eile, sócmhainní nó cistí a fhaightear ó fháltais na coireachta a shainaithint, a rianú, a ghabháil, a choigistiú agus a aisghabháil. Le haghaidh an mhalartaithe faisnéise sin, úsáidfidh na Páirtithe bealaí slána iontaofa, amhail na bealaí a leagtar amach i gCairt Ghrúpa Egmont na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais agus Prionsabail Ghrúpa Egmont na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais maidir le Malartú Faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais .
AIRTEAGAL 17
Drugaí aindleathacha
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun cur chuige cothrom, fianaise-bhunaithe agus comhtháite a áirithiú maidir le drugaí aindleathacha agus substaintí sícighníomhacha nua.
2. Beartais agus gníomhaíochtaí a bhaineann le drugaí, díreofar iad ar struchtúir a threisiú chun drugaí aindleathacha a chosc agus chun dul i ngleic leo, chun an soláthar drugaí aindleathacha, agus an gháinneáil agus an t-éileamh orthu a laghdú, agus chun déileáil leis na hiarmhairtí sláinte agus sóisialta a bhaineann le húsáid drugaí aindleathacha, d’fhonn díobháil a laghdú. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun cosc a chur ar atreorú na réamhtheachtaithe ceimiceacha a úsáidtear i monarú aindleathach drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha agus substaintí sícighníomhacha nua.
3. Beidh na Páirtithe ar aon fhocal faoi na modhanna comhair a bhfuil gá leo chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach. Beidh gníomhaíochtaí bunaithe ar na prionsabail chomhaontaithe a leagtar amach i gcoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le rialú drugaí agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta eile ar páirtithe iontu iad.
AIRTEAGAL 18
An comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus an éillithe
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun gníomhaíochtaí coiriúla neamhdhleathacha a chomhrac agus a chosc, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasnáisiúnta, cibé acu atá siad eagraithe nó nach bhfuil, amhail an ghníomhaíocht seo a leanas:
|
(a) |
smuigleáil imirceach; |
|
(b) |
gáinneáil ar dhaoine; |
|
(c) |
smuigleáil arm tine agus gáinneáil orthu, lena n-áirítear SALW; |
|
(d) |
smuigleáil agus gáinneáil drugaí aindleathacha, substaintí síceatrópacha, agus réamhtheachtaithe; |
|
(e) |
smuigleáil earraí agus gáinneáil orthu; |
|
(f) |
gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eacnamaíocha agus airgeadais amhail góchumadh, trádáil chomhthreomhar agus sárú ar chearta maoine intleachtúla, calaois chánach agus calaois soláthair phoiblí; |
|
(g) |
cúbláil i dtionscadail arna gcistiú ag deontóirí idirnáisiúnta; |
|
(h) |
gach cineál éillithe, san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon; |
|
(i) |
doiciméid a bhrionnú agus ráitis bhréagacha a thíolacadh; agus |
|
(j) |
cibearchoireacht. |
2. Cuirfidh na Páirtithe feabhas ar an gcomhar déthaobhach, réigiúnach agus idirnáisiúnta i measc chomhlachtaí forfheidhmithe an dlí. Cuirfidh na Páirtithe na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha chun feidhme go héifeachtach, go háirithe na caighdeáin sin a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta sa bhliain 2000, arna ghlacadh le rún A/RES/55/25 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 8 Eanáir 2001, agus sna Prótacail a ghabhann leis, ar páirtithe iontu iad.
3. Comhoibreoidh na Páirtithe chun éilliú a chosc agus a chomhrac i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe na caighdeáin sin a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe, arna ghlacadh le rún A/RES/58/4 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2003, agus na moltaí a eascraíonn as measúnuithe in aghaidh an choinbhinsiúin sin.
AIRTEAGAL 19
An fhrithsceimhlitheoireacht
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus í a chosc, agus comhaontaíonn siad oibriú le chéile ar leibhéal déthaobhach, réigiúnach agus idirnáisiúnta chun gach cineál agus gach léiriú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.
2. Maidir leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, comhaontaíonn na Páirtithe go bhfuil sé ríthábhachtach lánurraim a thabhairt don smacht reachta sa chomhrac sin agus é a bheith i gcomhréir dhocht leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, agus gach ionstraim ábhartha idirnáisiúnta a bhaineann leis an bhfrithsceimhlitheoireacht agus le cearta an duine ar páirtithe iontu iad.
3. Cuireann na Páirtithe i dtábhacht daingniú agus cur chun feidhme uilíoch na gConarthaí ábhartha uile de chuid na Náisiún Aontaithe a bhaineann leis an bhfrithsceimhlitheoireacht. Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé a chur chun cinn maidir leis an dréacht-Choinbhinsiún Cuimsitheach maidir le Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta agus comhoibriú chun Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe arna ghlacadh le rún A/RES/60/288 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 8 Meán Fómhair 2006 a chur chun feidhme, chomh maith le gach rún ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
4. Athdhearbhaíonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le cur chuige um fhorfheidhmiú an dlí agus cur chuige breithiúnach i leith an chomhraic in aghaidh na sceimhlitheoireachta, agus toilíonn siad oibriú i gcomhar le chéile chun an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chur faoi chois, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
faisnéis a mhalartú faoi ghrúpaí sceimhlitheoireachta, sceimhlitheoirí aonair agus a líonraí tacaíochta, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus náisiúnta, a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí agus cosaint an phríobháideachais, i measc nithe eile; |
|
(b) |
taithí a mhalartú a mhéid a bhaineann le sceimhlitheoireacht a chosc agus a chur faoi chois, modhanna agus modheolaíochtaí agus na gnéithe teicniúla a ghabhann leo, chomh maith le hoiliúint, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme; |
|
(c) |
tuairimí a mhalartú ar radacú agus earcú, agus bealaí chun cur i gcoinne an radacaithe, mar aon le díradacú agus athshlánú a chur chun cinn; |
|
(d) |
tuairimí agus taithí a mhalartú maidir le gluaiseacht trasteorann agus taisteal a bhíonn á déanamh ag amhrastaigh sceimhlitheoireachta, chomh maith le bagairtí sceimhlitheoireachta; |
|
(e) |
dea-chleachtas a roinnt a mhéid a bhaineann le cearta an duine a chosaint sa chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, go háirithe i ndáil le himeachtaí coiriúla; |
|
(f) |
coiriúlú cionta sceimhlitheoireachta a áirithiú agus bearta a dhéanamh chun cur in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoireachta; agus |
|
(g) |
bearta a dhéanamh in aghaidh bhagairt na sceimhlitheoireachta ceimicí, bitheolaíche, raideolaíche agus núicléiche, agus na bearta is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar fháil, aistriú agus úsáid ábhar ceimiceach bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach chun críoch sceimhlitheoireachta, agus chun cosc a chur ar ghníomhaíocht neamhdhleathach in aghaidh saoráidí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, lena mbaineann ardriosca. |
5. Bunófar an comhar ar na measúnuithe ábhartha a mbeidh fáil orthu agus déanfar é trí chomhairliúchán frithpháirteach idir na Páirtithe.
AIRTEAGAL 20
Comhar breithiúnach
1. Cuirfidh na Páirtithe feabhas ar an gcomhar atá ann cheana maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus eiseachadadh ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu iad. Neartóidh na Páirtithe na sásraí atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, breithneoidh siad forbairt a dhéanamh ar shásraí nua chun comhar idirnáisiúnta sa réimse seo a éascú.
2. Forbróidh na Páirtithe comhar breithiúnach maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla, go háirithe comhaontuithe déthaobhacha agus coinbhinsiúin iltaobhacha maidir le comhar breithiúnach coiriúil agus coinbhinsiúin iltaobhacha maidir le comhar breithiúnach sibhialta a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear Coinbhinsiúin Chomhdháil na Háige maidir leis an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.
AIRTEAGAL 21
Cosaint Chonsalach
Glacann Poblacht na hÚisbéiceastáine leis go bhféadfaidh údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon Bhallstáit a bhfuil buanionadaíocht aige i bPoblacht na hÚisbéiceastáine cosaint a thabhairt d’aon náisiúnach de Bhallstát nach bhfuil buanionadaíocht aige i bPoblacht na hÚisbéiceastáine atá in ann cosaint chonsalach a chur ar fáil go héifeachtach i gcás faoi leith, faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le náisiúnaigh an Bhallstáit sin.
TEIDEAL IV
TRÁDÁIL AGUS ÁBHAIR A BHAINEANN LE TRÁDÁIL
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA COTHROMÁNACHA
AIRTEAGAL 22
Cuspóirí
Is iad seo a leanas cuspóirí an Teidil seo:
|
(a) |
trádáil idir na Páirtithe a leathnú, a éagsúlú agus a éascú, go háirithe trí fhorálacha maidir le nósanna imeachta custaim agus trádáil a éascú, bacainní teicniúla ar an trádáil a laghdú, chomh maith leo sin a bhaineann le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta, agus ceart gach Páirtí á chaomhnú an tráth céanna reachtaíocht a rith chun cuspóirí beartais phoiblí a bhaint amach; |
|
(b) |
trádáil i seirbhísí agus infheistíocht idir na Páirtithe a éascú, lena n-áirítear an méid sin trí aistriú saor íocaíochtaí atá ann faoi láthair agus trí ghluaiseachtaí caipitil a éascú; |
|
(c) |
margaí soláthair rialtais na bPáirtithe a oscailt go héifeachtach agus go cómhalartach; |
|
(d) |
an nuálaíocht agus an chruthaitheacht a chur chun cinn trí chosaint leormhaith éifeachtach a áirithiú maidir le gach ceart maoine intleachtúla; |
|
(e) |
coinníollacha a chur chun cinn lena gcothaítear iomaíocht neamhshaofa i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha na bPáirtithe, go háirithe maidir le trádáil agus infheistíocht eatarthu; |
|
(f) |
an trádáil idirnáisiúnta a fhorbairt sa chaoi go gcuirfear leis an bhforbairt inbhuanaithe ó thaobh a gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil de; |
|
(g) |
sásra um réiteach díospóide a bheadh éifeachtach, cóir agus intuartha a bhunú chun díospóidí maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Teidil seo a réiteach. |
AIRTEAGAL 23
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘Comhaontú maidir leis an Talmhaíocht’ an Comhaontú maidir leis an Talmhaíocht atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘Comhaontú maidir le Nósanna Imeachta um Cheadúnú Allmhairiúcháin’ an Comhaontú maidir le Nósanna Imeachta um Cheadúnú Allmhairiúcháin atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘Comhaontú Frithdhumpála’ an Comhaontú maidir le hAirteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur Chun Feidhme, atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘laethanta’ laethanta féilire, lena n-áirítear an deireadh seachtaine agus laethanta saoire; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘Conradh um Chairt Fuinnimh’ an Conradh um Chairt Fuinnimh arna dhéanamh i Liospóin an 17 Nollaig 1994; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘atá ann cheana’ éifeacht a bheith aige ar an dáta a thagann an Comhaontú seo i bhfeidhm; |
|
(g) |
ciallaíonn ‘GATT 1994’ Comhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil, atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
|
(h) |
ciallaíonn ‘GATS’ an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí, atá in Iarscríbhinn 1B a ghabhann le Comhaontú EDT; |
|
(i) |
ciallaíonn ‘beart’ aon bheart, cibé acu is dlí, rialachán, riail, nós imeachta, cinneadh, gníomhaíocht riaracháin, nó beart d’aon chineál eile é (2); |
|
(j) |
ciallaíonn ‘bearta Páirtí’ aon bheart arna ghlacadh nó arna choinneáil ar bun ag na páirtithe seo a leanas (3):
|
|
(k) |
ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach; |
|
(l) |
ciallaíonn ‘Coinbhinsiún Athbhreithnithe Kyoto’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Nósanna Imeachta Custaim a Shimpliú agus a Chomhchuibhiú, arna dhéanamh in Kyoto an 18 Bealtaine 1973; |
|
(m) |
ciallaíonn ‘An Comhaontú maidir le Bearta Cosanta’ an Comhaontú maidir le Bearta Cosanta atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
|
(n) |
ciallaíonn ‘Comhaontú SCM’ an Comhaontú maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh, atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
|
(o) |
ciallaíonn ‘Comhaontú SPS’ an Comhaontú maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a Chur i bhFeidhm, atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
|
(p) |
ciallaíonn ‘Comhaontú EDT-BTT’ an Comhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil, atá in Iarscríbhinn 1 A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
|
(q) |
ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nó críoch atá lasmuigh de raon feidhme geografach chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo; |
|
(r) |
ciallaíonn ‘Comhaontú um Éascú Trádála’ an Comhaontú um Éascú Trádála atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT; |
|
(s) |
ciallaíonn ‘Comhaontú TRIPS’ an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil, atá in Iarscríbhinn 1C a ghabhann le Comhaontú EDT; |
|
(t) |
ciallaíonn ‘Coinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí’ Coinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí, arna dhéanamh i Vín an 23 Bealtaine 1969; |
|
(u) |
Ciallaíonn ‘Dearbhú Arusha na hEagraíochta Domhanda Custaim’ Dearbhú na Comhairle um Chomhar Custaim maidir le hIonracas i gCustaim arna dhéanamh in Arusha na Tansáine an 7 Iúil 1993; |
|
(v) |
ciallaíonn ‘Comhaontú EDT’ Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, arna dhéanamh an 15 Aibreán 1994; |
|
(w) |
ciallaíonn ‘EDT’ an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. |
AIRTEAGAL 24
Gaol le comhaontuithe idirnáisiúnta eile
1. Dearbhaíonn na Páirtithe na cearta atá acu agus na hoibleagáidí atá orthu i leith a chéile faoi na comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtithe iad araon iontu.
2. Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a cheanglaíonn ar Pháirtí gníomhú ar bhealach atá ar neamhréir lena oibleagáidí faoi Chomhaontú EDT.
AIRTEAGAL 25
Tagairtí do dhlíthe agus do rialacháin agus do chomhaontuithe eile
1. Aon tagairt sa Teideal seo do dhlíthe agus do rialacháin, go ginearálta nó trí thagairt do reacht, rialachán nó treoir shonrach, déanfar í a fhorléiriú mar thagairt do na dlíthe agus do na rialacháin arna leasú, ach amháin i gcás ina dtugtar a mhalairt le fios.
2. Aon tagairt, nó ionchorprú trí thagairt, sa Teideal seo do chomhaontuithe nó ionstraimí eile i bpáirt nó ina n-iomláine, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairt nó ionchorprú a áiríonn na nithe seo a leanas, ach amháin i gcás ina léirítear a mhalairt:
|
(a) |
na hiarscríbhinní, na prótacail, na fonótaí, na nótaí léirmhínitheacha agus na nótaí míniúcháin a bhaineann leo; agus |
|
(b) |
comhaontuithe comharba a bhfuil na Páirtithe ina bpáirtí iontu nó leasuithe atá ina gceangal ar na Páirtithe, ach amháin i gcás ina ndearbhaítear sa tagairt cearta atá ann cheana. |
AIRTEAGAL 26
Ceart caingne faoin dlí náisiúnta
Ní dhéanfaidh Páirtí foráil maidir le ceart caingne faoina dhlí in aghaidh an Pháirtí eile ar an bhforas go bhfuil beart de chuid an Pháirtí eile ar neamhréir leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 27
Cúraimí sonracha na Comhairle um Chomhar ag gníomhú di ina cumraíocht trádála
1. Le linn don Chomhairle um Chomhar a bheith i mbun aon cheann de na cúraimí a leagtar uirthi a bhaineann leis an Teideal seo, beidh sí comhdhéanta d’ionadaithe ó na Páirtithe a bhfuil freagracht orthu as ábhair a bhaineann le cúrsaí trádála, i gcomhréir le creataí dlíthiúla na bPáirtithe féin, nó de na daoine a ainmneoidh na hionadaithe sin.
2. Maidir leis an gComhairle um Chomhar ag gníomhú di ina cumraíocht trádála:
|
(a) |
beidh de chumhacht aici cinntí a ghlacadh chun iad seo a leanas a leasú ar bhonn comhthola agus tar éis chur i gcrích nósanna imeachta inmheánacha na bPáirtithe féin mar a fhoráiltear ina reachtaíocht.
|
|
(b) |
féadfaidh sí cinntí a ghlacadh chun léirmhíniú an Teidil seo a eisiúint; |
|
(c) |
féadfaidh sí fochoistí a bhunú a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe na bPáirtithe, sa bhreis orthu sin a bhunaítear sa Teideal seo, agus freagrachtaí a shannadh dóibh laistigh de theorainneacha a hinniúlachta féin, lena n-áirítear na feidhmeanna sannta a mhodhnú nó an fochoiste bunaithe a dhíscaoileadh. |
3. Deimhneofar na leasuithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 trí mhalartú nótaí taidhleoireachta idir na Páirtithe agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an nóta taidhleoireachta deireanach a fháil, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
4. Déanfaidh an Chomhairle um Chomhar, ag gníomhú di ina cumraíocht trádála, cinntí agus moltaí iomchuí tar éis chur i gcrích nósanna imeachta inmheánacha gach ceann de na Páirtithe, mar a fhoráiltear ina reachtaíocht.
5. I gcás nach mbeidh cruinnithe den Chomhairle um Chomhar ar fáil, féadfar na cinntí dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn.
AIRTEAGAL 28
Cúraimí sonracha an Choiste um Chomhar ag gníomhú dó ina chumraíocht trádála
1. Le linn don Choiste um Chomhar a bheith i mbun aon cheann de na cúraimí a leagtar air sa Teideal seo, beidh sé comhdhéanta d’ionadaithe ó na Páirtithe a bhfuil freagracht orthu as ábhair a bhaineann le cúrsaí trádála nó de na daoine a ainmneoidh siadsan.
2. Is iad na cúraimí seo a leanas go háirithe a bheidh ar an gCoiste um Chomhar, ag gníomhú dó ina chumraíocht trádála:
|
(a) |
cúnamh a thabhairt don Chomhairle um Chomhar le feidhmiú a cúraimí maidir le hábhair a bhaineann leis an trádáil; |
|
(b) |
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm cuí an Teidil seo; maidir leis sin, agus gan dochar do na cearta arna mbunú i gCaibidil 14, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí aon saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú an Teidil seo a tharchur lena plé laistigh den Choiste um Chomhar; |
|
(c) |
maoirseacht a dhéanamh, de réir mar is gá, ar fhorbairt bhreise an Teidil seo agus meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí a fuarthas óna chur i bhfeidhm; |
|
(d) |
bealaí iomchuí a lorg chun saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn sna réimsí a chumhdaítear leis an Teideal seo a chosc agus a réiteach; agus |
|
(e) |
maoirsiú a dhéanamh ar obair na bhfochoistí a bunaíodh faoin Teideal seo. |
3. Agus a chúraimí faoi mhír 2 den Airteagal seo á gcomhlíonadh aige, féadfaidh an Coiste um Chomhar tograí a dhéanamh chun leasuithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 27(2) a ghlacadh nó chun léirmhínithe a eisiúint dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 27(2) nuair nach mbeidh cruinnithe den Chomhairle um Chomhar ar fáil.
4. Déanfaidh an Coiste um Chomhar, ag gníomhú dó ina chumraíocht trádála, cinntí a ghlacadh agus moltaí iomchuí a dhéanamh tar éis chur i gcrích nósanna imeachta inmheánacha gach ceann de na Páirtithe, mar a fhoráiltear ina reachtaíocht.
AIRTEAGAL 29
Comhordaitheoirí
1. Ceapfaidh gach Páirtí comhordaitheoir le haghaidh an Teidil seo, laistigh de 60 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus tabharfaidh siad fógra dá chéile faoi na sonraí teagmhála.
2. Déanfaidh na comhordaitheoirí an clár oibre a bhunú go comhpháirteach le haghaidh chruinnithe na Comhairle um Chomhar agus an Choiste um Chomhar i gcomhréir leis an gCaibidil seo, déanfaidh siad na hullmhúcháin eile go léir is gá agus déanfaidh siad obair leantach ar chinntí na gcomhlachtaí sin, de réir mar is iomchuí.
AIRTEAGAL 30
Fochoistí
1. Beidh na fochoistí comhdhéanta d’ionadaithe ón Aontas Eorpach, de pháirt, agus d’ionadaithe ó Phoblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile.
2. Buailfidh na fochoistí le chéile laistigh de bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus uair amháin sa bhliain ina dhiaidh sin nó arna iarraidh sin ag Páirtí nó an Coiste um Chomhar, ar leibhéal iomchuí. Féadtar cruinnithe a reáchtáil go cianda freisin trí aon mhodh teicneolaíochta a bheidh ar fáil do na Páirtithe. I gcás na cruinnithe a bheith ar an láthair, reáchtálfar iad sa Bhruiséil agus in Tashkent gach re seal.
3. Ionadaithe ón dá Pháirtí a bheidh ina gcomhchathaoirligh ar na Fochoistí.
CAIBIDIL 2
TRÁDÁIL EARRAÍ
AIRTEAGAL 31
Raon feidhme
Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le trádáil Páirtí in earraí.
AIRTEAGAL 32
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘idirbhearta consalacha’ an nós imeachta chun sonrasc consalach nó víosa chonsalach le haghaidh sonrasc tráchtála, deimhniú tionscnaimh, lastliosta, dearbhú onnmhairiúcháin loingseora nó aon doiciméadacht chustaim eile i ndáil le hearra a allmhairiú, a fháil ó chonsal an Pháirtí is allmhaireoir i gcríoch an Pháirtí is onnmhaireoir, nó i gcríoch tríú páirtí; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘dleacht chustaim’ dleacht nó muirear d’aon chineál a fhorchuirtear ar earra a allmhairiú nó i ndáil le hearra a allmhairiú; ní áirítear leis an méid sin aon cheann de na nithe a leanas:
|
|
(c) |
ciallaíonn ‘nós imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin’ nós imeachta riaracháin lena n-éilítear iarratas nó doiciméadacht eile (seachas iarratais nó doiciméadacht a éilítear go ginearálta chun críoch imréitigh custaim) a chur faoi bhráid an chomhlachta nó na gcomhlachtaí riaracháin ábhartha mar réamhchoinníoll onnmhairiúcháin ó chríoch chustaim an Pháirtí is onnmhaireoir. |
|
(d) |
ciallaíonn ‘earra Páirtí’ earra intíre mar a thuigtear in GATT 1994. |
|
(e) |
ciallaíonn ‘Córas Comhchuibhithe’ nó ‘CC’ an Córas Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, lena n-áirítear gach nóta dlíthiúil agus gach leasú dlíthiúil orthu arna bhforbairt ag an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim. |
|
(f) |
ciallaíonn ‘nós imeachta um cheadúnú allmhairiúcháin’ nós imeachta riaracháin lena n-éilítear iarratas nó doiciméadacht eile (seachas iarratais nó doiciméadacht a éilítear go ginearálta chun críoch imréitigh custaim) a chur faoi bhráid an chomhlachta nó na gcomhlachtaí riaracháin ábhartha mar réamhchoinníoll allmhairiúcháin isteach i gcríoch chustaim an Pháirtí is allmhaireoir. |
|
(g) |
ciallaíonn ‘deisiú’ aon oibríocht phróiseála arna déanamh ar earra chun lochtanna oibriúcháin nó damáiste ábhartha a leigheas, agus a bhfuil i gceist léi a fheidhm bhunaidh a thabhairt ar ais don earra nó a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais theicniúla maidir lena úsáid, agus in éagmais na hoibríochta próiseála sin, nach bhféadfaí an t-earra a úsáid ar an ngnáthbhealach a thuilleadh chun na gcríoch a beartaíodh dó. Áirítear le hearraí a dheisiú athchóiriú agus cothabháil, ach ní áirítear leis oibríocht ná próiseáil:
|
AIRTEAGAL 33
Cóir an náisiúin barrfhabhair
1. Tabharfaidh gach Páirtí cóir an náisiúin barrfhabhair d’earraí an Pháirtí eile i gcomhréir le hAirteagal I de GATT 1994, a ionchorpraítear sa Chomhaontú seo agus a ndéantar cuid den Chomhaontú seo de, mutatis mutandis.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 i leith cóir fhabhrach arna tabhairt ag ceachtar den dá Pháirtí d’earraí tríú tír i gcomhréir le Comhaontú GATT 1994.
AIRTEAGAL 34
Cóir náisiúnta maidir le cánachas inmheánach agus rialáil
1. Tabharfaidh gach Páirtí cóir náisiúnta d’earraí an Pháirtí eile i gcomhréir le hAirteagal III de GATT 1994, lena n-áirítear na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha a ghabhann leis. Chuige sin, déantar Airteagal III de GATT 1994, agus na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha a ghabhann leis, a ionchorprú sa Chomhaontú seo, agus déantar cuid den Chomhaontú seo díobh, mutatis mutandis.
2. Maidir le Poblacht na hÚisbéiceastáine, i gcás táirgí tobac, deochanna alcólacha agus siúcra bán gan bhlastán ná breiseáin dathúcháin, tiocfaidh an tAirteagal seo chun bheith infheidhme 10 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó ar an dáta a thiocfaidh Poblacht na hÚisbéiceastáine chun bheith ina Comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, cibé acu is túisce.
AIRTEAGAL 35
Srianta ar allmhairiú agus ar onnmhairiú
Ní ghlacfaidh ceachtar den dá Pháirtí ná ní choinneoidh sé ar bun aon toirmeasc nó srian ar allmhairiú aon earra de chuid an Pháirtí eile ná ar onnmhairiú ná díol lena onnmhairiú aon earra atá ceaptha le haghaidh chríoch an Pháirtí eile, ach amháin i gcomhréir le hAirteagal XI de GATT 1994, lena n-áirítear na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha a ghabhann leis. Chuige sin, déantar Airteagal XI de GATT 1994, agus na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha a ghabhann leis, a ionchorprú sa Chomhaontú seo, agus déantar cuid den Chomhaontú seo díobh, mutatis mutandis.
AIRTEAGAL 36
Dleachtanna, cánacha nó muirir eile ar onnmhairí
1. Ar mhaithe lena gcomhpháirtíocht trádála a fhorbairt agus chun a ndeiseanna trádála a éascú a thuilleadh, féachfaidh na Páirtithe gan aon dleacht, cáin nó muirear nua eile a thabhairt isteach d’aon chineál a fhorchuirtear ar earra a onnmhairiú chuig an bPáirtí eile, nó i ndáil le hearra a onnmhairiú chuig an bPáirtí eile, nó aon cháin inmheánach nó muirear eile ar earra a onnmhairítear chuig an bPáirtí eile agus atá os cionn na cánach nó an mhuirir a d’fhorchuirfí ar earraí comhchosúla agus iad ceaptha le haghaidh tomhaltas intíre nó aon bheart eile a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu.
2. I gcás ina dtabharfaidh Páirtí cóir níos fabhraí maidir le dleachtanna onnmhairiúcháin, cánacha nó aon mhuirear eile ar a onnmhairí do thríú tír eile, leathnóidh an Páirtí sin an chóir chéanna chuig onnmhairí atá ceaptha don Pháirtí eile.
3. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh Páirtí beart dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm i leith an Pháirtí eile. An Páirtí a chuireann an beart sin i bhfeidhm, foilsíonn sé faisnéis ábhartha ar a shuíomh gréasáin oifigiúil 60 lá roimh theacht i bhfeidhm an bhirt sin, lena n-áirítear fad measta an chur i bhfeidhm.
AIRTEAGAL 37
Rialuithe ar onnmhairiú earraí dé-úsáide
Comhaontaíonn na Páirtithe faisnéis agus dea-chleachtais faoi rialuithe onnmhairí dé-úsáide a mhalartú d’fhonn comhar idir an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na hÚisbéiceastáine maidir le rialuithe onnmhairí a chur chun cinn.
AIRTEAGAL 38
Táillí agus foirmiúlachtaí
1. Na táillí agus na muirir eile a fhorchuirfidh Páirtí ar allmhairiú nó ar onnmhairiú earra de chuid an Pháirtí eile, nó i ndáil leis, déanfar méid na dtáillí agus na muirear sin a theorannú do neaschostas na seirbhísí a rinneadh, agus ní hé a bheidh iontu cosaint indíreach ar earraí intíre ná gearradh cánach ar allmhairí nó onnmhairí chun críoch fioscach.
2. Foilseoidh gach Páirtí go pras gach táille agus muirear a fhorchuirfidh sé i ndáil le hallmhairiú nó le honnmhairiú sa chaoi go gcumasófar do rialtais, do thrádálaithe agus do pháirtithe leasmhara eile eolas a chur orthu.
3. Ní cheanglóidh ceachtar den dá Pháirtí idirbhearta consalacha, lena n-áirítear táillí agus muirir ghaolmhara, i ndáil le haon earra de chuid an Pháirtí eile a allmhairiú.
AIRTEAGAL 39
Earraí deisithe
1. Ní chuireann ceachtar den dá Pháirtí dleacht chustaim i bhfeidhm maidir le hearra, gan beann ar a thionscnamh, a thiocfaidh isteach arís i gcríoch chustaim an Pháirtí tar éis onnmhairiú an earra sin go sealadach óna chríoch chustaim go dtí críoch chustaim an Pháirtí eile lena dheisiú.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hearra a allmhairítear faoi bhanna, isteach i gcriosanna saorthrádála, nó faoi stádas den chineál céanna, agus a onnmhairítear lena dheisiú ansin ach nach n-allmhairítear é an athuair faoi bhanna isteach i gcriosanna saorthrádála, nó faoi stádas den chineál céanna.
3. Ní chuirfidh ceachtar den dá Pháirtí dleacht chustaim i bhfeidhm maidir le hearra, gan beann ar a thionscnamh, a allmhairítear go sealadach ó chríoch chustaim an Pháirtí eile lena dheisiú.
AIRTEAGAL 40
Cead isteach sealadach d’earraí
Déanfaidh Páirtí díolúine a dheonú do Pháirtí eile ó mhuirir allmhairiúcháin agus dleachtanna ar earraí a ligtear isteach go sealadach, i gcásanna agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna n-ordú le haon choinbhinsiún idirnáisiúnta atá ina cheangal air maidir le hearraí a ligean isteach go sealadach. Cuirfear an díolúine sin i bhfeidhm de bhun reachtaíocht gach Páirtí.
AIRTEAGAL 41
Idirthuras
1. Ionchorpraítear Airteagal V de GATT 1994 sa Chomhaontú seo agus déantar cuid den Chomhaontú seo de.
2. Déanfaidh na Páirtithe gach beart is gá chun idirthuras earraí fuinnimh a éascú, i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le saoirse idirthurais agus le hAirteagal 7 den Chonradh um Chairt Fuinnimh.
AIRTEAGAL 42
Comhartha tionscnaimh
1. I gcás ina gceanglaíonn Poblacht na hÚisbéiceastáine comhartha tionscnaimh ar earraí a allmhairítear ón Aontas Eorpach, glacfaidh sé leis an gcomhartha tionscnaimh ‘Arna dhéanamh san Aontas Eorpach’ nó a choibhéis i dteanga atá i gcomhréir le ceanglais Phoblacht na hÚisbéiceastáine maidir le comharthaí tionscnaimh, faoi choinníollacha nach fabhraí ná na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le comharthaí tionscnaimh de chuid na mBallstát.
2. Chun críocha an chomhartha tionscnaimh ‘Arna dhéanamh san Aontas Eorpach’, caithfidh Poblacht na hÚisbéiceastáine leis an Aontas Eorpach mar aon chríoch amháin.
AIRTEAGAL 43
Nósanna imeachta um cheadúnú allmhairiúcháin
1. Déanfaidh gach Páirtí aon nós imeachta um cheadúnú allmhairiúcháin a ghlacadh agus a riar i gcomhréir le hAirteagail 1, 2 agus 3 de Chomhaontú EDT maidir le Nósanna Imeachta um Cheadúnú Allmhairiúcháin. Chuige sin, déanfar Airteagail 1, 2 agus 3 den Chomhaontú maidir le Nósanna Imeachta um Cheadúnú Allmhairiúcháin a ionchorprú sa Chomhaontú seo agus déanfar cuid de díobh, mutatis mutandis.
2. Páirtí a thionscnaíonn nósanna imeachta um cheadúnú nó athruithe ar nósanna imeachta um cheadúnú atá ann cheana, tabharfaidh sé fógra don Pháirtí eile laistigh de 90 lá ó fhoilsiú na n-athruithe sin. Áireofar san fhógra an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 5(2) den Chomhaontú maidir le Nósanna Imeachta um Cheadúnú Allmhairiúcháin. Measfar go bhfuil an Airteagal seo á comhlíonadh ag Páirtí má tá fógra tugtha aige faoin nós imeachta ábhartha um cheadúnú allmhairiúcháin, nó faoi aon mhodhnú air, don Choiste um Cheadúnú Allmhairiúcháin dá ndéantar foráil in Airteagal 4 den Chomhaontú um Cheadúnú Allmhairiúcháin, lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 5(2) den Chomhaontú sin. I gcás Phoblacht na hÚisbéiceastáine, beidh feidhm ag an oibleagáid fógra a thabhairt don Choiste um Cheadúnú Allmhairiúcháin ón dáta a thiocfaidh Poblacht na hÚisbéiceastáine chun bheith ina Comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
3. Arna iarraidh sin ag Páirtí, soláthróidh an Páirtí eile aon fhaisnéis ábhartha go pras, lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 5(2) den Chomhaontú maidir le Nósanna Imeachta um Cheadúnú Allmhairiúcháin, maidir le haon nós imeachta um cheadúnú allmhairiúcháin a bheartaíonn sé a ghlacadh, nó atá glactha aige, nó a choinníonn sé ar bun, nó athruithe ar nósanna imeachta um cheadúnú atá ann cheana.
AIRTEAGAL 44
Nósanna imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin (4)
1. Foilseoidh gach Páirtí aon nós imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin, nó aon mhodhnú ar nós imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin atá ann cheana, sa chaoi go bhféadfaidh rialtais, trádálaithe agus páirtithe leasmhara eile eolas a fháil orthu. Déanfar foilseachán den sórt sin, i gcás inarb indéanta, tráth nach déanaí ná 45 lá sula dtiocfaidh éifeacht le nós imeachta nua um cheadúnú onnmhairí nó le haon mhodhnú ar aon nós imeachta um cheadúnú onnmhairí atá ann faoi láthair, agus ar aon chaoi, tráth nach déanaí ná an dáta a thiocfaidh éifeacht le nós imeachta nó le modhnú den sórt sin.
2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sna nósanna imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin:
|
(a) |
téacsanna na nósanna imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin nó aon mhodhnú orthu; |
|
(b) |
na hearraí atá faoi réir gach nós imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin; |
|
(c) |
i gcás gach nós imeachta, tuairisc ar an bpróiseas chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas onnmhairiúcháin agus ar aon chritéar nach mór d’iarratasóir a chomhlíonadh le bheith cáilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas onnmhairiúcháin, amhail ceadúnas gníomhaíochta a bheith aige, infheistíocht a bhunú nó a choinneáil ar bun, nó oibriú trí chineál áirithe bunaíochta i gcríoch Páirtí; |
|
(d) |
pointe nó pointí teagmhála óna bhféadfaidh daoine leasmhara tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis na coinníollacha a bhaineann le ceadúnas onnmhairiúcháin a fháil; |
|
(e) |
an comhlacht nó na comhlachtaí riaracháin a bhfuil iarratas nó doiciméadacht ábhartha eile le cur faoina mbráid; |
|
(f) |
tuairisc ar aon bheart nó bearta a bhfuil an nós imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin ceaptha iad a chur chun feidhme; |
|
(g) |
an tréimhse a mbeidh gach nós imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin i bhfeidhm lena linn, ach amháin má fhanann an nós imeachta i bhfeidhm go dtí go ndéanfar é a tharraingt siar nó a athbhreithniú i bhfoilseachán nua; |
|
(h) |
má bheartaíonn an Páirtí nós imeachta um ceadúnú onnmhairiúcháin a úsáid chun cuóta onnmhairiúcháin, cainníocht fhoriomlán agus, más infheidhme, luach an chuóta agus dátaí oscailte agus dúnta an chuóta a riar; agus |
|
(i) |
aon díolúine nó aon eisceacht ón gceanglas chun ceadúnas onnmhairiúcháin a fháil, conas na díolúintí nó na heisceachtaí sin a iarraidh nó a úsáid, agus na critéir a bhaineann lena ndeonú. |
3. Laistigh de 30 lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile faoi na nósanna imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin atá aige cheana féin. Páirtí a ghlacann nós imeachta nua um cheadúnú onnmhairiúcháin nó a mhodhnaíonn aon nós imeachta um cheadúnú onnmhairiúcháin atá ann cheana, tabharfaidh sé fógra don Pháirtí eile faoin nós imeachta nó faoin modhnú laistigh de 90 lá óna fhoilsiú. Áireofar leis an bhfógra sin an tagairt don fhoinse nó do na foinsí ina bhfoilsítear an fhaisnéis a éilítear de bhun mhír 2 agus beidh seoladh an tsuímh gréasáin oifigiúil ábhartha san áireamh freisin, i gcás inarb iomchuí.
AIRTEAGAL 45
Trádáil in ábhar núicléach
Rialófar an comhar i ndáil le trádáil in ábhar núicléach leis an gComhaontú maidir le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Rialtas Phoblacht na hÚisbéiceastáine (5) arna dhéanamh sa Bhruiséil an 6 Deireadh Fómhair 2003.
CAIBIDIL 3
LEIGHEASANNA TRÁDÁLA
AIRTEAGAL 46
Forálacha ginearálta
1. Leis seo, ionchorpraítear na téacsanna seo a leanas sa Chomhaontú seo agus déantar cuid den Chomhaontú seo díobh, mutatis mutandis:
|
(a) |
Airteagal XIX de GATT 1994 |
|
(b) |
an Comhaontú maidir le Coimircí; |
|
(c) |
Airteagal VI de GATT 1994; |
|
(d) |
an Comhaontú Frithdhumpála; agus |
|
(e) |
Comhaontú SCM. |
2. Ní bheidh forálacha na Caibidle seo faoi réir Chaibidil 14 de Theideal IV den Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 47
Trédhearcacht
1. Bainfidh na Páirtithe úsáid as ionstraimí cosanta trádála (coimircí frithdhumpála, frith-fhóirdheontais agus iltaobhacha) i gcomhréir go hiomlán le ceanglais ábhartha EDT agus ar bhonn chóras cóir trédhearcach.
2. Tabharfaidh an Páirtí a thionscnaíonn imscrúdú coimirce fógra don Pháirtí eile faoin tionscnamh sin ar choinníoll go bhfuil leas eacnamaíoch substaintiúil ag an bPáirtí eile.
3. Chun críocha an Airteagail seo, measfar leas eacnamaíoch substaintiúil a bheith ag Páirtí nuair atá sé i measc na gcúig sholáthróir is mó den táirge allmhairithe le linn na tréimhse 3 bliana roimh an dáta a tionscnaíodh an t-imscrúdú coimirce, arna thomhas i dtéarmaí dearbhthoirte nó dearbhluacha.
4. D’ainneoin mhíreanna 2, 3 agus 5, arna iarraidh sin ag an bPáirtí eile, an Páirtí a thionscain imscrúdú coimirce agus a bhfuil sé beartaithe aige bearta coimirce a chur i bhfeidhm, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
(a) |
fógra ad hoc i scríbhinn a chur ar fáil láithreach don Pháirtí eile faoin bhfaisnéis ábhartha uile as a n-eascraíonn imscrúdú coimirce a thionscnamh agus bearta coimirce a fhorchur, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le himscrúdú coimirce a thionscnamh, maidir leis na torthaí sealadacha agus maidir le torthaí críochnaitheacha an imscrúdaithe; agus |
|
(b) |
an deis comhairliúcháin a chur ar fáil don Pháirtí eile. |
5. Agus bearta á roghnú faoin Airteagal seo, féachfaidh na Páirtithe le tosaíocht a thabhairt dóibh siúd is lú a chuirfidh isteach ar an trádáil dhéthaobhach.
6. Díreach tar éis bearta sealadacha a fhorchur agus sula ndéanfar an cinneadh críochnaitheach, nochtfaidh na Páirtithe go hiomlán agus go fóinteach na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha uile atá mar bhonn leis an gcinneadh bearta a chur i bhfeidhm, gan dochar d’Airteagal 6.5 den Chomhaontú Frithdhumpála ná d’Airteagal 12.4 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh. Déanfar nochtuithe i scríbhinn agus tabharfar dóthain ama do pháirtithe leasmhara chun a mbarúlacha a thabhairt ar fhíorais agus ar bhreithnithe fíor-riachtanacha den sórt sin.
7. Tabharfar deis do gach páirtí leasmhar a bharúil a chur in iúl le linn imscrúduithe frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais, ar choinníoll nach gcuirfidh sé sin moill gan ghá ar reáchtáil na n-imscrúduithe.
AIRTEAGAL 48
Leas an phobail a mheas
Le linn na n-imscrúduithe frithdhumpála agus frithchúitimh, beidh sé de cheart ag an tionscal intíre, ag tomhaltóirí, ag úsáideoirí agus ag allmhaireoirí faisnéis agus sonraí ábhartha a thíolacadh, ar faisnéis agus sonraí iad a bhreithneoidh na húdaráis imscrúdúcháin, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta náisiúnta ábhartha.
Má chinneann Páirtí dleacht frithdhumpála a fhorchur, ní sháróidh méid na dleachta sin an corrlach dumpála, ach i bprionsabal d’fhéadfadh sé a bheith níos lú ná an corrlach sin dá mba leor dleacht níos lú den sórt sin chun deireadh a chur leis an díobháil don tionscal intíre.
CAIBIDIL 4
CUSTAIM
AIRTEAGAL 49
Comhar custaim
1. Neartóidh na Páirtithe an comhar sa réimse custaim d’fhonn timpeallacht trádála thrédhearcach a áirithiú, trádáil a éascú, cur le slándáil an tslabhra soláthair, sábháilteacht tomhaltóirí a chur chun cinn, sreabhadh earraí a sháraíonn cearta maoine intleachtúla a chosc, agus smuigleáil agus sáruithe eile ar an reachtaíocht chustaim a chomhrac.
2. Chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile d’fhonn, inter alia, an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
feabhas a chur ar an dlí custaim agus na nósanna imeachta custaim a chomhchuibhiú agus a shimpliú, i gcomhréir leis na coinbhinsiúin agus na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme i réimse an chustaim agus éascú na trádála, lena n-áirítear na coinbhinsiúin agus na caighdeáin sin a d’fhorbair an tAontas Eorpach (Treoirphleananna Custaim san áireamh), EDT agus an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (go háirithe Coinbhinsiún Athbhreithnithe Kyoto); |
|
(b) |
córais chustaim nua-aimseartha a bhunú, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua-aimseartha imréitigh custaim; forálacha maidir le hoibreoirí eacnamaíocha údaraithe; anailís agus rialuithe riosca-bhunaithe uathoibrithe; nósanna imeachta simplithe maidir le scaoileadh earraí; rialuithe iar-imréitigh; luacháil custaim thrédhearcach agus forálacha maidir le comhpháirtíochtaí custaim go gnó; |
|
(c) |
na caighdeáin is airde sláine a spreagadh i réimse an chustaim, go háirithe ag an teorainn, trí bhearta a chur i bhfeidhm lena léirítear na prionsabail a leagtar amach i nDearbhú Arusha na hEagraíochta Domhanda Custaim; |
|
(d) |
dea-chleachtais a mhalartú agus oiliúint agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil le haghaidh pleanáil agus fothú acmhainneachta agus chun na caighdeáin is airde ionracais a áirithiú; |
|
(e) |
faisnéis agus sonraí ábhartha a mhalartú, i gcás inarb iomchuí, agus rialacha na bPáirtithe maidir le rúndacht faisnéise, agus cosaint sonraí pearsanta á n-urramú; |
|
(f) |
páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhordaithe custaim idir a n-údaráis chustaim; |
|
(g) |
aitheantas frithpháirteach a bhunú, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, do chláir oibreoirí eacnamaíocha údaraithe agus do rialuithe custaim, lena n-áirítear bearta coibhéiseacha chun trádáil a éascú; |
|
(h) |
deiseanna a shaothrú, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, le haghaidh idirnascacht a gcóras idirthurais custaim. |
AIRTEAGAL 50
Cúnamh riaracháin frithpháirteach
Cuirfidh na Páirtithe cúnamh riaracháin frithpháirteach ar fáil dá chéile in ábhair chustaim i gcomhréir leis an bPrótacal.
AIRTEAGAL 51
Luacháil custaim
Leis an gComhaontú maidir le cur chun feidhme Airteagal VII de GATT 1994 atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT, rialófar luacháil chustaim earraí sa trádáil idir na Páirtithe agus leis seo, déantar é a ionchorprú sa Chomhaontú seo agus déantar cuid den Chomhaontú seo de, mutatis mutandis.
CAIBIDIL 5
BACAINNÍ TEICNIÚLA AR AN TRÁDÁIL
AIRTEAGAL 52
Cuspóir
Is é is cuspóir don Chaibidil seo trádáil earraí idir na Páirtithe a éascú trí bhacainní teicniúla ar thrádáil nach bhfuil gá leo a chosc, a shainaithint agus fáil réidh leo.
AIRTEAGAL 53
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hullmhú, glacadh agus cur i bhfeidhm na gcaighdeán, na rialachán teicniúil agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta uile a shainítear i gComhaontú EDT-BTT, lena bhféadfar difear a dhéanamh don trádáil in earraí idir na Páirtithe.
2. D’ainneoin mhír 1, ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
sonraíochtaí ceannaigh arna n-ullmhú ag comhlachtaí rialtais maidir le ceanglais táirgthe nó tomhaltais na gcomhlachtaí sin; nó |
|
(b) |
bearta sláintíochta nó fíteashláintíochta, mar a shainítear in Iarscríbhinn A a ghabhann le Comhaontú SPS, a chumhdaítear le Caibidil 6 den Chomhaontú seo. |
AIRTEAGAL 54
Gaolmhaireacht leis an gComhaontú EDT-BTT
1. Déantar Airteagail 2.1 go 2.8, 2.11, 2.12, 3.1, 3.4, 3.5, 4, 5.1-5.5, 5.8, 5.9, 6, 7.1, 7.4, 7.5, 8, 9, agus Iarscríbhinní 1 agus 3 de Chomhaontú EDT-BTT a ionchorprú sa Chomhaontú seo agus déantar cuid den Chomhaontú seo díobh.
2. Déanfaidh Poblacht na hÚisbéiceastáine an próiseas chun a córas caighdeánaithe a chomhfhogasú do Chomhaontú EDT-BTT, go háirithe an Cód Dea-Chleachtais, lena n-áirítear cineál deonach na gcaighdeán mar a shainítear i gComhaontú EDT-BTT, a thabhairt chun críche laistigh de 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
3. Tagairtí do ‘an Comhaontú seo’ i gComhaontú EDT-BTT, mar a ionchorpraítear sa Chomhaontú seo, tá siad le léamh, de réir mar is iomchuí, mar thagairtí don Chomhaontú seo.
4. An téarma ‘Comhaltaí’ i bhforálacha Chomhaontú EDT-BTT a ionchorpraítear sa Chomhaontú seo, tá sé le léamh mar théarma a chiallaíonn na Páirtithe sa Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 55
Rialacháin theicniúla
1. Déanfaidh gach Páirtí, i gcomhréir lena rialacha agus lena nósanna imeachta féin, measúnú tionchair rialála ar rialacháin theicniúla atá beartaithe.
2. Déanfaidh gach Páirtí measúnú ar a bhfuil ar fáil de roghanna malartacha rialála agus neamhrialála in ionad an rialacháin theicniúil atá beartaithe, roghanna a d’fhéadfadh cuspóirí dlisteanacha an Pháirtí a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 2.2 de Chomhaontú EDT-BTT.
3. Úsáidfidh gach Páirtí na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha mar bhonn dá rialacháin theicniúla ach amháin i gcás inar féidir leis an bPáirtí a bhfuil an rialachán teicniúil á fhorbairt aige a léiriú go mbeadh na caighdeáin idirnáisiúnta sin ina modh neamhéifeachtach nó míchuí chun na cuspóirí dlisteanacha atáthar a shaothrú a bhaint amach.
4. Measfar gurb iad na caighdeáin idirnáisiúnta arna bhforbairt ag na heagraíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn 5-A na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha de réir bhrí Airteagal 2, Airteagal 5 agus Iarscríbhinn 3 de Chomhaontú EDT-BTT, ar choinníoll gur chomhlíon na heagraíochtaí sin, agus na caighdeáin á bhforbairt acu, na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar amach sa Chinneadh ó Choiste EDT um Bacainní Teicniúla ar an Trádáil i ndáil le Prionsabail maidir le Caighdeáin, Treoracha agus Moltaí Idirnáisiúnta a Fhorbairt a bhfuil gaol acu le hAirteagal 2, Airteagal 5 agus Iarscríbhinn 3 de Chomhaontú EDT-BTT.
5. Arna iarraidh sin ag ceachtar den dá Pháirtí, breithneoidh an Coiste um Chomhar an liosta in Iarscríbhinn 5-A a thabhairt cothrom le dáta.
6. I gcás nár bhain Páirtí leas as caighdeáin idirnáisiúnta mar bhonn dá rialacháin theicniúla, arna iarraidh sin ag an bPáirtí eile, déanfaidh sé aon imeacht substaintiúil ó na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a shainaithint, míneoidh sé na cúiseanna a measadh na caighdeáin sin a bheith neamhoiriúnach nó neamhéifeachtach don chuspóir a bhí á saothrú, agus soláthróidh sé an fhianaise eolaíoch nó theicniúil ar a bhfuil an measúnú sin bunaithe.
7. De bhreis ar Airteagail 2.3 agus 2.4 de Chomhaontú EDT-BTT, déanfaidh gach Páirtí athbhreithniú ar a rialacháin theicniúla chun a gcóineasú leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a mhéadú, agus aird á tabhairt, inter alia, ar aon fhorbairt nua sna caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha nó ar aon athrú sna himthosca is cúis le héagsúlachtaí ó na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha sin.
8. Agus rialacháin theicniúla á bhforbairt a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar thrádáil, áiritheoidh gach Páirtí, i gcomhréir lena rialacha agus lena nósanna imeachta, go mbeidh nósanna imeachta ann a chuirfidh ar chumas daoine de chuid na bPáirtithe ionchur a sholáthar trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí, ach amháin i gcás ina dtiocfaidh fadhbanna práinneacha a bhaineann le sábháilteacht, sláinte, cosaint an chomhshaoil nó slándáil náisiúnta chun cinn nó ina mbeidh baol ann go dtiocfaidh siad chun cinn. Ceadóidh gach Páirtí do dhaoine de chuid an Pháirtí eile páirt a ghlacadh sna chomhairliúcháin sin faoi théarmaí nach lú fabhar ná na téarmaí a thugtar dá chuid daoine féin, agus cuirfidh sé torthaí na bpróiseas comhairliúcháin sin ar fáil go poiblí.
AIRTEAGAL 56
Caighdeáin
1. D’fhonn caighdeáin a chomhchuibhiú ar an mbonn is leithne agus is féidir, spreagfaidh gach Páirtí na comhlachtaí um chaighdeánú laistigh dá chríoch, chomh maith leis na comhlachtaí réigiúnacha um chaighdeánú a bhfuil an Páirtí nó na comhlachtaí um chaighdeánú laistigh dá chríoch ina gcomhaltaí díobh, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
páirt a ghlacadh, laistigh de theorainneacha a n-acmhainní, in ullmhú caighdeán idirnáisiúnta arna dhéanamh ag comhlachtaí ábhartha um chaighdeánú idirnáisiúnta; |
|
(b) |
caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a úsáid mar bhonn leis na caighdeáin a fhorbraíonn siad, ach amháin i gcás ina mbeadh na caighdeáin idirnáisiúnta sin neamhéifeachtach nó míchuí, mar shampla, de dheasca leibhéal neamhleor cosanta maidir le saol agus sláinte an duine, de dheasca tosca bunúsacha aeráide nó geografacha nó de dheasca fadhbanna bunúsacha teicneolaíocha; |
|
(c) |
dúbláil obair na gcomhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú a sheachaint, chomh maith le forluí na hoibre sin; |
|
(d) |
athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar chaighdeáin náisiúnta agus réigiúnacha nach bhfuil bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, d’fhonn a gcóineasú maidir le caighdeáin idirnáisiúnta den sórt sin a mhéadú; |
|
(e) |
oibriú i gcomhar le comhlachtaí ábhartha um chaighdeánú an Pháirtí eile i ndáil le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú. féadfar an comhar sin a dhéanamh sna comhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú nó ar an leibhéal réigiúnach; agus |
|
(f) |
comhar déthaobhach a chothú idir iad féin agus comhlachtaí um chaighdeánú an Pháirtí eile. |
2. Ba cheart do na Páirtithe faisnéis a mhalartú maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
an úsáid a bhaineann siad as caighdeáin chun tacú le rialacháin theicniúla; agus |
|
(b) |
a bpróisis chaighdeánaithe féin agus an méid úsáide a bhaineann siad as caighdeáin idirnáisiúnta agus caighdeáin réigiúnacha nó fhoréigiúnacha mar bhonn dá gcaighdeáin náisiúnta. |
3. Má dhéantar caighdeáin éigeantacha de chaighdeáin trí chorprú nó trí thagairt a dhéanamh dóibh i ndréacht-rialachán teicniúil nó i nós imeachta um measúnú comhréireachta, comhlíonfar na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 59.
AIRTEAGAL 57
Measúnú comhréireachta
1. Na forálacha a leagtar amach in Airteagal 55 a bhaineann le rialacháin theicniúla a ullmhú, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, mutatis mutandis.
2. I gcás ina n-éilíonn Páirtí measúnú comhréireachta mar dhearbhú dearfach go bhfuil táirge i gcomhréir le rialachán teicniúil, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
(a) |
nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a roghnú a bheidh comhréireach leis na rioscaí lena mbaineann arna gcinneadh ar bhonn measúnú riosca; |
|
(b) |
úsáid dhearbhú comhréireachta an tsoláthróra a mheas, i.e. dearbhú comhréireachta arna eisiúint ag an monaróir ar a fhreagracht féin amháin agus gan measúnú éigeantach tríú páirtí a chur san áireamh, mar dhearbhú comhréireachta i measc na roghanna chun comhlíonadh rialachán teicniúil a léiriú; agus |
|
(c) |
arna iarraidh sin air, faisnéis a sholáthar don Pháirtí eile faoi na critéir a úsáidtear chun na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta le haghaidh táirgí sonracha a roghnú. |
3. I gcás ina n-éilíonn Páirtí measúnú comhréireachta tríú páirtí mar dhearbhú dearfach go gcomhlíonann táirge rialachán teicniúil, agus nach bhfuil an cúram sin forchoimeádta aige d’údarás rialtais mar a shonraítear i mír 5, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
(a) |
úsáid roghnach a bhaint as creidiúnú chun comhlachtaí um measúnú comhréireachta a cháiliú; |
|
(b) |
an úsáid is fearr is féidir a bhaint as caighdeáin idirnáisiúnta maidir le creidiúnú agus measúnú comhréireachta, chomh maith le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le comhlachtaí creidiúnaithe na bPáirtithe, mar shampla, trí shásraí an Chomhair Idirnáisiúnta um Chreidiúnú Saotharlainne (ILAC) agus an Fhóraim Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin (IAF); |
|
(c) |
a bheith páirteach, nó moladh dá chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a bheith páirteach, i gcás inarb infheidhme, in aon chomhaontú nó socrú idirnáisiúnta ábhartha maidir le glacadh torthaí um measúnú comhréireachta a chomhchuibhiú nó a éascú; |
|
(d) |
a áirithiú go mbeidh rogha ag oibreoirí eacnamaíocha i measc na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta arna n-ainmniú ag údaráis Páirtí le haghaidh táirge nó sraith táirgí faoi leith; |
|
(e) |
a áirithiú go bhfuil comhlachtaí um measúnú comhréireachta neamhspleách ar mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar oibreoirí eacnamaíocha i gcoitinne, agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa idir comhlachtaí creidiúnaithe agus comhlachtaí um measúnú comhréireachta; |
|
(f) |
cead a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta úsáid a bhaint as fochonraitheoirí chun tástáil nó cigireachtaí a dhéanamh i ndáil leis an measúnú comhréireachta, lena n-áirítear fochonraitheoirí atá suite i gcríoch an Pháirtí eile; agus |
|
(g) |
liosta de na comhlachtaí atá ainmnithe aige chun measúnú comhréireachta den sórt sin a dhéanamh a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin aonair, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha maidir le raon feidhme ainmniúcháin gach ceann de na comhlachtaí sin. |
4. Ní fhorléireofar pointe f de mhír 3 mar phointe lena gcuirtear toirmeasc ar Pháirtí a cheangal ar fhochonraitheoirí na ceanglais chéanna a chomhlíonadh agus a chomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta féin chun an tástáil nó na cigireachtaí dá dtagraítear sa phointe sin a dhéanamh.
5. Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo bac ar Pháirtí a cheangal go ndéanfaidh a údaráis rialtais shonraithe measúnú comhréireachta i ndáil le táirgí sonracha. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Páirtí an méid seo a leanas:
|
(a) |
na táillí a bhaineann le measúnú comhréireachta a theorannú do neaschostas na seirbhísí a cuireadh ar fáil agus, arna iarraidh sin ag iarratasóir ar mheasúnú comhréireachta, a mhíniú cén chaoi a dteorannófar aon táille a fhorchuirfidh sé le haghaidh measúnú comhréireachta den sórt sin do neaschostas na seirbhísí a cuireadh ar fáil; agus |
|
(b) |
na táillí a bhaineann le measúnú comhréireachta a chur ar fáil go poiblí. |
6. D’ainneoin mhíreanna 2 go 5, glacfaidh na Páirtithe le Dearbhú Comhréireachta an tSoláthróra mar chruthúnas ar chomhlíonadh na rialachán teicniúil atá ann cheana le haghaidh na réimsí agus i gcomhréir leis na módúlachtaí a shonraítear in Iarscríbhinn 5-B.
AIRTEAGAL 58
Comhar sa réimse bacainní teicniúla ar thrádáil
1. Neartóidh na Páirtithe a gcomhar maidir le caighdeáin, rialacháin theicniúla, méadreolaíocht, faireachas margaidh, creidiúnú agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta d’fhonn cur leis an gcomhthuiscint ar a gcórais féin agus rochtain ar a margaí féin a éascú. Chuige sin, féachfaidh na Páirtithe le sásraí agus tionscnaimh chomhair rialaitheacha a shainaithint agus a fhorbairt, a bheidh iomchuí maidir leis na saincheisteanna nó earnálacha ar leith, lena n-áirítear:
|
(a) |
faisnéis agus taithí a mhalartú maidir lena rialacháin theicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm; |
|
(b) |
oibriú i dtreo na féidearthachta rialacháin theicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a chóineasú nó a ailíniú; |
|
(c) |
comhar a spreagadh idir a gcomhlachtaí atá freagrach as méadreolaíocht, caighdeánú, measúnú comhréireachta agus creidiúnú; agus |
|
(d) |
faisnéis a mhalartú maidir le forbairtí i bhfóraim ábhartha réigiúnacha agus iltaobhacha a bhaineann le caighdeáin, rialacháin theicniúla, nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus creidiúnú. |
2. Chun an trádáil eatarthu a chur chun cinn, déanfaidh na Páirtithe an méid seo a leanas:
|
(a) |
féachaint leis na difríochtaí atá eatarthu maidir le rialacháin theicniúla, méadreolaíocht, caighdeánú, faireachas margaidh, creidiúnú agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a laghdú, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí úsáid ionstraimí ábhartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a spreagadh; |
|
(b) |
úsáid an chreidiúnaithe a spreagadh, i gcomhréir le rialacha idirnáisiúnta, chun tacú leis an measúnú ar inniúlacht theicniúil na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus ar a ngníomhaíochtaí; agus |
|
(c) |
i gcás inarb indéanta, rannpháirtíocht agus comhaltacht Phoblacht na hÚisbéiceastáine agus a comhlachtaí náisiúnta ábhartha in eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta a chur chun cinn, ar eagraíochtaí iad a mbaineann a ngníomhaíochtaí le caighdeáin, measúnú comhréireachta, creidiúnú, méadreolaíocht agus feidhmeanna gaolmhara. |
3. Féachfaidh na Páirtithe le próiseas a bhunú agus a choinneáil ar bun trínar féidir rialacháin theicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta Phoblacht na hÚisbéiceastáine a chomhfhogasú de réir a chéile do rialacháin, caighdeáin agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta an Aontais Eorpaigh.
4. I gcás réimsí inar baineadh ailíniú amach, féadfaidh na Páirtithe machnamh a dhéanamh ar chomhaontuithe a chaibidliú maidir le measúnú comhréireachta agus glacadh le táirgí tionsclaíocha.
AIRTEAGAL 59
Trédhearcacht
1. Agus rialacháin theicniúla á bhforbairt a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar thrádáil, ceadóidh gach Páirtí tréimhse 60 lá ar a laghad tar éis foilsiú rialachán teicniúil atá beartaithe agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá beartaithe don Pháirtí eile chun barúlacha i scríbhinn a sholáthar, ach amháin i gcás ina dtiocfaidh fadhbanna práinneacha a bhaineann le sábháilteacht, sláinte, cosaint an chomhshaoil nó slándáil náisiúnta chun cinn nó ina bhfuil an bhagairt ann go dtiocfaidh siad chun cinn. Déanfaidh Páirtí breithniú deimhneach ar iarraidh réasúnach síneadh ama a chur leis an tréimhse le haghaidh barúlacha i scríbhinn.
2. Má fhaigheann Páirtí barúlacha i scríbhinn ón bPáirtí eile maidir le rialachán teicniúil nó nós imeachta um measúnú comhréireachta atá beartaithe, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
(a) |
arna iarraidh sin ag an bPáirtí eile, na barúlacha i scríbhinn a phlé agus a údarás rialála inniúil féin a bheith páirteach sa phlé, tráth ar féidir na barúlacha sin a chur san áireamh; agus |
|
(b) |
freagra ar na barúlacha a thabhairt i scríbhinn tráth nach déanaí ná dáta foilsithe an rialacháin theicniúil nó an nós imeachta um measúnú chomhréireachta. |
3. Soláthróidh gach Páirtí, i gcás ina n-iarrfaidh an Páirtí eile air é, faisnéis maidir leis na cuspóirí, an bunús dlí agus an réasúnaíocht atá le rialachán teicniúil nó nós imeachta um measúnú comhréireachta atá glactha ag an bPáirtí nó a bhfuil sé beartaithe ag an bPáirtí é a ghlacadh.
4. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar na rialacháin theicniúla agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá glactha aige a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin agus go mbeidh rochtain orthu saor in aisce.
5. Cuirfidh gach Páirtí faisnéis ar fáil maidir le glacadh agus teacht i bhfeidhm an rialacháin theicniúil agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta agus maidir leis an téacs críochnaitheach a glacadh.
6. Ceadóidh gach Páirtí eatramh réasúnach idir foilsiú rialachán teicniúil agus a dteacht i bhfeidhm chun am a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha an Pháirtí eile oiriúnú dóibh. Tuigfear go gciallaíonn an téarma ‘eatramh réasúnach’ tréimhse nach lú ná 6 mhí, ach amháin i gcásanna nach mbeadh sin éifeachtach chun na cuspóirí dlisteanacha atáthar a shaothrú a bhaint amach.
AIRTEAGAL 60
Marcáil agus lipéadú
1. Rialacháin theicniúla gach Páirtí lena ndéileáiltear inter alia nó go heisiach le marcáil nó lipéadú, dearbhaíonn gach Páirtí go gcomhlíonfaidh na rialacháin sin atá acu prionsabail Airteagal 2.2 de Chomhaontú EDT-BTT.
2. I gcás ina n-éilíonn Páirtí comharthú nó lipéadú éigeantach táirgí:
|
(a) |
ní éileoidh sé ach faisnéis atá ábhartha do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí an táirge nó chun comhréireacht an táirge leis na ceanglais theicniúla éigeantacha a léiriú; |
|
(b) |
ní éileoidh sé aon fhormheas, clárú ná deimhniú roimh ré i leith na lipéad ná marcálacha na dtáirgí, ná aon eisíocaíocht táille, mar réamhchoinníoll chun táirgí a chur ar a mhargadh a chomhlíonann a cheanglais theicniúla shainordaitheacha ar shlí eile, ach amháin má tá gá leis i bhfianaise na gcuspóirí dlisteanacha dá dtagraítear in Airteagal 2.2 de Chomhaontú EDT-BTT; |
|
(c) |
i gcás ina gceanglóidh sé ar oibreoirí eacnamaíocha uimhir aitheantais uathúil a úsáid, eiseoidh sé an uimhir sin d’oibreoirí eacnamaíocha an Pháirtí eile gan moill mhíchuí agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach; |
|
(d) |
ar choinníoll nach mbeidh na heilimintí a liostaítear thíos míthreorach, contrárthach nó mearbhlach maidir leis an bhfaisnéis a éilíonn an Páirtí is allmhaireoir na n-earraí, ceadóidh an Páirtí sin an méid seo a leanas:
|
|
(e) |
glacfaidh sé leis go ndéanfar lipéadú breise nó ceartuithe breise ar lipéadú i dtrádstórais chustaim nó i limistéir ainmnithe eile sa tír allmhairiúcháin, mura rud é, ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta poiblí, go n-éilítear lipéadú den sórt sin le reachtaíocht na bPáirtithe; agus |
|
(f) |
féachfaidh sé le glacadh le lipéid is féidir a ghreamú de lipéid atá ann cheana nó de mharcáil nó d’fhaisnéis lipéadaithe atá sna doiciméid a ghabhann leis seachas a bheith ceangailte go fisiciúil den táirge. |
3. Beidh feidhm ag pointe (e) de mhír 2 go dtí dáta aontachais Phoblacht na hÚisbéiceastáine do EDT.
AIRTEAGAL 61
Comhar maidir le faireachas margaidh, sábháilteacht agus comhlíontacht táirgí neamhbhia
1. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le comhar maidir le faireachas margaidh, sábháilteacht agus comhlíontacht táirgí neamhbhia chun an trádáil a éascú agus chun tomhaltóirí agus úsáideoirí eile a chosaint, agus an tábhacht a bhaineann le hiontaoibh fhrithpháirteach a fhorbairt agus í bunaithe ar fhaisnéis chomhroinnte.
2. Chun feidhmiú neamhspleách neamhchlaonta an fhaireachais margaidh a ráthú, áiritheoidh na Páirtithe an méid seo a leanas:
|
(a) |
deighilt feidhmeanna faireachais margaidh ó fheidhmeanna um measúnú comhréireachta; agus |
|
(b) |
easpa aon leasa a dhéanfadh difear do neamhchlaontacht na n-údarás um fhaireachas margaidh agus a rialú nó a maoirseacht á déanamh acu ar oibreoirí eacnamaíocha. |
3. Féadfaidh na Páirtithe comhoibriú le chéile agus faisnéis a mhalartú maidir le faireachas margaidh, sábháilteacht agus comhlíontacht táirgí neamhbhia, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
faireachas margaidh, agus gníomhaíochtaí agus bearta forfheidhmithe; |
|
(b) |
modhanna measúnúcháin riosca agus tástáil táirgí; |
|
(c) |
aisghairmeacha comhordaithe táirgí nó gníomhaíochtaí comhchosúla eile; |
|
(d) |
ábhair eolaíocha, theicniúla agus rialála, arb é is aidhm dóibh sábháilteacht agus comhlíontacht táirgí neamhbhia a fheabhsú; |
|
(e) |
saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a bhfuil ábharthacht nach beag acu maidir le sláinte agus sábháilteacht; |
|
(f) |
gníomhaíochtaí a bhaineann le caighdeánú; agus |
|
(g) |
malartú oifigeach. |
4. Féadfaidh an tAontas Eorpach faisnéis roghnaithe óna chóras mear-rabhaidh maidir le táirgí tomhaltais dá dtagraítear i dTreoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó an gníomh dlí a thiocfaidh ina dhiaidh, agus féadfaidh Poblacht na hÚisbéiceastáine faisnéis ábhartha a sholáthar don Aontas maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais neamhbhia agus maidir le bearta coisctheacha, sriantacha agus ceartaitheacha arna nglacadh, i ndáil le táirgí tomhaltais dá dtagraítear i reachtaíocht ábhartha Phoblacht na hÚisbéiceastáine. Féadfaidh an malartú faisnéise a bheith i bhfoirm:
|
(a) |
malartuithe ad hoc, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, seachas sonraí pearsanta; nó |
|
(b) |
malartuithe córasach, bunaithe ar shocrú a fhéadfaidh an Coiste um Chomhar a bhunú in Iarscríbhinn 5-C. |
5. Féadfaidh an Coiste um Chomhar socrú a bhunú, in Iarscríbhinn 5-D, maidir le malartú rialta faisnéise, lena n-áirítear faisnéis a mhalartú go leictreonach, i dtaca le bearta a dhéanfar a bhaineann le táirgí neamhchomhlíontacha neamhbhia, seachas an fhaisnéis sin a chumhdaítear le mír 4.
6. Is chun tomhaltóirí, sláinte, sábháilteacht nó an comhshaol a chosaint agus chun na críche sin amháin a úsáidfidh na Páirtithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 3, 4 agus 5.
7. Is mar fhaisnéis rúnda a láimhseálfaidh gach Páirtí an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 3, 4 agus 5.
8. Sonrófar leis na socruithe dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 an cineál faisnéise atá le malartú, na módúlachtaí maidir leis an malartú agus cur i bhfeidhm rialacha i dtaca le rúndacht agus cosaint sonraí pearsanta. Beidh an chumhacht ag an gCoiste um Chomhar cinntí a ghlacadh chun na socruithe a leagtar amach in Iarscríbhinní 5-C agus 5-D a chinneadh nó a leasú.
9. Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn ‘faireachas margaidh’ gníomhaíochtaí agus bearta a dhéanann údaráis phoiblí, lena n-áirítear iad siúd a dhéantar i gcomhar le hoibreoirí eacnamaíocha, ar bhonn nósanna imeachta de chuid Páirtí, chun cur ar a chumas don Pháirtí sin faireachán a dhéanamh nó aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht táirgí agus ar an gcaoi a bhfuil na ceanglais a leagtar amach ina dhlíthe agus ina rialacháin á gcomhlíonadh acu. I gcás Phoblacht na hÚisbéiceastáine, ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ monaróir, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó díoltóir.
AIRTEAGAL 62
Idirphlé agus comhairliúcháin theicniúla
1. Féadfaidh gach Páirtí a iarraidh go bpléifí leis an bPáirtí eile aon rialachán teicniúil nó nós imeachta um measúnú comhréireachta de chuid an Pháirtí eile, bíodh sé ina dhréacht nó ina mholadh, a mheasann an Páirtí go bhféadfadh sé dochar mór a dhéanamh don trádáil idir na Páirtithe. Déanfar an iarraidh sin i scríbhinn agus sainaithneofar na nithe seo a leanas inti:
|
(a) |
an beart atá i gceist; |
|
(b) |
forálacha na Caibidle seo lena mbaineann na hábhair imní; agus |
|
(c) |
na cúiseanna leis an iarraidh, lena n-áirítear tuairisc ar ábhair imní an Pháirtí iarrthaigh faoin mbeart. |
2. Déanfaidh Páirtí a iarraidh a sheachadadh chuig comhordaitheoir Chaibidil EDT-BTT an Pháirtí eile.
3. Arna iarraidh sin ag ceachtar den dá Pháirtí, tiocfaidh na Páirtithe le chéile chun na hábhair imní a ardaíodh san iarraidh a phlé, go pearsanta nó trí fhíseán nó trí theileachomhdháil, laistigh de 60 lá ó dháta na hiarrata, agus féachfaidh siad le teacht ar réiteach ar an gceist a luaithe is féidir. Má chreideann an Páirtí iarrthach go bhfuil práinn leis an gcás, féadfaidh sé a iarraidh go reáchtálfaí an cruinniú laistigh de thréimhse ama níos giorra. I gcásanna mar sin, déanfaidh an Páirtí is freagróir machnamh dearfach ar iarraidh den sórt sin.
4. Féadfaidh Páirtí comhairliúcháin a iarraidh leis an bPáirtí eile maidir le haon ábhar a thiocfaidh chun cinn faoin gCaibidil seo ach iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig comhordaitheoir Chaibidil EDT-BTT an Pháirtí eile. Déanfaidh na Páirtithe gach iarracht an t-ábhar a réiteach ar bhealach a bheidh chun sástacht a chéile.
5. Tá an tAirteagal seo gan dochar do chearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoi Chaibidil 14.
AIRTEAGAL 63
Comhordaitheoir Chaibidil EDT-BTT
1. Ainmneoidh gach Páirtí comhordaitheoir Chaibidil EDT-BTT agus cuirfidh sé sonraí teagmhála an chomhordaitheora sin agus aon athrú air sin in iúl don Pháirtí eile. Oibreoidh na comhordaitheoirí Chaibidil EDT-BTT le chéile chun cur chun feidhme na Caibidle seo agus an comhar idir na Páirtithe i ngach ábhar a bhaineann le Comhaontú EDT-BTT a éascú.
2. Áireofar an méid seo a leanas le feidhmeanna gach ceann de na gcomhordaitheoirí Chaibidil EDT-BTT:
|
(a) |
tar éis chur chun feidhme agus riar na Caibidle seo, lena n-áirítear aon saincheist a bhaineann le forbairt, glacadh, cur i bhfeidhm nó forfheidhmiú rialachán teicniúil, caighdeáin agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta; |
|
(b) |
cumarsáid a dhéanamh le comhordaitheoir Chaibidil EDT-BTT an Pháirtí eile maidir le tionscnaimh arna ndéanamh ag na Páirtithe chun comhar a fheabhsú maidir le caighdeáin, rialacháin theicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a fhorbairt agus a fheabhsú; |
|
(c) |
bunú pléití teicniúla a shocrú, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 62; agus |
|
(d) |
faisnéis a mhalartú maidir le forbairtí i bhfóraim neamhrialtais, réigiúnacha agus iltaobhacha a bhaineann le caighdeáin, rialacháin theicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. |
3. Déanfaidh comhordaitheoirí Chaibidil EDT-BTT cumarsáid le chéile trí aon mhodh comhaontaithe a bheidh iomchuí chun a bhfeidhmeanna a dhéanamh.
AIRTEAGAL 64
Idirthréimhse
Maidir le Poblacht na hÚisbéiceastáine, tiocfaidh Airteagal 55(3), Airteagal 55(6), Airteagal 55(7), pointe (b) d’Airteagal 56(1), pointe (c) d’Airteagal 56(1), pointe (b) d’Airteagal 57(3), pointe (d) d’Airteagal 57(3), Airteagal 57(5) agus Iarscríbhinn 5-B chun bheith infheidhme 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
CAIBIDIL 6
ÁBHAIR SLÁINTÍOCHTA AGUS FÍTEASHLÁINTÍOCHTA
AIRTEAGAL 65
Cuspóirí
Is é cuspóir na Caibidle seo na prionsabail is infheidhme maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta (dá ngairtear ‘SPS’ anseo feasta) a leagan amach, mar a shainmhínítear i gComhaontú SPS EDT, lena n-áirítear sláinte ainmhithe agus plandaí agus sábháilteacht bia, i dtrádáil idir na Páirtithe, chomh maith le comhar maidir le leas ainmhithe, frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach agus córais bhia inbhuanaithe. Cuirfidh na Páirtithe na prionsabail a leagtar amach sa Chaibidil seo i bhfeidhm ar bhealach lena n-éascófar trádáil agus lena seachnófar bacainní gan údar ar thrádáil eatarthu, agus san am céanna caomhnófar leibhéal cosanta gach Páirtí maidir le beatha nó sláinte daoine, ainmhithe nó plandaí.
AIRTEAGAL 66
Prionsabail
1. Áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfar bearta SPS a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar bhonn phrionsabail na comhréireachta, na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus an údair eolaíoch, agus na caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh (an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí, arna shíniú sa Róimh an 6 Nollaig 1951 (dá ngairtear ‘IPPC’ anseo feasta), an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (dá ngairtear ‘WOAH’ anseo feasta), agus an Coimisiún Codex Alimentarius (dá ngairtear ‘Codex Alimentarius’ anseo feasta)).
2. Áiritheoidh gach Páirtí nach ndéanfaidh a bhearta SPS idirdhealú ar bhonn treallach ná gan údar idir a chríoch féin agus críoch an Pháirtí eile a mhéid a bheidh coinníollacha atá comhionann lena chéile nó cosúil lena chéile ann. Ní chuirfear bearta SPS i bhfeidhm sa chaoi gurb é a bheadh ann srian faoi cheilt ar thrádáil idir na Páirtithe.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfear bearta, nósanna imeachta nó rialuithe SPS chun feidhme go cuí agus go dtabharfar aghaidh ar iarrataí ar fhaisnéis a fhaightear ó údarás inniúil an Pháirtí eile gan mhoill agus ar bhealach nach fabhraí do tháirgí allmhairithe ná do tháirgí intíre comhchosúla.
AIRTEAGAL 67
Riachtanas allmhairiúcháin agus deimhnithe oifigiúla SPS
1. Beidh ceanglais allmhairiúcháin gach Páirtí bunaithe ar phrionsabail Codex Alimentarius, WOAH agus IPPC agus ar na caighdeáin ábhartha a ghabhann leo, ach amháin má thacaítear leis na ceanglais allmhairiúcháin le measúnú riosca eolaíochtbhunaithe a dhéanfar i gcomhréir leis na rialacha idirnáisiúnta is infheidhme dá bhforáiltear i gComhaontú SPS.
2. Beidh feidhm ag ceanglais allmhairiúcháin an Pháirtí is allmhaireoir maidir le críoch iomlán an Pháirtí is onnmhaireoir, mar aon leis na deimhnithe oifigiúla SPS a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil maidir le trádáil táirgí talmhaíochta idir na Páirtithe, lena n-áirítear plandaí agus táirgí plandaí, faoi réir Airteagal 69.
3. Chun críocha na Caibidle seo, is é an sainmhíniú atá ar dheimhnithe oifigiúla SPS doiciméid arna n-eisiúint ag an bpáirtí is onnmhaireoir lena ráthaítear gur comhlíonadh na ceanglais allmhairiúcháin liostaithe a shainítear le dlí an pháirtí is allmhaireoir maidir leis na táirgí lena mbaineann siad.
AIRTEAGAL 68
Coibhéis
1. Arna iarraidh sin ag an bPáirtí is onnmhaireoir agus faoi réir meastóireacht shásúil ón bPáirtí is allmhaireoir, aithneoidh na Páirtithe coibhéis, i gcomhréir le nósanna imeachta idirnáisiúnta ábhartha, maidir le beart áirithe nó grúpa áirithe beart nó córas a chuirtear i bhfeidhm go ginearálta nó maidir leis an earnáil nó cuid d’earnáil.
2. Bunóidh an Coiste um Chomhar aitheantas coibhéise agus liostófar in Iarscríbhinn 6 é.
AIRTEAGAL 69
Bearta a bhaineann le sláinte plandaí agus ainmhithe
1. Aithneoidh na Páirtithe coincheap na limistéar saor ó lotnaidí nó na limistéar saor ó ghalar agus na limistéar ina bhfuil leibhéal íseal lotnaidí nó galar i gcomhréir le Comhaontú SPS agus caighdeáin, treoirlínte nó moltaí ábhartha Codex Alimentarius, WOAH agus IPPC.
2. Agus limistéir atá saor ó lotnaidí nó galair agus limistéir nach bhfuil lotnaidí nó galair forleathan iontu á gcinneadh ag na Páirtithe, cuirfidh siad tosca amhail suíomh geografach, éiceachórais, faireachas eipidéimeolaíoch agus éifeachtacht na rialuithe sláintíochta nó fíteashláintíochta i limistéir den sórt sin san áireamh.
3. Bunóidh an Páirtí is allmhaireoir na bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta, bearta a chuireann sé i bhfeidhm maidir leis an bPáirtí is onnmhaireoir a ndéanann lotnaid nó galar difear dá chríoch, ar an gcinneadh criosaithe a dhéanfaidh an Páirtí is onnmhaireoir, ar choinníoll go ndearbhófar don Pháirtí allmhairiúcháin go mbainfear leibhéal iomchuí cosanta amach.
AIRTEAGAL 70
Cigireachtaí agus iniúchtaí
1. Cigireachtaí agus iniúchtaí a dhéanann an páirtí is allmhaireoir i gcríoch an Pháirtí is onnmhaireoir chun meastóireacht a dhéanamh ar chórais cigireachtaí agus iniúchta an Pháirtí is onnmhaireoir, déanfar iad i gcomhréir le caighdeáin, treoirlínte agus moltaí ábhartha IPPC, WOAH agus Codex Alimentarius. Féadfar cigireachtaí breise atá mar chuid d’iniúchadh ar chórais chigireachta agus deimhniúcháin a dhíriú ar shaoráidí onnmhairiúcháin agus ar mhonaróirí ar leith tráth ar bith.
2. Má tá an Páirtí is allmhaireoir sásta le torthaí na gcigireachtaí agus na n-iniúchtaí dá dtagraítear i mír 1 agus má choinníonn sé liosta de bhunaíochtaí údaraithe nó saoráidí údaraithe ar bun chun ainmhithe nó táirgí ainmhithe a allmhairiú, formheasfaidh sé bunaíochtaí atá lonnaithe i gcríoch an pháirtí onnmhairiúcháin gan réamhchigireacht a dhéanamh, má iarrann an Páirtí is onnmhaireoir amhlaidh, agus beidh na ráthaíochtaí iomchuí arna sonrú ag an bPáirtí is allmhaireoir ag gabháil leo.
3. Glacadh gach Páirtí le ráthaíochtaí, agus is ar na nithe seo a leanas a bheidh an glacadh sin bunaithe:
|
(a) |
meastóireacht an údaráis inniúil, chomh maith lena chumas na bunaíochtaí onnmhairiúcháin a rialú; |
|
(b) |
ráthaíocht i scríbhinn ón údarás inniúil maidir le ceanglais íosta an Pháirtí is allmhaireoir a bheith á gcomhlíonadh ag an bPáirtí is onnmhaireoir. |
4. Aon uair is féidir, tabharfaidh an Páirtí is allmhaireoir fógra don Pháirtí eile faoi thráchtearra neamhchomhlíontach agus faoin gcúis atá leis an neamhchomhlíonadh, agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil dó maidir le cúiseanna an neamhchomhlíonta.
5. Is é an Páirtí a dhéanann na cigireachtaí agus na hiniúchtaí a sheasfaidh costais na gcigireachtaí agus na n-iniúchtaí, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha.
AIRTEAGAL 71
Rialuithe agus táillí allmhairiúcháin
1. Má nochtar i rialuithe allmhairiúcháin nár comhlíonadh na ceanglais ábhartha maidir le hallmhairiú, beidh an gníomh a dhéanfaidh an Páirtí is allmhaireoir bunaithe ar mheasúnú ar an riosca lena mbaineann agus níor cheart é a bheith níos sriantaí ó thaobh trádála de ná mar is gá chun an leibhéal sláintíochta nó fíteashláintíochta iomchuí a bhaint amach sa Pháirtí is allmhaireoir.
2. I gcás inar féidir, tabharfaidh údarás inniúil an Pháirtí is allmhaireoir fógra don allmhaireoir nó dá ionadaí faoi aon choinsíneacht neamhchomhlíontach agus faoin gcúis leis an neamhchomhlíonadh, agus tabharfaidh sé deis don allmhaireoir nó don ionadaí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh. Déanfaidh an Páirtí is allmhaireoir breithniú ar aon fhaisnéis ábhartha arna tíolacadh chun cuidiú leis an athbhreithniú.
3. Féadfaidh Páirtí táillí a bhailiú as rialuithe teorann a dhéanamh. Ní bheidh na táillí sin níos airde ná an méid is gá chun na costais a tabhaíodh a aisghabháil.
AIRTEAGAL 72
Faisnéis a mhalartú agus comhoibriú
1. Déanfaidh na Páirtithe idirphlé ar na bearta atá ann cheana maidir le SPS agus leas ainmhithe agus faoi bearta den sórt sin a fhorbairt agus chur chun feidhme, agus déanfaidh siad faisnéis a mhalartú faoin méid sin. Maidir le hidirphlé agus malartú faisnéise den sórt sin, cuirfear san áireamh iontu, de réir mar is iomchuí, Comhaontú SPS agus caighdeáin, treoirlínte agus moltaí ábhartha IPCC, WOAH agus Codex Alimentarius.
2. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile ar ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia, leas ainmhithe, sláinte plandaí, agus frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach trí fhaisnéis, saineolas agus taithí a mhalartú, agus é de chuspóir acu inniúlachtaí sna réimsí sin a fhorbairt. Féadfaidh cúnamh teicniúil a bheith san áireamh leis an gcomhar sin. Tabharfar aird ar leith ar bhrath agus rialú galar ainmhithe agus plandaí agus ar chórais anailíse riosca a fheabhsú. Féadfaidh an Coiste um Chomhar clár cúnaimh theicniúil a ghlacadh chun na críche sin.
3. Bunóidh na Páirtithe idirphlé tráthúil maidir le saincheisteanna SPS arna iarraidh sin do cheachtar den dá Pháirtí chun ábhair a bhaineann le SPS agus saincheisteanna práinneacha eile a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a bhreithniú. Féadfaidh an Coiste um Chomhar rialacha a ghlacadh maidir le hidirphlé den sórt sin a dhéanamh.
4. Déanfaidh na Páirtithe pointí teagmhála a ainmniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta chun cumarsáid a dhéanamh ar ábhair a chumhdaítear leis an gCaibidil seo.
AIRTEAGAL 73
Trédhearcacht
Déanfaidh gach Páirtí:
|
(a) |
trédhearcacht a shaothrú a mhéid a bhaineann leis na bearta SPS is infheidhme maidir le trádáil agus, go háirithe, maidir leis na ceanglais SPS a chuirtear i bhfeidhm ar allmhairí an Pháirtí eile; |
|
(b) |
arna iarraidh sin ag an bPáirtí eile agus gan moill mhíchuí, na ceanglais is infheidhme maidir le hallmhairiú táirgí sonracha a chur in iúl, agus a léiriú cé acu atá nó nach bhfuil gá le measúnú riosca; |
|
(c) |
fógra a thabhairt do phointe teagmhála an Pháirtí eile tríd an bpost, le facs nó le ríomhphost, gan moill mhíchuí, faoi aon riosca mór nó tromchúiseach do shláinte an duine, nó do shláinte plandaí nó ainmhithe, lena n-áirítear aon éigeandáil bhia a bhaineann le hearraí arna dtrádáil idir na Páirtithe. |
CAIBIDIL 7
MAOIN INTLEACHTÚIL
ROINN 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 74
Cuspóirí
Is iad cuspóirí na Caibidle seo:
|
(a) |
táirgeadh agus tráchtálú táirgí nuálacha cruthaitheacha i measc na bPáirtithe a éascú, rud a chuirfidh le geilleagar níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí do na Páirtithe; |
|
(b) |
an trádáil idir na Páirtithe a éascú agus a rialú, chomh maith le saobhadh agus bacainní ar thrádáil den sórt sin a laghdú; agus |
|
(c) |
leibhéal leormhaith éifeachtach cosanta agus forfheidhmithe a bhaint amach i dtaobh cearta maoine intleachtúla. |
AIRTEAGAL 75
Cineál agus Raon Feidhme na nOibleagáidí
1. Déanfaidh na Páirtithe na conarthaí idirnáisiúnta a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu a chur chun feidhme. Déantar leis seo Comhaontú TRIPS atá in Iarscríbhinn 1C a ghabhann le Comhaontú EDT a ionchorprú sa Chomhaontú seo agus déantar cuid den Chomhaontú seo de, mutatis mutandis. Leis an gCaibidil seo comhlánófar agus sonrófar a thuilleadh cearta agus oibleagáidí gach Páirtí faoi chonarthaí idirnáisiúnta eile i réimse na maoine intleachtúla ar páirtithe iontu iad.
2. Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn ‘cearta maoine intleachtúla’ gach catagóir maoine intleachtúla dá dtagraítear in Airteagail 78 go 120 den Chaibidil seo den Chomhaontú agus i Ranna 1 go 7 de Chuid II de Chomhaontú TRIPS.
3. Áirítear le cosaint ceart maoine intleachtúla cosaint in aghaidh iomaíocht éagórach dá dtagraítear in Airteagal 10bis de Choinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint an 20 Márta 1883, arna athbhreithniú i Stócólm an 14 Iúil 1967 (‘Coinbhinsiún Pháras’).
4. Leis an gCaibidil seo, ní chuirtear bac ar Pháirtí forálacha a dhlí a chur i bhfeidhm lena dtugtar caighdeáin níos airde isteach chun cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú agus a chosaint, ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach leis an gCaibidil seo.
AIRTEAGAL 76
Ídiú
1. Déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le córas ídithe náisiúnta nó réigiúnaigh ceart maoine intleachtúla.
2. I réimse an chóipchirt agus ceart gaolmhar eile, níl feidhm ag ídiú ceart ach amháin maidir le bunleaganacha saothair, nó cóipeanna díobh, nó ábhair chosanta eile, nó cóipeanna díobh a dháileadh ar an bpobal trí dhíol nó ar bhealach eile.
AIRTEAGAL 77
Cóir náisiúnta
1. Maidir le cearta maoine intleachtúla a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, tabharfaidh gach Páirtí do náisiúnaigh an Pháirtí eile cóir nach lú fabhar ná an chóir a thugann sé dá náisiúnaigh féin maidir le cosaint (7) ceart maoine intleachtúla, faoi réir na n-eisceachtaí dá ndéantar foráil cheana féin:
|
(a) |
i gCoinbhinsiún Pháras; |
|
(b) |
i gCoinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint (dá ngairtear ‘Coinbhinsiún Bheirn’ anseo feasta), arna athbhreithniú i bPáras an 24 Iúil 1971 agus arna leasú an 28 Meán Fómhair 1979; |
|
(c) |
sa Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chosaint Taibheoirí, Léiritheoirí Fónagram agus Eagraíochtaí Craolacháin, arna dhéanamh sa Róimh an 26 Deireadh Fómhair 1961 (dá ngairtear ‘Coinbhinsiún na Róimhe’ anseo feasta); nó |
|
(d) |
sa Chonradh um Chosaint Maoine Intleachtúla i leith Ciorcaid Iomlánaithe arna ghlacadh in Washington an 26 Bealtaine 1989. |
Maidir le taibheoirí, táirgeoirí fónagram agus eagraíochtaí craolacháin, níl feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin i leith na gceart dá ndéantar foráil sa Chomhaontú seo.
2. Féadfaidh Páirtí leas a bhaint as na heisceachtaí a cheadaítear de bhun mhír 1 i ndáil lena nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnacha, lena n-áirítear a cheangal ar náisiúnach de chuid an Pháirtí eile seoladh a ainmniú le haghaidh seirbheáil próisis ina chríoch, nó gníomhaire a cheapadh ina chríoch, ar choinníoll, maidir leis na heisceachtaí sin:
|
(a) |
go bhfuil gá leo lena áirithiú go gcomhlíonfar dlíthe nó rialacháin an Pháirtí nach bhfuil ar neamhréir le forálacha na Caibidle seo; agus |
|
(b) |
nach gcuirfear i bhfeidhm iad sa chaoi gurb é a bheadh ann srian faoi cheilt ar thrádáil. |
3. Níl feidhm ag mír 1 maidir le nósanna imeachta dá ndéantar foráil i gcomhaontuithe iltaobhacha arna dtabhairt i gcrích faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (dá ngairtear ‘EDMI’ anseo feasta) a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a éadáil nó a choinneáil ar bun.
ROINN 2
CAIGHDEÁIN MAIDIR LE CEARTA MAOINE INTLEACHTÚLA
FOROINN 1
CÓIPCHEART AGUS CEARTA GAOLMHARA
AIRTEAGAL 78
Comhaontuithe idirnáisiúnta
1. Comhlíonfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas:
|
(a) |
Conradh EDMI um Chóipcheart, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 20 Nollaig 1996; |
|
(b) |
Conradh EDMI um Thaibhithe agus Fónagraim arna ghlacadh sa Ghinéiv an 20 Nollaig 1996; agus |
|
(c) |
Conradh Marrakech maidir le rochtain ar shaothair fhoilsithe a éascú do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc, nó dóibh siúd atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile arna ghlacadh in Marrakech an 28 Meitheamh 2013. |
2. Comhlíonfaidh gach Páirtí Conradh Bhéising maidir le Taibhithe Closamhairc arna ghlacadh i mBéising an 24 Meitheamh 2012, agus déanfaidh sé gach iarracht réasúnach é a dhaingniú nó aontú dó.
AIRTEAGAL 79
Údair
Déanfaidh gach Páirtí foráil go mbeidh an ceart eisiach ag údair chun na nithe seo a leanas a údarú nó a thoirmeasc:
|
(a) |
atáirgeadh a gcuid saothar, é díreach nó neamhdhíreach, sealadach nó buan, arna dhéanamh trí aon mhodh agus in aon fhoirm, i bpáirt nó go hiomlán; |
|
(b) |
leagan bunaidh a gcuid saothar, nó cóipeanna díobh, a scaipeadh ar an bpobal ar aon bhealach trína ndíol nó ar bhealach eile; |
|
(c) |
a gcuid saothar a tharchur chuig an bpobal ar aon bhealach, trí mhodh ina n-úsáidtear sreang nó trí mhodh gan sreang, lena n-áirítear a gcuid saothar a chur ar fáil don phobal sa chaoi go bhféadfaidh an pobal rochtain a fháil orthu pé am a roghnaíonn siad féin agus ó pé áit a roghnaíonn siad féin; agus |
|
(d) |
bunleaganacha nó cóipeanna a gcuid saothar a ligean ar cíos ar bhonn tráchtála don phobal. |
AIRTEAGAL 80
Taibheoirí
Déanfaidh gach Páirtí foráil go mbeidh an ceart eisiach ag taibheoirí chun na nithe seo a leanas a údarú nó a thoirmeasc:
|
(a) |
fosú (8) a dtaibhithe; |
|
(b) |
atáirgeadh fhosú a dtaibhithe, é díreach nó neamhdhíreach, sealadach nó buan, arna dhéanamh trí aon mhodh agus in aon fhoirm, i bpáirt nó go hiomlán; |
|
(c) |
fosú a dtaibhithe a scaipeadh ar an bpobal, trína ndíol nó ar bhealach eile; |
|
(d) |
fosú a dtaibhithe a chur ar fáil don phobal, trí mhodh ina n-úsáidtear sreang nó trí mhodh gan sreang, sa chaoi go bhféadfaidh an pobal rochtain a fháil orthu pé am a roghnaíonn siad féin agus ó pé áit a roghnaíonn siad féin;; |
|
(e) |
a dtaibhithe a chraoladh trí mhodh gan sreang agus a tharchur chuig an bpobal, ach amháin i gcás inar taibhiú craolta cheana é an taibhiú féin nó i gcás ina ndearnadh ó fhosú é; agus |
|
(f) |
fosú a dtaibhithe a ligean ar cíos ar bhonn tráchtála don phobal. |
AIRTEAGAL 81
Táirgeoirí fónagram
Déanfaidh gach Páirtí foráil go mbeidh an ceart eisiach ag léiritheoirí fónagram chun na nithe seo a leanas a údarú nó a thoirmeasc:
|
(a) |
atáirgeadh a gcuid fónagram, é díreach nó neamhdhíreach, sealadach nó buan, arna dhéanamh trí aon mhodh agus in aon fhoirm, i bpáirt nó go hiomlán; |
|
(b) |
a gcuid fónagram, lena n-áirítear cóipeanna díobh, a scaipeadh ar an bpobal, trína ndíol nó ar bhealach eile; |
|
(c) |
a gcuid fónagram a chur ar fáil don phobal, trí mhodh ina n-úsáidtear sreang nó trí mhodh gan sreang, sa chaoi go bhféadfaidh an pobal rochtain a fháil orthu pé am a roghnaíonn siad féin agus ó pé áit a roghnaíonn siad féin; agus |
|
(d) |
a gcuid fónagram a ligean ar cíos ar bhonn tráchtála don phobal. |
AIRTEAGAL 82
Eagraíochtaí craoltóireachta
Déanfaidh gach Páirtí foráil go mbeidh an ceart eisiach ag eagraíochtaí craoltóireachta chun na nithe seo a leanas a údarú nó a thoirmeasc:
|
(a) |
fosú a gcraoltaí, cibé acu a tharchuirtear na craoltaí sin de shreang nó ar an aer, lena n-áirítear cábla nó satailít; |
|
(b) |
atáirgeadh fhosú a gcraoltaí, é díreach nó neamhdhíreach, sealadach nó buan, arna dhéanamh trí aon mhodh agus in aon fhoirm, i bpáirt nó go hiomlán, gan beann ar cé acu de shreang nó ar an aer a tharchuirtear na craoltaí sin, lena n-áirítear cábla nó satailít; |
|
(c) |
fosuithe dá gcuid craoltaí a chur ar fáil don phobal, trí mhodh ina n-úsáidtear sreang nó trí mhodh gan sreang, cibé acu is de shreang nó ar an aer a tharchuirtear na craoltaí sin, lena n-áirítear craoladh de chábla nó de shatailít, sa chaoi go bhféadfaidh an pobal rochtain a fháil orthu pé am a roghnaíonn siad féin agus ó pé áit a roghnaíonn siad féin; |
|
(d) |
fosuithe, lena n-áirítear cóipeanna díobh, a scaipeadh ar an bpobal trína ndíol nó ar shlite eile, cibé acu de shreang nó ar an aer a tharchuirtear na craoltaí sin, lena n-áirítear craoladh de chábla nó de shatailít; agus |
|
(e) |
a gcraoltaí a athchraoladh trí mhodh gan sreang, chomh maith lena gcraoltaí a tharchur chuig an bpobal má dhéantar an tarchur sin in áiteanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu ach táille iontrála a íoc. |
AIRTEAGAL 83
Fónagraim a foilsíodh chun críoch tráchtála a chraoladh agus a tharchur chuig an bpobal
1. Déanfaidh gach Páirtí foráil go mbeidh ceart ag taibhithe, agus táirgeoirí fónagram, luach saothair cothromasach aonair a fháil a bheidh le híoc ag an úsáideoir, i gcás ina n-úsáidtear fónagram arna fhoilsiú chun críoch tráchtála nó atáirgeadh fónagraim den sórt sin le haghaidh craoladh don phobal nó cumarsáid leis an bpobal.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go roinnfear an luach saothair cothromasach aonair dá dtagraítear i mír 1 idir na taibheoirí ábhartha agus na táirgeoirí fónagram. Féadfaidh gach Páirtí, in éagmais comhaontú idir taibheoirí agus táirgeoirí fónagram, na téarmaí a shocrú ar dá réir a chomhroinnfidh taibheoirí agus táirgeoirí fónagram an luach saothair cothromasach aonair.
AIRTEAGAL 84
Téarma cosanta
1. Maidir le Poblacht na hÚisbéiceastáine, btiocfaidh an tAirteagal seo chun bheith infheidhme 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
2. Mairfidh na cearta atá ag údar saothair ar feadh a shaoil agus go ceann 70 bliain tar éis a bháis, gan beann ar an dáta a chuirfear an saothar ar fáil go dleathach don phobal.
3. Rachaidh téarma cosanta saothair ceoil le focail in éag 70 bliain i ndiaidh bhás an duine deiridh de na daoine seo a leanas a mhaireann, bídís ainmnithe mar chomhúdair nó ná bídís: údar na liricí agus cumadóir an saothar ceoil, ar choinníoll gur cruthaíodh an dá rud go sonrach don shaothar ceoil le focail sin.
4. I gcás saothar ag a bhfuil comhúdair, ríomhfar an téarma dá dtagraítear i mír 1 ó bhás an údair mharthanaigh deiridh i leith.
5. I gcás saothair gan ainm nó a bhfuil ainm cleite leo, mairfidh an téarma cosanta 70 bliain tar éis an dáta ar a gcuirfear an saothar ar fáil go dleathach don phobal. Mar sin féin, i gcás nach bhfágtar, leis an ainm chleite a ghlac an t-údar, aon amhras faoi chéannacht an údair, nó i gcás ina nochtann an t-údar a chéannacht le linn na tréimhse dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo, is é an téarma cosanta dá dtagraítear i mír 1 a bheidh sa téarma cosanta is infheidhme.
6. Rachaidh an téarma cosanta do shaothair chineamatagrafacha nó chlosamhairc in éag 70 bliain i ndiaidh bhás an duine deiridh de na daoine sin a leanas a mhaireann, bídís ainmnithe mar chomhúdair nó ná bídís:
|
(a) |
an príomhstiúrthóir; |
|
(b) |
údar na scripte scannáin; |
|
(c) |
údar na dialóige; agus |
|
(d) |
cumadóir ceoil a cruthaíodh go sonrach lena úsáid sa saothar cineamatagrafach nó closamhairc. |
7. Rachaidh cearta eagraíochtaí craoltóireachta in éag 50 bliain tar éis chraoladh an chraolacháin den chéad uair, cibé acu de shreang nó ar an aer a craoladh é, lena n-áirítear craoladh de chábla nó de shatailít.
8. Rachaidh cearta taibheoirí in éag ar dháta nach luaithe ná 50 bliain tar dháta fhosú an taibhithe.
9. Rachaidh cearta táirgeoirí fónagram in éag tráth nach déanaí ná 50 bliain tar éis an fhosaithe, nó, má foilsíodh an fónagram go dleathach le linn na tréimhse sin, 70 bliain tar éis an fhoilsithe sin. Mura ndéantar foilsiú dleathach, i gcás inar cuireadh an fónagram in iúl go dleathach don phobal le linn an ama sin, 70 bliain a bheidh sa téarma cosanta ón uair a dhéantar an cur in iúl sin. Féadfaidh gach Páirtí foráil a dhéanamh maidir le bearta éifeachtacha lena áirithiú go ndéanfar an brabús a ghintear le linn na tréimhse 20 bliain cosanta tar éis 50 bliain a chomhroinnt go cothrom idir na taibheoirí agus na táirgeoirí fónagram.
10. Ríomhfar na téarmaí a leagtar síos san Airteagal seo ón 1 Eanáir den bhliain tar éis an teagmhais.
11. Féadfaidh gach Páirtí foráil a dhéanamh maidir le téarmaí cosanta is faide ná na téarmaí dá bhforáiltear san Airteagal seo.
AIRTEAGAL 85
Ceart athdhíola
1. Ar mhaithe le húdar bunsaothair ealaíne grafaice nó plaistí, déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le ceart athdhíola, a bheidh le sainiú mar cheart doshannta, ar ceart é nach féidir a tharscaoileadh, fiú roimh ré, chun ríchíos a fháil bunaithe ar an bpraghas díola a fhaightear ar athdhíol na hoibre sin, tar éis an chéad uair a aistríonn an t-údar an saothar.
2. Beidh feidhm ag an gceart dá dtagraítear i mír 1 maidir leis na gníomhaíochtaí athdhíola ar fad lena bhfuil baint ag gairmithe sa mhargadh ealaíne mar dhíoltóirí, ceannaitheoirí nó idirghabhálaithe, amhail seomraí díolachán, dánlanna agus, go ginearálta, aon déileálaí i saothair ealaíne.
3. Féadfaidh gach Páirtí foráil a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag an gceart dá dtagraítear i mír 1 maidir le gníomhartha athdhíola i gcás ina bhfuair an díoltóir an saothar go díreach ón údar níos lú ná 3 bliana roimh an athdhíol sin agus i gcás nach mó an praghas athdhíola ná íosmhéid áirithe.
4. An nós imeachta um bailiú an luacha saothair agus a mhéideanna, déanfaidh gach Páirtí é sin a chinneadh le dlí.
AIRTEAGAL 86
Bainistíocht chomhchoiteann a dhéanamh ar chearta
1. Cuirfidh na Páirtithe comhar chun cinn idir a n-eagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne féin chun infhaighteacht saothar agus ábhair chosanta eile i gcríocha na bPáirtithe a chothú agus chun ioncam ó chearta idir eagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne an dá Pháirtí i dtaca le húsáid na saothar sin nó ábhair chosanta eile a aistriú.
2. Cuirfidh na Páirtithe trédhearcacht eagraíochtaí um bainistiú ar chearta comhchoiteanna chun cinn, go háirithe i dtaca le hioncam ó chearta a bhailíonn siad, asbhaintí a chuireann siad i bhfeidhm maidir le hioncam ó chearta a bhailíonn siad, an úsáid a bhaintear as an ioncam ó chearta a bhailítear, an beartas dáilte agus a repertoire.
3. Déanfaidh gach Páirtí, maidir le heagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne atá bunaithe ina chríoch agus a dhéanann ionadaíocht d’eagraíocht bainistíochta comhchoitinne eile atá bunaithe i gcríoch an Pháirtí eile trí bhíthin comhaontú ionadaíochta, déanfaidh sé na heagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne sin a spreagadh chun méideanna a bheidh dlite do na heagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne a bhfuil ionadaíocht á déanamh dóibh a íoc go cruinn dícheallach ar bhonn rialta, agus chun faisnéis a sholáthar don eagraíocht bainistíochta comhchoitinne a bhfuil ionadaíocht á déanamh di faoin méid ioncaim ó chearta a bailíodh thar a ceann agus faoi aon asbhaint a rinneadh i leith an ioncaim sin ó chearta.
AIRTEAGAL 87
Eisceachtaí agus teorainneacha
Teorainneacha nó eisceachtaí ar na cearta a leagtar amach in Airteagail 79 go 82, déanfaidh gach Páirtí iad sin a theorannú do chásanna speisialta áirithe nach bhfuil ar neamhréir le gnáthshaothrú na hoibre nó gnáthshaothrú ábhair eile agus nach ndéanann dochar go míréasúnach do leasanna dlisteanacha na sealbhóirí cirt.
AIRTEAGAL 88
Bearta teicneolaíocha a chosaint
1. Maidir le Poblacht na hÚisbéiceastáine, tiocfaidh an tAirteagal seo chun bheith infheidhme 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
2. Cuirfidh gach Páirtí cosaint dlí leormhaith ar fáil in aghaidh dul timpeall ar aon bheart teicneolaíoch éifeachtach a dhéanfaidh an duine lena mbaineann, agus a fhios aige go bhfuil sé ag gabháil don chuspóir sin, nó foras réasúnach a bheith ann chun a fhios a bheith aige go bhfuil sé ag gabháil don chuspóir sin.
3. Soláthróidh gach Páirtí cosaint dlí leormhaith ar ghairis, táirgí nó comhpháirteanna a mhonarú, a allmhairiú, a dháileadh, a dhíol, a ligean ar cíos, a fhógairt lena ndíol nó a ligean ar cíos, agus cosaint dlí leormhaith ar sheilbh a fháil ar ghairis, táirgí nó comhpháirteanna chun críoch tráchtála, mar aon le cosaint dlí leormhaith ar sheirbhísí a sholáthar lena mbaineann an méid seo a leanas:
|
(a) |
a chuirtear chun cinn, a fhógraítear nó a mhargaítear chun dul timpeall ar aon bheart éifeachtach teicneolaíoch; |
|
(b) |
nach bhfuil ach cuspóir teoranta nó úsáid theoranta acu atá tábhachtach ó thaobh na tráchtála de seachas dul timpeall ar bheart éifeachtach teicneolaíoch; nó |
|
(c) |
a dheartar, a tháirgtear, a chuirtear in oiriúint nó a fheidhmítear chun dul timpeall ar aon bheart teicneolaíoch éifeachtach a chumasú nó a éascú. |
4. Chun críocha na Foroinne seo, ciallaíonn ‘bearta teicneolaíocha’, aon teicneolaíocht, aon ghaireas, nó aon chomhpháirt atá ceaptha, mar a oibrítear é nó í de ghnáth, chun gníomhartha a chosc nó a shrianadh i leith saothar nó ábhar eile nach bhfuil údaraithe ag sealbhóir cirt aon chóipchirt nó aon chirt ghaolmhair, mar a fhoráiltear leis an reachtaíocht náisiúnta. Measfar bearta teicneolaíocha a bheith ‘éifeachtach’ i gcás ina rialaíonn na sealbhóirí cirt úsáid saothair faoi chosaint nó úsáid ábhair eile trí phróiseas rialaithe rochtana nó próiseas cosanta a chur i bhfeidhm, amhail criptiú, scrobhadh nó claochlú eile an tsaothair nó ábhair eile nó trí mheicníocht um rialú cóipeanna, ar nithe iad a bhaineann cuspóir na cosanta amach.
5. D’ainneoin na cosanta dlíthiúla dá bhforáiltear i mír 1, in éagmais bearta deonacha arna nglacadh ag na sealbhóirí cirt, féadfaidh gach Páirtí bearta iomchuí a dhéanamh, lena áirithiú, maidir leis an gcosaint dhlíthiúil leormhaith ar dhul timpeall ar bhearta teicneolaíochta dá bhforáiltear i gcomhréir leis an Airteagal seo, nach gcuirfidh sí cosc ar thairbhithe eisceachtaí nó teorainneacha dá ndéantar foráil i gcomhréir le hAirteagal 87 leas a bhaint as eisceachtaí nó teorainneacha den sórt sin.
AIRTEAGAL 89
Oibleagáidí maidir le faisnéis faoi bhainistíocht a dhéanamh ar chearta
1. Maidir le Poblacht na hÚisbéiceastáine, tiocfaidh an tAirteagal seo chun bheith infheidhme 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
2. Soláthróidh gach Páirtí cosaint dlí leormhaith ar aon duine a dhéanfaidh aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas go feasach, gan údarú chuige, i gcás ina bhfuil a fhios aige, nó ina bhfuil forais réasúnacha aige fios a bheith aige, má dhéanann sé amhlaidh, go mbeidh sárú ar chóipcheart nó ar aon cheart gaolmhar dá ndéantar foráil i reachtaíocht náisiúnta á spreagadh, á chumasú, á éascú, nó á cheilt aige:
|
(a) |
faisnéis leictreonach faoi bhainistiú na gceart a bhaint nó a choigeartú; agus |
|
(b) |
saothair nó ábhar eile a chosnaítear faoin bhForoinn seo ar baineadh faisnéis leictreonach faoi bhainistiú na gceart díobh nó ar coigeartaíodh faisnéis iontu gan údarú, a dháileadh, nó a allmhairiú lena ndáileadh, a chraoladh, a chur in iúl nó a chur ar fáil don phobal. |
3. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘faisnéis faoi bhainistiú na gceart’ aon fhaisnéis a chuireann sealbhóirí cirt ar fáil, lena n-aithnítear an saothar nó ábhar eile dá dtagraítear san Airteagal seo, an t-údar nó aon sealbhóir cirt eile, nó faisnéis maidir le téarmaí agus coinníollacha úsáide an tsaothair nó an ábhair, agus aon uimhir nó cód lena léirítear an fhaisnéis sin.
4. Beidh feidhm ag mír 2 i gcás ina bhfuil baint ag aon cheann de na míreanna faisnéise sin le cóip de shaothar, nó ábhar eile dá dtagraítear san Airteagal seo nó má thagann sé chun cinn agus an saothar nó an t-ábhar sin á chur in iúl don phobal.
FOROINN 2
TRÁDMHARCANNA
AIRTEAGAL 90
Comhaontuithe idirnáisiúnta
1. Déanfaidh gach Páirtí:
|
(a) |
comhlíonfaidh sé an Prótacal a bhaineann le Comhaontú Mhaidrid maidir le Clárú Idirnáisiúnta Marcanna arna ghlacadh i Maidrid an 27 Meitheamh 1989, arna leasú an 3 Deireadh Fómhair 2006 agus an 12 Samhain 2007; |
|
(b) |
coinneoidh sé córas aicmithe trádmharcanna ar bun a bheidh comhsheasmhach le Comhaontú Nice a bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha an Chláraithe Marcanna an 15 Meitheamh 1957, arna leasú an 28 Meán Fómhair 1979; agus |
|
(c) |
gach iarracht réasúnach a dhéanamh aontú do Chonradh Shingeapór um an Dlí Trádmharcanna, arna dhéanamh i Singeapór an 27 Márta 2006. |
AIRTEAGAL 91
Comharthaí a fhéadfar a bheith i dtrádmharc
Is éard a fhéadfaidh a bheith i dtrádmharc aon chomhartha, go háirithe focail, lena n-áirítear ainmneacha pearsanta, nó dearaí, litreacha, uimhreacha, dathanna, cruth na n-earraí nó phacáistíocht na n-earraí, nó fuaimeanna, ar choinníoll gur féidir leis na comharthaí sin:
|
(a) |
earraí nó seirbhísí de chuid gnóthais amháin a idirdhealú ó earraí nó seirbhísí de chuid gnóthais eile; agus |
|
(b) |
a bheith léirithe i gclár trádmharcanna gach Páirtí sa chaoi go gcuirfear ar chumas na n-údarás inniúil agus an phobail ábhar soiléir beacht na cosanta a thugtar dá dhílseánach a dhéanamh amach. |
AIRTEAGAL 92
Na cearta a thugtar le trádmharc
1. Leis an trádmharc cláraithe, tabharfar cearta eisiacha ann don úinéir. Beidh an t-úinéir i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí nach bhfuil toiliú an dílseánaigh aige úsáid a bhaint as aon chomhartha le linn na trádála:
|
(a) |
atá comhionann leis an trádmharc cláraithe i ndáil le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leis na hearraí nó seirbhísí a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith; |
|
(b) |
i gcás, mar gheall gurb ionann é agus an trádmharc cláraithe nó go bhfuil sé cosúil leis, agus mar gheall ar ionannas nó cosúlacht na n-earraí nó seirbhísí arna gcumhdach leis an trádmharc sin agus leis an gcomhartha, tá an dóchúlacht ann go mbeadh mearbhall ar an bpobal, lena n-áirítear an dóchúlacht go mbeadh ceangal ann idir an comhartha agus an trádmharc cláraithe. |
2. Tionscnóidh na Páirtithe idirphlé d’fhonn go mbunóidh Poblacht na hÚisbéiceastáine na bearta dlíthiúla, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áiritheofar go mbeidh úinéir trádmhairc chláraithe i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt, le linn trádála, isteach sa Pháirtí ina bhfuil an trádmharc cláraithe gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin.
AIRTEAGAL 93
Nós imeachta um chlárú
1. Déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le córas chun trádmharcanna a chlárú, córas ina ndéanfar gach cinneadh críochnaitheach diúltach, lena n-áirítear diúltú páirteach, a dhéanann an riarachán trádmhairc ábhartha, a chur in iúl i scríbhinn don pháirtí ábhartha, agus é réasúnaithe go hiomchuí agus faoi réir achomhairc.
2. Déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le deis a thabhairt do thríú páirtithe cur in aghaidh iarratas ar thrádmharc nó, i gcás inarb iomchuí, in aghaidh clárúcháin trádmharcanna. Beidh na himeachtaí agóide sin ina n-imeachtaí sáraíochta.
3. Cuirfidh gach Páirtí bunachar sonraí leictreonach ar fáil go poiblí ina bhfuil iarratais ar thrádmharc agus clárúcháin trádmhairc.
AIRTEAGAL 94
Trádmharcanna aitheanta
Chun éifeacht a thabhairt do chosaint trádmharcanna aitheanta, dá dtagraítear in Airteagal 6bis de Choinbhinsiún Pháras agus Airteagal 16(2) agus (3) de Chomhaontú TRIPS, cuirfidh gach Páirtí an Moladh Comhpháirteach maidir le Cosaint Marcanna Aitheanta i bhfeidhm, a ghlac comhthionól Aontas Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint agus Comhthionól Ginearálta EDMI ag an 34ú sraith de Chruinnithe Chomhthionóil Bhallstáit EDMI ón 20 go dtí an 29 Meán Fómhair 1999.
AIRTEAGAL 95
Eisceachtaí ar na cearta a thugtar le trádmharc
1. Déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le heisceachtaí teoranta ar na cearta a thugtar le trádmharc amhail úsáid chóir téarmaí tuairisciúla, lena n-áirítear tásca geografacha, agus féadfaidh sé foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí teoranta eile ar choinníoll go gcuirtear san áireamh leis na heisceachtaí sin leasanna dlisteanacha dhílseánach an trádmhairc agus leasanna tríú páirtithe.
2. Ní fhágfar le trádmharc go mbeidh an t-úinéir i dteideal toirmeasc a chur ar thríú páirtí úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas le linn na trádála, ar choinníoll go mbainfidh sé úsáid astu i gcomhréir le cleachtais mhacánta i gcúrsaí tionsclaíocha nó tráchtála:
|
(a) |
ainm nó seoladh an tríú páirtí, más duine nádúrtha an tríú páirtí; |
|
(b) |
comharthaí nó tásca a bhaineann le cineál, cáilíocht, cainníocht, cuspóir beartaithe, luach, tionscnamh geografach, am táirgthe na n-earraí nó soláthar na seirbhíse, nó tréithe eile a bhaineann leis na hearraí nó seirbhísí; agus |
|
(c) |
an trádmharc i gcás ina bhfuil gá cuspóir beartaithe earra nó seirbhíse a léiriú, go háirithe mar ghabhálais nó páirteanna spártha. |
3. Leis an trádmharc, ní bheidh an t-úinéir i dteideal úsáid cirt roimhe sin le linn na trádála a thoirmeasc ar thríú páirtí, i gcás inar ceart roimhe sin é nach bhfuil feidhm aige ach amháin i limistéar áirithe má aithnítear an ceart sin le dlíthe an Pháirtí atá i gceist agus laistigh de theorainneacha na críche ina n-aithnítear é.
AIRTEAGAL 96
Forais le cúlghairm a dhéanamh
1. Déanfaidh gach Páirtí a fhoráil go ndlífear trádmharc a chúlghairm más rud é, laistigh de thréimhse leanúnach 3 bliana ar a laghad, nár baineadh fíorúsáid as an trádmharc sa chríoch ábhartha i ndáil leis na hearraí nó na seirbhísí a bhfuil sé cláraithe ina leith, agus nach ann do chúiseanna cuí leis an neamhúsáid.
2. Ní fhéadfaidh aon duine a éileamh gur cheart cearta dílseánaigh i dtrádmharc a chúlghairm i gcás inar tosaíodh nó inar atosaíodh ar fhíorúsáid a bhaint as an trádmharc, agus go ndearnadh an méid sin le linn an eatraimh idir dul in éag thréimhse 3 bliana ar a laghad agus comhdú an iarratais ar chúlghairm.
3. Mar sin féin, maidir le tosú nó atosú na húsáide laistigh de thréimhse 3 mhí roimh chomhdú an iarratais ar chúlghairm, tréimhse a thosaigh, ar a luaithe, tráth dhul in éag na tréimhse leanúnaí 3 bliana neamhúsáide, tabharfar neamhaird ar an tosú nó atosú sin i gcás nach dtarlaíonn na hullmhúcháin dóibh go dtí tar éis don dílseánach teacht ar an eolas go bhféadfar an t-iarratas ar chúlghairm a chomhdú.
4. Dlífear trádmharc a chúlghairm freisin más rud é, tar éis an dáta a cláraíodh é:
|
(a) |
mar thoradh ar ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíocht an dílseánaigh, gurb é sin anois an gnáthainm sa trádáil ar earra nó seirbhís ar cláraíodh ina leith é; |
|
(b) |
mar thoradh ar an úsáid a bhain dílseánach an trádmhairc as an trádmharc nó ar an úsáid a bhain sé as le toiliú an dílseánaigh i ndáil leis na hearraí nó na seirbhísí a bhfuil sé cláraithe ina leith, go bhféadfadh sé go gcuirfeadh an trádmharc an pobal amú, go háirithe maidir le cineál, cáilíocht nó tionscnamh geografach na n-earraí nó na seirbhísí sin. |
AIRTEAGAL 97
Iarratais de mheon mímhacánta
Féadfar trádmharc a dhearbhú a bheith neamhbhailí más de mheon mímhacánta a rinne an t-iarratasóir an t-iarratas ar an trádmharc a chlárú. Féadfaidh gach Páirtí foráil a dhéanamh freisin nach ndéanfar trádmharc den sórt sin a chlárú.
FOROINN 3
DEARAÍ
AIRTEAGAL 98
Comhaontuithe idirnáisiúnta
Comhlíonfaidh an tAontas Eorpach a ghealltanais faoi Acht na Ginéive de Chomhaontú na Háige maidir le Clárú Idirnáisiúnta Dearaí Tionscail arna ghlacadh an 2 Iúil 1999 agus déanfaidh Poblacht na hÚisbéiceastáine gach iarracht réasúnach Acht na Ginéive a dhaingniú nó aontú dó.
AIRTEAGAL 99
Cosaint dearaí cláraithe
1. Déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le cosaint dearaí bunaidh úra a cruthaíodh go neamhspleách. Is trí chlárú a sholáthrófar cosaint den sórt sin agus bronnfar cearta eisiacha ar a sealbhóirí i gcomhréir leis an bhForoinn seo. Chun críocha an Airteagail seo, féadfaidh Páirtí a mheas gur dearadh bunaidh é dearadh a bhfuil gné shainiúil aige.
2. Beidh an ceart ag sealbhóir dearaidh chláraithe cosc a chur ar thríú páirtithe nach bhfuil toiliú shealbhóir an dearaidh chláraithe acu ar a laghad, an táirge ar a bhfuil nó ar a n-ionchorpraítear an dearadh atá faoi chosaint a dhéanamh, a thairiscint lena dhíol, a dhíol, a allmhairiú nó a stocáil, nó úsáid a bhaint as earraí ar a bhfuil nó ar a n-ionchorpraítear an dearadh atá faoi chosaint i gcásanna ina ndéantar na gníomhaíochtaí sin chun críoch tráchtála.
3. Maidir le dearadh a úsáidtear ar tháirge nó a ionchorpraítear ann arb é atá ann comhpháirt de tháirge casta, ní mheasfar gur táirge nua sainiúil é ach amháin:
|
(a) |
má bhíonn an chomhpháirt, tar éis í a chur isteach sa táirge casta, fós le feiceáil le linn ghnáthúsáid an táirge chasta sin; agus |
|
(b) |
a mhéid a chomhlíonann na gnéithe infheicthe sin den chomhpháirt iontu féin na ceanglais ó thaobh úrnuachta agus sainiúlachta de. |
4. Chun críocha phointe (a) de mhír 3, ciallaíonn ‘gnáthúsáid’ an úsáid a bhaineann an t-úsáideoir deiridh as earra, gan cothabháil, seirbhísiú nó obair dheisiúcháin a áireamh.
AIRTEAGAL 100
Fad na Cosanta
Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh an dearadh faoi chosaint ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta a comhdaíodh an t-iarratas ar aghaidh, agus go mbeidh an ceart ag an sealbhóir cirt an téarma cosanta a athnuachan go ceann tréimhse amháin 5 bliana nó níos mó, suas le téarma iomlán 15 bliana ar a laghad ón dáta comhdaithe.
AIRTEAGAL 101
Eisceachtaí agus eisiaimh
1. Féadfaidh gach Páirtí eisceachtaí teoranta a chur ar fáil ó chosaint dearaí, ar choinníoll nach bhfuil na heisceachtaí sin ar neamhréir go míréasúnach le gnáthshaothrú dearaí cosanta agus nach ndéanann siad dochar míréasúnach do leasanna dlisteanacha shealbhóir an dearaidh chosanta, agus leasanna dlisteanacha tríú páirtithe á gcur san áireamh.
2. Ní bheidh feidhm ag cosaint dearaidh maidir le dearaí atá faoi réir a gcúinsí teicniúla agus feidhmiúla amháin. Ní mhairfidh dearadh i ngnéithe de chuma tháirge ar gnéithe iad nach mór a atáirgeadh go cruinn ó thaobh déanaimh agus toisí de ionas gur féidir leis an táirge a bhfuil an dearadh ionchorpraithe ann, nó a bhfuil sé le húsáid air, a cheangal go meicniúil le táirge eile, nó a chur isteach i dtáirge eile, nó timpeall air, nó ina choinne, ionas go bhféadfaidh ceachtar den dá tháirge a fheidhm féin a dhéanamh.
3. Ní mhairfidh ceart dearaidh i ndearadh atá bunoscionn leis an mbeartas poiblí nó le prionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan.
4. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 99(1), mairfidh dearadh i ndearadh arb é is cuspóir dó táirgí so-chómhalartaithe a chur le chéile nó a cheangal le chéile go hiolrach laistigh de chóras modúlach.
AIRTEAGAL 102
Gaolmhaireacht le Cóipcheart
Áiritheoidh gach Páirtí go bhfuil dearadh incháilithe do chosaint faoina dhlí cóipchirt ón dáta a cruthaíodh nó a fosaíodh an dearadh in aon fhoirm. Déanfaidh gach Páirtí cinneadh maidir lena mhéid a thabharfar cosaint den sórt sin agus na coinníollacha faoina dtabharfar í, lena n-áirítear an leibhéal úrnuachta a cheanglaítear.
FOROINN 4
TÁSCA GEOGRAFACHA
AIRTEAGAL 103
Raon feidhme
1. Chun críocha na Foroinne seo, ciallaíonn ‘Tásc geografach’ tásc geografach mar a shainmhínítear in Airteagal 22(1) de Chomhaontú TRIPS agus tuigfear go n-áirítear ‘ainmniúcháin tionscnaimh’ leis freisin.
2. Tá feidhm ag an bhForoinn seo maidir le tásca geografacha de thionscnamh chríocha na bPáirtithe a aithint agus a chosaint.
3. Ní bheidh tásca geografacha Páirtí atá le cosaint ag an bPáirtí eile faoi réir na Foroinne seo ach amháin i gcás ina gcumhdaítear iad le raon feidhme na reachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 104.
AIRTEAGAL 104
Tásca Geografacha Seanbhunaithe
1. Faoi cheann cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, áireofar i reachtaíocht Phoblacht na hÚisbéiceastáine a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn 7-A na heilimintí le haghaidh chlárú agus rialú na dtásc geografach a leagtar amach i Roinn B d’Iarscríbhinn 7-A.
2. Agus scrúdú déanta aici ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn 7-A, is é conclúid Phoblacht na hÚisbéiceastáine go bhfuil na gnéithe chun tásca geografacha a chlárú agus a rialú, a leagtar amach i Roinn B d’Iarscríbhinn 7-A, san áireamh sa reachtaíocht sin.
3. Tar éis nós imeachta freasúra a thabhairt chun críche i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn 7-B, mar aon le scrúdú ar na tásca geografacha le haghaidh táirgí de chuid an Aontais Eorpaigh atá le cosaint i bPoblacht na hÚisbéiceastáine arna liostú i Roinn A d’Iarscríbhinn 7-C, táirgí atá cláraithe ag an Aontas Eorpach faoin reachtaíocht dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh Poblacht na hÚisbéiceastáine na tásca geografacha sin a chosaint de réir an leibhéil cosanta a leagtar síos san Fhoroinn seo.
4. Tiocfaidh mír 3 chun bheith infheidhme 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Le linn na hidirthréimhse 5 bliana sin, cuirfidh Poblacht na hÚisbéiceastáine gach gníomhaíocht chomhlántach i bhfeidhm agus cosnóidh sí na tásca geografacha le haghaidh tháirgí an Aontais Eorpaigh a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn 7-C ar an leibhéal dá bhforáiltear ina reachtaíocht náisiúnta. Le linn na hidirthréimhse, ní laghdófar an leibhéal cosanta a chuirtear ar fáil.
5. Tar éis nós imeachta freasúra a thabhairt chun críche i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn 7-B, mar aon le scrúdú ar na tásca geografacha le haghaidh táirgí Phoblacht na hÚisbéiceastáine arna liostú i Roinn B d’Iarscríbhinn 7-C, táirgí atá cláraithe ag Poblacht na hÚisbéiceastáine faoin reachtaíocht dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an tAontas Eorpach na tásca geografacha sin a chosaint de réir an leibhéil cosanta a leagtar síos san Fhoroinn seo.
AIRTEAGAL 105
Tásca geografacha a chur leis
Féadfaidh na Páirtithe an liosta tásc geografach atá le cosaint in Iarscríbhinn 7-C a leasú i gcomhréir le hAirteagal 136. Cuirfear tásca geografacha nua leis nuair a bheidh an nós imeachta freasúra tugtha chun críche agus nuair a bheidh scrúdú déanta orthu dá dtagraítear in Airteagal 104 (3) nó (4).
AIRTEAGAL 106
Raon feidhme chosaint na dtásc geografach
1. Na tásca geografacha arna liostú in Iarscríbhinn 7-C, chomh maith leis na tásca geografacha a chuirfear leis i gcomhréir le hAirteagal 105, déanfar iad a chosaint ar na nithe seo a leanas:
|
(a) |
aon úsáid tráchtála dhíreach nó indíreach a bheith á baint as ainm faoi chosaint, lena n-áirítear cásanna ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar:
|
|
(b) |
aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má shonraítear fíorthionscnamh an táirge nó má dhéantar an t-ainm faoi chosaint a aistriú, a thras-scríobh nó a thraslitriú nó má chuirtear nath amhail ‘stíl’, ‘cineál’, ‘modh’, ‘mar a tháirgtear in’, ‘aithris’, ‘blas’, ‘cosúil le’ nó nath éigin dá samhail leis, lena n-áirítear i gcásanna ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar; |
|
(c) |
aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, ar an bpacáistíocht laistigh nó ar an bpacáistíocht lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge lena mbaineann, agus an táirge a bheith pacáistithe i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a thabhairt faoina thionscnamh, lena n-áirítear i gcásanna ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar; agus |
|
(d) |
aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge. |
2. Na tásca geografacha a liostaítear in Iarscríbhinn 7-C, ní thiocfaidh siad chun bheith cineálach i gcríocha na bPáirtithe.
3. Ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo d’oibleagáid ar Pháirtí tásc geografach Páirtí eile a chosaint ar tásc é nach bhfuil cosanta, nó a scoirfidh de bheith cosanta, ina chríoch tionscnaimh. Tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile má scoireann tásc geografach de bheith cosanta i gcríoch an Pháirtí tionscnaimh sin. Tabharfar fógra den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 136.
4. Ní dhéanfaidh aon ní sa Chomhaontú seo dochar don cheart atá ag aon duine, le linn trádála dó, úsáid a bhaint as ainm an duine sin nó ainm réamhtheachtaí an duine sin sa ghnó, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an t-ainm sin ar bhealach a chuirfeadh an pobal amú.
AIRTEAGAL 107
Ceart úsáide na dtásc geografach
1. Féadfaidh aon oibreoir a bhfuil táirge á mhargú aige lena gcomhlíontar an tsonraíocht chomhfhreagrach, ainm atá faoi chosaint faoin gComhaontú seo a úsáid.
2. Chomh luath agus a bheidh tásc geografach faoi chosaint faoin bhForoinn seo, ní bheidh úsáid an ainm chosanta sin faoi réir aon chlárúchán úsáideoirí ná aon mhuirir bhreise.
AIRTEAGAL 108
Gaolmhaireacht le trádmharcanna
1. Diúltóidh na Páirtithe, i gcás ina dtugtar cosaint do thásc geografach faoin gComhaontú seo, trádmharc a chlárú a mbeadh aon úsáid a bhainfí as bunoscionn le hAirteagal 106(1), ar choinníoll go dtíolactar iarratas ar an trádmharc a chlárú tar éis an dáta a tíolacadh an t-iarratas ar an tásc geografach a chosaint i gcríoch an Pháirtí lena mbaineann.
2. Maidir le trádmharcanna a chláraítear de shárú ar mhír 1, déanfar iad a neamhbhailíochtú.
3. Maidir le tásca geografacha dá dtagraítear in Airteagal 104, tíolacfar an iarraidh ar chosaint dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar an dáta céanna a tharchuirfear iarraidh chuig an bPáirtí eile ar thásc geografach a chosaint.
4. Maidir le tásca geografacha dá dtagraítear in Airteagal 105, tíolacfar an iarraidh ar chosaint dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar an dáta céanna a tharchuirfear iarraidh chuig an bPáirtí eile ar thásc geografach a chosaint.
5. Gan dochar do mhír 7 den Airteagal seo, déanfaidh gach Páirtí tásca geografacha a chosaint freisin i gcás inarb ann do réamh-thrádmharc. Ciallaíonn ‘réamh-thrádmharc’ trádmharc a mbeadh aon úsáid a bhainfí as bunoscionn le hAirteagal 106(1) agus ar trádmharc é ar cuireadh iarratas isteach air, a cláraíodh nó a bunaíodh trí úsáid, má dhéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht sin leis an reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta i gcríoch Páirtí amháin, roimh an dáta a thíolacfaidh an Páirtí eile an t-iarratas ar chosaint an táisc gheografaigh faoin gComhaontú seo.
6. Féadfar leanúint de réamh-thrádmharc a úsáid agus a athnuachan d’ainneoin chosaint an táisc gheografaigh, ar choinníoll nach ann d’fhorais leis an trádmharc a neamhbhailíochtú nó a chúlghairm i reachtaíocht an Pháirtí maidir le trádmharcanna. Sna cásanna sin, ceadófar úsáid a bhaint as an tásc geografach, chomh maith le húsáid a bhaint as na trádmharcanna ábhartha.
7. Ní cheanglófar ar Pháirtí ainm a chosaint mar thásc geografach faoin gComhaontú seo, más rud é, i bhfianaise clú agus cáil trádmhairc agus an mhéid ama a bhí sé in úsáid, go gcuirfeadh an t-ainm sin an tomhaltóir amú maidir le fíorchéannacht an táirge.
AIRTEAGAL 109
Cearta um thásc geografach a fhorfheidhmiú
Déanfaidh na Páirtithe an chosaint dá bhforáiltear in Airteagail 104 go 108 a fhorfheidhmiú le bearta iomchuí riaracháin agus breithiúnacha, lena n-áirítear faoi rialú custaim a n-údarás poiblí, chun úsáid neamhdhleathach ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus táisc gheografaigh faoi chosaint a chosc nó a stopadh. Déanfaidh siad na cearta sin a fhorfheidhmiú arna iarraidh sin ag páirtí leasmhar.
AIRTEAGAL 110
Rialacha ginearálta
1. Beidh feidhm ag an gComhaontú seo gan dochar do na cearta agus oibleagáidí a d’fhéadfadh a bheith ag gach Páirtí faoi Chomhaontú EDT.
2. Ní éileofar ar Pháirtí ainm a chosaint mar thásc geografach faoin gComhaontú seo, i gcás ina mbeadh an t-ainm sin ar neamhréir le hainm cineál planda nó pór ainmhí agus ina bhféadfadh an t-ainm, dá dheasca sin, an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorchéannacht an táirge.
3. Ainm atá comhainmneach a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur de thionscnamh críche eile an táirge, ní chosnófar an t-ainm sin fiú más cruinn é a mhéid a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír an táirge atá i gceist. Gan dochar d’Airteagal 23 de Chomhaontú TRIPS, déanfaidh na Páirtithe na coinníollacha praiticiúla úsáide a chinneadh go frithpháirteach faoina ndéanfar tásca geografacha atá comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt a idirdhealú óna chéile, agus aird á tabhairt ar an ngá lena áirithiú go gcaithfear go comhionann leis na tairgeoirí lena mbaineann agus nach gcuirfear tomhaltóirí amú.
4. Nuair a bheartaíonn Páirtí cosaint a thabhairt, i gcomhthéacs na caibidlíochta le tríú páirtí, do thásc geografach de chuid an tríú páirtí sin atá comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le tásc geografach de chuid an Pháirtí eile atá faoi chosaint faoin gComhaontú seo, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas faoi agus tabharfaidh sé deis dó barúil a thabhairt sula mbeidh tásc geografach an tríú pháirtí faoi chosaint.
5. Aon ábhar a thiocfaidh as sonraíochtaí táirge de thásca geografacha faoi chosaint, is é an Fochoiste um Chearta Maoine Intleachtúla arna bhunú le hAirteagal 136 a dhéileálfaidh leis.
6. Cosaint na dtásc geografach a dhéantar faoin gComhaontú seo, ní fhéadfaidh ach amháin an Páirtí ina dtionscnaítear an táirge an chosaint sin a chealú.
7. Is éard a bheidh i sonraíocht táirge dá dtagraítear sa Chomhaontú seo an tsonraíocht táirge a fhormheasfaidh údaráis an Pháirtí i gcríoch thionscanta an táirge, lena n-áirítear aon leasú a fhormheasfar ina theannta sin.
AIRTEAGAL 111
Cúnamh Teicniúil
Chun cur chun feidhme na Foroinne seo i bPoblacht na hÚisbéiceastáine a éascú, cuirfidh an tAontas Eorpach cúnamh teicniúil leordhóthanach ar fáil do Phoblacht na hÚisbéiceastáine, faoi réir iarraidh uaithi agus de réir a riachtanas, i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh.
FOROINN 5
PAITINNÍ
AIRTEAGAL 112
Comhaontuithe idirnáisiúnta
Na nósanna imeachta dá bhforáiltear faoin gConradh Comhair Paitinní, arna dhéanamh in Washington an 19 Meitheamh 1970, áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh na nósanna imeachta sin ar fáil ina chríoch.
AIRTEAGAL 113
Paitinní agus an tsláinte phoiblí
1. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann leis an Dearbhú ar Chomhaontú TRIPS agus an tSláinte Phoiblí, arna ghlacadh in Doha an 14 Samhain 2001 ag Comhdháil Aireachta EDT (‘Dearbhú Doha’). Agus na cearta agus na hoibleagáidí faoin bhForoinn seo á léirmhíniú agus á gcur chun feidhme, áiritheoidh gach Páirtí comhsheasmhacht le Dearbhú Doha.
2. Déanfaidh gach Páirtí Airteagal 31bis de Chomhaontú TRIPS, an Iarscríbhinn a ghabhann le Comhaontú TRIPS, agus an Fhoscríbhinn a ghabhann le Comhaontú TRIPS a chur chun feidhme, a tháinig i bhfeidhm an 23 Eanáir 2017.
AIRTEAGAL 114
An tréimhse chosanta a thugtar le paitinn do tháirgí íocshláinte agus táirgí cosanta plandaí a fhadú
1. Aithníonn na Páirtithe go bhféadfaidh táirgí míochaine agus táirgí cosanta plandaí a chosnaítear le paitinn i ngach ceann dá gcríocha a bheith faoi réir nós imeachta um údarú riaracháin sula gcuirfear ar a margadh iad. Aithníonn na Páirtithe, maidir leis an tréimhse a théann in éag idir comhdú an iarratais ar phaitinn agus an chéad údarú chun an táirge a chur ar a margadh féin, mar a shainítear chun na críche sin lena ndlí faoi seach, go bhféadfaidh an tréimhse sin an tréimhse cosanta éifeachtaí faoin bpaitinn a ghiorrú.
2. Déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le tréimhse bhreise cosanta le haghaidh táirge míochaine nó táirge cosanta plandaí a chosnaítear le paitinn ar táirge é atá faoi réir nós imeachta um údarú riaracháin le tréimhse atá cothrom leis an tréimhse dá dtagraítear sa dara habairt de mhír 1. Féadfar an tréimhse sin a laghdú faoi suas le 5 bliana.
3. Ní mhairfidh tréimhse na cosanta breise sin níos faide ná 5 bliana (9).
FOROINN 6
COSAINT FAISNÉISE NEAMHNOCHTA
AIRTEAGAL 115
Raon feidhme cosanta na rún ceirde
1. Agus a oibleagáid maidir le Comhaontú TRIPS á comhlíonadh ag gach Páirtí, agus go háirithe Airteagal 39(1) agus (2) de Chomhaontú TRIPS, déanfaidh sé foráil maidir le nósanna imeachta agus leigheasanna breithiúnacha sibhialta iomchuí chun gur féidir le haon sealbhóir rúin ceirde cosc a chur ar éadáil, úsáid nó nochtadh rúin ceirde, agus chun gur féidir leis sásamh a fháil i leith an mhéid sin, aon uair a dhéantar é ar bhealach atá bunoscionn le cleachtais tráchtála mhacánta.
2. Chun críocha na Foroinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘rún ceirde’ faisnéis lena mbaineann an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
ciallaíonn ‘sealbhóir rúin ceirde’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a rialaíonn rún ceirde go dleathach. |
3. Chun críocha na Foroinne seo, measfar go mbeidh an iompraíocht seo a leanas ar a laghad bunoscionn le cleachtais tráchtála mhacánta:
|
(a) |
rún ceirde a fháil gan toiliú an tsealbhóra rúin ceirde, aon uair a dhéantar é trí rochtain neamhúdaraithe ar aon doiciméad, earra, ábhar, substaint, nó comhad leictreonach, nó iad a leithreasú nó a chóipeáil, is é sin doiciméid, earraí, ábhair, substaintí, nó comhaid leictreonacha atá faoi rialú an tsealbhóra rúin ceirde go dleathach, ina bhfuil an rún ceirde nó ónar féidir an rún ceirde a oibriú amach; |
|
(b) |
rún ceirde a úsáid nó a nochtadh aon uair a dhéanann duine é gan toiliú an tsealbhóra rúin ceirde, ar duine é a bhfaightear amach ina leith go gcomhlíonann sé aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(c) |
fáil, úsáid nó nochtadh rúin ceirde aon uair a dhéanann duine é, arbh eol dó ag an am a rinneadh an rún ceirde a fháil, a úsáid nó a nochtadh, nó go mba cheart gurbh eol dó sna cúinsí sin, go bhfuarthas an rún ceirde go díreach nó go hindíreach ó dhuine eile a bhí ag úsáid nó ag nochtadh an rúin ceirde go neamhdhleathach de réir bhrí phointe (b). |
4. Níl aon ní san Fhoroinn seo a dtuigfear leis go gceanglaíonn sé ar aon Pháirtí a bhreithniú go bhfuil an iompraíocht seo a leanas bunoscionn le cleachtais tráchtála mhacánta:
|
(a) |
fionnachtain nó cruthú neamhspleách; |
|
(b) |
ais-innealtóireacht táirge arna déanamh ag duine a bhfuil an táirge ina sheilbh aige go dleathach agus atá saor ó aon dualgas atá bailí go dlíthiúil chun teorainn a chur le fáil na faisnéise ábhartha; |
|
(c) |
fáil, úsáid nó nochtadh faisnéise a éilítear nó a cheadaítear le dlí Páirtí; agus |
|
(d) |
úsáid a bheith á baint ag fostaithe as an taithí agus na scileanna a ghnóthaigh siad go macánta le linn a bhfostaíochta. |
5. Níl aon ní san fhoroinn seo a thuigfear mar shrian ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse na meán mar a chosnaítear i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin Páirtí.
AIRTEAGAL 116
Nósanna imeachta agus leigheasanna breithiúnacha sibhialta le haghaidh sealbhóirí rún ceirde
1. Áiritheoidh gach Páirtí, maidir le haon duine atá rannpháirteach in imeachtaí breithiúnacha sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 115, nó a bhfuil rochtain aige ar dhoiciméid ar cuid de na himeachtaí breithiúnacha sin iad, nach gceadófar don duine sin aon rún ceirde nó rún ceirde líomhnaithe a úsáid ná a nochtadh, ar rún ceirde é atá sainaitheanta mar rúnda ag na húdaráis bhreithiúnacha inniúla mar fhreagairt ar iarratas atá réasúnaithe go hiomchuí ó pháirtí leasmhar agus ar rún ceirde é a bhfuair siad eolas air de thoradh na rannpháirtíochta nó na rochtana sin.
2. In imeachtaí breithiúnacha sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 115, déanfaidh gach Páirtí foráil go n-údarófar a údaráis bhreithiúnacha leis an méid seo a dhéanamh ar a laghad:
|
(a) |
bearta sealadacha a ordú i gcomhréir lena dhlíthe agus a rialacháin féin chun cosc a chur ar fháil, úsáid nó nochtadh an rúin ceirde ar bhealach a bheadh bunoscionn le cleachtais tráchtála mhacánta; |
|
(b) |
faoiseamh urghaire a ordú chun cosc a chur ar fháil, úsáid nó nochtadh an rúin ceirde ar bhealach a bheadh ar neamhréir le cleachtais tráchtála mhacánta; |
|
(c) |
ordú a thabhairt, i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin faoi seach, d’aon duine arbh eol dó nó ar cheart gurbh eol dó go bhfuarthas, gur úsáideadh nó gur nochtadh rún ceirde ar bhealach a bheadh bunoscionn le cleachtais tráchtála mhacánta, chun damáistí a íoc le sealbhóir an rúin ceirde a bheidh iomchuí i ndáil leis an dochar iarbhír a rinneadh dó de thoradh fháil, úsáid nó nochtadh an rúin ceirde; |
|
(d) |
bearta sonracha a ghlacadh chun rúndacht aon rúin ceirde nó aon rúin ceirde líomhnaithe arna chur i láthair in imeachtaí sibhialta a chosaint, ar rún ceirde nó rún ceirde líomhnaithe é a bhaineann le fáil, úsáid agus nochtadh rúin ceirde ar bhealach a bheadh bunoscionn le cleachtais tráchtála mhacánta. féadfar a bheith san áireamh le bearta sonracha den sórt sin, i gcomhréir le dlí an Pháirtí, an fhéidearthacht go ndéanfaí na nithe seo a leanas:
|
|
(e) |
smachtbhannaí a fhorchur ar aon duine atá rannpháirteach sna himeachtaí dlíthiúla nach ndéanann nó a dhiúltaíonn orduithe cúirte a chomhlíonadh a bhaineann le cosaint an rúin ceirde nó an rúin ceirde líomhnaithe. |
3. Ní cheanglófar ar cheachtar den dá Pháirtí foráil a dhéanamh maidir leis na nósanna imeachta agus leigheasanna breithiúnacha sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 115 i gcás ina ndéantar an iompraíocht atá bunoscionn le cleachtais tráchtála mhacánta, i gcomhréir le dlí ábhartha Páirtí, chun mí-iompar, éagóiritheoireacht nó gníomhaíocht neamhdhleathach a nochtadh nó chun leas dlisteanach a chosaint a aithnítear de réir a dhlí.
AIRTEAGAL 117
Cosaint sonraí a thíolactar chun údarú a fháil le táirge íocshláinte a chur ar an margadh
1. Faisnéis rúnda tráchtála a thíolactar chun údarú a fháil le táirge íocshláinte a chur ar an margadh (‘údarú margaíochta’), déanfaidh gach Páirtí í a chosaint ar a nochtadh do thríú páirtithe, mura bhfuil bearta déanta chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí sin a chosaint ar úsáid tráchtála éagórach nó seachas i gcás inar gá an nochtadh ar mhaithe le leas sáraitheach an phobail.
2. Áiritheoidh gach Páirtí, ar feadh tréimhse 6 bliana ar a laghad ó dháta an chéad údaraithe margaíochta sa Pháirtí lena mbaineann, nach nglacfaidh an t-údarás atá freagrach as údarú margaíochta a dheonú le haon iarratas ina dhiaidh sin ar údarú margaíochta ina dtagraítear do thorthaí ar thástálacha réamhchliniciúla nó ar thrialacha cliniciúla a tíolacadh san iarratas ar an gcéad údarú margaíochta, gan toiliú sainráite chuige sin ó shealbhóir an chéad údaraithe margaíochta mura bhforáiltear dá mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtithe iontu an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÚisbéiceastáine araon. Beidh feidhm ag an riail seo is cuma cé acu a cuireadh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 nó 2 ar fáil don phobal nó nár cuireadh.
3. Tá an tAirteagal seo gan dochar do thréimhsí cosanta breise a fhéadfaidh gach Páirtí a chur ar fáil ina dhlí.
4. Maidir le Poblacht na hÚisbéiceastáine, tiocfaidh an tAirteagal seo chun bheith infheidhme 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
AIRTEAGAL 118
Cosaint sonraí arna dtíolacadh chun údarú margaíochta a fháil le haghaidh táirgí cosanta plandaí
1. Aithneoidh gach Páirtí go mbeidh ceart sealadach ag úinéir tuarascála tástála nó tuarascála staidéir a thíolacfar den chéad uair chun údarú margaíochta a fháil le haghaidh táirge cosanta plandaí. Le linn tréimhse den sórt sin, ní úsáidfear an tuarascáil tástála ná an tuarascáil staidéir ar mhaithe le haon duine eile a bhfuil sé d’aidhm aige údarú margaíochta a fháil le haghaidh táirge cosanta plandaí, ach amháin i gcás ina bhfuil cruthúnas ann maidir le toiliú sainráite an chéad úinéara. Is mar chosaint sonraí a thagraítear don cheart sin san Airteagal seo.
2. Ba cheart an tuarascáil tástála nó an tuarascáil staidéir a thíolactar le haghaidh údarú margaíochta do tháirge cosanta plandaí na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
(a) |
a bheith chun údarú a thabhairt sa chaoi go gceadófaí an úsáid ar bharra eile, é sin nó chun an t-údarú chuige sin a leasú; agus |
|
(b) |
a bheith deimhnithe a bheith i gcomhréir le prionsabail an dea-chleachtais saotharlainne nó an dea-chleachtais thurgnamhaigh. |
3. Mairfidh an tréimhse cosanta sonraí 10 mbliana ar a laghad ón gcéad údarú a dheonaigh an t-údarás ábhartha i gcríoch an Pháirtí sin. Maidir le táirgí cosanta plandaí a mbaineann riosca íseal leo, féadtar an tréimhse a shíneadh go dtí 13 bliana.
4. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse cosanta sonraí maidir le gach síneadh údaraithe i gcomhair mionúsáidí i gcás ina ndéanann an sealbhóir údaráis na hiarratais ar údaruithe den sórt sin 5 bliana tar éis dháta an chéad údaraithe ar a dhéanaí. Ní fhéadfaidh tréimhse iomlán na cosanta sonraí a bheith níos faide ná 13 bliana i gcás ar bith. Maidir le táirgí cosanta plandaí a mbaineann riosca íseal leo, ní fhéadfaidh tréimhse iomlán na cosanta sonraí a bheith níos faide ná 15 bliana i gcás ar bith.
5. Cosnófar tuarascáil tástála nó tuarascáil staidéir freisin má bhí gá leis chun údarú a athnuachan nó a athbhreithniú. Sna cásanna sin, is é 30 mí a bheidh sa tréimhse cosanta sonraí.
6. D’ainneoin mhíreanna 3, 4 agus 5, ní chuirfidh an comhlacht poiblí atá freagrach as údarú margaíochta a dheonú san áireamh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 le haghaidh aon údarú margaíochta ina dhiaidh sin, gan beann ar cibé acu a cuireadh nó nár cuireadh ar fáil don phobal é.
7. Déanfaidh gach Páirtí bearta a leagan síos lena gcuirfear oibleagáid ar iarratasóirí agus ar shealbhóirí údaruithe roimhe seo a cuireadh ar bun i gcríocha na bPáirtithe, faisnéis dílseánaigh a roinnt ionas go seachnófar dúbláil tástála ar ainmhithe veirteabracha.
8. Maidir le Poblacht na hÚisbéiceastáine, tiocfaidh an tAirteagal seo chun bheith infheidhme 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
FOROINN 7
CINEÁLACHA PLANDAÍ
AIRTEAGAL 119
Forálacha ginearálta
Cosnóidh gach Páirtí cearta maidir le cineálacha plandaí, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta do Chosaint Cineálacha Nua Plandaí arna ghlacadh ag an gComhdháil Taidhleoireachta an 2 Nollaig, 1961 (‘Coinbhinsiún UPOV’) arna athbhreithniú go deireanach sa Ghinéiv an 19 Márta 1991, lena n-áirítear na heisceachtaí roghnacha ar cheart an phóraitheora dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Choinbhinsiún UPOV. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun na cearta sin a chur chun cinn agus a fhorghníomhú.
ROINN 3
CEARTA MAOINE INTLEACHTÚLA A FHORFHEIDHMIÚ
FOROINN 1
FORFHEIDHMIÚ SIBHIALTA AGUS RIARACHÁIN
AIRTEAGAL 120
Oibleagáidí ginearálta
1. Athdhearbhaíonn gach Páirtí a ghealltanas Cuid III de Chomhaontú TRIPS a chomhlíonadh agus déanfaidh sé foráil maidir leis na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna is gá chun forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla a áirithiú.
Chun críocha na Roinne seo, ní chuimseofar leis an téarma ‘cearta maoine intleachtúla’ cearta a chumhdaítear le Foroinn 6 de Roinn 2.
2. Maidir leis na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
beidh siad cothrom cothromasach; |
|
(b) |
ní bheidh siad róchasta ná róchostasach agus ní bheidh teorainneacha ama míréasúnta ná moilleanna gan údar ag gabháil leo; |
|
(c) |
beidh siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach; agus |
|
(d) |
cuirfear i bhfeidhm iad sa chaoi go seachnófar bacainní ar thrádáil dhlisteanach agus sa chaoi go bhforálfar maidir le coimircí i gcoinne a mí-úsáide. |
AIRTEAGAL 121
Daoine atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart, na nósanna imeachta agus na leigheasanna
Aithneoidh gach Páirtí na daoine seo a leanas mar dhaoine atá i dteideal cur i bhfeidhm na mbeart, na nósanna imeachta agus na leigheasanna dá dtagraítear san Fhoroinn seo agus i gCuid III de Chomhaontú TRIPS a iarraidh:
|
(a) |
sealbhóirí ceart maoine intleachtúla i gcomhréir leis an dlí is infheidhme; |
|
(b) |
gach duine eile atá údaraithe chun cearta maoine intleachtúla a úsáid, go háirithe ceadúnaithe, a mhéid a cheadaítear leis an dlí is infheidhme agus i gcomhréir leis an dlí sin; |
|
(c) |
comhlachtaí bainistíochta ceart comhchoiteann maoine intleachtúla a aithnítear go tráthrialta go bhfuil sé de cheart acu ionadaíocht a dhéanamh do shealbhóirí ceart maoine intleachtúla, a mhéid a cheadaítear leis an dlí is infheidhme agus i gcomhréir leis an dlí is infheidhme; |
|
(d) |
comhlachtaí cosanta gairmiúla a aithnítear go tráthrialta go bhfuil sé de cheart acu ionadaíocht a dhéanamh do shealbhóirí ceart maoine intleachtúla, a mhéid a cheadaítear leis an dlí is infheidhme agus i gcomhréir leis an dlí sin. |
AIRTEAGAL 122
Fianaise
1. Áiritheoidh gach Páirtí go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha, fiú roimh thionscnamh na n-imeachtaí ar fhiúntais an cháis, ar iarratas ó pháirtí a thíolaic fianaise atá ar fáil go réasúnach chun tacú le héilimh an pháirtí sin go ndearnadh sárú ar a cheart maoine intleachtúla nó go bhfuiltear ar tí an ceart sin a shárú, go bhféadfaidh siad a ordú go ndéanfar bearta sealadacha atá pras agus éifeachtach chun fianaise ábhartha a chaomhnú i leith an tsáraithe líomhnaithe, faoi réir cosaint faisnéise faoi rún. Agus bearta eatramhacha nó sealadacha á n-ordú acu, cuirfidh na húdaráis bhreithiúnacha san áireamh leasanna dlisteanacha an tsáraitheora líomhnaithe.
2. Féadfar a áireamh leis na bearta sin tuairisc mhionsonraithe a dhéanamh, agus samplaí á dtógáil nó gan iad á dtógáil, ar na hearraí a líomhnaítear go bhfuil sárú á dhéanamh acu nó iad a urghabháil go fisiceach, agus an rud céanna a dhéanamh, i gcásanna iomchuí, maidir leis na hábhair agus na huirlisí a úsáideadh chun na hearraí sin agus na doiciméid ghaolmhara a tháirgeadh nó a dháileadh.
3. Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá, i gcás sárú líomhnaithe ar cheart maoine intleachtúla arna dhéanamh ar scála tráchtála, lena chur ar chumas na n-údarás breithiúnach inniúil a ordú, i gcás inarb iomchuí agus arna iarraidh sin do pháirtí, go dtabharfaí doiciméid bhaincéireachta, airgeadais nó tráchtála atá faoi rialú pháirtí an taoibh eile le fios, faoi réir chosaint faisnéise faoi rún.
AIRTEAGAL 123
An ceart chun faisnéise
1. Áiritheoidh gach Páirtí, le linn nósanna imeachta sibhialta a bhaineann le sárú ar cheart maoine intleachtúla agus mar fhreagairt ar iarraidh chuí-údaraithe chomhréireach ón éilitheoir, go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha inniúla ordú a thabhairt don sáraitheoir nó d’aon duine eile ar páirtí nó finné sa dlíthíocht é, faisnéis a sholáthar maidir le tionscnamh agus líonraí dáileacháin na n-earraí nó na seirbhísí a bhfuil sárú á dhéanamh acu ar cheart maoine intleachtúla.
2. Chun críocha mhír 1, ciallaíonn ‘aon duine eile’ duine:
|
(a) |
a fuarthas go raibh na hearraí sáraitheacha ina sheilbh aige ar scála tráchtála; |
|
(b) |
a fuarthas go raibh na seirbhísí sáraitheacha á n-úsáid aige ar scála tráchtála; |
|
(c) |
a fuarthas go raibh seirbhísí arna n-úsáid i ngníomhaíochtaí sáraitheacha á soláthar aige ar scála tráchtála; nó |
|
(d) |
ar thug an duine dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) den mhír seo le fios ina leith go raibh sé páirteach i dtáirgeadh, monarú nó dáileadh na n-earraí nó i soláthar na seirbhísí. |
3. Cuimseofar an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, de réir mar is iomchuí:
|
(a) |
ainmneacha agus seoltaí tháirgeoirí, mhonaróirí, dháileoirí, sholáthróirí agus iar-shealbhóirí eile na n-earraí nó na seirbhísí, chomh maith leis na mórdhíoltóirí agus na miondíoltóirí atá beartaithe; agus |
|
(b) |
faisnéis ar na cainníochtaí a táirgeadh, a monaraíodh, a seachadadh, a fuarthas nó a ordaíodh, chomh maith leis an bpraghas a fuarthas ar na hearraí nó na seirbhísí atá i gceist. |
4. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 gan dochar do dhlí Pháirtí:
|
(a) |
lena ndeonaítear don sealbhóir cirt cearta chun faisnéis níos iomláine a fháil; |
|
(b) |
lena rialaítear úsáid na faisnéise a cuireadh in iúl de bhun an Airteagail seo in imeachtaí sibhialta; |
|
(c) |
lena rialaítear an fhreagracht as mí-úsáid an chirt chun faisnéise; |
|
(d) |
lena dtugtar an deis chun diúltú faisnéis a sholáthar lena gcuirfí iallach ar an duine dá dtagraítear i mír 1 a admháil go raibh sé féin nó garghaolta leis rannpháirteach i sárú ar cheart maoine intleachtúla; nó |
|
(e) |
lena rialaítear cosaint rúndacht foinsí faisnéise nó próiseáil sonraí pearsanta. |
AIRTEAGAL 124
Bearta sealadacha agus bearta réamhchúraim
1. Áiritheoidh gach Páirtí go bhféadfaidh a údaráis bhreithiúnacha, arna iarraidh sin ag an iarratasóir, urghaire idirbhreitheach a eisiúint i gcoinne an tsáraitheora líomhnaithe, a bheidh ceaptha cosc a chur ar aon sárú atáthar ar tí a dhéanamh ar cheart maoine intleachtúla, nó a thoirmeasc, ar bhonn sealadach agus faoi réir, i gcás inarb iomchuí, íocaíocht pionóis athfhillteach i gcás ina ndéantar foráil maidir leis sin i ndlí an Páirtí sin, go leanfar de na sáruithe líomhnaithe ar an gceart sin, nó i gcás ina leantar de na sáruithe líomhnaithe, go mbeadh an méid sin faoi réir ráthaíochtaí a thaisceadh atá beartaithe chun cúiteamh an tsealbhóra cirt a áirithiú. Féadfar urghaire idirbhreitheach a eisiúint freisin, faoi na coinníollacha céanna, i gcoinne idirghabhálaí a bhfuil a chuid seirbhísí, lena n-áirítear seirbhísí idirlín, á n-úsáid ag tríú páirtí chun ceart maoine intleachtúla a shárú.
2. Féadfar urghaire idirbhreitheach a eisiúint freisin chun a ordú go ndéanfar earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla a urghabháil nó a thabhairt ar láimh, chun cosc a chur ar a n-iontráil sna bealaí tráchtála nó a ngluaiseacht iontu.
3. Déanfaidh gach Páirtí foráil i gcás sárú líomhnaithe arna dhéanamh ar scála tráchtála, má léiríonn an páirtí díobhálaithe gurb ann do chúinsí a fhágann gur dócha go gcuirfí aisghabháil na ndamáistí i mbaol, go bhféadfaidh a údaráis bhreithiúnacha urghabháil réamhchúraim mhaoin shochorraithe agus dhochorraithe an tsáraitheora líomhnaithe a ordú, lena n-áirítear a chuid cuntas bainc agus sócmhainní eile dá chuid a bhlocáil. Chuige sin, féadfaidh na húdaráis inniúla a ordú go gcuirfear doiciméid bhainc, airgeadais nó tráchtála in iúl, nó go dtabharfar rochtain iomchuí ar an bhfaisnéis ábhartha.
AIRTEAGAL 125
Leigheasanna
1. Áiritheoidh gach Páirtí go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha a ordú, arna iarraidh ag iarratasóir agus gan dochar d’aon damáistí atá dlite don sealbhóir cirt mar gheall ar an sárú, agus gan cúiteamh d’aon sórt, go ndéanfaí earraí a scriosadh, nó ar a laghad a bhaint go cinntitheach de na bealaí tráchtála, ar earraí iad ar chinn na húdaráis sin ina leith go raibh sárú á dhéanamh acu ar cheart maoine intleachtúla. Féadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha a ordú, más iomchuí, go scriosfar ábhair agus uirlisí a úsáidtear go príomha chun na hearraí sin a chruthú nó a mhonarú.
2. Beidh sé d’údarás ag údaráis bhreithiúnacha gach Páirtí a ordú gur ar chostas an tsáraitheora a dhéanfar na leigheasanna dá dtagraítear i mír 1, mura ndéanfar cúiseanna ar leith a agairt gan é sin a dhéanamh.
3. Agus iarraidh ar leigheasanna á meas, cuirfear san áireamh an gá atá le comhréireacht idir tromchúis an tsáraithe agus na leigheasanna a ordófar, agus leasanna tríú páirtithe.
4. Maidir le Poblacht na hÚisbéiceastáine, tiocfaidh mír 1 chun bheith infheidhme 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
AIRTEAGAL 126
Urghairí
Áiritheoidh gach Páirtí, i gcás ina ndéantar cinneadh breithiúnach lena bhfaightear go bhfuil sárú á dhéanamh ar cheart maoine intleachtúla, go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha urghaire, arb é is aidhm di leanúint den sárú a thoirmeasc, a eisiúint in aghaidh an tsáraitheora agus in aghaidh idirghabhálaí a bhfuil a sheirbhísí á n-úsáid ag tríú páirtí chun sárú a dhéanamh ar cheart maoine intleachtúla.
AIRTEAGAL 127
Bearta malartacha
Féadfaidh gach Páirtí a fhoráil, i gcásanna iomchuí agus arna iarraidh sin ag an duine a fhéadfar a chur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 125 nó Airteagal 126, go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha a ordú go n-íocfar cúiteamh airgid leis an bpáirtí díobhálaithe seachas na bearta dá bhforáiltear sna hAirteagail sin a chur i bhfeidhm más rud é gur ghníomhaigh an duine go neamhbheartaithe agus gan faillí, dá mba rud é go ndéanfadh forfheidhmiú na mbeart atá i gceist dochar doleigheasta dó agus dá ndealródh sé go mbeadh cúiteamh airgid don pháirtí díobhálaithe réasúnta sásúil.
AIRTEAGAL 128
Damáistí
1. Áiritheoidh gach Páirtí go dtabharfaidh na húdaráis bhreithiúnacha, ar iarratas ón bpáirtí díobhálaithe, ordú don sáraitheoir a bhí ag gabháil go feasach do ghníomhaíocht sháraitheach, nó a bhí ag gabháil di agus forais réasúnacha aige a bheith feasach ina leith, chun damáistí a íoc leis an sealbhóir cirt atá iomchuí maidir leis an dochar iarbhír a rinneadh dó mar gheall ar an sárú.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh na húdaráis bhreithiúnacha an méid seo a leanas agus na damáistí dá dtagraítear i mír 1 á socrú acu:
|
(a) |
gach gné iomchuí a chur san áireamh, amhail na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha, lena n-áirítear brabúis chaillte, a raibh an páirtí díobhálaithe thíos leo, aon bhrabús éagórach a rinne duine déanta an tsáraithe agus, i gcásanna iomchuí, gnéithe seachas tosca eacnamaíocha, amhail an dochar morálta a rinneadh don sealbhóir cirt de bharr an tsáraithe; nó |
|
(b) |
de rogha ar phointe (a), féadfaidh siad, i gcásanna iomchuí, na damáistí a shocrú mar chnapshuim ar bhonn eilimintí amhail, ar a laghad, méid na ríchíosanna nó na dtáillí a bheadh dlite dá mba rud é gur iarr an duine a rinne an sárú údarú chun leas a bhaint as an gceart maoine intleachtúla a bhí i gceist. |
3. I gcás nach raibh an sáraitheoir ag gabháil go feasach do ghníomhaíocht sháraitheach nó nach raibh sé ag gabháil di agus forais réasúnacha aige a bheith feasach ina leith, féadfaidh na Páirtithe a leagan síos go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha ordú a dhéanamh i bhfabhar an pháirtí dhíobhálaithe, go ndéanfaí brabús a aisghabháil nó damáistí a d’fhéadfadh a bheith réamhbhunaithe a íoc.
AIRTEAGAL 129
Costais dlí
Áiritheoidh gach Páirtí, mar riail ghinearálta, gur ar an bpáirtí nár éirigh leis a thitfidh costais dlí réasúnacha chomhréireacha agus speansais eile a thabhóidh an páirtí ar éirigh leis, mura rud é nach mbeadh sé sin cothrom.
AIRTEAGAL 130
Cinntí breithiúnacha a fhoilsiú
Áiritheoidh gach Páirtí, in imeachtaí dlí arna dtionscnamh i ndáil le sárú ar cheart maoine intleachtúla, go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha, arna iarraidh sin ag an iarratasóir agus ar chostas an duine a rinne an sárú, bearta iomchuí a ordú chun an fhaisnéis a bhaineann leis an gcinneadh a scaipeadh, lena n-áirítear an cinneadh a chur ar taispeáint agus é a fhoilsiú go hiomlán nó go páirteach.
AIRTEAGAL 131
Toimhde i dtaobh údarthachta nó úinéireachta
Aithneoidh na Páirtithe an méid seo a leanas chun na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna dá bhforáiltear sa Roinn seo a chur i bhfeidhm:
|
(a) |
chun go measfaí, i gcás údar saothair litríochta nó ealaíne, gur údar an tsaothair sin é dáiríre, in éagmais cruthúnas ar a mhalairt, agus dá dhroim sin go mbeidh sé i dteideal imeachtaí sáraithe a thionscnamh, is leor ainm an té sin a bheith le feiceáil ar an saothar ar an ngnáthbhealach; agus |
|
(b) |
tá feidhm ag pointe (a), mutatis mutandis, maidir le sealbhóirí ceart a bhaineann le cóipcheart i ndáil leis an ábhar dá gcuid atá faoi chosaint. |
AIRTEAGAL 132
Nósanna imeachta riaracháin
A mhéid is féidir aon leigheas sibhialta a ordú de bharr imeachtaí riaracháin ar fhiúntas cáis, beidh na himeachtaí sin i gcomhréir le prionsabail atá coibhéiseach ó thaobh substainte de leis na prionsabail a leagtar amach sna forálacha ábhartha sa Roinn seo.
FOROINN 2
FORFHEIDHMIÚ TRASTEORANN
AIRTEAGAL 133
Bearta Teorann
1. Maidir le hearraí faoi rialú custaim, glacfaidh gach Páirtí nósanna imeachta, nó coinneoidh sé nósanna imeachta ar bun, faoina bhféadfaidh sealbhóir cirt iarratais a thíolacadh ina n-iarrann sé ar údaráis chustaim scaoileadh earraí a chur ar fionraí, nó earraí a choinneáil, ar earraí iad a bhfuil amhras fúthu go ndéantar sárú leo ar thrádmharcanna, cóipchearta agus cearta gaolmhara, tásca geografacha, paitinní, samhlacha áisiúlachta, dearaí tionsclaíocha, topagrafaíochtaí de chiorcaid iomlánaithe agus cearta maidir le cineálacha plandaí (dá ngairtear ‘earraí faoi amhras’ anseo feasta).
2. Beidh córais leictreonacha ar bun ag gach Páirtí le go ndéanfaidh a údaráis chustaim bainistiú ar dheonú nó taifeadadh iarratas.
3. I gcás ina ngearrann Páirtí táille chun costais riaracháin a chumhdach ar de thoradh ar iarratais a dheonú nó a thaifeadadh, beidh an táille sin comhréireach leis an tseirbhís arna cur ar fáil agus leis an gcostas arna thabhú.
4. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a údaráis chustaim cinneadh maidir le hiarratais a dheonú nó a thaifeadadh laistigh de thréimhse réasúnach ama.
5. Féadfaidh gach Páirtí foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag na hiarratais dá dtagraítear i mír 1 maidir le hil-lastais.
6. Áiritheoidh gach Páirtí, maidir le hearraí faoi rialú custaim, go bhféadfaidh a údaráis chustaim gníomhú ar a dtionscnamh féin chun scaoileadh earraí faoi amhras a chur ar fionraí nó chun na hearraí sin a choinneáil.
7. Áiritheoidh gach Páirtí go n-úsáidfidh a údaráis chustaim anailís riosca chun earraí faoi amhras a shainaithint i dteannta modhanna eile sainaitheantais de réir mar is gá.
8. Féadfaidh Páirtí nósanna imeachta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun trína bhféadfaidh a údaráis inniúla a chinneadh, laistigh de thréimhse réasúnta tar éis thionscnamh na nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5, an earraí sáraitheacha iad na hearraí faoi amhras. Sa chás sin, beidh sé d’údarás ag na húdaráis inniúla a ordú go scriosfar earraí tar éis cinneadh a dhéanamh maidir leis an sárú. Féadfaidh Páirtí nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm aige lena gceadaítear earraí faoi amhras a scriosadh gan aon ghá a bheith ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an sárú, i gcás ina gcomhaontaíonn na daoine lena mbaineann nó nach gcuireann siad i gcoinne scriosadh na n-earraí.
9. Féadfaidh gach Páirtí nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm aige lena gceadaítear trádmharc góchumtha agus earraí bradacha a sheoltar i gcoinsíneachtaí poist nó i gcoinsíneachtaí mearchúiréirí a scriosadh go pras.
10. Féadfaidh gach Páirtí a chinneadh gan an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairiú earraí a chuir an sealbhóir cirt ar an margadh i dtír eile nó a cuireadh ar an margadh i dtír eile le toiliú ón sealbhóir cirt. Féadfaidh Páirtí earraí de chineál neamhthráchtála i mbagáiste pearsanta daoine atá ag taisteal a eisiamh ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo.
11. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a údaráis chustaim idirphlé tráthrialta a choinneáil ar bun agus comhar a chur chun cinn leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus le húdaráis eile a bhfuil baint acu le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú.
12. Comhaontaíonn na Páirtithe go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile i leith trádáil idirnáisiúnta in earraí faoi amhras. Go sonrach, comhaontaíonn na Páirtithe faisnéis a chomhroinnt faoi thrádáil in earraí faoi amhras lena ndéantar difear don Pháirtí eile.
13. Gan dochar do chineálacha comhair eile, beidh feidhm ag an bPrótacal i ndáil le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim maidir le sárú ar reachtaíocht na gceart maoine intleachtúla, cearta a bhfuil na húdaráis chustaim inniúil chun iad a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis an Airteagal seo.
14. Beidh an Fochoiste dá dtagraítear in Airteagal 136 freagrach as feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an Airteagail seo a áirithiú, go háirithe i dtéarmaí comhair idir na Páirtithe.
15. Agus bearta teorann á gcur chun feidhme acu i dtaca le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla ag údaráis chustaim, bídís cumhdaithe leis an bhForoinn seo nó ná bíodh, áiritheoidh na Páirtithe comhsheasmhacht agus comhlíonfaidh siad Airteagal V de GATT 1994 agus Airteagal 41 agus Roinn 4 de Chuid III de Chomhaontú TRIPS.
ROINN 4
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
AIRTEAGAL 134
Comhar
1. Comhaontóidh na Páirtithe oibriú i gcomhar le chéile d’fhonn tacú le cur chun feidhme na ngealltanas agus na n-oibleagáidí ar tugadh fúthu faoin gCaibidil seo. Bainfidh na Páirtithe leas as na módúlachtaí seo a leanas, i measc módúlachtaí eile, maidir le comhar i ndáil le hábhair a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a fhorfheidhmiú.
2. Áirítear ar na réimsí comhair, i measc nithe eile, na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
(a) |
malartú faisnéise faoin gcreat dlíthiúil maidir le cearta maoine intleachtúla agus rialacha ábhartha cosanta agus forfheidhmithe; |
|
(b) |
taithí ar dhul chun cinn reachtach á malartú idir na Páirtithe; |
|
(c) |
malartú taithí idir na Páirtithe maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú; |
|
(d) |
malartú eispéireas idir na Páirtithe maidir le forfheidhmiú ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal fo-lárnach arna dhéanamh ag údaráis chustaim, póilíní agus údaráis riaracháin agus bhreithiúnacha; |
|
(e) |
comhordú, lena n-áirítear le tíortha eile, chun onnmhairiú earraí góchumtha a chosc; |
|
(f) |
cúnamh teicniúil, fothú acmhainneachta; malartú pearsanra agus oiliúint a chur orthu; |
|
(g) |
cearta maoine intleachtúla a chosaint agus faisnéis i leith an mhéid sin a scaipeadh, inter alia, ar chiorcail ghnó agus ar an tsochaí shibhialta; |
|
(h) |
feasacht an phobail ar thomhaltóirí agus ar shealbhóirí cirt; feabhas a chur ar an gcomhar institiúideach, idir na hoifigí maoine intleachtúla go háirithe; |
|
(i) |
feasacht a chur chun cinn agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas i dtaca le cosaint agus forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla; |
|
(j) |
cosaint agus forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla a chur chun cinn trí bhíthin comhar poiblí-príobháideach lena mbaineann fiontair bheaga agus mheánmhéide (dá ngairtear ‘FBManna’ anseo feasta); agus |
|
(k) |
straitéisí éifeachtacha agus cláir chumarsáide a fhoirmiú chun lucht éisteachta/féachana a shainaithint chun méadú a chur ar fheasacht tomhaltóirí agus na meán ar an éifeacht a bhíonn ag sáruithe maoine intleachtúla, lena n-áirítear an riosca don tsláinte agus don tsábháilteacht agus an nasc leis an gcoireacht eagraithe. |
3. Féadfaidh gach Páirtí sonraíochtaí táirgí, nó achoimre orthu, a chur ar fáil go poiblí, chomh maith le pointí teagmhála ábhartha chun tásca geografacha an Pháirtí a chosnaítear de bhun Fhoroinn 4 a rialú nó a bhainistiú.
4. Coinneoidh na Páirtithe teagmháil ar bun, go díreach nó tríd an bhFochoiste dá dtagraítear in Airteagal 136, maidir le gach ábhar a bhaineann le cur chun feidhme agus feidhmiú na Roinne seo.
AIRTEAGAL 135
Tionscnaimh dheonacha páirtithe leasmhara
Féachfaidh gach Páirtí le tionscnaimh dheonacha páirtithe leasmhara a éascú chun sárú ar chearta maoine intleachtúla a laghdú, lena n-áirítear sárú ar líne agus i margaí eile, agus iad ag díriú ar fhadhbanna coincréiteacha agus ar réitigh phraiticiúla a lorg atá réadúil, comhréireach agus cóir do gach duine lena mbaineann, lena n-áirítear na réitigh seo a leanas:
|
(a) |
féachfaidh gach Páirtí le páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile go toiliúil ina chríoch chun tionscnaimh dheonacha a éascú d’fhonn teacht ar réitigh chun sáruithe ar chearta maoine intleachtúla a laghdú agus chun easaontais a réiteach i dtaca le cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a fhorfheidhmiú; |
|
(b) |
féachfaidh na Páirtithe le faisnéis a mhalartú lena chéile maidir le hiarrachtaí i dtaca le tionscnaimh dheonacha páirtithe leasmhara ina gcríocha féin a éascú; agus |
|
(c) |
déanfaidh na Páirtithe iarracht idirphlé oscailte agus comhar a chur chun cinn i measc pháirtithe leasmhara na bPáirtithe, agus na páirtithe leasmhara sin a spreagadh chun teacht ar réitigh i gcomhpháirt agus chun easaontais a réiteach maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a fhorfheidhmiú agus maidir le sárú a laghdú. |
AIRTEAGAL 136
Forálacha institiúideacha
1. Bunaíonn na Páirtithe leis seo Fochoiste um Chearta Maoine Intleachtúla (dá ngairtear ‘Fochoiste CMI’ anseo feasta), ar a mbeidh ionadaithe de chuid an Aontais Eorpaigh agus de chuid Phoblacht na hÚisbéiceastáine, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Caibidle seo agus chun a gcomhar agus a n-idirphlé i ndáil le cearta maoine intleachtúla a threisiú.
2. Tiocfaidh Fochoiste CMI le chéile arna iarraidh sin ag ceachtar den dá Pháirtí, san Aontas Eorpach agus i bPoblacht na hÚisbéiceastáine gach re seal, ag am agus in áit agus ar bhealach a chomhaontóidh na Páirtithe, rud lena bhféadfar fís-chomhdháil a chur san áireamh, ach tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis don iarraidh a bheith tíolactha.
3. Éascóidh Fochoiste CMI cur chun feidhme na Caibidle seo agus an comhar idir na Páirtithe maidir le gach ábhar a bhaineann le Comhaontú BTT. Go sonrach, beidh sé freagrach as an méid seo a leanas:
|
(a) |
Roinn A d’Iarscríbhinn 7-A a mhéid a bhaineann leis na tagairtí don dlí is infheidhme sna Páirtithe; |
|
(b) |
Roinn B d’Iarscríbhinn 7-A a mhéid a bhaineann leis na heilimintí le haghaidh tásca geografacha a chlárú agus a rialú; |
|
(c) |
Iarscríbhinn 7-B a mhéid a bhaineann leis na critéir atá le cur san áireamh sa nós imeachta freasúra; agus |
|
(d) |
Iarscríbhinn 7-C a mhéid a bhaineann le tásca geografacha. |
CAIBIDIL 8
IOMAÍOCHT AGUS FIONTAIR FAOI ÚINÉIREACHT STÁIT
ROINN A
IOMAÍOCHT
AIRTEAGAL 137
Prionsabail
Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá iomaíocht shaor gan saobhadh ina gcaidreamh trádála agus infheistíochta. Admhaíonn na Páirtithe go bhféadfaí feidhmiú cuí margaí a shaobhadh agus dochar a dhéanamh do shochair an léirscaoilte trádála agus an léirscaoilte infheistíochta mar thoradh ar chleachtais ghnó frithiomaíocha agus idirghabhálacha Stáit.
AIRTEAGAL 138
Neodracht iomaíoch
Cuirfidh gach Páirtí an Chaibidil seo i bhfeidhm maidir leis na fiontair uile, idir fhiontair phoiblí agus fhiontair phríobháideacha.
FOROINN 1
IOMPAR FRITHIOMAÍOCH AGU RIALÚ CUMASC
AIRTEAGAL 139
Creat reachtach
Déanfaidh gach Páirtí dlí na hiomaíochta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun ag a bhfuil feidhm maidir leis na fiontair uile in earnálacha uile an gheilleagair (10) agus lena dtugtar aghaidh, ar bhealach éifeachtach, ar na cleachtais seo a leanas:
|
(a) |
comhaontuithe cothrománacha agus ingearacha idir fiontair, cinntí ó chomhlachais fiontar agus cleachtais chomhbheartaithe arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh; |
|
(b) |
mí-úsáid ceannasachta arna déanamh ag fiontar amháin nó níos mó; agus |
|
(c) |
comhchruinnithe idir fiontair lena gcuirfí bac mór ar an iomaíocht éifeachtach, go háirithe de dheasca ceannasacht a chruthú nó a neartú. |
AIRTEAGAL 140
Cúraimí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch poiblí
Níor cheart cur i bhfeidhm an dlí iomaíochta ag Páirtí bac a chur, le dlí nó le gníomh, ar chomhlíonadh na gcúraimí áirithe a bhaineann le leas an phobail a d’fhéadfaí a shannadh d’fhiontair. Díolúintí ó dhlí iomaíochta Páirtí, ba cheart iad a bheith teoranta do chúramaí leasa phoiblí, agus don mhéid a bhfuil gá leis chun an cuspóir beartais phoiblí inmhianaithe a bhaint amach, agus ba cheart iad a bheith trédhearcach.
AIRTEAGAL 141
Cur chun feidhme
1. Déanfaidh gach Páirtí údarás a bhunú agus a choinneáil ar bun, ar údarás é a bheidh neamhspleách go hoibríochtúil agus a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm iomlán agus forfheidhmiú éifeachtach a dhlí iomaíochta, agus ag a mbeidh na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá chun an méid sin a áirithiú.
2. Déanfaidh gach Páirtí a dhlí iomaíochta a chur i bhfeidhm go trédhearcach, agus prionsabail na cothroime nós imeachta á n-urramú, lena n-áirítear cearta cosanta na bhfiontar lena mbaineann, go háirithe an ceart chun éisteachta agus an ceart chun athbhreithnithe bhreithiúnaigh.
AIRTEAGAL 142
Comhar
1. Admhaíonn na Páirtithe gur chun a leasa choitinn é an comhar a chur chun cinn maidir le beartas agus forfheidhmiú iomaíochta.
2. Chun an comhar sin a éascú, féadfaidh údaráis iomaíochta na bPáirtithe faisnéis a mhalartú, faoi réir na rialacha rúndachta a leagtar faoi dhlí gach Páirtí díobh.
3. Féachfaidh údaráis iomaíochta na bPáirtithe le comhordú a dhéanamh, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, ar a ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a bhaineann leis an iompar nó leis na cásanna céanna nó gaolmhara.
AIRTEAGAL 143
Gan réiteach díospóidí a chur i bhfeidhm
Níl feidhm ag Caibidil 14 maidir leis an Roinn seo.
FOROINN 2
FÓIRDHEONTAIS
AIRTEAGAL 144
Sainmhíniú agus raon feidhme
1. Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn ‘fóirdheontas’ beart lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1.1 d’Airteagal 1 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh (SCM), gan beann ar cibé acu is d’fhiontar a sholáthraíonn earraí nó d’fhiontar a sholáthraíonn seirbhísí a dheonaítear é (11).
2. Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le fóirdheontais atá sonrach de réir bhrí Airteagal 2 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh. Aon fhóirdheontas a thagann faoi fhorálacha Airteagal 148 den Chomhaontú seo, meastar gur fóirdheontas sonrach é.
3. Ní fhorléireofar forálacha na Roinne seo ar shlí a chuirfidh bac, le dlí nó le gníomh, ar chomhlíonadh na gcúraimí áirithe ar mhaithe le leas an phobail a fhéadfar a shannadh do na fiontair. Ba cheart díolúintí ó rialacha na Roinne seo a theorannú do chúraimí a bhaineann le leas an phobail agus don mhéid is gá chun cuspóir agus trédhearcacht an bheartais phoiblí a bhaint amach.
4. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 146 den Chomhaontú seo maidir le fóirdheontais a bhaineann le trádáil in earraí a chumhdaítear le hIarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Talmhaíocht.
5. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 146 agus 147 maidir leis an earnáil closamhairc ná le hearnáil na turasóireachta.
AIRTEAGAL 145
Trédhearcacht
1. Cuirfidh gach Páirtí, maidir le fóirdheontas a dheonaítear nó a choinnítear ar bun laistigh dá chríoch, an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don phobal:
|
(a) |
bunús dlí agus cuspóir an fhóirdheontais; |
|
(b) |
foirm an fhóirdheontais; |
|
(c) |
más féidir, an méid iomlán nó an méid bliantúil arna bhuiséadú don fhóirdheontas agus ainm fhaighteoir an fhóirdheontais; |
2. Féadfaidh Páirtí mír 1 a chomhlíonadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
fógra a thíolacadh de bhun Airteagal 25 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh, fógra a sholáthraítear gach 2 bhliain ar a laghad; |
|
(b) |
fógra a thíolacadh de bhun Airteagal 18 den Chomhaontú maidir leis an Talmhaíocht; nó (12), |
|
(c) |
a áirithiú go bhfoilseoidh sé féin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, nó go bhfoilseofar í thar a cheann, ar shuíomh gréasáin atá inrochtana ag an bpobal faoin 31 Nollaig an bhliain féilire tar éis na bliana ina ndearnadh an fóirdheontas a dheonú nó a choinneáil ar bun. |
AIRTEAGAL 146
Comhairliúcháin
1. Má mheasann Páirtí go bhfuil dochar á dhéanamh ag fóirdheontas, nó gur dócha go ndéanfar dochar leis, dá leasanna léirscaoilte trádála nó infheistíochta, féadfaidh sé a ábhar imní a chur in iúl i scríbhinn don Pháirtí eile agus faisnéis bhreise ar an ábhar a iarraidh.
2. Leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 áireofar míniú ar an gcaoi a bhféadfadh an fóirdheontas dochar a dhéanamh do leasanna léirscaoilte trádála nó infheistíochta an Pháirtí iarrthaigh. Féadfaidh an Páirtí iarrthach an fhaisnéis seo a leanas a lorg maidir leis an bhfóirdheontas:
|
(a) |
bunús dlí agus cuspóir an fhóirdheontais; |
|
(b) |
foirm an fhóirdheontais; |
|
(c) |
dátaí agus fad an fhóirdheontais agus aon teorainn ama eile a ghabhann leis; |
|
(d) |
na ceanglais incháilitheachta le haghaidh an fhóirdheontais; |
|
(e) |
más féidir, an méid iomlán nó an méid bliantúil arna bhuiséadú don fhóirdheontas agus ainm fhaighteoir an fhóirdheontais; |
|
(f) |
aon fhaisnéis eile lena gceadaítear measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfóirdheontas. |
3. Déanfaidh an Páirtí iarrtha an fhaisnéis a sholáthar i scríbhinn tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata. I gcás nach gcuirfidh an Páirtí iarrtha an fhaisnéis a iarradh ar fáil, tabharfaidh an Páirtí sin cúiseanna leis an easpa faisnéise sin ina fhreagra i scríbhinn.
4. Tar éis an fhaisnéis iarrtha a fháil, féadfaidh an Páirtí iarrthach comhairliúcháin a iarraidh maidir leis an ábhar. Tionólfar comhairliúcháin idir na Páirtithe chun na hábhair imní a ardaíodh a phlé laistigh de 60 lá ón iarraidh ar chomhairliúcháin.
5. Féachfaidh gach Páirtí le teacht ar réiteach ar an ábhar atá sásúil don dá thaobh.
AIRTEAGAL 147
Fóirdheontais atá faoi réir coinníollacha
1. A mhéid a dhéanann fóirdheontas dochar do thrádáil nó d’infheistíocht an Pháirtí eile, féachfaidh gach Páirtí le coinníollacha a chur i bhfeidhm maidir le fóirdheontais mar a leanas:
|
(a) |
ceadaítear fóirdheontais trína ráthaíonn rialtas fiachais nó dliteanais fiontar áirithe, ar choinníoll go mbeidh méid na bhfiachas agus na ndliteanas sin nó fad na ráthaíochta sin teoranta; agus |
|
(b) |
ceadaítear fóirdheontais d’fhiontair dhócmhainneacha nó d’fhiontair anásta, ar choinníoll:
|
2. Níl feidhm ag pointe (b) de mhír 1 maidir le fóirdheontais a sholáthraítear d’fhiontair mar thacaíocht leachtachta shealadach i bhfoirm ráthaíochtaí iasachta nó iasachtaí le linn na tréimhse is gá chun plean athstruchtúrúcháin a ullmhú. Beidh an tacaíocht leachtachta shealadach sin teoranta don mhéid is gá chun an fiontar a choimeád i mbun gnó agus chuige sin amháin.
3. Ceadófar fóirdheontais chun imeacht ordúil cuideachta ó mhargadh a áirithiú.
4. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le fóirdheontais ar lú ná EUR 500 000 in aghaidh an fhiontair a méideanna carnacha nó a mbuiséid charnacha thar thréimhse 3 bliana as a chéile.
AIRTEAGAL 148
Fóirdheontais a bhfuil toirmeasc orthu
Ó aontachas Phoblacht na hÚisbéiceastáine do EDT ar aghaidh, seachas mar a fhoráiltear sa Chomhaontú maidir leis an Talmhaíocht, beidh toirmeasc ar na fóirdheontais seo a leanas ar earraí tionsclaíocha:
|
(a) |
fóirdheontais atá ag brath, le dlí nó le gníomh (13), agus bídís ina n-aonar nó ar cheann de roinnt coinníollacha eile, ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin; agus |
|
(b) |
fóirdheontais ar coinníoll díobh é earraí intíre a bheith á n-úsáid de rogha ar earraí allmhairithe, cibé acu is coinníoll amháin é sin nó ceann de roinnt coinníollacha eile. |
AIRTEAGAL 149
Úsáid fóirdheontas
Áiritheoidh gach Páirtí nach n-úsáidfidh fiontair fóirdheontais ach le haghaidh an chuspóra ar lena aghaidh a deonaíodh na fóirdheontais.
ROINN B
FIONTAIR FAOI ÚINÉIREACHT STÁIT, FIONTAIR DÁ nDEONAÍTEAR CEARTA NÓ PRIBHLÉIDÍ SPEISIALTA AGUS MONAPLACHTAÍ AINMNITHE
AIRTEAGAL 150
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo:
|
(1) |
ciallaíonn ‘socrú’ an Socrú maidir le Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin a Fhaigheann Tacaíocht Oifigiúil, ar socrú de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta é (dá ngairtear ‘EFCE’ anseo feasta) nó gealltanas a tháinig i gcomharba air sin, cibé acu ba laistigh nó lasmuigh de chreat ECFE a forbraíodh é, arna ghlacadh ag 12 Chomhalta EDT bhunaidh ar a laghad a bhí ina Rannpháirtithe sa Socrú amhail ón 1 Eanáir 1979; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí tráchtála’ gníomhaíochtaí arb é an toradh deiridh orthu táirgeadh earra nó soláthar seirbhíse a dhíolfar i gcainníochtaí agus ar phraghsanna arna gcinneadh ag fiontar, agus ar gníomhaíochtaí iad a dhéanfar agus iad dírithe ar bhrabús a dhéanamh (14); |
|
(3) |
ciallaíonn ‘breithnithe tráchtála’ praghas, cáilíocht, infhaighteacht, indíoltacht, iompar agus téarmaí agus coinníollacha ceannaigh nó díola eile; nó tosca eile a chuirfí san áireamh de ghnáth i gcinntí tráchtála fiontair atá faoi úinéireacht phríobháideach agus a oibríonn i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair margaidh sa ghnó nó sa tionscal ábhartha; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘ainmniú’ monaplacht a bhunú nó a údarú, nó raon feidhme monaplachta a leathnú chun earra nó seirbhís bhreise a chumhdach; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘monaplacht ainmnithe’ eintiteas, lena n-áirítear cuibhreannas nó gníomhaireacht rialtais a ainmnítear i margadh ábhartha i gcríoch Pháirtí mar sholáthróir nó ceannaitheoir aonair earra nó seirbhíse, ach ní áirítear leis sin eintiteas ar deonaíodh ceart eisiach maoine intleachtúla dó mar gheall ar an deonú sin agus mar gheall air sin amháin; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘fiontar dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta’ fiontar, poiblí nó príobháideach, dar dheonaigh Páirtí, sa dlí nó sa chleachtas, cearta nó pribhléidí speisialta tríd an líon fiontar atá údaraithe chun earra nó seirbhís a sholáthar, trí fhiontair ar leith a ainmniú nó tríd an líon fiontar a theorannú do líon nach mó ná dhá cheann, seachas i gcomhréir le critéir oibiachtúla, chomhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha, ar bhealach lena ndéantar difear substaintiúil do chumas aon fhiontar eile an t-earra nó an tseirbhís chéanna a sholáthar sa limistéar geografach céanna faoi choinníollacha atá coibhéiseach go substaintiúil; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘seirbhís a sholáthraítear agus údarás rialtasach á fheidhmiú’ seirbhís a sholáthraítear agus údarás rialtasach á fheidhmiú mar a shainítear in GATS, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, san Iarscríbhinn maidir le Seirbhísí Airgeadais a ghabhann le GATS; agus |
|
(8) |
ciallaíonn ‘fiontar faoi úinéireacht stáit’ fiontar ina bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi Pháirtí:
|
AIRTEAGAL 151
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le fiontair faoi úinéireacht stáit, fiontair dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta agus monaplachtaí ainmnithe a ghabhann do ghníomhaíocht tráchtála. I gcás ina ngabhann na fiontair nó na monaplachtaí sin do ghníomhaíochtaí tráchtála agus neamhthráchtála araon, ní chumhdaítear leis an Roinn seo ach na gníomhaíochtaí tráchtála.
2. Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le fiontair faoi úinéireacht stáit, fiontair dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta agus monaplachtaí ainmnithe ar na leibhéil rialtais uile.
3. Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le fiontair faoi úinéireacht stáit, fiontair dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta ná monaplachtaí ainmnithe i gcás ina ngníomhaíonn siad mar eintitis soláthair agus an méid sin cumhdaithe faoi iarscríbhinní Páirtí a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais, arna dhéanamh in Marrakech an 15 Aibreán 1994, in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT (16), nó le hIarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gComhaontú seo, nuair a cheannaítear an soláthar sin chun críoch rialtais agus ní d’fhonn na hearraí nó na seirbhísí a soláthraíodh a athdhíol ar bhonn tráchtála ná d’fhonn úsáid a bhaint as na hearraí nó na seirbhísí a soláthraíodh chun earra nó seirbhís a chur ar fáil lena dhíol nó lena díol ar bhonn tráchtála.
4. Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le haon seirbhís a sholáthraítear i bhfeidhmiú údaráis rialtasaigh.
5. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 154 maidir le soláthar seirbhísí airgeadais arna dhéanamh ag fiontar faoi úinéireacht stáit de bhun sainordú rialtais más fíor an méid seo a leanas maidir leis an soláthar seirbhísí airgeadais sin:
|
(a) |
tacaíonn sé le honnmhairí nó allmhairí, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir le seirbhísí:
|
|
(b) |
tacaíonn sé le hinfheistíocht phríobháideach lasmuigh de chríoch an Pháirtí, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na seirbhísí:
|
|
(c) |
tairgtear é ar théarmaí atá comhsheasmhach leis an Socrú, ar choinníoll go dtagann sé faoi raon feidhme an tSocraithe. |
6. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 154 maidir leis na hearnálacha seirbhíse lasmuigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo mar a leagtar amach i gCaibidil 12.
7. Gan dochar d’Airteagal 190, ní bheidh feidhm ag Airteagal 154 maidir le ceannach agus díolachán earraí nó seirbhísí arna dhéanamh ag fiontar faoi úinéireacht stáit, fiontar dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta nó monaplacht ainmnithe de chuid Páirtí sna hearnálacha a chumhdaítear leis na forchoimeádais a liostaítear in Iarscríbhinn 12-D nó i sceidil Chomhaontú GATS de ghealltanais shonracha de chuid an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinní 12-A, 12-B agus 12-C.
AIRTEAGAL 152
Gaolmhaireacht le Comhaontú EDT
1. Déantar míreanna 1 go 3 d’Airteagal XVII de GATT 1994, an Tuiscint ar Léiriú Airteagal XVII de GATT 1994 agus míreanna 1, 2 agus 5 d’Airteagal VIII de GATS a ionchorprú leis seo agus déantar cuid den Chomhaontú seo díobh, mutatis mutandis.
2. Beidh feidhm ag an Airteagal seo ó dháta aontachais Phoblacht na hÚisbéiceastáine don Eagraíocht Dhomhanda Trádála ar aghaidh nó 6 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, cibé acu is túisce.
AIRTEAGAL 153
Forálacha ginearálta
1. Gan dochar do chearta agus oibleagáidí gach Páirtí faoin Roinn seo, ní chuirtear cosc ar Pháirtí le haon ní sa Roinn seo fiontair faoi úinéireacht stáit a bhunú ná a choinneáil ar bun, cearta nó pribhléidí speisialta a dheonú d’fhiontair ná monaplachtaí a ainmniú nó a choinneáil ar bun.
2. Ní chuirfidh ceachtar den dá Pháirtí de cheanglas ar fhiontar faoi úinéireacht stáit, ar fhiontar dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta ná ar mhonaplacht ainmnithe gníomhú ar bhealach a bheadh ar neamhréir leis an Roinn seo, ná ní spreagfaidh ceachtar den dá Pháirtí fiontar nó monaplacht chun déanamh amhlaidh.
AIRTEAGAL 154
Cóir neamh-idirdhealaitheach agus breithnithe tráchtála
1. Áiritheoidh gach Páirtí go ngníomhóidh a fhiontair faoi úinéireacht stáit, a fhiontair dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta nó monaplachtaí ainmnithe, agus iad i mbun gníomhaíochtaí tráchtála agus earraí nó seirbhísí á gceannach nó á ndíol acu, i gcomhréir le breithnithe tráchtála, seachas chun aon téarma dá shainordú seirbhíse poiblí a chomhlíonadh nach bhfuil ar neamhréir le mír 2.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a fhiontair faoi úinéireacht stáit, a fhiontair dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta nó a mhonaplachtaí ainmnithe an méid seo a leanas agus iad ag gabhail do ghníomhaíochtaí tráchtála:
|
(a) |
agus earra nó seirbhís á ceannach acu:
|
|
(b) |
agus earra nó seirbhís á ceannach acu:
|
3. Le míreanna 1 agus 2, ní chuirtear bac ar fhiontair faoi úinéireacht stáit, ar fhiontair dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta ná ar fhiontair mhonaplachtaí ainmnithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
earraí nó seirbhísí a cheannach nó a sholáthar de réir téarmaí nó coinníollacha éagsúla, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le praghas, ar choinníoll go mbeidh na téarmaí nó na coinníollacha éagsúla sin nó a ndiúltú i gcomhréir le breithnithe tráchtála; nó |
|
(b) |
diúltú earraí nó seirbhísí a cheannach nó a sholáthar, ar choinníoll go dtugtar faoi théarmaí nó coinníollacha éagsúla den sórt sin i gcomhréir le breithnithe tráchtála. |
4. Tiocfaidh an tAirteagal seo chun bheith infheidhme 8 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
AIRTEAGAL 155
Creat rialála
1. Baineann gach Páirtí an úsáid is fearr is féidir as caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Treoirlínte ECFE maidir le Rialachas Corparáideach Fiontar faoi Úinéireacht Stáit.
2. Áiritheoidh gach Páirtí gur fíor an méid seo a leanas maidir le haon chomhlacht rialála nó aon chomhlacht eile a fheidhmíonn feidhm rialála a bhunaíonn sé nó a choinníonn sé ar bun:
|
(a) |
go mbeidh sé neamhspleách ar aon cheann de na fiontair atá faoi rialú an chomhlachta sin, agus nach mbeidh sé freagrach do na fiontair sin; agus |
|
(b) |
gníomhóidh sé go neamhchlaonta (17) i leith na bhfiontar uile arna rialú ag gcomhlacht sin, lena n-áirítear fiontair faoi úinéireacht stáit, fiontair dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta agus monaplachtaí ainmnithe (18). |
3. Gan dochar dá bhforchoimeádas in Iarscríbhinní 12-A, 12-B, 12-C agus 12-D, cuirfidh gach Páirtí a dhlíthe agus a rialacháin i bhfeidhm maidir le fiontair faoi úinéireacht stáit, fiontair dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta agus monaplachtaí ainmnithe ar bhealach comhsheasmhach neamh-idirdhealaitheach.
AIRTEAGAL 156
Malartú faisnéise
1. Aon Pháirtí a mheasann go bhfuil difear diúltach á dhéanamh dá leasanna faoin Roinn seo de deasca gníomhaíochtaí tráchtála atá ar siúl ag fiontar faoi úinéireacht stáit, fiontar dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta nó monaplacht ainmnithe (dá ngairtear ‘an t-eintiteas’ anseo feasta) de chuid an Pháirtí eile, féadfaidh sé a iarraidh ar an bPáirtí eile faisnéis i scríbhinn a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí tráchtála an eintitis, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le cur chun feidhme na Roinne seo, i gcomhréir le mír 2.
2. Cuirfidh an Páirtí iarrtha an fhaisnéis seo a leanas ar fáil, ar choinníoll go n-áireofar leis an iarraidh míniú ar an gcaoi a bhféadfadh difear a bheith á dhéanamh do leasanna an Pháirtí iarrthaigh faoin Roinn seo mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an eintitis, agus ar choinníoll go gcuirfear in iúl inti cén chuid den fhaisnéis seo a leanas a chuirfear ar fáil:
|
(a) |
úinéireacht agus struchtúr vótála an eintitis, lena sonrófar, maidir leis an bPáirtí iarrtha, a fhiontair faoi úinéireacht stáit, a fhiontair dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta nó a mhonaplachtaí ainmnithe, an céatadán de scaireanna san eintiteas atá faoina n-úinéireacht go carnach agus an céatadán de chearta vótála san eintiteas atá ina seilbh go carnach; |
|
(b) |
tuairisc ar aon scair speisialta nó ceart vótála speisialta nó ceart eile a shealbhaíonn an Páirtí iarrtha, a fhiontair faoi úinéireacht stáit, a fhiontair dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta nó a mhonaplachtaí ainmnithe, i gcás ina bhfuil na cearta sin éagsúil leis na cearta a ghabhann le gnáthscaireanna ginearálta an eintitis; |
|
(c) |
tuairisc ar struchtúr eagraíochtúil an eintitis agus ar chomhdhéanamh a bhord stiúrthóirí nó aon chomhlachta choibhéisigh eile de chuid an eintitis; |
|
(d) |
tuairisc ar na ranna rialtais nó na comhlachtaí poiblí a rialaíonn an t-eintiteas nó a dhéanann faireachán air, tuairisc ar na ceanglais tuairiscithe a fhorchuireann na ranna rialtais nó na comhlachtaí sin air, agus ar chearta agus cleachtais na ranna rialtais nó comhlachtaí sin maidir le feidhmeannaigh shinsearacha agus comhaltaí de bhord stiúrthóirí nó aon chomhlachta bainistíochta choibhéisigh an eintitis a cheapadh, a bhriseadh as a bpost nó luach a saothair a thabhairt dóibh; |
|
(e) |
ioncam bliantúil agus sócmhainní iomlána an eintitis thar an tréimhse 3 bliana is déanaí a bhfuil faisnéis ar fáil ina leith; |
|
(f) |
aon saoirseacht, díolúine nó beart gaolmhar a dtairbhíonn an t-eintiteas de faoi dhlíthe agus rialacháin an Pháirtí iarrtha; agus |
|
(g) |
aon fhaisnéis bhreise maidir leis an eintiteas atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear tuarascálacha airgeadais bliantúla agus iniúchtaí tríú páirtithe. |
3. Ní cheanglóidh forálacha mhír 1 agus mír 2 ar Pháirtí faisnéis rúnda a nochtadh, a mbeadh a nochtadh ar neamhréir le dlíthe agus le rialacháin an Pháirtí, a chuirfeadh bac ar fhorfheidhmiú an dlí, nó a bheadh bunoscionn le leas an phobail ar bhealach eile, nó a dhéanfadh dochar do leasanna tráchtála dlisteanacha fiontar áirithe.
4. Mura mbeidh an fhaisnéis a iarradh ar fáil don Pháirtí iarrtha, soláthróidh an Páirtí sin na cúiseanna leis sin i scríbhinn don Pháirtí a d’iarr an fhaisnéis.
5. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le FBManna.
CAIBIDIL 9
SOLÁTHAR RIALTAIS
AIRTEAGAL 157
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘earraí nó seirbhísí tráchtála’ earraí nó seirbhísí de chineál a dhíoltar nó a bhíonn ar díol go ginearálta sa mhargadh tráchtála le ceannaitheoirí neamhrialtasacha chun críoch neamhrialtais, agus arb iadsan a cheannaíonn de ghnáth iad; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘seirbhís foirgníochta’ seirbhís arb é is cuspóir di oibreacha sibhialta nó oibreacha tógála a bhaint amach ar cibé bealach, bunaithe ar Rannán 51 d’Aicmiú Lárnach Táirgí Sealadach na Náisiún Aontaithe; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘ceant leictreonach’ próiseas atriallach a mbíonn úsáid modhanna leictreonacha i gceist leis ionas go gcuirfidh soláthróir i láthair praghsanna nua nó luachanna nua d’eilimintí inchainníochtaithe neamhphraghais den tairiscint a bhaineann leis na critéir mheastóireachta, nó iad araon, a mbeidh rangú nó -athrangú tairiscintí ina thoradh air; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘i scríbhinn’ nó ‘scríofa’ aon léiriú i bhfocail nó in uimhreacha is féidir a léamh, a mhacasamhlú agus a chur in iúl níos déanaí. Féadfar faisnéis a tharchuirtear agus a stóráiltear go leictreonach a áireamh leis; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘nós imeachta teoranta tairisceana’ modh soláthair trína ndéanann an t-eintiteas soláthair teagmháil lena rogha soláthróir nó soláthróirí; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘beart’ aon dlí, rialachán, nós imeachta, treoirdhoiciméad riaracháin nó cleachtas, nó aon ghníomh de chuid eintitis soláthair a bhaineann le soláthar faoi chumhdach; |
|
(g) |
ciallaíonn ‘liosta ilúsáide’ liosta soláthróirí a chinn eintiteas soláthair a chomhlíonann na coinníollacha i dtaobh rannpháirtíocht sa liosta sin, agus a bheartaíonn an t-eintiteas soláthair leas a bhaint astu níos mó ná uair amháin; |
|
(h) |
ciallaíonn ‘fógra faoi sholáthar beartaithe’ fógra arna fhoilsiú ag eintiteas soláthair ina n-iarrtar ar sholáthróirí leasmhara iarraidh a thíolacadh ar rannpháirtíocht nó tairiscint a thíolacadh, nó iad araon; |
|
(i) |
ciallaíonn ‘fritháireamh’ aon choinníoll nó gealltanas lena spreagtar forbairt áitiúil nó lena gcuirtear feabhas ar chuntais comhardaithe íocaíochtaí Páirtí, amhail úsáid a bhaint as ábhar intíre, ceadúnú teicneolaíochta, infheistíocht, frith-thrádáil nó gníomh nó ceanglas comhchosúil; |
|
(j) |
ciallaíonn nós imeachta ‘tairisceana oscailte’ modh soláthair lenar féidir le gach soláthróir leasmhar tairiscint a thíolacadh; |
|
(k) |
ciallaíonn ‘eintiteas soláthair’ eintiteas a chumhdaítear le Ranna 1, 2 nó 3 d’Iarscríbhinn 9; |
|
(l) |
ciallaíonn ‘soláthróir cáilithe’ soláthróir a n-aithníonn eintiteas soláthair ina leith go bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhlíonta aige; |
|
(m) |
ciallaíonn nós imeachta ‘tairisceana ar cuireadh’ modh soláthair lena n-iarrann an t-eintiteas soláthair ar sholáthróirí cáilithe, agus orthu amháin, tairiscint a thíolacadh; |
|
(n) |
áirítear le ‘seirbhísí’ seirbhísí foirgníochta, mura sonraítear a mhalairt; |
|
(o) |
ciallaíonn ‘caighdeán’ doiciméad arna fhormheas ag comhlacht aitheanta agus lena bhforáiltear maidir le húsáid choiteann agus athúsáid, rialacha, treoirlínte nó saintréithe i ndáil le hearraí nó seirbhísí, nó maidir le próisis agus modhanna táirgthe gaolmhara, ar caighdeán é nach bhfuil a chomhlíonadh sainordaitheach agus lena bhféadfaí a áireamh go heisiach freisin, nó plé leo go heisiach, ceanglais maidir le téarmeolaíocht, siombailí, pacáistíocht, marcáil nó lipéadú de réir mar atá feidhm acu maidir le hearra, seirbhís, próiseas nó modh táirgthe; |
|
(p) |
ciallaíonn ‘soláthróir’ duine nó grúpa daoine a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí nó a d’fhéadfadh earraí nó seirbhísí a sholáthar; agus |
|
(q) |
ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ ceanglas tairisceana:
|
AIRTEAGAL 158
Raon feidhme agus cumhdach
1. Tiocfaidh an Chaibidil seo chun bheith infheidhme 10 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
2. Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le haon bheart a bhaineann le soláthar faoi chumhdach, cibé acu a dhéantar trí mheán leictreonach amháin é nó a dhéantar cuid de trí mheán leictreonach.
3. Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn ‘soláthar faoi chumhdach’ soláthar chun críoch rialtais:
|
(a) |
earra, seirbhíse, nó aon teaglaim díobh:
|
|
(b) |
trí aon mhodh conarthach, lena n-áirítear ceannach, fáil ar cíos nó fruilcheannach, i dteannta rogha ceannaigh nó gan í; |
|
(c) |
a bhfuil a luach, mar a mheastar é i gcomhréir le míreanna 6 go 8, cothrom leis an tairseach ábhartha a shonraítear in Iarscríbhinn 9, nó níos mó ná an tairseach sin, an tráth a fhoilseofar fógra i gcomhréir le hAirteagal 162; |
|
(d) |
arna dhéanamh ag eintiteas soláthair; agus |
|
(e) |
nach n-eisiatar ar shlí eile ón gcumhdach i mír 3 nó in Iarscríbhinn 9. |
4. Seachas i gcás ina bhforáiltear a mhalairt in Iarscríbhinn 9, níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
talamh, foirgnimh atá ann cheana nó maoin dhochorraithe eile a éadáil nó a fháil ar cíos, nó na cearta ina leith a éadáil nó a fháil ar cíos; |
|
(b) |
comhaontuithe neamhchonarthacha nó aon chineál cúnaimh a sholáthraíonn Páirtí, lena n-áirítear comhaontuithe comhoibríocha, deontais, iasachtaí, instealltaí cothromais, ráthaíochtaí agus dreasachtaí fioscacha; |
|
(c) |
soláthar nó fáil seirbhísí gníomhaireachta fioscaí nó taisclainne, seirbhísí leachtaithe agus bainistíochta i gcomhair institiúidí airgeadais faoi rialáil nó seirbhísí a bhaineann le fiachas poiblí a dhíol, a fhuascailt agus a dháileadh, lena n-áirítear iasachtaí agus bannaí rialtais, nótaí agus urrúis eile; |
|
(d) |
conarthaí fostaíochta poiblí; |
|
(e) |
soláthar a dhéantar:
|
5. Sonróidh gach Páirtí an fhaisnéis seo a leanas ina Fhoranna féin a ghabhann le hIarscríbhinn 9:
|
(a) |
i Roinn 1, na heintitis rialtais láir a gcumhdaítear a soláthar leis an gCaibidil seo; |
|
(b) |
i Roinn 2, na heintitis rialtais fo-láir a gcumhdaítear a soláthar leis an gCaibidil seo; |
|
(c) |
i Roinn 3, na heintitis ar fad eile a gcumhdaítear a soláthar leis an gCaibidil seo; |
|
(d) |
i Roinn 4, na hearraí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo; |
|
(e) |
i Roinn 5, na seirbhísí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, seachas seirbhísí foirgníochta; |
|
(f) |
i Roinn 6, na seirbhísí foirgníochta a chumhdaítear leis an gCaibidil seo; agus |
|
(g) |
i Roinn 7, aon nótaí ginearálta; |
|
(h) |
i Roinn 8, na meáin ina bhfoilsíonn gach Páirtí a fhógraí soláthair, a fhógraí dámhachtana, agus faisnéis eile a bhaineann lena chóras soláthair mar a leagtar amach sa Chaibidil seo. |
6. I gcás ina gceanglaíonn eintiteas soláthair, i gcomhthéacs soláthar faoi chumhdach, ar dhuine nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn 9 soláthar a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais áirithe, beidh feidhm ag Airteagal 160, mutatis mutandis, maidir leis na ceanglais sin.
7. Agus luach soláthair á mheas chun a fháil amach an soláthar faoi chumhdach atá ann, déanfaidh eintiteas soláthair an méid seo a leanas:
|
(a) |
ní roinnfidh sé soláthar ina sholáthairtí ar leithligh ná ní dhéanfaidh sé modh luachála áirithe a roghnú ná a úsáid chun luach soláthair a mheas agus é ar intinn aige é a eisiamh ina iomláine, nó cuid de a eisiamh, ó chur i bhfeidhm na Caibidle seo; agus |
|
(b) |
cuirfidh sé san áireamh uasluach measta iomlán an tsoláthair thar a shaolré iomlán, cibé acu ar sholáthróir amháin nó níos mó a dhéantar é a dhámhachtain, agus gach cineál luacha saothair á chur san áireamh, lena n-áirítear:
|
8. Má bhíonn sé ina thoradh ar cheanglas aonair ar sholáthar go ndéantar breis is conradh amháin a dhámhachtain, nó go ndéantar conarthaí a dhámhachtain ina gcodanna leithleacha (‘conarthaí athfhillteacha’), beidh ríomh an uasluacha iomláin mheasta bunaithe ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
luach conarthaí athfhillteacha i leith an chineáil chéanna earra nó seirbhíse a dámhadh i rith an 12 mhí roimhe sin nó i rith bliain fhioscach roimhe sin an eintitis soláthair, arna choigeartú, más féidir, chun athruithe réamh-mheasta a chur san áireamh ar chainníocht nó luach an earra nó na seirbhíse a bheidh á soláthar le linn na 12 mhí ina dhiaidh sin; nó |
|
(b) |
luach measta na gconarthaí athfhillteacha i leith an chineáil chéanna earra nó seirbhíse a bheidh le dámhachtain le linn an 12 mhí i ndiaidh an chéad dámhachtana conartha nó le linn bhliain fhioscach an eintitis soláthair. |
9. I gcás soláthar earra nó seirbhíse trí é nó í a fháil ar cíos nó a fhruilcheannach, nó soláthar nach bhfuil praghas iomlán sonraithe ina leith, is éard a bheidh sa bhonn luachála:
|
(a) |
i gcás conradh ar théarma seasta:
|
|
(b) |
más i leith tréimhse éiginnte atá an conradh, an tráthchuid mhíosúil mheasta arna hiolrú faoi 48; agus |
|
(c) |
mura bhfuiltear cinnte an conradh ar théarma seasta a bheidh sa chonradh, beidh feidhm ag pointe (b). |
AIRTEAGAL 159
Eisceachtaí slándála agus eisceachtaí ginearálta
1. Ní fhorléireofar aon ní sa Chaibidil seo mar chosc ar Pháirtí aon ghníomh a dhéanamh nó gan aon fhaisnéis a nochtadh a mheasann sé is gá ar mhaithe le cosaint a leasanna slándála fíor-riachtanacha a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
soláthar airm, armlón nó ábhar cogaidh; |
|
(b) |
soláthar atá fíor-riachtanach don tslándáil náisiúnta; nó |
|
(c) |
soláthar chun críoch cosanta náisiúnta. |
2. Faoi réir an cheanglais nach gcuirfí na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach lena ndéanfaí idirdhealú treallach nó idirdhealú gan údar idir na Páirtithe i gcás ina mbeadh na dálaí céanna i réim, nó ar bhealach lena mbeadh srian faoi cheilt ar thrádáil idirnáisiúnta, ní fhorléireofar aon ní sa Chaibidil seo mar ní lena gcuirfí cosc ar Pháirtí bearta a fhorchur nó a fhorfheidhmiú:
|
(a) |
ar bearta iad is gá chun moráltacht, ord nó sábháilteacht an phobail a chosaint; |
|
(b) |
ar bearta iad is gá chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint; |
|
(c) |
ar bearta iad is gá chun maoin intleachtúil a chosaint; nó |
|
(d) |
ar bearta iad a bhaineann le hearraí nó seirbhísí ó dhaoine faoi mhíchumas, institiúidí daonchairdiúla nó saothar príosúin. |
AIRTEAGAL 160
Prionsabail ghinearálta
1. I ndáil le haon bheart maidir le soláthar faoi chumhdach, déanfaidh gach Páirtí, lena n-áirítear a eintitis soláthair, cóir nach lú fabhar a thabhairt, láithreach agus gan choinníoll, d’earraí agus seirbhísí an Pháirtí eile agus do sholáthróirí an Pháirtí eile a chuireann earraí nó seirbhísí den sórt sin ar fáil, ná an chóir a thugann an Páirtí dá chuid earraí, seirbhísí agus soláthróirí féin.
2. I ndáil le haon bheart maidir le soláthar faoi chumhdach, ní dhéanfaidh Páirtí, lena n-áirítear a eintitis soláthair, an méid seo a leanas:
|
(a) |
cóir is lú fabhar a thabhairt do sholáthróir atá bunaithe go háitiúil ná mar a thugtar do sholáthróir eile atá bunaithe go háitiúil ar bhonn mhéid na cleamhnachta nó na húinéireachta eachtraí; nó |
|
(b) |
idirdhealú in aghaidh soláthróir atá bunaithe go háitiúil ar an mbonn gur earraí nó seirbhísí de chuid an Pháirtí eile iad na hearraí nó na seirbhísí a chuireann an soláthróir sin ar fáil i leith soláthar áirithe. |
3. Agus soláthar faoi chumhdach á dhéanamh trí mheán leictreonach, déanfaidh eintiteas soláthair an méid seo a leanas:
|
(a) |
a áirithiú go ndéanfar an soláthar trí úsáid a bhaint as córais agus bogearraí teicneolaíochta faisnéise, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le fíordheimhniú agus criptiú faisnéise, atá ar fáil i gcoitinne agus atá idir-inoibritheach le córais agus bogearraí teicneolaíochta faisnéise eile atá ar fáil i gcoitinne; |
|
(b) |
sásraí a choinneáil ar bun lena n-áiritheofar sláine iarratas ar rannpháirtíocht agus sláine tairiscintí, lena n-áirítear tráth na fála a leagan síos agus rochtain mhíchuí a chosc; agus |
|
(c) |
meán leictreonach faisnéise agus cumarsáide a úsáid chun fógraí agus doiciméadacht tairisceana i nósanna imeachta soláthair a fhoilsiú agus, a mhéid is féidir, chun tairiscintí a thíolacadh. |
4. Déanfaidh eintiteas soláthair an soláthar faoi chumhdach ar bhealach trédhearcach neamhchlaonta:
|
(a) |
atá comhsheasmhach leis an gCaibidil seo, agus úsáid á baint as modhanna amhail nós imeachta tairisceana oscailte, nós imeachta tairisceana ar cuireadh agus nós imeachta tairisceana teoranta; |
|
(b) |
lena seachnaítear coinbhleachtaí leasa; agus |
|
(c) |
lena gcoisctear cleachtais éillitheacha. |
5. Chun críoch soláthar faoi chumhdach, ní chuirfidh Páirtí rialacha tionscnaimh i bhfeidhm maidir le hearraí nó seirbhísí a allmhairítear ón bPáirtí eile nó a sholáthraítear ón bPáirtí eile, ar rialacha iad atá éagsúil leis na rialacha tionscnaimh a chuireann an Páirtí i bhfeidhm an tráth céanna le linn na gnáththrádála maidir le hallmhairí nó soláthairtí na n-earraí nó na seirbhísí céanna ón bPáirtí.
6. Maidir le soláthar faoi chumhdach, ní fhéachfaidh Páirtí, lena n-áirítear a eintitis soláthair, le haon fhritháireamh a fháil, ní chuirfidh sé aon fhritháireamh san áireamh, ní fhorchuirfidh sé aon fhritháireamh ná ní fhorfheidhmeoidh sé aon fhritháireamh.
7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
dleachtanna custaim agus muirir de chineál ar bith a fhorchuirtear ar allmhairiú nó i ndáil le hallmhairiú; |
|
(b) |
an chaoi a ndéantar na dleachtanna agus na muirir sin a thobhach; agus |
|
(c) |
rialacháin nó foirmiúlachtaí allmhairiúcháin eile agus bearta a théann i bhfeidhm ar thrádáil i seirbhísí seachas bearta lena rialaítear soláthar faoi chumhdach. |
8. Áiritheoidh gach Páirtí go bhfuil bearta iomchuí ar bun aige chun dul i ngleic le héilliú ina sholáthar rialtais. Féadfar a áireamh sna bearta sin nósanna imeachta chun incháilitheacht soláthróirí le haghaidh rannpháirtíocht i soláthairtí an Pháirtí a bhaint, ar feadh tréimhse éiginnte nó ar feadh tréimhse shainráite, ar soláthróirí iad ar chinn údaráis bhreithiúnacha an Pháirtí ina leith, trí chinneadh críochnaitheach, go ndearna siad gníomhaíochtaí calaoiseacha nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile i ndáil le soláthar rialtais i gcríoch an Pháirtí sin. Áiritheoidh gach Páirtí freisin go bhfuil beartais agus nósanna imeachta ar bun aige chun fáil réidh, a mhéid is féidir, le haon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca leis na daoine a bhíonn i mbun soláthair nó a bhfuil tionchar acu ar sholáthar, nó an coinbhleacht sin a bhainistiú.
AIRTEAGAL 161
Faisnéis faoin gcóras soláthair
1. Déanfaidh gach Páirtí:
|
(a) |
aon dlí, rialachán, cinneadh breithiúnach, rialú riarthach a bhfuil feidhm ghinearálta aige, clásal conartha caighdeánach arna shainordú le dlí nó rialachán agus arna chorprú trí thagairt i bhfógraí nó i ndoiciméadacht agus nós imeachta tairisceana maidir le soláthar faoi chumhdach, agus aon mhodhnú orthu, a fhoilsiú go pras i meán leictreonach nó meán páipéir arna ainmniú go foirmiúil, a scaiptear go forleathan agus a mbíonn rochtain éasca ag an bpobal air; agus |
|
(b) |
míniú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar don Pháirtí eile, arna iarraidh sin. |
2. Liostóidh gach Páirtí na nithe seo a leanas i Roinn 8 d’Iarscríbhinn 9:
|
(a) |
an meán leictreonach nó an meán páipéir ina bhfoilsíonn an Páirtí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1; |
|
(b) |
an meán leictreonach nó an meán páipéir ina bhfoilsíonn an Páirtí na fógraí a cheanglaítear le hAirteagail 162, 164 agus 171; agus |
|
(c) |
seoladh an tsuímh gréasáin nó seoltaí na suíomhanna gréasáin ar a bhfoilsíonn an Páirtí a fhógraí maidir le conarthaí arna ndámhachtain de bhun Airteagal 171(2). |
3. Tabharfaidh gach Páirtí fógra go pras don Choiste um Chomhar agus é ag gníomhú i bhfoirmíocht trádála faoi aon mhodhnú ar a mhodhanna faisnéise a liostaítear i Roinn 8 d’Iarscríbhinn 9.
AIRTEAGAL 162
Fógraí
1. I gcás gach soláthair faoi chumhdach, foilseoidh eintiteas soláthair fógra faoi sholáthar beartaithe, ach amháin sna himthosca a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 168.
Na fógraí uile (fógraí faoi sholáthar beartaithe, an fógra achomair agus an fógra faoi sholáthar pleanáilte), beidh siad inrochtana go díreach trí mheán leictreonach, saor in aisce, trí phointe rochtana aonair ar an idirlíon. Ina theannta sin, féadfar na fógraí a fhoilsiú freisin i meán páipéir iomchuí a scaipfear go forleathan agus beidh rochtain éasca ag an bpobal ar na fógraí sin, ar a laghad go dtí go mbeidh an tréimhse ama a luaitear san fhógra imithe in éag.
Liostóidh gach Páirtí an meán páipéir agus an meán leictreonach iomchuí i Roinn 8 d’Iarscríbhinn 9.
2. Seachas i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Chaibidil seo, áireofar le gach fógra faoi sholáthar beartaithe an méid seo a leanas:
|
(a) |
ainm agus seoladh an eintitis soláthair agus faisnéis eile is gá chun teagmháil a dhéanamh leis an eintiteas soláthair agus na doiciméid ábhartha go léir a fháil a bhaineann leis an soláthar, agus a gcostas agus a dtéarmaí íocaíochta, más ann dóibh; |
|
(b) |
tuairisc ar an soláthar, lena n-áirítear cineál agus cainníocht na n-earraí nó na seirbhísí atá le soláthar nó, mura bhfuil an chainníocht ar eolas, an chainníocht mheasta; |
|
(c) |
i gcás conarthaí athfhillteacha, meastachán, más féidir, ar uainiú fógraí ina dhiaidh sin faoi sholáthar beartaithe; |
|
(d) |
tuairisc ar na roghanna; |
|
(e) |
an tréimhse ama i ndáil le hearraí nó seirbhísí a sheachadadh, nó fad an chonartha; |
|
(f) |
an modh soláthair a úsáidfear agus cé acu a bheidh caibidlíocht nó ceant leictreonach i gceist leis; |
|
(g) |
más infheidhme, an seoladh agus aon dáta deiridh i dtaobh iarrataí ar rannpháirtíocht sa soláthar a thíolacadh; |
|
(h) |
an seoladh agus an dáta deiridh i dtaobh tairiscintí a thíolacadh; |
|
(i) |
an teanga nó na teangacha ina bhféadfar tairiscintí nó iarrataí ar rannpháirtíocht a thíolacadh, cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar iad a thíolacadh i dteanga seachas teanga oifigiúil de chuid Pháirtí an eintitis soláthair; |
|
(j) |
liosta d’aon choinníollacha maidir le rannpháirtíocht soláthróirí, agus tuairisc ghearr ar na coinníollacha sin, lena n-áirítear aon cheanglas maidir le doiciméid nó deimhnithe sonracha atá le soláthar ag soláthróirí ina leith sin, mura n-áirítear na ceanglais sin i ndoiciméadacht tairisceana a chuirfear ar fáil do na soláthróirí leasmhara go léir an tráth céanna leis an bhfógra faoi sholáthar beartaithe; |
|
(k) |
más rud é, de bhun Airteagal 164, go bhfuil sé ar intinn ag eintiteas soláthair líon teoranta soláthróirí cáilithe a roghnú a n-iarrfar orthu tairiscint a thíolacadh, na critéir a úsáidfear chun iad a roghnú agus, más infheidhme, aon teorainn ar líon na soláthróirí a gceadófar dóibh tairiscint a thíolacadh; agus |
|
(l) |
léiriú go gcumhdaítear an soláthar faoi chumhdach sa Chaibidil seo. |
3. I leith gach cáis de sholáthar beartaithe, foilseoidh an t-eintiteas soláthair fógra achomair atá inrochtana go héasca, an tráth céanna le foilsiú an fhógra faoi sholáthar beartaithe, i mBéarla. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, san fhógra achomair:
|
(a) |
ábhar an tsoláthair; |
|
(b) |
an dáta deiridh faoina bhféadfar tairiscintí a thíolacadh nó, más infheidhme, aon dáta deiridh faoina bhféadfar iarratais a dhéanamh ar rannpháirtíocht sa soláthar nó ar bheith san áireamh ar liosta ilúsáide; agus |
|
(c) |
an seoladh ag a bhféadfar doiciméid a bhaineann leis an soláthar a iarraidh. |
4. Moltar d’eintitis soláthair fógra a fhoilsiú faoina bpleananna soláthair amach anseo (‘fógra faoi sholáthar pleanáilte’) chomh luath agus is féidir i ngach bliain fhioscach sa mheán leictreonach iomchuí, agus má tá fáil air, sa mheán páipéir iomchuí a liostaítear i Roinn 8. Foilseofar an fógra faoi sholáthar pleanáilte freisin ar an láithreán pointe rochtana aonair a liostaítear i Roinn 8. Ba cheart a chur san áireamh san fhógra faoi sholáthar pleanáilte ábhar an tsoláthair agus an dáta nó tréimhse a bhfuil sé i gceist an fógra faoi sholáthar beartaithe a fhoilsiú.
5. Maidir le heintiteas soláthair a chumhdaítear faoi Ranna 2 nó 3, féadfaidh sé fógra faoi sholáthar pleanáilte a úsáid mar fhógra faoi sholáthar beartaithe ar choinníoll go n-áirítear san fhógra faoi sholáthar pleanáilte a oiread den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus atá ar fáil don eintiteas, chomh maith le ráiteas gur chóir do sholáthróirí leasmhara a leas sa soláthar a chur in iúl don eintiteas soláthair.
AIRTEAGAL 163
Coinníollacha maidir le rannpháirtíocht
1. Déanfaidh eintiteas soláthair aon choinníoll maidir le rannpháirtíocht i soláthar a theorannú dóibh siúd atá fíor-riachtanach lena áirithiú go mbeidh an acmhainneacht dhlíthiúil, an acmhainneacht airgeadais agus na cumais tráchtála agus theicniúla ag soláthróir chun an soláthar ábhartha a ghabháil ar láimh.
2. Agus na coinníollacha rannpháirtíochta á mbunú, ní dhéanfaidh eintiteas soláthair an méid seo a leanas:
|
(a) |
an coinníoll a fhorchur, chun go mbeidh soláthróir in ann páirt a ghlacadh i soláthar, gur dhámh eintiteas soláthair Páirtí conradh amháin nó níos mó don soláthróir roimhe sin ach go bhféadfaidh sé taithí ábhartha a éileamh más fíor-riachtanach chun ceanglais an tsoláthair a chomhlíonadh; agus |
|
(b) |
an coinníoll a fhorchur go bhfuil taithí roimh ré ag an soláthróir i gcríoch an Pháirtí ach féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, a cheangal ar an tairgeoir aon taithí roimhe sin a fuarthas i ndálaí sonracha aeráide nó topagrafacha a léiriú. |
3. Agus é á mheasúnú aige cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta á gcomhlíonadh ag soláthróir, déanfaidh eintiteas soláthair an méid seo a leanas:
|
(a) |
meastóireacht ar acmhainneacht airgeadais agus ar chumais tráchtála agus theicniúla soláthróra ar bhonn ghníomhaíochtaí gnó an tsoláthróra sin laistigh de chríoch Pháirtí an eintitis soláthair agus lasmuigh den chríoch sin; agus |
|
(b) |
bunóidh sé a mheastóireacht ar na coinníollacha a bheidh sonraithe ag an eintiteas soláthair roimh ré i bhfógraí nó i ndoiciméadacht tairisceana. |
4. Más ann d’fhianaise thacaíochta, féadfaidh Páirtí, lena n-áirítear a eintitis soláthair, soláthróir a eisiamh ar na forais seo a leanas:
|
(a) |
féimheacht; |
|
(b) |
dearbhuithe bréagacha; |
|
(c) |
easnaimh nach beag nó easnaimh leanúnacha i ndáil le haon cheanglas substainteach nó aon oibleagáid shubstainteach a fheidhmiú faoi chonradh nó conarthaí roimh ré; |
|
(d) |
breithiúnais chríochnaitheacha i leith coireanna tromchúiseacha nó cionta tromchúiseacha eile; |
|
(e) |
mí-iompar gairmiúil nó gníomhartha nó neamhghníomhartha lena dtugtar léargas diúltach ar ionracas tráchtála an tsoláthróra; |
|
(f) |
gan a chuid cánacha a bheith íoctha aige; nó |
|
(g) |
incháilitheacht an tsoláthróra le haghaidh rannpháirtíochta a bheith bainte de bhun Airteagal 160(9). |
AIRTEAGAL 164
Cáiliú soláthróirí
1. Féadfaidh Páirtí, lena n-áirítear a eintitis soláthair, córas clárúcháin soláthróirí a choinneáil ar bun lena gceanglófar ar sholáthróirí leasmhara clárú leis agus faisnéis áirithe a sholáthar. I gcás den sórt sin, áiritheoidh an Páirtí go mbeidh rochtain ag soláthróirí leasmhara ar fhaisnéis ar an gcóras clárúcháin agus go bhféadfaidh siad clárúchán a iarraidh tráth ar bith. An t-eintiteas soláthair nó an t-údarás eile atá i gceannas ar an gcóras clárúcháin soláthróra, cuirfidh sé na soláthróirí leasmhara ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnach ama faoin gcinneadh chun a n-iarraidh a dheonú nó a dhiúltú. I gcás ina ndiúltófar an iarraidh, beidh an cinneadh cuí-réasúnaithe.
2. Áiritheoidh gach Páirtí:
|
(a) |
go ndéanfaidh a eintitis soláthair iarrachtaí chun difríochtaí idir a nósanna imeachta cáiliúcháin a íoslaghdú; agus |
|
(b) |
i gcás ina gcoinníonn a eintitis soláthair córais chlárúcháin ar bun, go ndéanfaidh na heintitis iarrachtaí difríochtaí idir a gcórais chlárúcháin a íoslaghdú. |
3. Ní dhéanfaidh Páirtí, lena n-áirítear a eintitis soláthair, córas clárúcháin nó nós imeachta cáiliúcháin a ghlacadh ná a chur i bhfeidhm a bhfuil sé ina chuspóir leis nó d’éifeacht aige bacainní gan ghá a chruthú ar rannpháirtíocht soláthróirí de chuid an Pháirtí eile ina sholáthar féin.
4. Má tá sé ar intinn ag eintiteas soláthair nós imeachta tairisceana ar cuireadh a úsáid, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
(a) |
áireoidh sé san fhógra faoi sholáthar beartaithe an fhaisnéis a shonraítear i bpointí (a), (b), (f), (g), (j), (k) agus (l) d’Airteagal 162(3) ar a laghad, agus iarrfaidh sé ar sholáthróirí iarraidh ar rannpháirtíocht a thíolacadh; agus |
|
(b) |
faoi thosach na tréimhse tairisceana, déanfaidh sé an fhaisnéis a shonraítear i bpointí (c), (d), (e), (h) agus (i) d’Airteagal 162(3), ar a laghad, a sholáthar do na soláthróirí cáilithe a dtugann sé fógra dóibh mar a shonraítear i bpointe (b) d’Airteagal 166(3). |
5. Ceadóidh eintiteas soláthair do gach soláthróir cáilithe a bheith rannpháirteach i soláthar áirithe, ach amháin má shonraíonn an t-eintiteas soláthair, san fhógra faoi sholáthar beartaithe, aon teorainn leis an líon soláthróirí a gceadófar dóibh tairiscint a dhéanamh, nó má shonraíonn sé na critéir maidir leis an líon teoranta soláthróirí a roghnú. Díreofar cuireadh chun tairisceana a thíolacadh ar an líon soláthróirí a bhfuil gá leo chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú.
6. Mura gcuirtear an doiciméadacht tairisceana ar fáil go poiblí ó dháta foilsithe an fhógra dá dtagraítear i mír 4, áiritheoidh eintiteas soláthair go gcuirfear ar fáil í an tráth céanna do na soláthróirí cáilithe uile a roghnaítear i gcomhréir le mír 5.
7. Féadfaidh eintiteas soláthair liosta ilúsáide soláthróirí a choinneáil ar bun, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir le fógra lena n-iarrtar ar sholáthróirí leasmhara iarratas a dhéanamh ar bheith san áireamh ar an liosta:
|
(a) |
go bhfoilseofar go bliantúil é; agus |
|
(b) |
má fhoilsítear trí mheán leictreonach é, go gcuirfear ar fáil go leanúnach é, sa mheán iomchuí a liostaítear i Roinn 8. |
8. Áireofar san fhógra dá bhforáiltear i mír 7:
|
(a) |
tuairisc ar na hearraí nó na seirbhísí, nó ar chatagóirí díobh, a bhféadfar an liosta a úsáid ina leith; |
|
(b) |
na coinníollacha rannpháirtíochta nach mór do sholáthróirí a chomhlíonadh i dtaobh a bheith san áireamh ar an liosta agus na modhanna a úsáidfidh an t-eintiteas soláthair lena fhíorú go gcomhlíonann soláthróir na coinníollacha; |
|
(c) |
ainm agus seoladh an eintitis soláthair agus faisnéis eile a bhfuil gá léi chun teagmháil a dhéanamh leis an eintiteas agus na doiciméid ábhartha uile a fháil a bhaineann leis an liosta; |
|
(d) |
tréimhse bhailíochta an liosta agus na modhanna chun é a athnuachan nó a fhoirceannadh, nó, mura soláthraítear an tréimhse bhailíochta, léiriú ar an gcaoi a dtabharfar fógra maidir le húsáid an liosta a fhoirceannadh; agus |
|
(e) |
léiriú go bhféadfar an liosta a úsáid le haghaidh soláthar a chumhdaítear leis an gCaibidil seo. |
9. D’ainneoin mhír 7, má tá liosta ilúsáide le bheith bailí go ceann 3 bliana nó níos lú, ní fhéadfaidh eintiteas soláthair an fógra dá dtagraítear i mír 7 a fhoilsiú ach aon uair amháin, ag tús thréimhse bhailíochta an liosta, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an bhfógra:
|
(a) |
go sonrófar ann an tréimhse bhailíochta agus nach bhfoilseofar tuilleadh fógraí; agus |
|
(b) |
go bhfoilseofar trí mheán leictreonach é agus go gcuirfear ar fáil go leanúnach é le linn na tréimhse bhailíochta. |
10. Ceadóidh eintiteas soláthair do sholáthróirí iarratas a dhéanamh aon tráth ar bheith san áireamh ar liosta ilúsáide agus áireoidh sé na soláthróirí cáilithe go léir ar an liosta laistigh de thréimhse réasúnta gearr.
11. Má dhéanann soláthróir nach bhfuil san áireamh ar liosta ilúsáide iarraidh ar rannpháirtíocht a thíolacadh i soláthar atá bunaithe ar liosta ilúsáide, in éineacht leis na doiciméid uile a cheanglaítear, laistigh den tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 166(2), déanfaidh eintiteas soláthair scrúdú ar an iarraidh. Ní dhéanfaidh an t-eintiteas soláthair an soláthróir a eisiamh óna bhreithniú i leith an tsoláthair ar an mbonn nach bhfuil a dhóthain ama ag an eintiteas chun scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh, ach amháin, i gcásanna eisceachtúla, i ngeall ar chastacht an tsoláthair, i gcás nach bhfuil an t-eintiteas in ann an scrúdú ar an iarraidh a thabhairt chun críche laistigh den tréimhse ama a cheadaítear chun tairiscintí a thíolacadh.
12. Eintiteas soláthair a chumhdaítear faoi Ranna 2 agus 3 d’Iarscríbhinn 9, féadfaidh sé úsáid a bhaint as fógra lena n-iarrtar ar sholáthróirí iarratas a dhéanamh ar bheith san áireamh ar liosta ilúsáide mar fhógra faoi sholáthar beartaithe, ar choinníoll:
|
(a) |
go bhfoilseofar an fógra i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo agus go n-áireofar ann an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 8 den Airteagal seo, a oiread den fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 162 (3) agus a bheidh ar fáil, chomh maith le ráiteas gur fógra faoi sholáthar beartaithe atá ann nó nach bhfaighidh ach na soláthróirí ar an liosta ilúsáide tuilleadh fógraí faoi sholáthair a chumhdaítear leis an liosta ilúsáide; agus |
|
(b) |
maidir le soláthróirí a bhfuil sé curtha in iúl don eintiteas acu go bhfuil leas acu i soláthar ar leith, go soláthróidh an t-eintiteas go pras dóibh faisnéis leordhóthanach chun go bhféadfaidh siad a leas sa soláthar a mheasúnú, lena n-áirítear an fhaisnéis eile go léir a cheanglaítear in Airteagal 162(3), a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil. |
13. Eintiteas soláthair a chumhdaítear faoi Ranna 2 agus 3 d’Iarscríbhinn 9, féadfaidh sé cead a thabhairt do sholáthróir, ar soláthróir é a rinne iarratas ar bheith san áireamh ar liosta ilúsáide i gcomhréir le mír 10, tairiscint a thíolacadh i leith soláthar ar leith, má tá a dhóthain ama ag an eintiteas soláthair chun scrúdú a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann an soláthróir na coinníollacha rannpháirtíochta.
14. Aon soláthróir a thíolacfaidh iarraidh ar rannpháirtíocht i soláthar nó iarratas ar a bheith san áireamh ar liosta ilúsáide, cuirfidh an t-eintiteas soláthair ar an eolas é go pras faoina chinneadh i ndáil leis an iarraidh nó an iarratas.
15. Má dhiúltaíonn eintiteas soláthair d’iarraidh ó sholáthróir ar rannpháirtíocht i soláthar nó dá iarraidh ar bheith san áireamh ar liosta ilúsáide, nó mura n-aithníonn an t-eintiteas a thuilleadh go bhfuil an soláthróir cáilithe, nó má bhaineann sé soláthróir de liosta ilúsáide, cuirfidh an t-eintiteas soláthair an soláthróir ar an eolas faoi sin go pras agus, arna iarraidh sin don soláthróir, soláthróidh sé míniú i scríbhinn go pras don soláthróir ar na cúiseanna lena chinneadh.
AIRTEAGAL 165
Sonraíochtaí teicniúla agus doiciméadacht tairisceana
1. Ní dhéanfaidh eintiteas soláthair aon sonraíocht theicniúil a ullmhú, a ghlacadh ná a chur i bhfeidhm ná ní fhorordóidh sé aon nós imeachta um measúnú comhréireachta a mbeadh de chuspóir nó d’éifeacht aige bacainní neamhriachtanacha ar thrádáil idir na Páirtithe a chruthú.
2. Agus na sonraíochtaí teicniúla maidir leis na hearraí nó na seirbhísí atá á soláthar á bhforordú ag an eintiteas soláthair, déanfaidh sé an méid seo a leanas, más iomchuí:
|
(a) |
an tsonraíocht theicniúil a leagan amach i dtéarmaí ceanglais feidhmíochta agus ceanglais fheidhmiúla, seachas saintréithe dearaidh nó saintréithe tuairisciúla; agus |
|
(b) |
an tsonraíocht theicniúil a bhunú ar chaighdeáin idirnáisiúnta a aithníonn an Páirtí; De rogha air sin, bunóidh sé iad ar rialacháin theicniúla náisiúnta, ar chaighdeáin aitheanta náisiúnta nó ar chóid tógála. |
3. Má úsáidtear saintréithe dearaidh nó tuairisciúla sna sonraíochtaí teicniúla, ba cheart d’eintiteas soláthair a thabhairt le fios, más iomchuí, go ndéanfaidh sé tairiscintí earraí nó seirbhísí coibhéiseacha a mheas, ar léir go gcomhlíonann siad ceanglais an tsoláthair mar go bhfuil focail amhail ‘nó a choibhéis’ san áireamh sa doiciméadacht tairisceana a bhaineann leo.
4. Ní fhorordóidh eintiteas soláthair sonraíochtaí teicniúla lena gceanglaítear trádmharc nó trádainm, paitinn, cóipcheart, dearadh, cineál, tionscnamh sonrach, táirgeoir nó soláthróir áirithe, nó ina dtagraítear do cheann áirithe díobh sin, ach amháin i gcás nach bhfuil bealach eile beacht nó intuigthe a dhóthain ann chun tuairisc a thabhairt ar na ceanglais soláthair, agus ar choinníoll, i gcásanna den sórt sin, go gcuirfidh an t-eintiteas focail amhail ‘nó a choibhéis’ san áireamh sa doiciméadacht tairisceana.
5. I gcás eintiteas soláthair, ní dhéanfaidh sé comhairle a lorg nó a ghlacadh, ar bhealach a mbeadh sé d’éifeacht aige iomaíocht a chosc, ó dhuine a bhféadfadh leas tráchtála a bheith aige sa soláthar, ar comhairle í a fhéadfar a úsáid chun aon sonraíocht theicniúil i leith soláthar sonrach a ullmhú nó a ghlacadh.
6. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, féadfaidh Páirtí, lena n-áirítear a eintitis soláthair, sonraíochtaí teicniúla a ullmhú, a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm chun caomhnú acmhainní nádúrtha a chur chun cinn nó chun an comhshaol a chosaint, ar choinníoll go ndéanfaidh sé amhlaidh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Féadfaidh Páirtí an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
a cheadú d’údaráis chonarthacha breithnithe comhshaoil agus sóisialta a chur san áireamh le linn an nós imeachta soláthair, ar choinníoll go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad nasctha le hábhar an chonartha; agus |
|
(b) |
bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar a oibleagáidí i réimsí dhlí an chomhshaoil, an dlí shóisialta agus dhlí an tsaothair, lena n-áirítear na hoibleagáidí faoi Chaibidil 10. |
7. Cuirfidh eintiteas soláthair doiciméadacht tairisceana ar fáil do sholáthróirí ina n-áireofar an fhaisnéis uile is gá lena cheadú do sholáthróirí tairiscintí inghlactha a ullmhú agus a thíolacadh. Mura bhfuil sí soláthartha cheana san fhógra faoi sholáthar beartaithe, áireofar sa doiciméadacht sin tuairisc iomlán ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
an soláthar, lena n-áirítear cineál agus cainníocht na n-earraí nó na seirbhísí atá le soláthar nó, mura bhfuil an chainníocht ar eolas, an chainníocht mheasta agus aon cheanglas atá le comhlíonadh, lena n-áirítear sonraíochtaí teicniúla, deimhniú um measúnú comhréireachta, pleananna, líníochtaí nó ábhar teagaisc; |
|
(b) |
aon choinníollacha maidir le rannpháirtíocht soláthróirí, lena n-áirítear liosta faisnéise agus doiciméad a gceanglaítear ar sholáthróirí iad a thíolacadh i ndáil leis na coinníollacha rannpháirtíochta sin; |
|
(c) |
na critéir mheastóireachta uile a chuirfidh an t-eintiteas i bhfeidhm agus tábhacht choibhneasta na gcritéar sin, ach amháin i gcás inarb é praghas an t-aon chritéar; |
|
(d) |
i gcás ina bhfuil an t-eintiteas soláthair chun an soláthar a dhéanamh trí mheán leictreonach, aon cheanglas maidir le fíordheimhniú agus criptiú nó aon cheanglas eile a bhaineann le faisnéis a thíolacadh trí mheán leictreonach; |
|
(e) |
má tá an t-eintiteas soláthair chun ceant leictreonach a chur ar bun, na rialacha, lena n-áirítear sainaithint eilimintí na tairisceana a bhaineann leis na critéir mheastóireachta, ar dá réir a dhéanfar an ceant; |
|
(f) |
más rud é go n-osclófar tairiscintí go poiblí, an dáta, an t-am agus an áit a n-osclófar iad agus, más iomchuí, na daoine atá údaraithe le bheith i láthair; |
|
(g) |
aon téarma nó coinníoll eile, lena n-áirítear téarmaí íocaíochta agus aon teorainn ar na modhanna trína bhféadfar tairiscintí a thíolacadh, amhail cibé acu ar pháipéar nó trí mheán leictreonach a thíolacfar iad; agus |
|
(h) |
aon dátaí maidir le seachadadh earraí nó soláthar seirbhísí. |
8. Agus aon dáta á leagan síos le haghaidh seachadadh earraí nó soláthar seirbhísí atá á soláthar, cuirfidh eintiteas soláthair san áireamh tosca amhail castacht an tsoláthair, méid na fochonraitheoireachta a bhfuil coinne leis agus an tréimhse réalaíoch a cheanglaítear chun earraí a tháirgeadh, a dhístocáil agus a iompar ón bpointe soláthair nó chun seirbhísí a sholáthar.
9. I measc na gcritéar meastóireachta a leagtar amach san fhógra faoi sholáthar beartaithe nó sa doiciméadacht tairisceana, féadfar praghas agus tosca praghais eile a chur san áireamh, mar aon le cáilíocht, fiúntas teicniúil, tréithe comhshaoil agus téarmaí seachadta.
10. Déanfaidh eintiteas soláthair an méid seo a leanas go pras:
|
(a) |
doiciméadacht tairisceana a chur ar fáil lena áirithiú go mbeidh a ndóthain ama ag soláthróirí leasmhara chun tairiscintí inghlactha a thíolacadh; |
|
(b) |
an doiciméadacht tairisceana a sholáthar, arna iarraidh sin, d’aon soláthróir leasmhar; agus |
|
(c) |
freagra a thabhairt ar aon iarraidh réasúnach ar fhaisnéis ábhartha ó aon soláthróir leasmhar nó aon soláthróir rannpháirteach, ar choinníoll nach dtabharfaidh an fhaisnéis sin buntáiste don soláthróir sin thar soláthróirí eile. |
11. I gcás ina ndéanann eintiteas soláthair modhnú ar na critéir nó na ceanglais a leagtar amach san fhógra faoi sholáthar beartaithe nó sa doiciméadacht tairisceana a sholáthraítear do sholáthróirí rannpháirteacha, nó i gcás ina ndéanann sé fógra nó doiciméadacht tairisceana a leasú nó a atheisiúint, tarchuirfidh sé, i scríbhinn, gach modhnú den sórt sin nó an fógra nó an doiciméadacht tairisceana leasaithe nó atheisithe:
|
(a) |
chuig na soláthróirí uile atá rannpháirteach tráth an mhodhnaithe, an leasaithe nó na hatheisiúna, más eol don eintiteas cé na soláthróirí sin agus, i ngach cás eile, ar an mbealach céanna ar cuireadh an fhaisnéis bhunaidh ar fáil; agus |
|
(b) |
in am trátha chun ligean do na soláthróirí sin tairiscintí leasaithe a mhodhnú agus a thíolacadh an athuair, de réir mar is iomchuí. |
AIRTEAGAL 166
Tréimhsí ama
1. Déanfaidh eintiteas soláthair, chun bheith comhsheasmhach lena riachtanais réasúnta féin, tréimhse ama leordhóthanach a chur ar fáil do sholáthróirí chun iarrataí ar rannpháirtíocht agus tairiscintí inghlactha a ullmhú agus a thíolacadh, agus tosca amhail na cinn seo a leanas á gcur san áireamh:
|
(a) |
cineál agus castacht an tsoláthair; |
|
(b) |
méid na fochonraitheoireachta a réamh-mheastar; agus |
|
(c) |
an t-am is gá chun tairiscintí a tharchur trí mheán neamhleictreonach ó phointí eachtracha agus ó phointí intíre mura n-úsáidtear modhanna leictreonacha. |
Na tréimhsí ama sin, lena n-áirítear aon síneadh ar na tréimhsí ama, is mar an gcéanna a bheidh siad i gcás na soláthróirí leasmhara nó na soláthróirí rannpháirteacha go léir.
2. Eintiteas soláthair a úsáideann nós imeachta tairisceana ar cuireadh, suífidh sé nach mbeidh an dáta deiridh le haghaidh iarrataí ar rannpháirtíocht a thíolacadh, i bprionsabal, níos luaithe ná 25 lá ó dháta foilsithe an fhógra faoi sholáthar beartaithe. Má fhágann staid phráinne atá cuí-réasúnaithe ag an eintiteas soláthair go bhfuil an tréimhse sin dodhéanta, féadfar an tréimhse a laghdú go tréimhse nach lú ná 10 lá.
3. Ach amháin mar a fhoráiltear maidir leis i míreanna 4, 5, 7 agus 8, suífidh eintiteas soláthair nach mbeidh an dáta deiridh faoina bhféadfar tairiscintí a thíolacadh níos luaithe ná 40 lá ón dáta:
|
(a) |
i gcás nós imeachta tairisceana oscailte, a fhoilseofar an fógra faoi sholáthar beartaithe; nó |
|
(b) |
i gcás nós imeachta tairisceana ar cuireadh, tabharfaidh an t-eintiteas fógra do sholáthróirí go n-iarrfar orthu tairiscintí a thíolacadh, cibé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann sé liosta ilúsáide. |
4. Féadfaidh eintiteas soláthair an tréimhse ama chun tairiscint a thíolacadh a laghdú go dtí tráth nach lú ná 20 lá sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
tá fógra faoi sholáthar pleanáilte foilsithe ag an eintiteas soláthair i gcomhréir le hAirteagal 162 (4) 40 lá ar a laghad, agus tráth nach mó ná 12 mhí roimh fhoilsiú an fhógra faoi sholáthar beartaithe, agus tá na nithe seo a leanas san fhógra faoi sholáthar pleanáilte:
|
|
(b) |
maidir le conarthaí de chineál athfhillteach, i gcás ina léiríonn an t-eintiteas soláthair i bhfógra tosaigh faoi sholáthar beartaithe, go soláthrófar i bhfógraí ina dhiaidh sin tréimhsí tairisceana bunaithe ar an mír seo; nó |
|
(c) |
go bhfágann staid phráinne atá cuí-réasúnaithe ag an eintiteas soláthair go bhfuil an tréimhse tairisceana a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 dodhéanta. |
5. Féadfaidh eintiteas soláthair an tréimhse tairisceana a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 a laghdú faoi 5 lá i gcás gach ceann de na himthosca seo a leanas:
|
(a) |
foilseofar an fógra faoi sholáthar beartaithe trí mheán leictreonach; |
|
(b) |
cuirfear an doiciméadacht tairisceana go léir ar fáil trí mheán leictreonach ón dáta a fhoilseofar an fógra faoi sholáthar beartaithe; agus |
|
(c) |
glacann an t-eintiteas le tairiscintí trí mheán leictreonach. |
6. Ní bheidh sé ina thoradh i gcás ar bith ar úsáid mhír 5, i gcomhar le mír 4, go laghdófar an tréimhse tairisceana a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 go tréimhse is lú ná 10 lá ón dáta a fhoilsítear an fógra faoi sholáthar beartaithe.
7. D’ainneoin aon fhoráil eile san Airteagal seo, má cheannaíonn eintiteas soláthair earraí nó seirbhísí tráchtála, nó aon teaglaim díobh, féadfaidh sé an tréimhse tairisceana a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 a laghdú go tréimhse nach lú ná 13 lá, ar choinníoll go bhfoilseoidh sé trí mheán leictreonach, an tráth céanna, an fógra faoi sholáthar beartaithe agus an doiciméadacht tairisceana araon. Ina theannta sin, i gcás ina nglacfaidh an t-eintiteas le tairiscintí le haghaidh earraí nó seirbhísí tráchtála trí mheán leictreonach, féadfaidh sé an tréimhse a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 a laghdú go tréimhse nach lú ná 10 lá.
8. Eintiteas soláthair a chumhdaítear faoi Roinn 2 nó Roinn 3 d’Iarscríbhinn 9 a bhfuil na soláthróirí cáilithe uile nó líon teoranta díobh roghnaithe aige, féadfaidh sé an tréimhse ama chun tairiscint a thíolacadh a shocrú trí chomhaontú frithpháirteach idir an t-eintiteas soláthair agus na soláthróirí roghnaithe. In éagmais comhaontaithe, ní bheidh an tréimhse níos lú ná 10 lá.
AIRTEAGAL 167
Caibidlíocht
1. Féadfaidh Páirtí foráil a dhéanamh go ndéanfaidh a eintitis soláthair caibidlíocht le soláthróirí más rud é:
|
(a) |
go bhfuil sé curtha in iúl ag an eintiteas soláthair go bhfuil sé ar intinn aige caibidlíocht a dhéanamh san fhógra faoi sholáthar beartaithe a cheanglaítear faoi mhír 2 d’Airteagal 162; nó |
|
(b) |
gur dealraitheach ón meastóireacht nach léir go bhfuil aon tairiscint ar an gceann is buntáistí ó thaobh na gcritéar meastóireachta sonrach a leagtar amach san fhógra faoi sholáthar beartaithe nó sa doiciméadacht tairisceana. |
2. Déanfaidh eintiteas soláthair an méid seo a leanas:
|
(a) |
áiritheoidh sé, i gcás ina gcuirtear aon soláthróir a ghlacfaidh páirt sa chaibidlíocht as an áireamh, go ndéanfar an méid sin i gcomhréir leis na critéir mheastóireachta a leagtar amach san fhógra faoi sholáthar beartaithe nó sa doiciméadacht tairisceana; agus |
|
(b) |
má thugtar caibidlíocht chun críche, tabharfaidh sé spriocdháta coiteann do na soláthróirí rannpháirteacha atá fágtha i dtaobh aon tairiscint nua nó tairiscint athbhreithnithe a thíolacadh. |
AIRTEAGAL 168
Nós imeachta tairisceana teoranta
1. Ar choinníoll nach n-úsáidfidh sé an fhoráil seo chun iomaíocht a sheachaint i measc soláthróirí nó ar bhealach a dhéanann idirdhealú in aghaidh soláthróirí de chuid an Pháirtí eile nó a chosnaíonn soláthróirí intíre, féadfaidh eintiteas soláthair nós imeachta tairisceana teoranta a úsáid agus féadfaidh sé a roghnú gan Airteagail 162 go 164, míreanna 7 go 11 d’Airteagal 165, ná Airteagail 166, 167, 169 ná 170 a chur i bhfeidhm in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
|
(a) |
ar choinníoll nach modhnaítear ceanglais na doiciméadachta tairisceana go substaintiúil, i gcás an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
i gcás nach féidir ach le soláthróir áirithe na hearraí nó na seirbhísí a sholáthar agus nach ann d’aon earraí nó seirbhísí malartacha réasúnacha ná d’aon earraí nó seirbhísí ionaid réasúnacha ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:
|
|
(c) |
le haghaidh seachadtaí breise ón soláthróir bunaidh ina bhfuil earraí nó seirbhísí nach raibh san áireamh sa soláthar tosaigh, i gcás athrú soláthróra i dtaobh earraí nó seirbhísí breise den sórt sin:
|
|
(d) |
i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach, agus sa chás sin amháin, i gcás, ar chúiseanna fíorphráinne a eascraíonn as teagmhais nach bhféadfadh an t-eintiteas soláthair a thuar, nárbh fhéidir na hearraí nó na seirbhísí a fháil in am trí leas a bhaint as nós imeachta tairisceana oscailte nó nós imeachta tairisceana ar cuireadh; |
|
(e) |
i leith earraí arna gceannach ar mhargadh tráchtearraí; |
|
(f) |
i gcás ina bhfaigheann eintiteas soláthair fréamhshamhail nó an chéad earra nó seirbhís a fhorbraítear arna iarraidh sin dó le linn conradh áirithe le haghaidh taighde, turgnaimh, staidéir nó forbairt bhunaidh, agus le haghaidh an chonartha áirithe sin. Féadfar a áireamh le forbairt bhunaidh an chéad earra nó seirbhíse táirgeadh nó soláthar teoranta chun torthaí na tástála allamuigh a chorprú agus chun a léiriú go bhfuil an t-earra nó an tseirbhís oiriúnach i gcomhair táirgeadh nó soláthar i gcainníocht atá i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta inghlactha, ach ní áirítear léi táirgeadh nó soláthar cainníochta chun inmharthanacht tráchtála a shuí ná chun costais taighde agus forbartha a aisghabháil; |
|
(g) |
i ndáil le ceannacháin a dhéantar faoi choinníollacha thar a bheith buntáisteach nach dtagann i gceist ach san fhíor-ghearrthéarma i gcás diúscairtí neamhghnácha amhail iad siúd a eascraíonn as leachtú, glacadóireacht nó féimheacht, ach ní i ndáil le gnáthcheannach ó sholáthróirí tráthrialta; nó |
|
(h) |
i gcás ina ndéantar conradh a dhámhachtain ar bhuaiteoir comórtais dearaidh, ar choinníoll:
|
2. Ullmhóidh eintiteas soláthair tuarascáil i scríbhinn ar gach conradh arna dhámhachtain faoi mhír 1. Áireofar sa tuarascáil ainm an eintitis soláthair, luach agus cineál na n-earraí nó na seirbhísí arna soláthar agus ráiteas ina léireofar na himthosca agus na coinníollacha ar a dtugtar tuairisc i mír 1 a bhí ina n-údar le húsáid a bhaint as nós imeachta tairisceana teoranta.
AIRTEAGAL 169
Ceantanna leictreonacha
Má tá sé beartaithe ag eintiteas soláthair soláthar faoi chumhdach a dhéanamh agus úsáid á baint as ceant leictreonach, soláthróidh an t-eintiteas na nithe seo a leanas do gach rannpháirtí sula gcuirfidh sé tús leis an gceant leictreonach:
|
(a) |
an modh meastóireachta uathoibríoch, lena n-áirítear an fhoirmle mhatamaiticiúil, atá bunaithe ar na critéir mheastóireachta a leagtar amach sa doiciméadacht tairisceana agus a úsáidfear sa rangú nó ath-rangú uathoibríoch le linn an cheant; |
|
(b) |
torthaí aon mheastóireachta tosaigh ar eilimintí a thairisceana má tá an conradh le dámhachtain ar bhonn na tairisceana is buntáistí; agus |
|
(c) |
aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le reáchtáil an cheant. |
AIRTEAGAL 170
Déileáil le tairiscintí agus dámhachtain conarthaí
1. Déanfaidh eintiteas soláthair na tairiscintí go léir a fháil agus a oscailt faoi nósanna imeachta lena rathaítear cothroime agus neamhchlaontacht an phróisis soláthair agus rúndacht tairiscintí, agus is mar sin a dhéileálfaidh sé leo.
2. Ní ghearrfaidh eintiteas soláthair pionós ar aon soláthróir a bhfaightear a thairiscint tar éis na tréimhse a shonraítear chun tairiscintí a fháil má tharlaíonn an mhoill de dheasca míláimhseáil ar thaobh an eintitis soláthair, agus dá dheasca sin amháin.
3. Má thugann eintiteas soláthair deis do sholáthróir earráidí neamhbheartaithe foirme a cheartú idir oscailt na dtairiscintí agus dámhachtain an chonartha, tabharfaidh an t-eintiteas soláthair an deis chéanna do na soláthróirí rannpháirteacha go léir.
4. Ionas go ndéanfar í a chur san áireamh i gcomhair dámhachtana, is i scríbhinn a thíolacfar tairiscint agus, tráth a hoscailte, comhlíonfaidh sí na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sna fógraí agus sa doiciméadacht tairisceana agus is ó sholáthróir a chomhlíonann na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht a bheidh sí.
5. Ach amháin má chinneann eintiteas soláthair nach ar mhaithe le leas an phobail é conradh a dhámhachtain, déanfaidh an t-eintiteas an conradh a dhámhachtain don soláthróir atá in ann, de réir chinneadh an eintitis, téarmaí an chonartha a chomhlíonadh, agus, bunaithe ar na critéir mheastóireachta a shonraítear sna fógraí agus sa doiciméadacht tairisceana, agus orthu sin amháin, a bhfuil an méid seo a leanas tíolactha aige:
|
(a) |
an tairiscint is buntáistí; nó |
|
(b) |
más é an praghas an t-aon chritéar amháin, an praghas is ísle. |
6. Má fhaigheann eintiteas soláthair tairiscint ina bhfuil praghas atá thar a bheith íseal i gcomparáid leis na praghsanna i dtairiscintí eile a tíolacadh, féadfaidh sé a dheimhniú leis an soláthróir go gcomhlíonann sé na coinníollacha rannpháirtíochta agus go bhfuil sé in ann téarmaí an chonartha a chomhlíonadh. Ina theannta sin, féadfaidh an t-eintiteas soláthair a fhíorú cibé acu a fuair nó nach bhfuair an soláthróir fóirdheontais. Sa chás sin, féadfar diúltú don tairiscint ar an bhforas sin amháin mura féidir leis an soláthróir a chruthú, laistigh de theorainn leordhóthanach arna socrú ag an eintiteas soláthair, gur deonaíodh an fóirdheontas i gcomhréir leis na disciplíní a bhaineann le fóirdheontais agus a leagtar amach sa Chomhaontú seo.
7. Ní bhainfidh eintiteas soláthair úsáid as roghanna, ní chuirfidh sé soláthar ar ceal ná ní mhodhnóidh sé conarthaí dáfa ar bhealach lena mbeifí ag dul timpeall ar na hoibleagáidí faoin gCaibidil seo.
8. Déanfaidh gach Páirtí, mar riail ghinearálta, foráil maidir le tréimhse neamhghníomhaíochta idir dámhachtain agus tabhairt i gcrích conartha chun am leordhóthanach a thabhairt do thairgeoirí mírathúla athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh dámhachtana agus agóid a dhéanamh ina aghaidh.
AIRTEAGAL 171
Trédhearcacht faisnéise soláthair
1. Cuirfidh eintiteas soláthair soláthróirí rannpháirteacha ar an eolas go pras faoi chinntí dámhachtana conartha an eintitis agus, arna iarraidh sin do sholáthróir, déanfaidh sé amhlaidh i scríbhinn. Faoi réir Airteagal 172(2) agus (3), déanfaidh eintiteas soláthair, arna iarraidh sin air, míniú a sholáthar do sholáthróir nár éirigh leis ar na cúiseanna nár roghnaigh an t-eintiteas soláthair a thairiscint, agus ar na buntáistí coibhneasta a bhain le tairiscint an tsoláthróra ar éirigh leis.
2. Tráth nach déanaí ná 72 lá tar éis gach conradh a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a dhámhachtain, foilseoidh eintiteas soláthair fógra sa mheán páipéir nó sa mheán leictreonach iomchuí a liostaítear i Roinn 8 d’Iarscríbhinn 9. Mura bhfoilseoidh an t-eintiteas an fógra ach i meán leictreonach, beidh an fhaisnéis inrochtana go héasca go ceann tréimhse réasúnta. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san áireamh san fhógra:
|
(a) |
tuairisc ar na hearraí nó na seirbhísí atá le soláthar; |
|
(b) |
ainm agus seoladh an eintitis soláthair; |
|
(c) |
ainm agus seoladh an tsoláthróra ar éirigh leis; |
|
(d) |
luach na tairisceana ar éirigh léi nó luach na dtairiscintí is airde agus is ísle a cuireadh san áireamh agus an conradh á dhámhachtain; |
|
(e) |
dáta na dámhachtana; agus |
|
(f) |
an cineál modha soláthair a úsáideadh, agus, i gcásanna inar úsáideadh nós imeachta tairisceana teoranta i gcomhréir le hAirteagal 168, tuairisc ar na himthosca is údar le húsáid a bhaint as nós imeachta tairisceana teoranta. |
3. Coinneoidh gach eintiteas soláthair an méid seo a leanas, go ceann tréimhse 3 bliana ar a laghad ón dáta a dhámhfaidh sé conradh:
|
(a) |
an doiciméadacht agus na tuarascálacha maidir le nósanna imeachta tairisceana agus dámhachtainí conartha a bhaineann le soláthar faoi chumhdach, lena n-áirítear na tuarascálacha a cheanglaítear faoi Airteagal 168 (2); agus |
|
(b) |
sonraí lena n-áirithítear inrianaitheacht iomchuí reáchtáil an tsoláthair faoi chumhdach trí mheán leictreonach. |
AIRTEAGAL 172
Nochtadh faisnéise
1. Arna iarraidh sin don Pháirtí eile, déanfaidh Páirtí aon fhaisnéis a sholáthar go pras, ar faisnéis í is gá lena chinneadh cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh soláthar go cothrom, go neamhchlaonta agus i gcomhréir leis an gCaibidil seo, lena n-áirítear faisnéis maidir le saintréithe agus buntáistí coibhneasta na tairisceana rathúla. I gcásanna ina ndéanfadh scaoileadh na faisnéise dochar don iomaíocht i dtairiscintí amach anseo, ní dhéanfaidh an Páirtí a gheobhaidh an fhaisnéis í a nochtadh d’aon soláthróir, ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPáirtí a sholáthair an fhaisnéis agus toiliú a fháil uaidh.
2. D’ainneoin aon fhoráil eile de chuid na Caibidle seo, ní dhéanfaidh Páirtí, lena n-áirítear a chuid eintiteas soláthair, faisnéis a sholáthar d’aon soláthróir áirithe ar faisnéis í a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don iomaíocht chóir idir soláthróirí.
3. Ní fhorléireofar aon ní sa Chaibidil seo mar ní lena gceanglófar ar Pháirtí, lena n-áirítear a eintitis soláthair, a údaráis agus a chomhlachtaí athbhreithnithe, faisnéis rúnda a nochtadh i gcás ina bhfágfadh an nochtadh sin:
|
(a) |
go gcuirfí bac ar fhorfheidhmiú an dlí; |
|
(b) |
go bhféadfaí dochar a dhéanamh don iomaíocht chóir idir soláthróirí; |
|
(c) |
go ndéanfaí dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála daoine áirithe, lena n-áirítear cosaint maoine intleachtúla; nó |
|
(d) |
go mbeadh sé bunoscionn le leas an phobail ar bhealach eile. |
4. Cuirfidh gach Páirtí staidreamh ar fáil don Pháirtí eile maidir le soláthar déthaobhach rialtais, ar bhonn bliantúil.
AIRTEAGAL 173
Nósanna imeachta um athbhreithniú
1. Soláthróidh gach Páirtí nós imeachta athbhreithnithe riaracháin nó nós imeachta athbhreithnithe bhreithiúnaigh, a bheidh tráthúil, éifeachtach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, trína bhféadfaidh soláthróir a bhfuil leas aige, nó a raibh leas aige, i soláthar faoi chumhdach an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
agóid dhíreach a dhéanamh in aghaidh sárú ar an gCaibidil seo a thiocfaidh chun cinn i gcomhthéacs soláthar faoi chumhdach; nó |
|
(b) |
mura mbeidh sé de cheart ag an soláthróir agóid dhíreach a dhéanamh in aghaidh sárú ar an gCaibidil seo faoi dhlí an Pháirtí sin, agóid a dhéanamh in aghaidh mainneachtain bhearta an Pháirtí lena gcuirtear an Chaibidil seo chun feidhme a chomhlíonadh, |
Is i scríbhinn a bheidh na rialacha nós imeachta maidir leis na hagóidí uile a dhéanfar faoin mír seo agus cuirfear ar fáil ar bhonn ginearálta iad.
2. I gcás gearán ó sholáthróir a thagann chun cinn i gcomhthéacs soláthar faoi chumhdach ina bhfuil, nó ina raibh, leas ag an soláthróir, go ndearnadh sárú nó mainneachtain dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh Páirtí an eintitis soláthair a dhéanann an soláthar an t-eintiteas agus an soláthróir a spreagadh chun réiteach a lorg ar an ngearán trí chomhairliúcháin. Déanfaidh an t-eintiteas breithniú neamhchlaonta agus tráthúil ar aon ghearán den sórt sin ar bhealach nach ndéanann dochar do rannpháirtíocht an tsoláthróra i soláthar atá ar siúl nó a dhéanfar amach anseo ná dá cheart chun bearta ceartaitheacha a lorg faoin nós imeachta athbhreithnithe riaracháin nó breithiúnach.
3. Ceadófar tréimhse leordhóthanach do gach soláthróir chun agóid a ullmhú agus a thíolacadh, tréimhse nach lú, in aon chás, ná 10 lá ón uair a cuireadh bunús na hagóide ar a shúile don soláthróir, nó ón uair ba cheart, le réasún, bunús na hagóide a bheith curtha ar a shúile dó.
4. Déanfaidh gach Páirtí údarás riaracháin nó údarás breithiúnach neamhchlaonta amháin ar a laghad a bhunú nó a ainmniú atá neamhspleách ar a eintitis soláthair chun agóidí a dhéanfaidh soláthróirí a fháil agus a athbhreithniú i gcomhthéacs soláthar faoi chumhdach.
5. Má dhéanann comhlacht seachas údarás dá dtagraítear i mír 4 athbhreithniú tosaigh ar agóid, áiritheoidh an Páirtí go bhféadfaidh an soláthróir achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh tosaigh chuig údarás riaracháin nó breithiúnach neamhchlaonta atá neamhspleách ar an eintiteas soláthair arb é a sholáthar is ábhar don agóid.
6. Áiritheoidh gach Páirtí, i gcás nach cúirt é an t-údarás a bhunaítear nó a ainmnítear de bhun mhír 4, go mbeidh a chinneadh faoi réir athbhreithniú breithiúnach nó go mbeidh nósanna imeachta aige lena bhforáiltear:
|
(a) |
go bhfuil freagra i scríbhinn le tabhairt ag an eintiteas soláthair ar an agóid agus go bhfuil na doiciméid ábhartha uile le nochtadh don chomhlacht athbhreithnithe; |
|
(b) |
go mbeidh sé de cheart ag na rannpháirtithe sna himeachtaí (‘rannpháirtithe’) éisteacht a fháil sula ndéanfaidh an chomhlachta athbhreithnithe cinneadh ar an agóid; |
|
(c) |
go mbeidh sé de cheart ag na rannpháirtithe go ndéanfar ionadaíocht orthu agus go mbeidh duine ina dteannta; |
|
(d) |
go mbeidh rochtain ag na rannpháirtithe ar na himeachtaí uile; |
|
(e) |
beidh de cheart ag na rannpháirtithe a iarraidh go dtionólfar na himeachtaí go poiblí agus go bhféadfar finnéithe a chur i láthair; agus |
|
(f) |
go ndéanfaidh an comhlacht athbhreithnithe a chinntí nó a mholtaí go tráthúil, i scríbhinn, agus go n-áireoidh sé míniú ar an mbonn a bheidh le gach cinneadh nó moladh. |
7. Glacfaidh gach Páirtí nósanna imeachta, nó coinneoidh sé ar bun iad, lena ndéantar foráil maidir le:
|
(a) |
bearta eatramhacha gasta chun deis an tsoláthróra páirt a ghlacadh sa soláthar a chaomhnú. Féadfaidh fionraí an phróisis soláthair a bheith ina toradh ar bhearta eatramhacha den sórt sin. Féadfar a fhoráil leis na nósanna imeachta go bhféadfar iarmhairtí díobhálacha sáraitheacha do na leasanna lena mbaineann, lena n-áirítear leas an phobail, a chur san áireamh agus é á chinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart bearta den sórt sin a chur i bhfeidhm. Soláthrófar cúis chóir, i scríbhinn, le gan gníomh a dhéanamh; agus |
|
(b) |
i gcás inar chinn comhlacht athbhreithnithe go ndearnadh sárú nó mainneachtain dá dtagraítear i mír 1, gníomh ceartaitheach nó cúiteamh as an gcaillteanas nó as an damáiste a rinneadh, rud a d’fhéadfadh a bheith teoranta do na costais as ullmhú na tairisceana nó do na costais a bhaineann leis an agóid, nó don dá rud. |
AIRTEAGAL 174
Cumhdach a Mhodhnú agus a Cheartú
1. Féadfaidh Páirtí a mholadh Iarscríbhinn 9 a mhodhnú nó a cheartú maidir le forálacha lena gcinntear a sholáthar faoi chumhdach.
2. Páirtí a bheartaíonn modhnú ar Iarscríbhinn 9 a mholadh, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
(a) |
tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Pháirtí eile; agus |
|
(b) |
áireoidh sé san fhógra togra le haghaidh coigeartuithe cúiteacha iomchuí le haghaidh an Pháirtí eile chun leibhéal cumhdaigh a choinneáil ar bun atá inchomparáide leis an leibhéal sin a bhí ann roimh an modhnú. |
3. D’ainneoin pointe (b) de mhír 2, ní gá do Pháirtí coigeartuithe cúiteacha a sholáthar más rud é go gcumhdaítear leis an modhnú eintiteas soláthair ar dhíothaigh an Páirtí go héifeachtach a rialú air nó an tionchar a bhíodh aige air.
4. Féadfaidh an Páirtí eile agóid a dhéanamh i scríbhinn laistigh de 45 lá tar éis dó an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a fháil, má cheistíonn sé:
|
(a) |
gur leor coigeartú a bheartaítear i gcomhréir le pointe (b) de mhír 2 chun leibhéal inchomparáide cumhdaigh arna chomhaontú go frithpháirteach a choinneáil ar bun; nó |
|
(b) |
go gcumhdaítear leis an modhnú eintiteas ar scoir an Páirtí go héifeachtach de bheith á rialú nó den tionchar a bhíodh aige air i gcomhréir le mír 3. |
Mura mbeidh agóid déanta ag an bPáirtí eile laistigh den teorainn ama, measfar gur ghlac sé leis an gcoigeartú nó leis an modhnú.
5. Measfar gur ceartúchán de chineál foirmiúil amháin atá le bheith sna hathruithe seo a leanas ar Iarscríbhinn 9, ar choinníoll nach ndéanfaidh siad difear don chumhdach arna chomhaontú go frithpháirteach dá bhforáiltear sa Chaibidil seo:
|
(a) |
athrú ar ainm eintitis soláthair; |
|
(b) |
cumasc dhá eintiteas soláthair nó níos mó a liostaítear in Iarscríbhinn 9; agus |
|
(c) |
eintiteas soláthair a liostaítear in Iarscríbhinn 9 a dheighilt ina dhá eintiteas soláthair nó níos mó, agus iad sin ar fad a chur le liosta na n-eintiteas soláthair a liostaítear in Iarscríbhinn 9. |
An páirtí a dhéanann an ceartú sin de chineál foirmiúil amháin, ní bheidh d’oibleagáid air foráil a dhéanamh maidir le coigeartuithe cúiteacha.
6. Maidir le ceartúcháin atá beartaithe ar Iarscríbhinn 9, tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile uair amháin gach 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
7. Féadfaidh Páirtí agóid in aghaidh ceartúchán beartaithe a thíolacadh don Pháirtí eile laistigh de 45 lá ón bhfógra a fháil. Má dhéanann Páirtí agóid a thíolacadh, leagfaidh sé amach na cúiseanna a measann sé nach bhfuil an ceartúchán a bheartaítear i gcomhréir le mír 5, agus tabharfaidh sé tuairisc ar éifeacht an cheartúcháin a bheartaítear ar an gcumhdach arna chomhaontú go frithpháirteach dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo. Mura dtíolacfar aon agóid i scríbhinn laistigh de 45 lá tar éis don fhógra a bheith faighte dá dtagraítear i mír 6, measfar gur thoiligh an Páirtí eile leis an gceartúchán beartaithe. Féadfaidh an Páirtí eile am breise a iarraidh i scríbhinn chun anailís a dhéanamh ar na ceartúcháin atá beartaithe más rud é go n-éilíonn na hathruithe atá beartaithe fíorú breise ar an bhfaisnéis nó soiléirithe breise ón bPáirtí a dhéanann an moladh.
8. Má dhéanann an Páirtí eile agóid in aghaidh an mhodhnaithe nó an cheartúcháin bheartaithe, féachfaidh na Páirtithe leis an gceist a réiteach trí chomhairliúcháin. Mura dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú laistigh de 60 lá tar éis don agóid a bheith faighte, féadfaidh an Páirtí atá ag iarraidh Iarscríbhinn 9 a mhodhnú nó a cheartú an t-ábhar a atreorú chuig an nós imeachta um réiteach díospóidí faoin dTeideal seo.
AIRTEAGAL 175
Forálacha Institiúideacha
Arna iarraidh sin ag Páirtí, tabharfaidh an Coiste um Chomhar, ag teacht le chéile dó ina chumraíocht trádála, aghaidh ar ábhair a bhaineann le cur chun feidhme agus oibriú na Caibidle seo, amhail:
|
(a) |
modhnú, ceartú nó leasú Iarscríbhinn 9; |
|
(b) |
ábhair a bhaineann le hoibriú na Caibidle seo; |
|
(c) |
aon ábhar eile a bhaineann le soláthar rialtais. |
CAIBIDIL 10
TRÁDÁIL AGUS FORBAIRT INBHUANAITHE
AIRTEAGAL 176
Comhthéacs agus cuspóirí
1. Meabhraíonn na Páirtithe Clár 21 ó Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt 1992, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair 1998, Dearbhú na nAirí ó Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Fostaíocht Iomlán agus Obair Chuibhiúil 2006, Dearbhú EIS maidir le Ceartas Sóisialta don Domhandú Cothrom 2008 agus Clár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe 2015, mar aon lena Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (dá ngairtear ‘SDGanna’ anseo feasta).
2. Aithníonn na Páirtithe go bhfuil forbairt eacnamaíoch, forbairt shóisialta agus cosaint comhshaoil ina gcomhpháirteanna den fhorbairt inbhuanaithe atá idirspleách agus a threisíonn a chéile. Dearbhaíonn na Páirtithe a ngealltanas forbairt na trádála nó na hinfheistíochta idirnáisiúnta a chur chun cinn ar bhealach a rannchuideoidh le cuspóir na forbartha inbhuanaithe, go háirithe mar a chuirtear in iúl ina ngealltanais iltaobhacha maidir le saothar agus maidir leis an gcomhshaol.
AIRTEAGAL 177
An ceart chun rialála agus chun leibhéal cosanta
1. Aithníonn na Páirtithe an ceart atá ag gach Páirtí a bheartais agus a thosaíochtaí forbartha inbhuanaithe a chinneadh, na leibhéil cosanta intíre don chomhshaol agus don lucht saothair a mheasann sé a bheith iomchuí a bhunú, agus a dhlíthe agus a bheartais ábhartha a ghlacadh nó a mhodhnú dá réir sin. Ní mór dlíthe agus beartais den sórt sin a bheith i gcomhréir le gealltanais gach Páirtí maidir leis na comhaontuithe agus na caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 178.
2. Féachfaidh gach Páirtí lena áirithiú go ndéanfar foráil lena dhlíthe agus lena bheartais ábhartha maidir le hardleibhéal cosanta comhshaoil agus saothair agus go spreagfaidh siad an méid sin.
3. Aithníonn na Páirtithe gur míchuí trádáil nó infheistíocht a spreagadh trí na leibhéil cosanta a thugtar ina ndlí comhshaoil faoi seach nó ina ndlí nó ina gcaighdeáin saothair a lagú nó a laghdú.
4. Ní fhéachfaidh Páirtí le trádáil nó infheistíocht a spreagadh trí tharscaoileadh nó maolú a dhéanamh ar a dhlí comhshaoil nó saothair nó, trí ghníomhaíocht nó neamhghníomh marthanach nó athfhillteach, trí mhainneachtain a dhlí comhshaoil nó saothair a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
AIRTEAGAL 178
Comhaontuithe comhshaoil agus coinbhinsiúin saothair iltaobhacha
1. Aithníonn na Páirtithe an luach a bhaineann le rialachas agus comhaontuithe comhshaoil idirnáisiúnta mar fhreagairt ón gcomhphobal idirnáisiúnta ar dhúshláin forbartha inbhuanaithe a bhaineann leis an gcomhshaol, chomh maith le fostaíocht iomlán tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách mar phríomhghnéithe den fhorbairt inbhuanaithe.
2. Sa chomhthéacs sin, agus Airteagail 290 go 295 á gcur san áireamh, déanfaidh gach Páirtí gach ceann de na comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha atá daingnithe aige a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear Comhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide agus Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a rinneadh i Nua-Eabhrac an 9 Bealtaine 1992.
3. Agus Airteagal 314 á chur san áireamh, déanfaidh gach Páirtí na bunchaighdeáin oibre a aithnítear go hidirnáisiúnta mar a shainítear i gcoinbhinsiúin bhunúsacha EIS a chur chun feidhme go héifeachtach, chomh maith le coinbhinsiúin EIS eile atá daingnithe ag Poblacht na hÚisbéiceastáine agus ag na Ballstáit, faoi seach. Oibreoidh na Páirtithe i dtreo daingniú coinbhinsiún agus prótacal eile atá cothrom le dáta ag EIS. Déanfaidh gach Páirtí bearta agus beartais maidir le sláinte agus sábháilteacht ceirde a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus coinneoidh sé córas éifeachtach cigireachta saothair ar bun, i gcomhréir le coinbhinsiúin ábhartha EIS a bhfuil sé ina Pháirtí iontu nó a bhféadfadh sé a bheith ina Pháirtí iontu.
AIRTEAGAL 179
Trádáil agus infheistíocht lena dtugtar tús áite d’fhorbairt inbhuanaithe
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a ngealltanas chun rannchuidiú na trádála le cuspóir na forbartha inbhuanaithe a fheabhsú. Dá réir sin, cuirfidh siad freagracht shóisialta chorparáideach/cleachtais iompair ghnó fhreagracha chun cinn, chomh maith le trádáil agus infheistíocht in earraí agus seirbhísí comhshaoil, agus úsáid scéimeanna dearbhaithe inbhuanaitheachta, amhail trádáil chóir agus eiticiúil agus éicilipéadú.
2. Malartóidh na Páirtithe faisnéis agus comhroinnfidh siad taithí ar a ngníomhaíochtaí chun comhleanúnachas agus tacaíocht fhrithpháirteach a chur chun cinn idir beartais trádála, shóisialta agus chomhshaoil, agus neartóidh siad an t-idirphlé agus an comhar maidir le saincheisteanna forbartha inbhuanaithe a thagann chun cinn i gcomhthéacs caidrimh trádála.
3. Páirtithe leasmhara ábhartha, go háirithe comhpháirtithe sóisialta, chomh maith le heagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, beidh siad rannpháirteach san idirphlé agus sa chomhar sin, trí chomhar na sochaí sibhialta arna bhunú de bhun Airteagal 341.
AIRTEAGAL 180
Réiteach Díospóidí
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 250 go 254 maidir le díospóidí faoin gCaibidil seo. Maidir le haon díospóid den sórt sin, tar éis don phainéal a thuarascáil chríochnaitheach a sheachadadh i gcomhréir le hAirteagail 248 agus 249, pléifidh na Páirtithe, agus an tuarascáil sin á cur san áireamh acu, bearta oiriúnacha a bheidh le cur chun feidhme. Déanfaidh an Coiste um Chomhar faireachán ar chur chun feidhme aon bhirt den sórt sin agus coimeádfaidh sé an t-ábhar faoi athbhreithniú, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh tríd an sásra dá dtagraítear in Airteagal 179(3).
CAIBIDIL 11
TRÉDHEARCACHT
AIRTEAGAL 181
Cuspóir
Ós rud é go n-aithníonn na Páirtithe an tionchar a d’fhéadfadh an timpeallacht rialála atá ag gach ceann díobh a imirt ar thrádáil agus ar infheistíocht eatarthu, tá sé d’aidhm acu timpeallacht rialála intuartha agus nósanna imeachta éifeachtúla a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide.
AIRTEAGAL 182
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘cinneadh riaracháin’ cinneadh, beart nó gníomhaíocht lena bhfuil éifeacht dhlíthiúil a bhaineann le duine, earra nó seirbhís shonrach i gcás aonair, agus cumhdaítear leis mainneachtain cinneadh, gníomh, nó gníomhaíocht den sórt sin dá bhforáiltear i ndlí Páirtí; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘duine leasmhar’ aon duine dá bhféadfar difear a dhéanamh le beart ginearálta; agus |
|
(c) |
ciallaíonn ‘beart ginearálta’ dlíthe, rialacháin, nósanna imeachta, rialuithe riaracháin agus cinntí breithiúnacha a bhfuil feidhm ghinearálta acu agus a bhaineann le haon ábhar a chumhdaítear leis an Teideal seo, dá bhforáiltear i ndlí Páirtí. |
AIRTEAGAL 183
Foilseachán
Áiritheoidh gach Páirtí an méid seo a leanas maidir le beart ginearálta i leith aon ábhar a chumhdaítear leis an Teideal seo:
|
(a) |
déanfar é a fhoilsiú go pras trí mheán oifigiúil a ainmnítear go hoifigiúil agus, i gcás inarb indéanta, trí mheán leictreonach, nó cuirfear ar fáil ar bhealach eile é sa chaoi go gcuirfear ar a chumas d’aon duine eolas a chur air; |
|
(b) |
soláthrófar míniú leis ar chuspóir an bhirt agus ar an réasúnaíocht is bun leis; agus |
|
(c) |
ceadófar dóthain ama leis idir foilsiú agus teacht i bhfeidhm dlíthe agus rialachán, ar a laghad i gcás ina méadaíonn sé an t-ualach ar oibreoirí eacnamaíocha, ach amháin i gcás nach féidir sin a dhéanamh ar fhorais phráinne. Níl feidhm ag an bpointe seo maidir le rialuithe breithiúnacha nó riaracháin. |
AIRTEAGAL 184
Fiosrúcháin
1. Bunóidh gach Páirtí sásraí iomchuí nó coinneoidh sé ar bun iad chun freagairt d’fhiosrúcháin ó aon duine maidir le haon dlí nó rialachán i ndáil le haon ábhar a chumhdaítear leis an Teideal seo.
2. Arna iarraidh sin ag Páirtí, cuirfidh an Páirtí eile faisnéis ar fáil go pras agus freagróidh sé ceisteanna a bhaineann le haon dlí nó rialachán, cibé acu atá sé i bhfeidhm nó ag céim na forbartha, maidir le haon ábhar a chumhdaítear leis an Teideal seo.
AIRTEAGAL 185
Bearta a bhfuil feidhm ghinearálta acu a chur chun feidhme
1. Riarfaidh gach Páirtí na bearta uile lena bhfuil feidhm ghinearálta ar bhealach oibiachtúil, neamhchlaonta agus réasúnta maidir le haon ábhar a chumhdaítear leis an Teideal seo.
2. Déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas, agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 á gcur i bhfeidhm aige maidir le daoine, earraí nó seirbhísí sonracha a bhaineann leis an bPáirtí eile i gcásanna aonair:
|
(a) |
féachfaidh sé le fógra réasúnta a thabhairt do dhaoine dá ndéantar difear go díreach le himeachtaí riaracháin, i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin, nuair a thionscnaítear imeachtaí, lena n-áirítear tuairisc ar chineál na n-imeachtaí, ráiteas maidir leis an údarás dlíthiúil faoina dtionscnaítear na himeachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, tuairisc ghinearálta ar aon saincheist atá i gceist; agus |
|
(b) |
tabharfaidh sé deis réasúnta do dhaoine fíorais agus argóintí a chur i láthair mar thacaíocht dá seasamh sula ndéanfar aon chinneadh riaracháin críochnaitheach, a mhéid is féidir i bhfianaise an mhéid ama, chineál na n-imeachtaí agus an leasa phoiblí. |
AIRTEAGAL 186
Athbhreithniú agus achomharc
1. Déanfaidh gach Páirtí binsí nó nósanna imeachta breithiúnacha, eadrána nó riaracháin a bhunú nó a choinneáil ar bun chun críocha an athbhreithnithe phrais agus, i gcás ina bhfuil údar leis sin, cinntí riaracháin a cheartú maidir le haon ábhar a chumhdaítear leis an Teideal seo. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfaidh a bhinsí a nósanna imeachta achomhairc agus athbhreithnithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus neamhchlaonta. Beidh na binsí sin neamhchlaonta agus neamhspleách ar an údarás a gcuirtear forfheidhmiú riaracháin de chúram air, agus ní bheidh aon leas acu i dtoradh an ábhair.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go soláthrófar an ceart chun an méid seo a leanas do na páirtithe sna himeachtaí dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
deis réasúnach tacú lena seasaimh féin nó iad a chosaint; agus |
|
(b) |
cinneadh atá bunaithe ar fhianaise agus ar aighneachtaí taifid nó, i gcás ina gceanglófar faoina dhlí é, an taifead ábhartha arna thiomsú ag an údarás riaracháin. |
3. Déanfaidh an t-údarás a bhfuil forfheidhmiú riaracháin de chúram air an cinneadh dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, faoi réir achomhairc nó athbhreithniú breise dá bhforáiltear ina dhlí, a chur chun feidhme.
AIRTEAGAL 187
Gaol le caibidlí eile
Beidh an Chaibidil seo gan dochar d’aon riail shonrach arna bunú i gCaibidlí eile den Teideal seo.
CAIBIDIL 12
TRÁDÁIL TRASTEORANN I SEIRBHÍSÍ
ROINN 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 188
Raon feidhme
1. Agus a ngealltanas á dhearbhú acu timpeallacht níos fearr a chruthú chun infheistíocht agus trádáil a fhorbairt eatarthu, leagann na Páirtithe síos leis seo na socruithe is gá d’fhonn feabhas a chur ar choinníollacha cómhalartacha infheistíochta agus trádála i seirbhísí.
2. Deimhníonn na Páirtithe an ceart chun rialú a dhéanamh agus chun rialacháin nua a thabhairt isteach laistigh dá gcríocha chun cuspóirí beartais dlisteanacha a bhaint amach, lena n-áirítear sláinte phoiblí, seirbhísí sóisialta, oideachas poiblí, sábháilteacht, an comhshaol, an t-athrú aeráide san áireamh, agus an mhoráltacht phoiblí a chosaint, cosaint shóisialta nó tomhaltóirí, príobháideachas agus cosaint sonraí, agus éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn agus a chosaint.
3. Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le bearta a dhéanann difear do dhaoine nádúrtha de chuid Páirtí atá ag iarraidh rochtain a fháil ar mhargadh fostaíochta an Pháirtí eile, ná maidir le bearta a bhaineann le náisiúntacht, saoránacht, cónaí nó fostaíocht ar bhonn buan.
4. Leis an gCaibidil seo, ní chuirfear cosc ar Pháirtí bearta a chur i bhfeidhm chun rialú a dhéanamh ar dhul isteach daoine nádúrtha ina chríoch ná ar a bhfanacht sealadach ann, lena n-áirítear na bearta sin a bhfuil gá leo chun sláine a theorainneacha a chosaint agus chun gluaiseacht ordúil daoine nádúrtha trasna a theorainneacha a áirithiú, ar choinníoll nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm sa chaoi go ndéanfaí na sochair (19) a fhabhraíonn don Pháirtí eile faoi théarmaí na Caibidle seo a neamhniú nó a lagú.
5. Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le haon bheart de chuid Páirtí i leith soláthar earra nó seirbhíse arna dhéanamh ag rialtas nó gníomhaireacht, ar earra nó seirbhís é a ceannaíodh chun críoch rialtais, agus ní ar mhaithe le hathdhíol tráchtála nó ar mhaithe lena úsáid chun earra nó seirbhís a sholáthar lena dhíol nó lena díol ar bhonn tráchtála, gan beann ar cé acu is ‘soláthar faoi chumhdach’ é an soláthar sin nó nach ea de réir bhrí Chaibidil 9.
6. Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le fóirdheontais ná deontais arna soláthar ag na Páirtithe, lena n-áirítear iasachtaí agus ráthaíochtaí lena dtacaíonn an rialtas, agus árachas
7. Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
aersheirbhísí nó seirbhísí gaolmhara a thacaíonn le haersheirbhísí (20), seachas na seirbhísí seo a leanas:
|
|
(b) |
seirbhísí closamhairc; |
|
(c) |
uiscebhealaí intíre; agus |
|
(d) |
cabatáiste muirí náisiúnta (21). |
AIRTEAGAL 189
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála aerárthaigh’ na gníomhaíochtaí sin arna ndéanamh ar aerárthach nó ar chuid de le linn dó a bheith tarraingthe siar ó sheirbhís, agus ní áirítear leo gnáthchothabháil, mar a thugtar air; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí a dhéantar nó seirbhísí a sholáthraítear agus údarás rialtais á fheidhmiú’ gníomhaíochtaí a dhéantar nó seirbhísí a sholáthraítear, i gcás nach ndéantar ceachtar den dá ní sin ar bhonn tráchtála ná in iomaíocht le hoibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘seirbhísí córais áirithinte ar ríomhairí (CRS)’ seirbhísí a sholáthraítear trí chórais ríomhairithe ina bhfuil faisnéis faoi sceidil, infhaighteacht, táillí agus rialacha táillí aeriompróirí, ar córais iad trínar féidir áirithintí a dhéanamh nó ticéid a eisiúint; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘fiontar faoi chumhdach’ fiontar i gcríoch Páirtí ar bhunaigh duine dlítheanach de chuid an Pháirtí eile é i gcomhréir le pointe (h), i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, bíodh sé bunaithe cheana ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó bunaithe ina dhiaidh sin; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘trádáil trasteorann i seirbhísí’ seirbhís a sholáthraítear:
|
|
(f) |
ciallaíonn ‘gníomhaíocht eacnamaíoch’ aon ghníomhaíocht de chineál tionsclaíoch, tráchtála nó gairmiúil nó gníomhaíochtaí aos ceirde, lena n-áirítear soláthar seirbhísí, ach amháin gníomhaíochtaí a dhéantar agus údarás rialtasach á fheidhmiú; |
|
(g) |
ciallaíonn ‘fiontar’ duine dlítheanach nó brainse nó oifig ionadaíoch duine dhlítheanaigh; |
|
(h) |
ciallaíonn ‘bunaíocht’ duine dlítheanach a bhunú nó a éadáil, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí rannpháirtíocht chaipitil nó trí bhrainse nó oifig ionadaíoch duine dhlítheanaigh a chruthú i gcríoch Pháirtí, d’fhonn naisc eacnamaíocha mharthanacha a chruthú nó a choinneáil ar bun; |
|
(i) |
ciallaíonn ‘atá ann cheana’ go bhfuil éifeacht aige ar dháta sínithe an Chomhaontaithe seo; |
|
(j) |
ciallaíonn ‘seirbhísí láimhseála ar an talamh’ na seirbhísí seo a leanas a chuirtear ar fáil ag aerfort ar bhonn táille nó conartha: ionadaíocht, riarachán agus maoirseacht aeriompróra; láimhseáil paisinéirí; láimhseáil bagáiste; seirbhísí rampa; lónadóireacht; láimhseáil aerlasta agus poist; breoslú aerárthaigh; seirbhísiú agus glanadh aerárthaigh; iompar ar an dromchla; agus oibríochtaí eitilte, riar foirne agus pleanáil eitilte; ní áirítear na seirbhísí seo a leanas leis an téarma ‘seirbhísí láimhseála ar an talamh’: féinseirbhís láimhseála; slándáil; deisiú agus cothabháil aerárthaigh; nó bonneagar láraithe aerfoirt atá fíor-riachtanach a bhainistiú nó a oibriú, mar shampla, saoráidí dí-oighrithe, córais dáilte breosla, córais láimhseála bagáiste agus córais iompair fhosaithe laistigh den aerfort; |
|
(k) |
ciallaíonn ‘duine dlítheanach’ aon eintiteas dlítheanach atá comhdhéanta mar is iomchuí nó atá eagraithe ar bhealach eile faoin dlí is infheidhme, bíodh sin ar mhaithe le brabús nó eile, agus bíodh sé faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi úinéireacht rialtais, lena n-áirítear aon chorparáid, iontaobhas, comhpháirtíocht, comhfhiontar, dílseánacht aonair nó comhlachas; |
|
(l) |
ciallaíonn ‘duine dlítheanach de chuid Páirtí’ (22):
|
|
(m) |
ciallaíonn ‘beart Páirtí’ aon bheart arna ghlacadh nó arna choinneáil ar bun ag (24):
|
|
(n) |
ciallaíonn ‘duine nádúrtha de chuid Páirtí’:
|
|
(o) |
ciallaíonn ‘oibriú’ reáchtáil, bainistiú, coinneáil ar bun, úsáid, teachtadh, nó díol nó cineál eile diúscartha fiontair; |
|
(p) |
ciallaíonn ‘díol agus margú seirbhísí aeriompair’ na deiseanna atá ag an aeriompróir lena mbaineann a chuid seirbhísí aeriompair a dhíol agus a mhargú go neamhshrianta, lena n-áirítear gach gné den mhargaíocht, amhail taighde margaidh, fógraíocht agus dáileadh, ach ní áirítear leis praghsáil seirbhísí aeriompair ná na coinníollacha is infheidhme; |
|
(q) |
ciallaíonn ‘seirbhís’ aon seirbhís in aon earnáil seachas seirbhísí a sholáthraítear i bhfeidhmiú údaráis rialtais; |
|
(r) |
ciallaíonn ‘soláthróir seirbhíse’ aon duine a fhéachann le seirbhís a sholáthar nó a sholáthraíonn seirbhís. |
AIRTEAGAL 190
Teorainn chothrománach le seirbhísí
1. D’ainneoin aon fhoráil eile de chuid na Caibidle seo, ní cheanglófar ar Pháirtí cóir a thabhairt, i leith earnálacha nó beart a chumhdaítear le GATS, ar cóir í is fabhraí ná an chóir a cheanglaítear ar an bPáirtí sin a thabhairt faoi GATS; agus an méid sin i ndáil le gach earnáil seirbhíse, fo-earnáil seirbhíse agus modh soláthair seirbhíse. Beidh feidhm ag an mír seo ón lá aon mhí amháin roimh dháta theacht i bhfeidhm gach ceann d’oibleagáidí ábhartha Páirtí faoi GATS, agus ón lá sin ar aghaidh.
2. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, maidir le seirbhísí, déanfar sceidil GATS de ghealltanais shonracha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na forchoimeádais agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis maidir le díolúintí Airteagal II (liosta díolúintí an náisiúin barrfhabhair), a ionchorprú sa Chomhaontú seo agus déanfar cuid den Chomhaontú seo díobh.
3. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, roimh aontachas Phoblacht na hÚisbéiceastáine don Eagraíocht Dhomhanda Trádála, is é sceideal ghealltanais shonracha Phoblacht na hÚisbéiceastáine, lena n-áirítear na forchoimeádais, an sceideal a leagtar amach in Iarscríbhinní 12-B, 12-C agus 12-D.
AIRTEAGAL 191
Comhaontuithe lánpháirtíochta eacnamaíche
Níl feidhm ag an gcóir a dheonaítear i gcomhréir leis an gCaibidil seo maidir leis an gcóir a thugann Páirtí de bhun comhaontú lena ndéantar trádáil i seirbhísí a léirscaoileadh go substaintiúil (lena n-áirítear bunú i réimse na seirbhísí) a chomhlíonann critéir Airteagal V agus Airteagal V bis de GATS nó maidir le comhaontú lena ndéantar bunú i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a léirscaoileadh go substaintiúil, a chomhlíonann na critéir chéanna, i leith gníomhaíochtaí den sórt sin.
AIRTEAGAL 192
Trédhearcacht agus nochtadh faisnéise rúnda
1. Freagróidh Páirtí go pras do gach iarraidh ón bPáirtí eile ar fhaisnéis shonrach maidir le haon cheann dá bhearta a bhfuil feidhm ghinearálta acu, lena n-áirítear caighdeáin agus critéir chun infheisteoirí agus soláthróirí seirbhísí a cheadúnú agus a dheimhniú agus faisnéis maidir leis an gcomhlacht rialála iomchuí nó comhlacht eile nó le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hábhar nó a dhéanann difear d’ábhar a thagann faoi raon feidhme na Caibidle seo. Bunóidh gach Páirtí pointe fiosrúcháin amháin nó níos mó agus tabharfaidh sé fógra don Pháirtí eile leis na sonraí teagmhála. Cuirfidh na pointí fiosrúcháin sin faisnéis shonrach ar fáil, arna iarraidh sin, d’infheisteoirí agus do sholáthróirí seirbhíse an Pháirtí eile maidir leis na hábhair sin go léir.
2. Foilseoidh gach Páirtí go pras gach beart a bhfuil feidhm ghinearálta aige, a bhaineann le hoibriú na Caibidle seo nó a dhéanann difear d’oibriú na Caibidle seo. I gcás nach bhfuil an foilsiú sin praiticiúil, cuirfear an fhaisnéis faoi na bearta sin ar fáil go poiblí ar bhealach eile.
3. Ní cheanglófar ar Pháirtí le haon ní sa Chomhaontú seo faisnéis rúnda a sholáthar a gcuirfeadh a nochtadh bac ar fhorfheidhmiú an dlí nó a bheadh bunoscionn le leas an phobail ar bhealach eile, nó a dhéanfadh dochar do leasanna tráchtála dlisteanacha fiontar áirithe, cibé acu poiblí nó príobháideach.
ROINN 2
INFHEISTÍOCHT
AIRTEAGAL 193
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le bearta de chuid Páirtí a dhéanann difear do bhunú agus d’oibriú ina chríoch chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad arna ndéanamh ag:
|
(a) |
daoine dlíthiúla an Pháirtí eile; agus |
|
(b) |
fiontair faoi chumhdach. |
AIRTEAGAL 194
Cóir an náisiúin barrfhabhair agus cóir náisiúnta
1. Gan dochar do na forchoimeádais a liostaítear in Iarscríbhinn 12-A a ghabhann leis an gComhaontú seo agus sna sceidil GATS de ghealltanais shonracha de chuid an Aontais Eorpaigh agus in Iarscríbhinn 12-B a ghabhann leis an gComhaontú seo, tabharfaidh gach Páirtí cóir nach lú fabhar do dhaoine dlítheanacha an Pháirtí eile agus d’fhiontair faoi chumhdach ná mar a thugann sé, i gcásanna den chineál céanna, do dhaoine dlítheanacha tríú tír agus dá bhfiontair, maidir le bunú agus oibriú ina chríoch.
2. Gan dochar do na forchoimeádais a liostaítear in Iarscríbhinn 12-A agus sna sceidil GATS de ghealltanais shonracha de chuid an Aontais Eorpaigh agus in Iarscríbhinn 12-B, tabharfaidh gach Páirtí cóir nach lú fabhar do dhaoine dlítheanacha an Pháirtí eile agus d’fhiontair faoi chumhdach ná mar a thugann sé, i gcásanna den chineál céanna, dá dhaoine dlítheanacha féin agus dá bhfiontair, maidir le bunú agus oibriú ina chríoch.
3. Ciallaíonn an chóir a thugtar faoi mhír 2:
|
(a) |
maidir le leibhéal rialtais réigiúnach nó áitiúil de chuid Phoblacht na hÚisbéiceastáine, cóir nach lú fabhar ná an chóir is fabhraí a thugann an leibhéal rialtas sin, i gcúinsí den chineál céanna, do dhaoine dlítheanacha de chuid Phoblacht na hÚisbéiceastáine agus dá fiontair ina chríoch; agus |
|
(b) |
maidir le rialtas Ballstáit den Aontas Eorpach nó rialtas i mBallstát, cóir nach lú fabhar ná an chóir is fabhraí a thugann an rialtas sin, i gcúinsí den chineál céanna, do dhaoine dlítheanacha an Bhallstáit sin agus dá bhfiontair ina chríoch. |
4. Ní fhorléireofar an tAirteagal seo mar ní a chuireann d’oibleagáid ar Pháirtí sochar aon chóra a thabhairt do dhaoine dlítheanacha de chuid an Pháirtí eile ná d’fhiontair faoi chumhdach, ar cóir í a eascraíonn as:
|
(a) |
comhaontú idirnáisiúnta chun cánachas dúbailte a sheachaint nó aon comhaontú nó socrú idirnáisiúnta eile a bhaineann go hiomlán nó go príomha le cánachas; nó |
|
(b) |
bearta lena ndéantar foráil maidir le haitheantas, lena n-áirítear aitheantas a thabhairt do na caighdeáin nó na critéir maidir le duine nádúrtha nó fiontar a údarú, a cheadúnú, nó a dheimhniú chun gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh, nó aitheantas a thabhairt do na bearta stuamachta dá dtagraítear i mír 3 d’Iarscríbhinn GATS maidir le Seirbhísí Airgeadais. |
5. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní áirítear nósanna imeachta um réiteach díospóidí dá bhforáiltear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta eile leis an gcóir dá dtagraítear i mír 1.
6. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní cóir dá dtagraítear i mír 1 atá i bhforálacha substainteacha i gcomhaontuithe idirnáisiúnta eile arna dtabhairt i gcrích ag Páirtí le tríú tír. Féadfaidh bearta de chuid Páirtí de bhun na bhforálacha sin (26) a bheith ina gcóir den sórt sin agus, dá bhrí sin, féadfaidh sárú ar an Airteagal seo eascairt astu.
AIRTEAGAL 195
Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí
Gan dochar do na forchoimeádais a liostaítear in Iarscríbhinn 12-A agus sceidil GATS de ghealltanais shonracha an Aontais Eorpaigh agus in Iarscríbhinn 12-B, ní cheanglóidh Páirtí ar fhiontar faoi chumhdach daoine aonair d’aon náisiúntacht ar leith a cheapadh mar fheidhmeannaigh nó bainisteoirí, nó mar chomhaltaí de bhoird stiúrthóirí.
AIRTEAGAL 196
Diúltú sochar
Féadfaidh Páirtí sochair na Roinne seo a dhiúltú do dhuine dlítheanach den Pháirtí eile, nó d’fhiontar faoi chumhdach, má ghlacann an Páirtí a rinne an diúltú bearta, nó má choinníonn sé bearta ar bun, a bhaineann leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choinneáil ar bun, lena n-áirítear cearta an duine a chosaint, ar bearta iad:
|
(a) |
lena ndéantar idirbhearta leis an duine dlítheanach sin nó leis an bhfiontar faoi chumhdach sin a thoirmeasc; nó |
|
(b) |
a shárófaí nó a rachfaí timpeall orthu dá dtabharfaí sochair na Caibidle seo don duine dlítheanach sin nó don fhiontar faoi chumhdach sin, lena n-áirítear cásanna ina dtoirmisctear leis na bearta idirbhearta le duine ar leis an duine dlítheanach nó an fiontar sin, nó a rialaíonn an duine dlítheanach nó an fiontar sin. |
ROINN 3
TRÁDÁIL TRASTEORANN I SEIRBHÍSÍ
AIRTEAGAL 197
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le bearta de chuid Páirtí a dhéanann difear don trádáil trasteorann i seirbhísí arna déanamh ag soláthróirí seirbhíse de chuid an Pháirtí eile.
AIRTEAGAL 198
Cóir náisiúnta
1. Gan dochar d’Airteagal 190, sna hearnálacha a bhfuil gealltanais inscríofa ina leith i sceidil GATS de ghealltanais shonracha an Aontais Eorpaigh agus in Iarscríbhinn 12-C den Chomhaontú seo, tabharfaidh gach Páirtí do sholáthróirí seirbhíse agus do sheirbhísí de chuid an Pháirtí eile cóir nach lú fabhar ná an chóir a thugann sé, i gcúinsí den chineál céanna, dá sholáthróirí seirbhíse agus dá sheirbhísí féin.
2. Féadfaidh Páirtí ceanglas mhír 1 a chomhlíonadh trí chóir atá comhionann go foirmiúil nó cóir atá éagsúil go foirmiúil leis an gcóir a thugann sé dá sheirbhísí agus dá sholáthróirí seirbhíse féin a thabhairt do sheirbhísí agus do sholáthróirí seirbhíse an Pháirtí eile.
3. Cóir atá comhionann go foirmiúil nó cóir atá éagsúil go foirmiúil, measfar nach bhfuil sí chomh fabhrach más rud é go modhnaítear na coinníollacha iomaíochta léi i bhfabhar seirbhísí nó sholáthróirí seirbhíse de chuid an Pháirtí i gcomparáid le seirbhísí nó sholáthróirí seirbhíse de chuid an Pháirtí eile.
4. Ní fhorléireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a cheanglaíonn ar cheachtar den dá Pháirtí cúiteamh a thabhairt i leith míbhuntáistí dúchasacha iomaíocha a eascraíonn as gné eachtrach na seirbhísí nó na soláthróirí seirbhíse ábhartha.
AIRTEAGAL 199
Léirscaoileadh breise de réir a chéile
1. Féachfaidh na Páirtithe, i gcomhréir leis an Roinn seo, leis na bearta is gá a dhéanamh chun tuilleadh trádála trasteorann i seirbhísí a cheadú de réir a chéile, agus forbairt na n-earnálacha seirbhíse sna Páirtithe á cur san áireamh.
2. Déanfaidh an Coiste um Chomhar, ag gníomhú do ina chumraíocht trádála, moltaí maidir le mír 1 a chur chun feidhme.
3. Déanfaidh na Páirtithe a ndícheall gan aon bheart a ghlacadh a fhágfaidh go mbeidh na coinníollacha le haghaidh trádáil trasteorann i seirbhísí níos sriantaí ná mar a bhí a bhí an lá roimh dháta sínithe an Chomhaontaithe seo.
AIRTEAGAL 200
Diúltú sochar
Féadfaidh Páirtí sochair na Roinne seo a dhiúltú do sholáthróir seirbhíse de chuid an Pháirtí eile má ghlacann an Páirtí a rinne an diúltú bearta, nó má choinníonn sé bearta ar bun, a bhaineann leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choinneáil ar bun, lena n-áirítear cearta an duine a chosaint, ar bearta iad:
|
(a) |
lena ndéantar idirbhearta leis an soláthróir seirbhíse sin a thoirmeasc; nó |
|
(b) |
a shárófaí nó a rachfaí timpeall orthu dá dtabharfaí sochair na Roinne seo don soláthróir seirbhíse sin, lena n-áirítear cásanna ina dtoirmisctear leis na bearta idirbhearta le duine a bhfuil aon cheann díobh ina sheilbh nó faoina rialú. |
ROINN 4
DUL ISTEACH AGUS FANACHT SEALADACH DAOINE NÁDÚRTHA CHUN CRÍOCH GNÓ
AIRTEAGAL 201
Raon feidhme agus sainmhínithe
1. Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le bearta de chuid Páirtí a dhéanann difear do sholáthar seirbhísí trí dhul isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha de chuid an Pháirtí eile ina chríoch, ar daoine iad a thagann faoi raon feidhme na gcatagóirí seo a leanas:
|
(a) |
cuairteoirí gnó chun críoch bunaíochta; |
|
(b) |
soláthróirí seirbhísí conarthacha; agus |
|
(c) |
aistrithe ionchorparáideacha. |
2. A mhéid nach dtugtar faoi ghealltanais sa Roinn seo, leanfar d’fheidhm a bheith ag na ceanglais go léir dá bhforáiltear i ndlí Páirtí maidir le dul isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha, lena n-áirítear rialacháin a bhaineann leis an tréimhse fanachta.
3. D’ainneoin fhorálacha na Roinne seo, leanfar d’fheidhm a bheith ag na ceanglais go léir dá bhforáiltear i ndlí Páirtí maidir le hobair agus bearta slándála sóisialta, lena n-áirítear rialacháin a bhaineann le pá íosta agus socraíochtaí pá comhchoiteanna.
4. Níl feidhm ag gealltanais maidir le dul isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha chun críoch gnó i gcásanna inarb é is aidhm nó is éifeacht don dul isteach agus fanacht sealadach cur isteach ar thoradh aon díospóide nó caibidlíochta saothair nó bainistíochta, nó ar fhostaíocht aon duine nádúrtha a bhfuil baint aige leis an díospóid sin, nó tionchar a imirt ar an toradh sin ar bhealach eile.
5. Chun críocha na Roinne seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘cuairteoir gnó chun críoch bunaíochta’ duine nádúrtha atá ag obair i bpost sinsearach laistigh de dhuine dlítheanach de chuid Páirtí, ar duine é:
|
|
(b) |
ciallaíonn ‘soláthróir seirbhísí conarthacha’ daoine nádúrtha atá fostaithe ag duine dlítheanach Páirtí, seachas trí ghníomhaireacht le haghaidh seirbhísí socrúcháin agus soláthair pearsanra, nach bhfuil bunaithe i gcríoch an Pháirtí eile agus a bhfuil conradh seirbhíse bona fide (27) tugtha i gcrích aige chun seirbhísí a sholáthar do thomhaltóir deiridh sa Pháirtí eile, lena gceanglaítear go mbeidh a fhostaithe (28) i láthair go sealadach, ar fostaithe iad:
|
|
(c) |
ciallaíonn ‘aistrithe ionchorparáideacha’ daoine nádúrtha:
|
AIRTEAGAL 202
Aistrithe ionchorparáideacha agus cuairteoirí gnó chun críoch bunaíochta
1. Sna hearnálacha, sna fo-earnálacha agus sna gníomhaíochtaí a liostaítear i sceidil GATS de ghealltanais shonracha an Aontais Eorpaigh nó in Iarscríbhinn 12-B a ghabhann leis an gComhaontú seo agus faoi réir aon fhorchoimeádas a liostaítear iontu (33):
|
(a) |
ceadóidh Páirtí na nithe seo a leanas:
|
|
(b) |
ní dhéanfaidh Páirtí, ar bhonn foroinne críche nó ar bhonn a chríche ar fad, teorainneacha a choinneáil ar bun ná a ghlacadh maidir leis an líon iomlán daoine nádúrtha a fhéadfaidh fiontar a fhostú mar aistrithe ionchorparáideacha agus mar chuairteoirí gnó chun críoch bunaíochta in earnáil shonrach i bhfoirm cuótaí uimhriúla nó tástálacha riachtanas eacnamaíoch, sin ná teorainneacha idirdhealaitheacha. |
2. Tréimhse suas le 3 bliana a bheidh sa tréimhse fanachta incheadaithe d’aistrithe ionchorparáideacha, agus suas le 90 lá (34) do chuairteoirí gnó chun críoch bunaíochta.
AIRTEAGAL 203
Soláthróirí seirbhísí conarthacha
1. Sna hearnálacha, sna fo-earnálacha agus sna gníomhaíochtaí a liostaítear sna sceidil GATS de ghealltanais shonracha de chuid an Aontais Eorpaigh nó in Iarscríbhinn 12-D a ghabhann leis an gComhaontú seo agus faoi réir aon fhorchoimeádas a liostaítear inti (35), ní dhéanfaidh Páirtí teorainneacha a ghlacadh ná a choinneáil ar bun maidir leis an líon iomlán soláthróirí seirbhísí conarthacha de chuid an Pháirtí eile ar ceadaíodh dóibh dul isteach go sealadach, i bhfoirm cuótaí uimhriúla nó tástála riachtanas eacnamaíoch, sin ná teorainneacha idirdhealaitheacha.
2. Ní bhaineann rochtain a thugtar faoin Airteagal seo ach leis an tseirbhís is ábhar don chonradh agus ní thugtar léi teidlíocht chun teideal gairmiúil an Pháirtí a fheidhmiú áit a gcuirtear an tseirbhís ar fáil.
3. an líon daoine a chumhdaítear leis an gconradh seirbhíse, ní bheidh sé níos mó ná mar a bhfuil gá leis chun an conradh a chomhlíonadh, de réir mar a iarrfar le dlí an Pháirtí ina soláthraítear an tseirbhís.
4. Tréimhse charnach nach faide ná 3 mhí in aon tréimhse 12 mhí a bheidh sa tréimhse fanachta uasta, nó ar feadh shaolré an chonartha, cibé acu is giorra.
AIRTEAGAL 204
Trédhearcacht
1. Cuirfidh gach Páirtí faisnéis ar fáil go poiblí maidir le bearta ábhartha a bhaineann le dul isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha de chuid an Pháirtí eile, dá dtagraítear in Airteagal 201 (1).
2. Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, a mhéid is féidir, inter alia, an fhaisnéis seo a leanas is ábhartha maidir le dul isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha:
|
(a) |
coinníollacha maidir le dul isteach; |
|
(b) |
liosta táscach doiciméadachta a d’fhéadfaí a éileamh chun comhlíonadh na gcoinníollacha a fhíorú; |
|
(c) |
am próiseála táscach; |
|
(d) |
táillí is infheidhme; |
|
(e) |
nósanna imeachta achomhairc, i gcás inarb ábhartha; agus |
|
(f) |
dlíthe ábhartha a bhfuil feidhm ghinearálta acu agus a bhaineann le dul isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha. |
ROINN 5
CREAT RIALÁLA
FOROINN A
RIALÁIL INTÍRE
AIRTEAGAL 205
Raon feidhme agus sainmhínithe
1. Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo ach amháin le hearnálacha a liostaítear gealltanais ina leith in Iarscríbhinn 12-A a ghabhann leis an gComhaontú seo agus sceidil GATS de ghealltanais shonracha de chuid an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinní 12-B, 12-C agus 12-D a ghabhann leis an gComhaontú seo, a bhaineann le ceanglais maidir le ceadúnú agus nósanna imeachta um cheadúnú, ceanglais maidir le cáiliú agus nósanna imeachta um cháiliú lena ndéantar difear do na nithe seo a leanas:
|
(a) |
trádáil trasteorann i seirbhísí; |
|
(b) |
bunú nó oibriú; nó |
|
(c) |
Soláthar seirbhíse trí láithreacht duine nádúrtha de Pháirtí i gcríoch an Pháirtí eile, ar duine é a bhaineann leis na catagóirí de dhaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 201. |
2. Chun críocha na Roinne seo,
|
(a) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ rialtas nó údarás lárnach, réigiúnach nó áitiúil, nó comhlacht neamhrialtais a mbíonn cumhachtaí á bhfeidhmiú aige arna dtarmligean ag rialtais nó údaráis lárnacha, réigiúnacha nó áitiúla, atá i dteideal cinneadh a ghlacadh i dtaca leis an údarú chun seirbhís a sholáthar, lena n-áirítear údarú trí bhunaíocht, nó i dtaca leis an údarú chun fiontar a bhunú chun gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch seachas seirbhís; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘nósanna imeachta um cheadúnú’ rialacha riaracháin nó rialacha nós imeachta a gceanglaítear ar dhuine cloí leo chun a léiriú go bhfuil na ceanglais maidir le ceadúnú á gcomhlíonadh aige, más amhlaidh atá an duine sin ag lorg údaraithe chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) de mhír 1 a dhéanamh, lena n-áirítear ceadúnas a leasú nó a athnuachan; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘ceanglais maidir le ceadúnú’ ceanglais shubstainteacha, seachas ceanglais maidir le cáiliú, a gceanglaítear ar dhuine a chomhlíonadh chun údarú a fháil, a leasú nó a athnuachan chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) de mhír 1 a dhéanamh; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘nósanna imeachta um cháiliú’ rialacha riaracháin nó nós imeachta a gceanglaítear ar dhuine nádúrtha cloí leo chun a thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais maidir le cáiliú, chun údarú a fháil le seirbhís a sholáthar; agus |
|
(e) |
ciallaíonn ‘ceanglais maidir le cáiliú’ ceanglais shubstainteacha a bhaineann le hinniúlacht duine nádúrtha seirbhís a sholáthar, agus is ceanglais iad nach mór a léiriú chun údarú a fháil le seirbhís a sholáthar. |
AIRTEAGAL 206
Coinníollacha maidir le ceadúnú agus cáiliú
1. Áiritheoidh gach Páirtí, i ndáil le bearta a bhaineann leis na ceanglais maidir le ceadúnú agus na nósanna imeachta um cheadúnú, agus na ceanglais maidir le cáiliú agus na nósanna imeachta um cháiliú, go mbeidh siad bunaithe ar chritéir a choisceann ar na húdaráis inniúla a gcumhacht mheasúnaithe a fheidhmiú ar bhealach treallach. Bunófar na critéir sin roimh ré, agus beidh siad soiléir, cinnte, oibiachtúil agus trédhearcach agus beidh siad inrochtana don phobal agus do dhaoine leasmhara.
2. Deonóidh an t-údarás inniúil údarú nó ceadúnas a luaithe a bhunófar, mar thoradh ar imscrúdú iomchuí, go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a bhaineann lena fháil.
3. Coinneoidh gach Páirtí binsí nó nósanna imeachta breithiúnacha, eadrána nó riaracháin ar bun lena bhforálfar, arna iarraidh sin ag soláthróir seirbhíse nó duine dlítheanach dá ndéantar difear, maidir le hathbhreithniú pras ar chinntí riaracháin lena ndéantar difear do bhunaíocht, trádáil trasteorann i seirbhísí nó fanacht sealadach daoine nádúrtha chun críoch gnó, agus i gcás ina bhfuil údar leis, maidir le leigheasanna iomchuí ar na cinntí riaracháin sin. I gcás nach bhfuil na nósanna imeachta sin neamhspleách ar an ngníomhaireacht a bhfuil sé de chúram air an cinneadh riaracháin lena mbaineann a dhéanamh, áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar foráil go héifeachtach leis na nósanna imeachta sin maidir le hathbhreithniú oibiachtúil neamhchlaonta.
4. I gcás ina bhfuil teorainn le líon na gceadúnas atá ar fáil i leith gníomhaíocht áirithe mar gheall ar ghanntanas na n-acmhainní nádúrtha nó na hinniúlachta teicniúla atá ar fáil, cuirfidh gach Páirtí nós imeachta roghnúcháin i bhfeidhm maidir le hiarrthóirí ionchasacha lena soláthrófar ráthaíochtaí iomlána i dtaobh neamhchlaontachta agus trédhearcachta, lena n-áirítear, go háirithe, poiblíocht leormhaith faoi sheoladh, déanamh agus tabhairt i gcrích an nós imeachta. Agus na rialacha maidir leis an nós imeachta roghnúcháin á mbunú, féadfaidh gach Páirtí cuspóirí beartais dlisteanacha a chur san áireamh, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le sláinte, sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil agus caomhnú na hoidhreachta cultúrtha.
AIRTEAGAL 207
Nósanna imeachta um cheadúnú agus um cháiliú
1. Na nósanna imeachta um cheadú agus um cháiliú agus na foirmiúlachtaí ceadúnúcháin agus cáiliúcháin, beidh siad soiléir, cuirfear ar fáil go poiblí iad roimh ré, agus ní hionann iad, astu féin, agus srian ar sholáthar seirbhíse nó ar shaothrú aon gníomhaíochta eacnamaíche eile. Féachfaidh gach Páirtí leis na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí sin a dhéanamh chomh simplí agus is féidir, agus ní chuirfidh sé castacht ná moill mhíchuí ar sholáthar na seirbhíse ná ar shaothrú aon ghníomhaíochta eacnamaíche eile. Aon táille cheadúnúcháin nó údarúcháin (36) a bheidh ann, ba cheart di a bheith réasúnach trédhearcach, agus ní chuirfidh sí srian inti féin ar sholáthar na seirbhíse ábhartha ná ar shaothrú na gníomhaíochta eacnamaíche ábhartha.
2. Áiritheoidh gach Páirtí, maidir leis na cinntí a dhéanann an t-údarás inniúil agus na nósanna imeachta a mbaineann sé úsáid astu, go mbeidh na cinntí agus na nósanna imeachta sin neamhchlaonta i leith na n-iarratasóirí uile. Ba cheart don údarás inniúil a chinneadh a dhéanamh ar bhealach neamhspleách agus níor cheart é a bheith freagrach d’aon duine a sholáthraíonn na seirbhísí nó a dhéanann na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a gceanglaítear an ceadúnú nó an t-údarú ina leith.
3. Más ann do thréimhse ama shonrach maidir le hiarratais, ceadófar tréimhse réasúnach d’iarratasóir chun iarratas a thíolacadh. Tionscnóidh an t-údarás inniúil próiseáil iarratais gan moill mhíchuí. Más féidir é, ba cheart glacadh le hiarratais i bhformáid leictreonach faoi réir na gcoinníollacha barántúlachta céanna atá ag iarratais ar pháipéar.
4. Áiritheoidh gach Páirtí go dtabharfar próiseáil iarratais i gcrích, lena n-áirítear cinneadh críochnaitheach a dhéanamh, laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis an dáta a thíolacfar iarratas iomlán. Déanfaidh gach Páirtí iarracht tráthchlár táscach a bhunú chun iarratais a phróiseáil, agus an tráthchlár sin a chur ar fáil go poiblí.
5. Ar a iarraidh sin ag iarratasóir, soláthróidh an t-údarás inniúil, gan moill mhíchuí, faisnéis maidir le stádas an iarratais.
6. Laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis don údarás inniúil iarratas a fháil a mheasann sé a bheith neamhiomlán, cuirfidh sé an t-iarratasóir ar an eolas, sainaithneoidh sé, a mhéid is féidir, an fhaisnéis bhreise is gá chun an t-iarratas a chomhlánú agus tabharfaidh sé deis chun easnaimh a cheartú.
7. Ba cheart don údarás inniúil, i gcás inar féidir, glacadh le cóipeanna fíordheimhnithe in ionad doiciméad bunaidh.
8. Má dhiúltaíonn údarás inniúil d’iarratas, cuirfidh sé an t-iarratasóir ar an eolas i scríbhinn, gan moill mhíchuí. Ina theannta sin, cuirfidh sé an t-iarratasóir ar an eolas, arna iarraidh sin dó, faoin bhfáth ar diúltaíodh don iarratas agus faoin tráthchlár chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin. Ba cheart a cheadú d’iarratasóir, laistigh de theorainneacha ama réasúnacha, iarratas a thíolacadh arís.
9. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh éifeacht le ceadúnú nó údarú, a luaithe a dheonófar é, gan moill mhíchuí agus i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a shonraítear ann.
FOROINN B
SEIRBHÍSÍ SEACHADTA
AIRTEAGAL 208
Raon feidhme agus sainmhínithe
1. Leagtar amach sa Roinn seo prionsabail an chreata rialála chun seirbhísí seachadta a sholáthar a liostaítear gealltanais i scríbhinn ina leith in Iarscríbhinn 12-A a ghabhann leis an gComhaontú seo, sceidil GATS de ghealltanais shonracha de chuid an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinní 12-B, 12-C agus 12-D a ghabhann leis an gComhaontú seo.
2. Chun críocha na Roinne seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘seirbhísí seachadta’ seirbhísí poist, seirbhísí mearsheachadta nó seirbhísí mearphoist, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas: earraí poist a bhailiú, a shórtáil, a iompar agus a sheachadadh; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘seirbhísí mearsheachadta’ earraí poist a bhailiú, a shórtáil, a iompar agus a sheachadadh ar luas brostaithe agus le hiontaofacht mhéadaithe agus féadfaidh eilimintí breisluacha a bheith ar áireamh iontu amhail bailiú ón bpointe tionscnaimh, seachadadh pearsanta chuig an seolaí, rianú, an fhéidearthacht an ceann scríbe agus an seolaí a athrú ar idirthuras nó dearbhú go bhfuarthas iad; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘seirbhísí mearphoist’ seirbhísí mearsheachadta idirnáisiúnta arna soláthar trí Chomharchumann EMS, ar comhlachas deonach é d’oibreoirí poist ainmnithe faoin Aontas Poist Uilechoiteann; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘ceadúnas’ údarú a fhéadfaidh údarás rialála Páirtí a dheonú do sholáthróir seirbhísí seachadta chun an ceart a thabhairt dó seirbhísí poist, seirbhísí mearsheachadta nó seirbhísí mearphoist a sholáthar; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘ítim poist’ mír dar meáchan suas le 31,5 kg, a bhfuil seoladh uirthi agus í san fhoirm dheiridh ina bhfuil sí le hiompar ag aon chineál soláthróra seirbhísí seachadta, agus a áirítear leis earraí amhail litreacha nó beartáin; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘monaplacht’ an ceart eisiach chun seirbhísí seachadta sonraithe a sholáthar laistigh de chríoch Páirtí nó laistigh d’fhoroinn den chríoch sin de bhun beart reachtach; agus |
|
(g) |
ciallaíonn ‘seirbhís uilíoch’ buansoláthar seirbhíse seachadta de cháilíocht shonraithe ag gach pointe i gcríoch Páirtí nó i bhforoinn na críche sin le haghaidh gach custaiméir ar phraghsanna inacmhainne. |
AIRTEAGAL 209
Seirbhís uilíoch
1. Tá an ceart ag gach Páirtí an cineál oibleagáidí seirbhíse uilíche is mian leis a choinneáil ar bun a shainiú, agus a raon feidhme agus a chur chun feidhme a chinneadh. Déanfar aon oibleagáid seirbhíse uilíche a riar ar bhealach trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus neodrach i leith gach soláthróra a bheidh faoi réir na hoibleagáide.
2. Má éilíonn Páirtí go soláthrófar seirbhísí mearphoist isteach ar bhonn seirbhíse uilíche, ní thabharfaidh sé cóir fhabhrach don tseirbhís sin thar sheirbhísí mearsheachadta idirnáisiúnta eile.
AIRTEAGAL 210
Cistiú seirbhíse uilíche
Ní fhorchuirfidh Páirtí táillí ná muirir eile ar sholáthar seirbhíse seachadta neamh-uilíche chun soláthar seirbhíse uilíche a chistiú (37).
AIRTEAGAL 211
Cleachtais saofa margaidh a chosc
Áiritheoidh gach páirtí nach rachaidh soláthróirí seirbhísí seachadta atá faoi réir oibleagáid seirbhíse uilíche nó monaplacht phoist i mbun cleachtais a shaobhann an margadh.
AIRTEAGAL 212
Ceadúnais
1. Má éilíonn Páirtí ceadúnas chun seirbhísí seachadta a sholáthar, déanfaidh sé an méid seo a leanas a chur ar fáil go poiblí:
|
(a) |
na ceanglais uile maidir le ceadúnú agus an tréimhse ama is gá de ghnáth chun teacht ar chinneadh maidir le hiarratas ar cheadúnas; agus |
|
(b) |
téarmaí agus coinníollacha na gceadúnas. |
2. Beidh na nósanna imeachta, oibleagáidí agus ceanglais ceadúnais trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus beidh siad bunaithe ar chritéir oibiachtúla.
3. Má dhiúltaíonn údarás inniúil d’iarratas ar cheadúnas, cuirfidh sé an t-iarratasóir ar an eolas i scríbhinn faoi na fáthanna ar diúltaíodh dá iarratas. Bunóidh gach Páirtí nós imeachta achomhairc trí chomhlacht neamhspleách a bheidh ar fáil d’iarratasóirí ar diúltaíodh a n-iarratas ar cheadúnas. Féadfaidh an comhlacht neamhspleách sin a bheith ina chúirt.
AIRTEAGAL 213
Neamhspleáchas an chomhlachta rialála
1. Bunóidh gach Páirtí nó coinneoidh sé ar bun comhlacht rialála a bheidh leithleach go dlíthiúil agus neamhspleách ó thaobh feidhme de ar aon soláthróir seirbhísí seachadta. Páirtí a bhfuil soláthróir seirbhísí seachadta faoina úinéireacht aige nó á rialú aige, áiritheoidh sé go mbeidh dealú struchtúrach éifeachtach ann idir an fheidhm rialála agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le rialú.
2. Déanfaidh na comhlachtaí rialála a gcúraimí ar bhealach trédhearcach tráthúil agus beidh acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha acu chun na cúraimí a shanntar dóibh a chur i gcrích. Beidh a gcinntí neamhchlaonta i ndáil leis na rannpháirtithe uile sa mhargadh.
FOROINN C
SEIRBHÍSÍ TEILEACHUMARSÁIDE
AIRTEAGAL 214
Raon feidhme
Leagtar amach sa Roinn seo prionsabail an chreata rialála lena ndéantar difear do líonraí agus seirbhísí teileachumarsáide a liostaítear gealltanais ina leith in Iarscríbhinn 12-A a ghabhann leis an gComhaontú seo, sceidil GATS de ghealltanais shonracha de chuid an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinní 12-B, 12-C agus 12-D a ghabhann leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 215
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘saoráidí gaolmhara’ seirbhísí, bonneagair fhisiceacha agus saoráidí eile a bhaineann le líonra nó seirbhís teileachumarsáide agus a chumasaíonn soláthar seirbhísí tríd an líonra sin nó a thacaíonn leis, nó a bhfuil d’acmhainn acu déanamh amhlaidh; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘saoráidí fíor-riachtanacha’ saoráidí de chuid líonra nó seirbhíse teileachumarsáide poiblí:
|
|
(c) |
ciallaíonn ‘idirnascadh’ nascadh líonraí teileachumarsáide poiblí a úsáideann na soláthróirí céanna líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide nó soláthróirí éagsúla líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide chun go bhféadfaidh úsáideoirí soláthróra amháin cumarsáid a dhéanamh le húsáideoirí an tsoláthróra chéanna nó úsáideoirí soláthróra eile nó rochtain a fháil ar sheirbhísí a sholáthraíonn soláthróir eile. Féadfaidh na soláthróirí lena mbaineann nó aon soláthróir eile a bhfuil rochtain aige ar an líonra seirbhísí a sholáthar; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘ciorcad léasa’ seirbhísí nó saoráidí teileachumarsáide, lena n-áirítear seirbhísí de chineál fíorúil, lena gcuirtear cumas i leataobh le haghaidh úsáid thiomnaithe úsáideora, nó infhaighteacht úsáideora, idir dhá phointe ainmnithe nó níos mó; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘príomhsholáthróir’ soláthróir líonraí teileachumarsáide nó seirbhísí teileachumarsáide a bhfuil sé ar a chumas difear ábhartha a dhéanamh do na téarmaí rannpháirtíochta (ag féachaint do phraghas agus do sholáthar) i margadh ábhartha do líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide de thoradh rialú a bheith aige ar shaoráidí fíor-riachtanacha nó de thoradh a staid sa mhargadh sin a úsáid; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘eilimint líonra’ saoráid nó trealamh a úsáidtear chun seirbhís teileachumarsáide a sholáthar, lena n-áirítear gnéithe, feidhmeanna agus cumais arna soláthar trí bhíthin na saoráide nó an trealaimh sin; |
|
(g) |
ciallaíonn ‘líonra teileachumarsáide poiblí’ aon líonra teileachumarsáide a úsáidtear go hiomlán nó go príomha chun seirbhísí teileachumarsáide poiblí idir críochphointí líonraí a sholáthar; |
|
(h) |
ciallaíonn ‘seirbhís teileachumarsáide poiblí’ aon seirbhís teileachumarsáide a thairgtear don phobal i gcoitinne; |
|
(i) |
ciallaíonn ‘teileachumarsáid’ comharthaí a tharchur agus a ghlacadh trí aon mhodh leictreamaighnéadach; |
|
(j) |
ciallaíonn ‘líonra teileachumarsáide’ córais tarchuir, agus i gcás inarb infheidhme, trealamh lasctha nó ródúcháin agus acmhainní eile, lena n-áirítear eilimintí neamhghníomhacha líonra, a cheadaíonn iompar comharthaí de shreang, ar raidió, trí mhodh optach nó trí mhodh leictreamaighnéadach eile; |
|
(k) |
ciallaíonn ‘údarás rialála teileachumarsáide’ an comhlacht nó na comhlachtaí a gcuireann Páirtí de chúram air nó orthu rialú a dhéanamh ar líonraí teileachumarsáide agus seirbhísí teileachumarsáide eile a chumhdaítear faoin Roinn seo; |
|
(l) |
ciallaíonn ‘seirbhís teileachumarsáide’ seirbhís a bhaineann go hiomlán nó go príomha le tarchur agus glacadh comharthaí, lena n-áirítear comharthaí craolacháin thar líonraí teileachumarsáide, lena n-áirítear seirbhísí a úsáidtear le haghaidh craolacháin, ach lena n-eisiatar seirbhís a sholáthraíonn ábhar a tharchuirtear trí úsáid a bhaint as líonraí agus seirbhísí teileachumarsáide, nó a bhfuil freagracht eagarthóireachta aici as an ábhar sin; |
|
(m) |
ciallaíonn ‘seirbhís uilíoch’ an tacar íosta de sheirbhísí ag a bhfuil cáilíocht shonraithe, ar gá iad a chur ar fáil do gach úsáideoir, nó do ghrúpa úsáideoirí, i gcríoch Páirtí, nó i bhforoinn den chríoch sin, gan beann ar a suíomh geografach, agus ar phraghas inacmhainne; agus |
|
(n) |
ciallaíonn ‘úsáideoir’ aon duine a úsáideann seirbhís teileachumarsáide poiblí. |
AIRTEAGAL 216
Údarás rialála teileachumarsáide
1. Bunóidh gach Páirtí comhlacht rialála teileachumarsáide, nó coinneoidh sé an comhlacht sin ar bun, a dhéanfaidh an méid seo a leanas:
|
(a) |
beidh sé scartha go dlíthiúil ó aon soláthróir líonraí teileachumarsáide, seirbhísí teileachumarsáide nó trealaimh teileachumarsáide, agus neamhspleách orthu sin ó thaobh feidhme de; |
|
(b) |
bainfidh sé úsáid as nósanna imeachta agus déanfaidh sé cinntí a bheidh neamhchlaonta i ndáil le rannpháirtithe uile an mhargaidh; |
|
(c) |
gníomhóidh sé go neamhspleách agus ní lorgóidh sé ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó aon chomhlacht eile maidir le feidhmiú na gcúraimí a shanntar dó le dlí chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 218 go 220, 222 agus 223 a fhorfheidhmiú; |
|
(d) |
tá an chumhacht rialála aige, chomh maith le hacmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais, chun na cúraimí sin a dhéanamh; |
|
(e) |
beidh de chumhacht aige a áirithiú go ndéanfaidh soláthróirí líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide an fhaisnéis go léir a sholáthar dó, go pras, arna iarraidh sin aige, a bhfuil gá léi chun na cúraimí sin a chur i gcrích, lena n-áirítear faisnéis airgeadais; agus |
|
(f) |
an fhaisnéis uile a iarrtar de bhun iarraidh faoi phointe (e) a láimhseáil i gcomhréir le ceanglais na rúndachta; agus |
|
(g) |
a chumhachtaí a ghníomhú go trédhearcach tráthúil. |
2. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar cúraimí an údaráis rialála teileachumarsáide a chur in iúl go poiblí i bhfoirm inrochtana shoiléir, go háirithe i gcás ina sannfar na cúraimí sin do níos mó ná comhlacht amháin.
3. Páirtí a choinníonn úinéireacht nó ceannas ar sholáthróirí líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide, déanfaidh sé a dhícheall a áirithiú go mbeidh deighilt struchtúrach éifeachtach ann idir an fheidhm rialála agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le ceannas.
4. Áiritheoidh gach Páirtí, maidir le soláthróir nó úsáideoir líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide a bhfuil difear á dhéanamh dó mar gheall ar chinneadh de chuid an údaráis rialála teileachumarsáide, go mbeidh an ceart ag an soláthróir sin chun achomharc a dhéanamh os comhair comhlacht achomhairc atá neamhspleách ar an údarás rialála agus ar aon pháirtí eile a ndéanfar difear dóibh. Go dtí go bhfaighfear toradh an achomhairc, beidh feidhm ag an gcinneadh mura ndeonófar bearta idirthréimhseacha i gcomhréir le dlí an Pháirtí.
AIRTEAGAL 217
Údarú chun líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide a sholáthar
1. Má éilíonn Páirtí údarú chun líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide a sholáthar, cuirfidh sé ar fáil go poiblí na cineálacha seirbhísí a gceanglaítear údarú ina leith, mar aon leis na critéir údarúcháin, na nósanna imeachta is infheidhme, agus na téarmaí agus na coinníollacha ar fad a bhaineann go ginearálta leis an údarú ábhartha.
2. I gcás ina n-éilíonn Páirtí cinneadh údarúcháin foirmiúil, luafaidh sé tréimhse ama réasúnta a cheanglófaí de ghnáth chun cinneadh den sórt sin a fháil, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl go trédhearcach. Féachfaidh an Páirtí lena áirithiú go ndéanfar an cinneadh laistigh den tréimhse ama luaite.
3. Na critéir agus na nósanna imeachta um údarú is infheidhme, beidh siad oibiachtúil, comhréireach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Aon choinníoll a fhorchuirtear ar údarú nó atá bainteach leis, beidh sé trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus beidh baint aige leis na seirbhísí a sholáthraítear.
4. Áiritheoidh gach Páirtí go bhfaighidh iarratasóir, i scríbhinn, na cúiseanna a bhaineann le húdarú a dhiúltú nó a chúlghairm, nó le coinníollacha a fhorchur a bhaineann go sonrach le soláthróirí. Sna cásanna sin, beidh an ceart chun achomhairc ag aon iarratasóir os comhair comhlacht achomhairc.
5. Táillí riaracháin a fhorchuirfear ar sholáthróirí, beidh siad réasúnach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
AIRTEAGAL 218
Idirnascadh
Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh sé de cheart ag soláthróir líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí, agus d’oibleagáid air i gcás ina n-iarrfaidh soláthróir eile líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí air é, caibidlíocht a dhéanamh maidir le hidirnascadh chun líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí a sholáthar.
AIRTEAGAL 219
Rochtain agus úsáid
1. Áiritheoidh gach Páirtí, maidir le haon fhiontar a bhunóidh duine dlítheanach nó soláthróir seirbhíse de chuid an Pháirtí eile, go dtabharfar rochtain dó ar líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí faoi théarmaí agus coinníollacha réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha (38), agus go ligfear dó iad a úsáid faoi na téarmaí agus coinníollacha céanna. Cuirfear an oibleagáid sin i bhfeidhm, inter alia, trí mhíreanna 2 go 5.
2. Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh rochtain ag fiontair arna mbunú ag daoine dlítheanacha nó soláthróirí seirbhíse de chuid an Pháirtí eile ar aon líonra nó seirbhís teileachumarsáide phoiblí a thairgtear laistigh dá theorainn nó thairsti, agus go mbeidh siad in ann na líonraí sin a úsáid, lena n-áirítear ciorcaid phríobháideacha léasa, agus chun na críche sin, faoi réir mhír 5, go gceadófar do na fiontair agus do na soláthróirí sin an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
trealamh teirminéil nó trealamh eile a cheannach, a léasú nó a cheangal, a chuirtear i gcomhéadan leis an líonra agus a bhfuil gá leis chun a n-oibríochtaí a dhéanamh; |
|
(b) |
ciorcaid atá léasaithe nó faoi úinéireacht phríobháideach a idirnascadh le líonraí teileachumarsáide poiblí nó le ciorcaid atá léasaithe nó faoi úinéireacht ag fiontar nó soláthróir seirbhíse eile; agus |
|
(c) |
a rogha prótacal oibríochta a úsáid ina gcuid oibríochtaí, seachas de réir mar is gá chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí teileachumarsáide ar fáil don phobal i gcoitinne. |
3. Áiritheoidh gach Páirtí go bhféadfaidh fiontair arna mbunú ag daoine dlítheanacha nó soláthróirí seirbhíse de chuid an Pháirtí eile líonraí agus seirbhísí teileachumarsáide poiblí a úsáid chun faisnéis a aistriú laistigh de theorainneacha agus tharstu, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh le haghaidh a gcumarsáid ionchorparáideach agus chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i mbunachair sonraí nó a stóráiltear ar shlí eile i bhfoirm atá inléite ag meaisín i gcríoch ceachtar den dá Pháirtí.
4. D’ainneoin na bhforálacha i mír 3, féadfaidh Páirtí cibé bearta is gá a ghlacadh chun slándáil agus rúndacht chumarsáide a áirithiú, faoi réir an cheanglais nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach a bheadh ina shrian ceilte ar an trádáil i seirbhísí nó a chruthódh idirdhealú treallach nó dochosanta, sin nó neamhniú nó srian ar na tairbhí faoin gCaibidil seo.
5. Áiritheoidh gach Páirtí nach bhforchuirfear aon choinníoll maidir le rochtain ar líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí, nó maidir le húsáid a bhaint astu, seachas de réir mar is gá chun:
|
(a) |
na freagrachtaí seirbhíse poiblí atá ar sholáthróirí líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí a chosaint, go háirithe a gcumas i dtaobh a gcuid líonraí nó seirbhísí a chur ar fáil don phobal i gcoitinne; nó |
|
(b) |
sláine theicniúil líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí a chosaint. |
6. Tiocfaidh an tAirteagal seo chun bheith infheidhme 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó ó dháta aontachais Phoblacht na hÚisbéiceastáine do EDT ar aghaidh, cibé acu is túisce.
AIRTEAGAL 220
Díospóidí teileachumarsáide a réiteach
1. Áiritheoidh gach Páirtí, i gcás díospóid idir soláthróirí líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide i ndáil le cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as an Roinn seo, agus arna iarraidh sin ag páirtí sa díospóid, go ndéanfaidh an t-údarás rialála teileachumarsáide cinneadh ceangailteach laistigh de thréimhse ama réasúnta chun an díospóid a réiteach.
2. Cuirfear cinneadh an údaráis rialála teileachumarsáide ar fáil don phobal, agus aird á tabhairt ar na ceanglais maidir le rúndacht gnó. Tabharfar ráiteas iomlán do na páirtithe lena mbaineann maidir leis na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe agus beidh ceart achomhairc acu dá dtagraítear in Airteagal 217 (4).
3. Maidir leis an nós imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ní chuirfidh sé cosc ar pháirtí lena mbaineann caingean a thabhairt os comhair údarás breithiúnach.
AIRTEAGAL 221
Coimircí iomaíocha i dtaca le príomhsholáthróirí
Tabharfaidh gach Páirtí bearta iomchuí isteach nó coinneoidh sé ar bun iad chun cosc a chur ar sholáthróirí líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide, ar príomhsholáthróirí iad ina n-aonar nó i dteannta a chéile, cleachtais fhrithiomaíocha a dhéanamh nó leanúint díobh. Áireofar sna cleachtais fhrithiomaíocha na nithe seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
tras-fhóirdheonú frithiomaíoch a dhéanamh; |
|
(b) |
faisnéis a fhaightear ó iomaitheoirí a úsáid agus torthaí frithiomaíocha a bheith air sin; agus |
|
(c) |
gan faisnéis theicniúil faoi shaoráidí fíor-riachtanacha ná faisnéis atá ábhartha ó thaobh na tráchtála de a chur ar fáil do sholáthróirí seirbhíse eile, ar bhonn tráthúil, ar faisnéis í a bhfuil gá acu léi chun seirbhísí a sholáthar. |
AIRTEAGAL 222
Idirnascadh le príomhsholáthróirí
1. Áiritheoidh gach Páirtí, maidir le príomhsholáthróirí líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí, go ndéanfaidh siad idirnascacht a sholáthar ag aon phointe is indéanta go teicniúil sa líonra. Soláthrófar an t-idirnasc sin:
|
(a) |
faoi théarmaí agus coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a mhéid a bhaineann le rátaí, caighdeáin theicniúla, sonraíochtaí, cáilíocht agus cothabháil, agus de cháilíocht nach lú fabhar ná cáilíocht an idirnaisc a sholáthraítear le haghaidh seirbhísí comhchosúla an phríomhsholáthróra sin féin, nó le haghaidh seirbhísí comhchosúla a fhochuideachtaí nó a chuideachtaí comhlacha; |
|
(b) |
go tráthúil, faoi théarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a mhéid a bhaineann le rátaí, caighdeáin theicniúla, sonraíochtaí, cáilíocht agus cothabháil, atá trédhearcach réasúnach, ag féachaint d’indéantacht eacnamaíoch, agus iad díchuachta go leormhaith sa chaoi nach gá don soláthróir íoc as eilimintí nó saoráidí líonra nach bhfuil gá aige leo i leith na seirbhíse atá le soláthar; agus |
|
(c) |
arna iarraidh sin, ag pointí de bhreis ar na críochphointí líonra a chuirtear ar fáil do thromlach na n-úsáideoirí, faoi réir muirir lena léirítear costas tógála na saoráidí breise a bhfuil gá leo. |
2. Cuirfear ar fáil go poiblí na nósanna imeachta is infheidhme maidir le hidirnascadh le príomhsholáthróir.
3. Cuirfidh príomhsholáthróirí a gcomhaontuithe idirnaisc nó a dtairiscintí idirnaisc tagartha ar fáil go poiblí, de réir mar is iomchuí.
AIRTEAGAL 223
Rochtain ar shaoráidí fíor-riachtanacha príomhsholáthróirí
1. Áiritheoidh gach Páirtí, maidir le príomhsholáthróir ina chríoch, go gcuirfidh an príomhsholáthróir sin a shaoráidí fíor-riachtanacha ar fáil do sholáthróirí líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide faoi théarmaí agus coinníollacha réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha, chun gur féidir leo seirbhísí teileachumarsáide poiblí a sholáthar i gcás ina bhfuil gá leis sin chun iomaíocht éifeachtach a bhaint amach.
2. I gcás ina gceanglaítear cinneadh ón údarás rialála teileachumarsáide chun a áirithiú go bhfuil mír 1 á comhlíonadh:
|
(a) |
tabharfar údar leis an gcinneadh sin ar bhonn na bhfíricí a deimhníodh agus ar bhonn an mheasúnaithe ar an margadh a rinne an t-údarás rialála teileachumarsáide; |
|
(b) |
tabharfar de chumhacht don údarás rialála teileachumarsáide chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
AIRTEAGAL 224
Acmhainní atá gann
1. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar cearta úsáide acmhainní atá gann, lena n-áirítear speictream raidió, uimhreacha agus cearta slí, a leithdháileadh agus a dheonú ar bhealach oscailte, oibiachtúil, tráthúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach, agus an méid sin dírithe ar chuspóirí leasa ghinearálta a bhaint amach. Beidh na nósanna imeachta, na coinníollacha agus na hoibleagáidí a ghabhann le cearta úsáide bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus chomhréireacha.
2. An úsáid atá ann faoi láthair maidir le bandaí minicíochta leithdháilte, cuirfear ar fáil go poiblí í, ach ní gá an speictream raidió a leithdháiltear d’úsáidí sonracha rialtais a thabhairt le fios go mionsonraithe.
AIRTEAGAL 225
Seirbhís uilíoch
1. Tá an ceart ag gach Páirtí na cineálacha oibleagáidí seirbhíse uilíche is mian leis a choinneáil ar bun a shainiú agus raon feidhme agus cur chun feidhme na n-oibleagáidí sin a chinneadh.
2. Déanfaidh gach Páirtí na hoibleagáidí seirbhíse uilíche a riar ar bhealach trédhearcach oibiachtúil neamh-idirdhealaitheach a bheidh neodrach i leith na hiomaíochta agus nach mbeidh níos troime ná mar is gá don chineál seirbhíse uilíche a shainíonn an Páirtí.
3. I gcás ina gcinneann Páirtí soláthróir seirbhíse uilíche a ainmniú, áiritheoidh sé go mbeidh na nósanna imeachta maidir le soláthróir seirbhíse uilíche a ainmniú oscailte do gach soláthróir líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí. Déanfar an ainmníocht trí bhíthin sásra éifeachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
4. I gcás ina socraíonn Páirtí na soláthróirí seirbhíse uilíche a chúiteamh, áiritheoidh sé nach sáróidh an cúiteamh sin an glanchostas arbh é an oibleagáid seirbhíse uilíche ab údar leis.
AIRTEAGAL 226
Rúndacht faisnéise
1. Áiritheoidh gach Páirtí, maidir le soláthróirí a fhaigheann faisnéis ó sholáthróirí eile agus iad i mbun socruithe a chaibidliú de bhun Airteagail 219, 220, 223 agus 224, go mbainfidh na soláthróirí sin úsáid as an bhfaisnéis sin chun na críche dár soláthraíodh í agus urraim á tabhairt i gcónaí do rúndacht na faisnéise a tharchuirtear nó a stóráiltear.
2. Áiritheoidh gach Páirtí, maidir le rúndacht chumarsáide agus na sonraí tráchta gaolmhara a tharchuirtear agus úsáid á baint as líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí, faoi réir an cheanglais maidir le bearta a chuirtear i bhfeidhm chuige sin, nach bealach é chun idirdhealú treallach nó dochosanta a dhéanamh, sin nó srian ceilte a chur ar an trádáil i seirbhísí.
FOROINN D
SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS
AIRTEAGAL 227
Raon feidhme
1. Baineann sa Roinn seo le bearta a dhéanann difear do sholáthar seirbhísí airgeadais a liostaítear gealltanais ina leith in Iarscríbhinn 12-A a ghabhann leis an gComhaontú seo, sceidil GATS de ghealltanais shonracha de chuid an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinní 12-B, 12-C agus 12-D a ghabhann leis an gComhaontú seo.
2. Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí a dhéantar nó seirbhísí a sholáthraítear agus údarás rialtais á fheidhmiú’ dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 189 an méid seo a leanas:
|
(a) |
gníomhaíochtaí a dhéanann banc ceannais nó údarás airgeadaíochta nó aon eintiteas poiblí eile d’fhonn beartais airgeadaíochta nó beartais ráta malairte a shaothrú; |
|
(b) |
gníomhaíochtaí ar cuid iad de chóras reachtúil slándála sóisialaí nó pleananna scoir phoiblí; agus |
|
(c) |
gníomhaíochtaí eile a dhéanann eintiteas poiblí le haghaidh chuntas an Pháirtí nó trína ráthaíocht nó trí úsáid a bhaint as acmhainní airgeadais an Pháirtí nó a eintiteas poiblí. |
3. Chun críocha chur i bhfeidhm phointe (q) d’Airteagal 189: má ligeann Páirtí dá sholáthróirí seirbhísí airgeadais atá in iomaíocht le heintiteas poiblí nó le soláthróir seirbhísí airgeadais aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) nó pointe (c) den Airteagal seo a dhéanamh, áireofar na gníomhaíochtaí sin sa téarma ‘seirbhís’.
4. Ní bheidh feidhm ag pointe (b) d’Airteagal 189 maidir le seirbhísí a chumhdaítear leis an Roinn seo.
AIRTEAGAL 228
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘seirbhís airgeadais’ aon seirbhís de chineál airgeadais a thairgeann soláthróir seirbhíse de chuid Páirtí, agus áirítear léi na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
|
(b) |
ciallaíonn ‘soláthróir seirbhísí airgeadais’ aon duine de chuid Páirtí a fhéachann le seirbhísí airgeadais a sholáthar nó a dhéanann iad a sholáthar, agus nach gcuimsítear ann eintiteas poiblí; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘eintiteas poiblí’:
|
|
(d) |
ciallaíonn ‘eagraíocht féinrialála’ aon chomhlacht neamhrialtasach, lena n-áirítear malartán nó margadh urrús nó todhchaíochtaí, gníomhaireacht imréitigh, eagraíocht nó comhlachas eile a dhéanann údarás rialála nó maoirseachta ar sholáthróirí seirbhísí airgeadais le dlí nó le tarmligean ó rialtais nó údaráis lárnacha, réigiúnacha nó áitiúla, de réir mar is infheidhme. |
AIRTEAGAL 229
Eisceacht stuamachta
1. Ní choiscfidh aon ní sa Chomhaontú seo ar Pháirtí bearta a ghlacadh ná a choinneáil ar bun ar chúiseanna stuamachta, amhail:
|
(a) |
cosaint infheisteoirí, taisceoirí, sealbhóirí polasaí nó daoine a bhfuil dualgas muiníneach dlite dóibh ag soláthróir seirbhísí airgeadais; |
|
(b) |
sláine agus cobhsaíocht chóras airgeadais Páirtí a áirithiú. |
2. I gcás nach bhfuil na bearta sin i gcomhréir leis an gComhaontú seo, ní úsáidfear iad chun gealltanais ná oibleagáidí an Pháirtí faoin gComhaontú seo a sheachaint.
3. Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a cheanglaíonn ar Pháirtí faisnéis a nochtadh a bhaineann le gnóthaí agus cuntais tomhaltóirí aonair nó aon fhaisnéis rúnda nó dílseánaigh atá i seilbh eintitis phoiblí.
AIRTEAGAL 230
Caighdeáin idirnáisiúnta
Féachfaidh na Páirtithe lena áirithiú go mbeidh caighdeáin a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta maidir le rialáil agus maoirseacht, maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne imghabháil cánach agus seachaint cánach in earnáil na seirbhísí airgeadais, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ina gcríoch. Is iad na caighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, inter alia, na caighdeáin sin a ghlac Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, go háirithe a ‘Phríomhphrionsabail do Mhaoirseacht Baincéireachta Éifeachtach’, IAIS, go háirithe a ‘Chroíphrionsabail Árachais’, an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús, go háirithe ‘Cuspóirí agus Prionsabail na Rialála Urrús’ uaithi, an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais, agus Fóram Domhanda maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun críoch ECFE.
AIRTEAGAL 231
Eagraíochtaí féinrialaithe
I gcás ina gceanglóidh Páirtí comhaltas d’aon eagraíocht féinrialála, nó rannpháirtíocht in aon eagraíocht féinrialála nó rochtain ar an eagraíocht sin, sa chaoi gur féidir le soláthróirí seirbhísí airgeadais de chuid an Pháirtí eile seirbhísí airgeadais a sholáthar i gcríoch an chéad Pháirtí, áiritheoidh an Páirtí sin go gcomhlíonfaidh an eagraíocht féinrialála sin na hoibleagáidí faoi Airteagal 194.
AIRTEAGAL 232
Córais imréitigh agus íocaíochta
Tabharfaidh gach Páirtí rochtain do sholáthróirí seirbhísí airgeadais de chuid an Pháirtí eile atá bunaithe ina chríoch ar chórais íocaíochta agus imréitigh atá á n-oibriú ag eintitis phoiblí, agus ar na saoráidí oifigiúla cistiúcháin agus athmhaoiniúcháin a bhíonn ar fáil agus an gnáthghnó ar súil, faoi théarmaí agus coinníollacha lena dtugtar cóir náisiúnta. Ní thabharfar rochtain faoin Airteagal seo ar shaoráidí iasachtóir rogha deiridh an Pháirtí.
FOROINN E
SEIRBHÍSÍ MUIRIOMPAIR IDIRNÁISIÚNTA
AIRTEAGAL 233
Raon feidhme agus oibleagáidí
1. Leagtar amach san Airteagal seo na prionsabail maidir le léirscaoileadh seirbhísí muiriompair idirnáisiúnta.
2. Chun críocha na Roinne seo, áirítear le ‘muiriompar idirnáisiúnta’ oibríochtaí ó dhoras go doras agus oibríochtaí ilmhódacha, is é sin, earraí a iompar de mhodh amháin nó níos, céim ar muir san áireamh, faoi aon doiciméad iompair amháin, agus, chuige sin, lena n-áirítear an ceart a bheith ag soláthróirí muiriompair idirnáisiúnta conradh a dhéanamh le soláthraithe modhanna iompair eile.
3. I ndáil le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 4 a mbíonn gníomhaireachtaí loingseoireachta ag gabháil dóibh chun seirbhísí a sholáthar le haghaidh muiriompar idirnáisiúnta, ceadóidh gach Páirtí do dhaoine dlítheanacha an Pháirtí eile bunaíocht a bheith acu ina chríoch i bhfoirm fochuideachtaí nó brainsí, faoi choinníollacha bunaíochta agus oibriúcháin nach lú fabhar ná na coinníollacha a thugtar dá dhaoine dlítheanacha féin nó d’fhochuideachtaí nó brainsí daoine dlítheanacha aon tríú tír, cibé acu is fearr.
4. Áirítear leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le mír 3 na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
(a) |
margú agus díolachán seirbhísí muiriompair agus seirbhísí gaolmhara trí theagmháil dhíreach le custaiméirí, ó luachan go heisiúint sonrasc; |
|
(b) |
ceannach agus athdhíol aon seirbhíse iompair nó seirbhíse gaolmhaire, lena n-áirítear seirbhísí iompair d’aon mhodh intíre, a bhfuil gá leo chun seirbhís ilmhódach a sholáthar; |
|
(c) |
ullmhú doiciméadachta a bhaineann le doiciméid iompair, doiciméid chustaim nó doiciméid eile i dtaca le tionscnamh agus carachtar na n-earraí atá á n-iompar; |
|
(d) |
soláthar faisnéise gnó trí aon mhodh, lena n-áirítear córais faisnéise ríomhairithe agus idirmhalartú sonraí leictreonacha, faoi réir aon srian neamh-idirdhealaitheach a bhaineann le teileachumarsáid; |
|
(e) |
bunú aon socraithe gnó i gcomhar le gníomhaireachtaí loingseoireachta eile; agus |
|
(f) |
Gníomhú thar ceann na ndaoine dlítheanacha, inter alia, agus glao ar shoitheach á eagrú nó ceannas á ghlacadh ar lastaí i gcás inar gá. |
5. I bhfianaise an leibhéil léirscaoilte atá idir na Páirtithe cheana sa mhuiriompar idirnáisiúnta, déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas:
|
(a) |
prionsabal na rochtana neamhshrianta ar mhargaí agus ar thrádálacha muirí idirnáisiúnta, ar bhonn tráchtála agus neamh-idirdhealaitheach, a chur i bhfeidhm go héifeachtach; agus |
|
(b) |
cóir nach lú fabhar a thabhairt do longa a bheidh faoi bhratach an Pháirtí eile nó a bheidh á n-oibriú ag soláthróirí seirbhísí an Pháirtí eile, ná an chóir a thugtar dá longa féin nó do longa aon tríú tír, cibé acu is fearr i dtaca le, inter alia, rochtain ar chalafoirt, bonneagar agus seirbhísí calafoirt a úsáid, agus seirbhísí cúnta muirí a úsáid, chomh maith leis na táillí agus muirir ghaolmhara, saoráidí custaim agus beartanna agus saoráidí a shannadh le haghaidh luchtú agus díluchtú. |
6. Agus na prionsabail dá dtagraítear san Airteagal seo á gcur i bhfeidhm, déanfaidh na Páirtithe an méid seo a leanas:
|
(a) |
ní thabharfaidh siad socruithe isteach maidir le comhroinnt lasta i gcomhaontuithe a bheidh ann amach anseo le tríú tíortha maidir le seirbhísí muiriompair, lena n-áirítear trádáil bulclasta thirim agus leachtaigh agus trádáil línéir, agus cuirfidh siad deireadh, laistigh de thréimhse réasúnta ama, leis na socruithe sin maidir le comhroinnt lasta i gcás inarb ann dóibh i gcomhaontuithe roimhe seo; agus |
|
(b) |
cuirfidh siad deireadh le haon bheart aontaobhach nó constaic riaracháin, teicniúil nó eile, nó ní thabharfaidh siad isteach iad, i gcás ina bhféadfadh na bearta nó constaicí sin a bheith ina srian faoi cheilt nó a bhféadfadh éifeachtaí idirdhealaitheacha a bheith acu ar shaorsholáthar seirbhísí sa mhuiriompar idirnaisiúnta. |
7. Déanfaidh gach Páirtí na seirbhísí seo a leanas a chur ar fáil ag an gcalafort do sholáthróirí muiriompair idirnáisiúnta de chuid an Pháirtí eile, ar théarmaí agus coinníollacha réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha: píolótaíocht, tuáil agus cúnamh tuga, soláthar, breoslú agus uisciú, bailiú dramhaíola agus diúscairt dramhaíola ballasta, seirbhísí captaein calafoirt, áiseanna loingseoireachta, saoráidí éigeandála deisiúcháin, ancaireacht, seirbhísí bearta agus calaithe, chomh maith le seirbhísí oibríochtúla ar tír atá fíor-riachtanach d’oibríochtaí long, lena n-áirítear cumarsáid agus soláthairtí uisce agus leictreacha.
CAIBIDIL 13
GLUAISEACHTAÍ CAIPITIL, ÍOCAÍOCHTAÍ AGUS AISTRITHE AGUS BEARTA COIMIRCE
AIRTEAGAL 234
Gluaiseachtaí cuntais reatha agus caipitil
1. Gan dochar d’fhorálacha eile an Chomhaontaithe seo, ceadóidh gach Páirtí, in airgeadra atá inmhalartaithe go héasca (39) agus i gcomhréir le hAirteagail Chomhaontú an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, arna ghlacadh ag Comhdháil Airgeadaíochta agus Airgeadais na Náisiún Aontaithe an 22 Iúil 1944, de réir mar is infheidhme, aon íocaíocht agus aistriú i leith idirbheart ar chuntas reatha an chomhardaithe íocaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo.
2. Gan dochar d’fhorálacha eile an Chomhaontaithe seo, ceadóidh gach Páirtí, maidir le hidirbhearta ar chuntas caipitil agus airgeadais an chomhardaithe íocaíochtaí, saorghluaiseacht caipitil a bhaineann le hinfheistíochtaí díreacha a dhéantar i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme ina chríoch agus le Caibidil 12, lena n-áirítear leachtú nó aisdúichiú na n-infheistíochtaí sin agus aon bhrabúis a eascraíonn astu.
3. Gan dochar d’fhorálacha eile an Chomhaontaithe seo, ní thabharfaidh Páirtí aon srian malairte eachtraí nua isteach ar ghluaiseacht caipitil, ná ar na híocaíochtaí reatha a bhaineann leis, idir cónaitheoirí an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, agus ní dhéanfaidh sé na socruithe atá ann faoi láthair níos sriantaí.
4. Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile chun gluaiseacht caipitil eatarthu a éascú chun trádáil agus infheistíocht a chur chun cinn.
AIRTEAGAL 235
Cur i bhfeidhm dlíthe agus rialachán a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil, íocaíochtaí nó aistrithe
1. Ní thuigfear as Airteagal 234(1), (2) agus (3) go gcuirfear cosc ar Pháirtí a dhlíthe agus a rialacháin a chur i bhfeidhm maidir leis an méid a leanas:
|
(a) |
féimheacht, dócmhainneacht nó cosaint chearta na gcreidiúnaithe; |
|
(b) |
eisiúint, trádáil nó déileáil in urrúis, todhchaíochtaí, roghanna agus ionstraimí airgeadais eile; |
|
(c) |
tuairisciú airgeadais nó taifeadadh a dhéanamh ar ghluaiseachtaí caipitil, íocaíochtaí nó aistrithe i gcás inar gá chun cuidiú le forfheidhmiú an dlí nó le húdaráis rialála airgeadais; |
|
(d) |
cionta coiriúla nó pionósacha, cleachtais mheabhlacha nó chalaoiseacha; |
|
(e) |
a áirithiú go bhfuil orduithe nó breithiúnais i dtaca le himeachtaí breithiúnacha nó riaracháin á gcomhlíonadh; nó |
|
(f) |
slándáil shóisialta, scéimeanna scoir nó scéimeanna coigiltis éigeantacha. |
2. Ní chuirfear na dlíthe agus na rialacháin dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm go treallach ná go hidirdhealaitheach, ná ní srian faoi cheilt ar ghluaiseachtaí caipitil, íocaíochtaí ná aistrithe a bheidh iontu ar aon bhealach eile.
AIRTEAGAL 236
Bearta coimirce sealadacha
1. In imthosca eisceachtúla ina bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha i dtaca le hoibriú aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh, nó ina bhfuil baol go bhfuil na deacrachtaí sin ann, nó in imthosca eisceachtúla ina bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha i dtaca le hoibriú beartas airgeadais nó beartas ráta malairte, nó ina bhfuil baol go bhfuil na deacrachtaí sin ann, i gcás na mBallstát nach bhfuil páirteach sa euro agus i gcás Phoblacht na hÚisbéiceastáine, féadfaidh an tAontas Eorpach, a Bhallstáit nó Poblacht na hÚisbéiceastáine bearta coimirce a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le gluaiseachtaí caipitil, íocaíochtaí nó aistrithe ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí.
2. Cuirfear teorainn a mhéid is gá leis na bearta dá dtagraítear i mír 1.
AIRTEAGAL 237
Srianta i gcás deacrachtaí maidir le comhardú íocaíochtaí agus maoiniú seachtrach
1. Páirtí a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha aige maidir le comhardú íocaíochtaí nó deacrachtaí airgeadais seachtracha, nó a bhfuil baol ann go mbeadh na deacrachtaí sin aige, féadfaidh sé bearta sriantacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun i dtaca le gluaiseachtaí caipitil, íocaíochtaí nó aistrithe (40).
2. Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
beidh siad comhsheasmhach le hAirteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, de réir mar is infheidhme; |
|
(b) |
ní rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun déileáil leis na himthosca a dtugtar tuairisc orthu i mír 1; |
|
(c) |
beidh siad sealadach agus déanfar iad a chéimniú amach de réir a chéile de réir mar a fheabhsóidh an staid a shonraítear i mír 1; |
|
(d) |
seachnófar leo go ndéanfar damáiste neamhriachtanach do leasanna tráchtála, eacnamaíocha agus airgeadais an Pháirtí eile; |
|
(e) |
beidh siad neamh-idirdhealaitheach i gcomparáid le tríú tíortha i gcúinsí comhchosúla. |
3. I gcás trádáil in earraí, féadfaidh gach Páirtí bearta sriantacha a ghlacadh chun a staid sheachtrach airgeadais nó a chomhardú íocaíochtaí a choimirciú. Beidh bearta den sórt sin i gcomhréir le GATT 1994 agus leis an Tuiscint ar na Forálacha maidir le Comhardú Íocaíochtaí i gComhaontú Ghinearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994.
4. I gcás trádáil i seirbhísí, féadfaidh gach Páirtí bearta sriantacha a ghlacadh chun a staid sheachtrach airgeadais nó a chomhardú íocaíochtaí a choimirciú. Beidh bearta den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal XII de GATS.
5. Páirtí a dhéanfaidh bearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ghlacadh nó a choinneáil ar bun, cuirfidh sé in iúl don Pháirtí eile iad go pras.
6. I gcás ina nglacfar nó ina gcoinneofar ar bun srianta faoin Airteagal seo, déanfaidh na Páirtithe comhairliúcháin a reáchtáil go pras sa Choiste um Chomhar, mura bhfuil na comhairliúcháin sin ag tarlú i bhfóraim eile. Leis na comhairliúcháin, déanfar measúnú ar na deacrachtaí maidir le comhardú íocaíochtaí nó maidir leis an staid airgeadais sheachtrach ba chúis leis na bearta, agus tosca amhail iad seo a leanas, inter alia, á gcur san áireamh:
|
(a) |
cineál agus méid na ndeacrachtaí maidir leis an gcomhardú íocaíochtaí nó maidir leis an staid airgeadais sheachtrach; |
|
(b) |
an timpeallacht sheachtrach eacnamaíoch agus trádála; agus |
|
(c) |
bearta ceartaitheacha malartacha a d’fhéadfadh a bheith ar fáil. |
7. Tabharfar aghaidh sna comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 6 ar an gcaoi a bhfuil míreanna 1 agus 2 á gcomhlíonadh ag aon bheart sriantach. Glacfar leis na torthaí ábhartha uile de chineál staidrimh nó fíorasach a chuirfidh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) i láthair, i gcás ina bhfuil fáil orthu, agus cuirfear san áireamh sna conclúidí sin measúnú CAI ar chomhardú íocaíochtaí agus ar staid airgeadais sheachtrach an Pháirtí lena mbaineann.
CAIBIDIL 14
RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ
ROINN 1
CUSPÓIR AGUS RAON FEIDHME
AIRTEAGAL 238
Cuspóir
Is é is cuspóir don Chaibidil seo sásra éifeachtach agus éifeachtúil a bhunú chun aon díospóid a sheachaint agus a réiteach idir na Páirtithe maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Teidil seo d’fhonn teacht, i gcás inar féidir, ar réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach.
AIRTEAGAL 239
Raon feidhme
Ach amháin i gcás ina bhforáiltear dá mhalairt sa Chomhaontú seo, tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le haon díospóid idir na Páirtithe a bhaineann leis an Teideal seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm (dá ngairtear ‘forálacha faoi chumhdach’ anseo feasta).
ROINN 2
COMHAIRLIÚCHÁIN
AIRTEAGAL 240
Comhairliúcháin
1. Féachfaidh na Páirtithe le haon díospóid dá dtagraítear in Airteagal 239 a réiteach trí dhul i mbun comhairliúchán, de mheon macánta, arb é is aidhm dó teacht ar réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach.
2. Lorgóidh Páirtí comhairliúcháin trí iarraidh i scríbhinn arna seachadadh chuig an bPáirtí eile lena sainaithnítear an beart atá i gceist agus na forálacha faoi chumhdach a mheasann sé is infheidhme.
3. An Páirtí a seolfar an iarraidh ar chomhairliúcháin chuige, tabharfaidh sé freagra ar an iarraidh go pras, ach tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis a seachadta. Reáchtálfar comhairliúcháin laistigh de 30 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata ar chomhairliúcháin, agus déanfar iad, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, i gcríoch an Pháirtí a seolfar an iarraidh ar chomhairliúcháin chuige. Measfar na comhairliúcháin a bheith tugtha chun críche laistigh de 30 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata, mura gcomhaontóidh na Páirtithe leanúint de na comhairliúcháin.
4. Comhairliúcháin maidir le hábhair phráinne, lena n-áirítear iad sin maidir le hearraí meatacha nó earraí nó seirbhísí séasúracha, déanfar iad laistigh de 15 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata ar chomhairliúcháin. Measfar na comhairliúcháin a bheith tugtha i gcrích laistigh de na 15 lá sin mura gcomhaontóidh na Páirtithe go leanfaidh siad de na comhairliúcháin.
5. Le linn na gcomhairliúchán, soláthróidh gach Páirtí faisnéis fhíorasach leordhóthanach chun go bhféadfar scrúdú iomlán a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh an beart atá i gceist difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm an Teidil seo. Féachfaidh gach Páirtí le rannpháirtíocht phearsanra a n-údarás rialtais inniúil a áirithiú, ar pearsanra iad ag a bhfuil saineolas san ábhar is ábhar do na comhairliúcháin.
6. Is faoi rún a bheidh na comhairliúcháin, agus go háirithe gach faisnéis a ainmneofar mar fhaisnéis rúnda agus na seasaimh arna nglacadh ag na Páirtithe le linn na gcomhairliúchán, agus beidh siad gan dochar do chearta ceachtar den dá Pháirtí in aon imeacht eile.
ROINN 3
NÓSANNA IMEACHTA AN PHAINÉIL
AIRTEAGAL 241
Nósanna imeachta an phainéil a thionscnamh
1. Féadfaidh Páirtí a lorg comhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 240 a iarraidh go mbunófar painéal más rud é:
|
(a) |
nach dtugann an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh freagra ar an iarraidh laistigh de 10 lá tar éis dáta a seachadta; |
|
(b) |
nach ndéanfar na comhairliúcháin laistigh de na tréimhsí a leagtar amach in Airteagal 240(3) nó (4); |
|
(c) |
go gcomhaontaíonn na Páirtithe gan comhairliúcháin a bheith acu; nó |
|
(d) |
gur tugadh na comhairliúcháin i gcrích agus nár thángthas ar aon réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach. |
2. Páirtí a iarrann go gcuirfí painéal ar bun (dá ngairtear ‘an Páirtí is gearánach’ anseo feasta), déanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin iarraidh i scríbhinn a sheachadfar chuig an bPáirtí a líomhnaítear ina leith go bhfuil sárú á dhéanamh aige ar na forálacha faoi chumhdach (dá ngairtear ‘an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh’ anseo feasta) agus chuig aon chomhlacht ar comhlacht iontaoibhe é de bhun mhír 3, i gcás inarb infheidhme (dá ngairtear ‘iarraidh ar phainéal’ anseo feasta). Déanfaidh an Páirtí is gearánach an beart atá i gceist a shainaithint ina iarraidh ar phainéal agus míneoidh sé an chaoi a sáraíonn an beart sin na forálacha faoi chumhdach, ar bhealach is leor chun bunús dlí an ghearáin a chur i láthair go soiléir.
3. Féadfaidh an Coiste um Chomhar a chinneadh cúram a chur ar chomhlacht seachtrach nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoin gCaibidil seo a bhainistiú nó tacaíocht a sholáthar. Tabharfar aghaidh leis an gcinneadh sin freisin ar na costais a eascraíonn as na cúraimí sin a chur ar an gcomhlacht.
AIRTEAGAL 242
Painéal a bhunú
1. Triúr painéalaithe a bheidh ar an bpainéal.
2. Laistigh de 15 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata ar phainéal, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile d’fhonn comhdhéanamh an phainéil a chomhaontú.
3. Mura bhfuil na Páirtithe in ann teacht ar chomhaontú maidir le comhdhéanamh an phainéil laistigh den tréimhse dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, ceapfaidh gach Páirtí painéalaí óna fholiosta a bhunaítear faoi Airteagal 243 laistigh de 5 lá tar éis dhul in éag na tréimhse a bhunaítear i mír 2 den Airteagal seo. Mura gceapfaidh Páirtí painéalaí óna fholiosta laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh comhchathaoirleach an Choiste um Chomhar ón bPáirtí is gearánach an painéalaí a roghnú trí chrannchur, laistigh de 5 lá tar éis dhul in éag na tréimhse ama dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo, ó fholiosta an Pháirtí sin. Féadfaidh comhchathaoirleach an Choiste um Chomhar ón bPáirtí is gearánach roghnú an phainéalaí trí chrannchur a tharmligean.
4. Mura dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le cathaoirleach an phainéil laistigh den tréimhse ama a bhunaítear i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh comhchathaoirleach an Choiste um Chomhar ón bPáirtí is gearánach cathaoirleach an phainéil a roghnú trí chrannchur, laistigh de 5 lá tar éis dháta éaga na tréimhse ama sin, ó fho-liosta na gcathaoirleach a bhunaítear faoi Airteagal 243. Féadfaidh comhchathaoirleach an Choiste um Chomhar ón bPáirtí is gearánach an roghnú sin trí chrannchur a tharmligean.
5. Measfar go bhfuil an painéal bunaithe 15 lá tar éis don triúr phainéalaithe roghnaithe glacadh lena gceapachán i gcomhréir le hIarscríbhinn 14-A, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Cuirfidh gach Páirtí dáta bunaithe an phainéil ar fáil go poiblí gan mhoill.
6. Mura bhfuil aon cheann de na liostaí dá bhforáiltear in Airteagal 243 bunaithe nó mura bhfuil dóthain ainmneacha air tráth a dhéantar iarraidh i gcomhréir le mír 3 nó mír 4 den Airteagal seo, déanfar na painéalaithe a roghnú trí chrannchur as measc na ndaoine atá molta ag Páirtí amháin nó an dá Pháirtí go foirmiúil, i gcomhréir le hIarscríbhinn 14-A.
AIRTEAGAL 243
Liostaí painéalaithe
1. Déanfaidh an Coiste um Chomhar, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, liosta de 15 dhuine ar a laghad a bhunú, ar daoine iad atá toilteanach agus atá in ann feidhmiú mar phainéalaithe. Beidh trí fholiosta sa liosta:
|
(a) |
foliosta amháin de dhaoine a bhunófar ar bhonn moltaí ón Aontas Eorpach; |
|
(b) |
foliosta amháin de dhaoine a bhunófar ar bhonn moltaí ó Phoblacht na hÚisbéiceastáine; agus |
|
(c) |
foliosta amháin de dhaoine nach náisiúnaigh de cheachtar den dá Pháirtí iad agus a fheidhmeoidh mar chathaoirleach ar an bpainéal. |
2. Áireofar cúigear ar a laghad ar gach foliosta. Áiritheoidh an Coiste um Chomhar go gcoinneofar an t-íoslíon daoine sin ar gach liosta i gcónaí.
3. Féadfaidh an Coiste um Chomhar liostaí breise de dhaoine a bhunú ag a bhfuil saineolas in earnálacha sonracha a chumhdaítear leis an Teideal seo. Faoi réir chomhaontú na bPáirtithe, úsáidfear na liostaí breise sin chun an painéal a chur le chéile i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 242.
AIRTEAGAL 244
Ceanglais le haghaidh painéalaithe
1. Is fíor an méid seo a leanas maidir le gach painéalaí:
|
(a) |
beidh saineolas léirithe aige ar an dlí, ar thrádáil idirnáisiúnta agus ar ábhair eile a chumhdaítear leis an Teideal seo; |
|
(b) |
beidh sé neamhspleách ar gach Páirtí agus ní bheidh sé cleamhnaithe le ceachtar den dá Pháirtí ná ní ghlacfaidh sé le treoracha uathu; |
|
(c) |
feidhmeoidh sé i gcáil aonair agus ní ghlacfaidh sé treoracha ó aon eagraíocht ná rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an díospóid; agus |
|
(d) |
comhlíonfaidh sé Iarscríbhinn 14-B. |
2. Beidh taithí ag an gcathaoirleach ar nósanna imeachta um réiteach díospóidí.
3. Ag brath ar ábhar díospóide ar leith, féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú maolú a dhéanamh ar na ceanglais a liostaítear i bpointe (a) de mhír 1.
AIRTEAGAL 245
Feidhmeanna an phainéil
Maidir leis an bpainéal:
|
(a) |
déanfaidh sé measúnú oibiachtúil ar an ábhar atá os a chomhair, lena n-áirítear measúnú oibiachtúil ar fhíorais an cháis agus ar infheidhmeacht na bhforálacha faoi chumhdach agus comhréireacht leis na forálacha sin; |
|
(b) |
is é a leagfaidh sé amach ina chinntí agus ina thuarascálacha torthaí na bhfíoras, infheidhmeacht na bhforálacha faoi chumhdach agus an bhunréasúnaíocht atá taobh thiar d’aon toradh agus conclúid a dhéanann sé; agus |
|
(c) |
ba cheart dó dul i gcomhairle go rialta leis na Páirtithe agus deiseanna leordhóthanacha a sholáthar chun réiteach arna chomhaontú ar bhonn frithpháirteach a fhorbairt. |
AIRTEAGAL 246
Téarmaí tagartha
1. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt laistigh de 5 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil, is iad na téarmaí tagartha a bheidh ag an bpainéal scrúdú a dhéanamh, i bhfianaise fhorálacha ábhartha an Teidil seo a dtagraíonn na Páirtithe dó, ar an ábhar dá dtagraítear san iarraidh ar phainéal, torthaí a aimsiú ar an gcaoi a gcomhlíonann an beart atá i gceist forálacha an Teidil seo dá dtagraítear in Airteagal 239, agus tuarascáil a sholáthar i gcomhréir le hAirteagail 248 agus 249.
2. Má chomhaontaíonn na Páirtithe téarmaí tagartha seachas na cinn a leagtar amach i mír 1, tabharfaidh siad fógra don phainéal faoi na téarmaí tagartha comhaontaithe laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 1.
AIRTEAGAL 247
Cinneadh maidir le práinn
1. Má iarrann Páirtí amhlaidh, cinnfidh an painéal, laistigh de 10 lá tar éis a bhunaithe, cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an cás le hábhair phráinne.
2. I gcás ina gcinneann an Painéal go mbaineann an díospóid le hábhair phráinne, is é a bheidh sna tréimhsí ama is infheidhme a leagtar amach i Roinn 3 den Chaibidil seo, leath den am a leagtar amach inti, ach amháin i gcás na dtréimhsí ama dá dtagraítear in Airteagail 242 agus 246.
AIRTEAGAL 248
Tuarascáil eatramhach
1. Déanfaidh an painéal tuarascáil eatramhach a sheachadadh chuig na Páirtithe laistigh de 90 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil. I gcás ina measfaidh an painéal nach féidir an sprioc-am sin a chomhlíonadh, tabharfaidh cathaoirleach an phainéil fógra i scríbhinn do na Páirtithe ina luafar na cúiseanna leis an moill agus an dáta a bheartaíonn an painéal a thuarascáil eatramhach a sheachadadh. Ní dhéanfaidh an painéal, in aon chás, a thuarascáil eatramhach a sheachadadh tráth is déanaí ná 120 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil.
2. Féadfaidh gach Páirtí iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid an phainéil go ndéanfadh an painéal athbhreithniú ar ghnéithe beachta den tuarascáil eatramhach laistigh de 10 lá tar éis dháta a seachadta. Féadfaidh Páirtí barúil a thabhairt ar iarraidh an Pháirtí eile laistigh de 6 lá tar éis sheachadadh na hiarrata.
3. Mura bhfaighfear aon iarraidh i scríbhinn ó cheachtar den dá Pháirtí chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe beachta den tuarascáil eatramhach laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 2, déanfar tuarascáil chríochnaitheach den tuarascáil eatramhach.
AIRTEAGAL 249
Tuarascáil chríochnaitheach
1. Déanfaidh an painéal a thuarascáil chríochnaitheach a sheachadadh chuig na Páirtithe laistigh de 120 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil. I gcás ina measfaidh an painéal nach féidir an sprioc-am seo a chomhlíonadh, tabharfaidh cathaoirleach an phainéil fógra i scríbhinn do na Páirtithe ina luafar na cúiseanna leis an moill agus an dáta atá beartaithe ag an bpainéal a thuarascáil chríochnaitheach a sheachadadh. Ní dhéanfaidh an painéal, i gcás ar bith, a thuarascáil chríochnaitheach a sheachadadh tráth is déanaí ná 150 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil.
2. Áireofar sa tuarascáil chríochnaitheach plé ar aon iarraidh i scríbhinn ó na Páirtithe maidir leis an tuarascáil eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 248(1) agus tabharfar aghaidh go soiléir inti ar bharúlacha na bPáirtithe.
AIRTEAGAL 250
Bearta maidir le comhlíonadh
1. I gcás ina gcinneann an painéal nach bhfuil na forálacha faoi chumhdach á gcomhlíonadh ag an mbeart atá i gceist, déanfaidh an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh aon bheart is gá chun na torthaí agus na conclúidí sa tuarascáil chríochnaitheach a chomhlíonadh go pras chun go mbeidh sé féin i gcomhréir leis na forálacha faoi chumhdach.
2. Déanfaidh an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis sheachadadh na tuarascála críochnaithí, fógra a thabhairt don Pháirtí is gearánach faoi na bearta atá déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh chun comhlíonadh a bhaint amach.
AIRTEAGAL 251
Tréimhse réasúnta
1. Mura féidir comhlíonadh a bhaint amach láithreach, déanfaidh an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dháta seachadta na tuarascála críochnaithí, fógra a thabhairt don Pháirtí is gearánach faoi fhad na tréimhse réasúnta ama a mbeidh gá aige leis chun an comhlíonadh sin a bhaint amach. Féachfaidh na Páirtithe le teacht ar chomhaontú maidir le fad na tréimhse réasúnta chun an tuarascáil chríochnaitheach a chomhlíonadh.
2. Mura dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le fad na tréimhse réasúnta ama, féadfaidh an Páirtí is gearánach, 20 lá ar a luaithe tar éis dháta seachadta an fhógra dá dtagraítear i mír 1, a iarraidh i scríbhinn go gcinnfidh an painéal bunaidh fad na tréimhse réasúnta ama. Soláthróidh an painéal a chinneadh do na Páirtithe laistigh de 20 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata sin.
3. Seolfaidh an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh fógra i scríbhinn chuig an bPáirtí is gearánach maidir leis an dul chun cinn atá déanta aige i ndáil leis an tuarascáil chríochnaitheach a chomhlíonadh 1 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag na tréimhse réasúnta a bhunaítear i gcomhréir le mír 2.
4. Féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú síneadh a chur leis an tréimhse réasúnta a bhunaítear i gcomhréir le mír 2.
AIRTEAGAL 252
Athbhreithniú ar chomhlíonadh
1. Déanfaidh an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh, tráth nach déanaí ná dáta dhul in éag na tréimhse réasúnta ama dá dtagraítear in Airteagal 251, fógra a thabhairt don Pháirtí is gearánach faoi aon bheart atá déanta aige chun an tuarascáil chríochnaitheach a chomhlíonadh.
2. Mura bhfuil na Páirtithe ar aon fhocal gur ann do bhearta a rinneadh chun an tuarascáil chríochnaitheach a chomhlíonadh nó faoi chomhsheasmhacht na mbeart sin leis na forálacha faoi chumhdach, féadfaidh an Páirtí is gearánach iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an bpainéal bunaidh go ndéanfadh an painéal cinneadh maidir leis an ábhar. San iarraidh sin, sainaithneofar aon bheart atá ina shaincheist agus míneofar an chaoi a sáraíonn an beart sin na forálacha faoi chumhdach, ar bhealach is leor chun bunús dlí an ghearáin a chur i láthair go soiléir. Déanfaidh an painéal a chinneadh a chur ar fáil do na Páirtithe laistigh de 46 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata sin.
AIRTEAGAL 253
Leigheasanna sealadacha
1. Déanfaidh an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh, arna iarraidh sin don Pháirtí is gearánach agus tar éis dul i gcomhairle leis, tairiscint maidir le cúiteamh sealadach a chur i láthair sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
go ndéanfaidh an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh fógra a sheachadadh chuig an bPáirtí is gearánach nach féidir an tuarascáil chríochnaitheach a chomhlíonadh; nó |
|
(b) |
mura ndéanann an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh fógra a sheachadadh i ndáil le haon bheart maidir le comhlíonadh a rinneadh laistigh den sprioc-am dá dtagraítear in Airteagal 250 nó faoin dáta a rachaidh an tréimhse réasúnta in éag; nó |
|
(c) |
i gcás ina gcinnfidh an painéal nach ndearnadh aon bheart comhlíontachta nó go bhfuil an beart comhlíontachta a rinneadh ar neamhréir leis na forálacha faoi chumhdach. |
2. In aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1, féadfaidh an Páirtí is gearánach fógra i scríbhinn a sheachadadh chuig an bPáirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh chun a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aige cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí faoi na forálacha faoi chumhdach a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina gcinnfidh an Páirtí is gearánach gan iarraidh a dhéanamh faoi mhír 1; nó |
|
(b) |
i gcás ina mbeidh iarraidh déanta ag an bPáirtí is gearánach faoi mhír 1 den Airteagal seo, nach bhfuil na Páirtithe ar aon fhocal faoin gcúiteamh sealadach laistigh de 20 lá tar éis dhul in éag na tréimhse réasúnta dá dtagraítear in Airteagal 251 nó tar éis sheachadadh chinneadh an phainéil faoi Airteagal 252(2). |
3. Sonrófar san fhógra an leibhéal atá beartaithe maidir le hoibleagáidí a chur ar fionraí.
4. Féadfaidh an Páirtí is gearánach na hoibleagáidí a chur ar fionraí 10 lá tar éis dháta seachadta an fhógra dá dtagraítear i mír 2, ach amháin i gcás ina ndéanann an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh iarraidh i scríbhinn a sheachadadh faoi mhír 6.
5. Ní sháróidh leibhéal fionraíochta na n-oibleagáidí an leibhéal atá coibhéiseach leis an neamhniú nó leis an lagú arb é an sárú is cúis leis.
6. Má mheasann an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh go sáraíonn leibhéal fionraíochta na n-oibleagáidí faoina dtugtar fógra an leibhéal atá coibhéiseach leis an neamhniú nó leis an lagú arb é an sárú is cúis leis, féadfaidh sé a iarraidh ar an bpainéal bunaidh, roimh dhul in éag na tréimhse 10 lá dá bhforáiltear i mír 4, cinneadh a dhéanamh maidir leis an ábhar. Seachadfaidh an painéal a chinneadh maidir leis an leibhéal ag a gcuirfear oibleagáidí ar fionraí chuig na Páirtithe laistigh de 30 lá tar éis dháta na hiarrata sin. Ní chuirfear oibleagáidí ar fionraí go dtí go mbeidh a chinneadh curtha ar fáil ag an bpainéal. Beidh fionraíocht na n-oibleagáidí i gcomhréir leis an gcinneadh sin.
7. Beidh fionraíocht na n-oibleagáidí nó an cúiteamh dá dtagraítear san Airteagal seo sealadach agus ní chuirfear i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas í:
|
(a) |
tar éis do na Páirtithe teacht ar réiteach arna chomhaontú ar bhonn frithpháirteach de bhun Airteagal 269; |
|
(b) |
tar éis do na Páirtithe teacht ar chomhaontú go bhfuil na forálacha faoi chumhdach á gcomhlíonadh ag an bPáirtí a bhfuil gearán a dhéanamh ina aghaidh, agus go bhfuil an méid sin amhlaidh mar thoradh ar an mbeart a rinneadh chun comhlíonadh a bhaint amach; nó |
|
(c) |
aon bheart a bheith tarraingthe siar nó leasaithe, ar beart é a rinneadh chun an tuarascáil chríochnaitheach a chomhlíonadh agus a bhfuair an painéal go raibh sé ar neamhréir leis na forálacha faoi chumhdach, ionas go mbeadh na forálacha sin á gcomhlíonadh ag an bPáirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh. |
AIRTEAGAL 254
Athbhreithniú ar aon bheart a dhéanfar chun comhlíonadh a bhaint amach tar éis ghlacadh na leigheasanna sealadacha
1. Tabharfaidh an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh fógra don Pháirtí is gearánach faoi aon bheart atá déanta aige chun comhlíonadh a bhaint amach tar éis oibleagáidí a bheith curtha ar fionraí nó tar éis cúiteamh sealadach a bheith curtha i bhfeidhm, de réir mar a bheidh. Cé is moite de chásanna faoi mhír 2, déanfaidh an Páirtí is gearánach fionraíocht na n-oibleagáidí a fhoirceannadh laistigh de 30 lá tar éis dháta seachadta an fhógra. I gcásanna ina mbeidh cúiteamh curtha i bhfeidhm, agus cé is moite de chásanna faoi mhír 2, féadfaidh an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh cur i bhfeidhm an chúitimh sin a fhoirceannadh laistigh de 30 lá tar éis dháta seachadta a fhógra go bhfuil comhlíonadh bainte amach aige.
2. Mura dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh ag comhlíonadh na bhforálacha faoi chumhdach anois, mar thoradh ar an mbeart faoinar tugadh fógra, agus mura ndéanfaidh siad amhlaidh laistigh de 30 lá ó dháta seachadta an fhógra, déanfaidh an Páirtí is gearánach iarraidh i scríbhinn a sheachadadh chuig an bpainéal bunaidh go ndéanfadh an painéal cinneadh maidir leis an ábhar. Déanfaidh an painéal a chinneadh a sheachadadh chuig na Páirtithe laistigh de 46 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata. Maidir leis an mbeart a rinneadh chun comhlíonadh a bhaint amach, má chinneann an painéal go bhfuil an beart sin i gcomhréir leis na forálacha faoi chumhdach, cuirfear deireadh le fionraíocht na n-oibleagáidí nó leis an gcúiteamh, de réir mar a bheidh. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an Páirtí is gearánach leibhéal fhionraíocht na n-oibleagáidí nó leibhéal an chúitimh a choigeartú i bhfianaise chinneadh an phainéil.
3. Má mheasann an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh go sáraíonn an leibhéal fionraíochta arna chur chun feidhme ag an bPáirtí is gearánach an leibhéal atá coibhéiseach leis an neamhniú nó leis an lagú arb é an sárú is cúis leis, féadfaidh sé iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid an phainéil bunaidh chun go ndéanfadh an painéal cinneadh maidir leis an ábhar. Déanfaidh an painéal a chinneadh a sheachadadh laistigh de 46 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata.
AIRTEAGAL 255
Painéalaithe a ionadú
Má tharlaíonn sé, le linn aon nós imeachta um réiteach díospóidí faoin Roinn seo, nach bhfuil painéalaí in ann a bheith páirteach ann, go dtarraingíonn sé siar nó gur gá painéalaí eile a chur ina ionad mar nach bhfuil Iarscríbhinn 14-B á comhlíonadh aige, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 242. An tréimhse ama a bhaineann le seachadadh thuarascáil nó chinneadh an phainéil, déanfar í a shíneadh faoin am a bhfuil gá leis chun an painéalaí nua a cheapadh.
AIRTEAGAL 256
Rialacha nós imeachta
1. Is ag an Roinn seo agus ag Iarscríbhinn 14-A a bheidh na nósanna imeachta painéil á rialú.
2. Beidh aon éisteacht de chuid an phainéil ar oscailt don phobal mura bhforáiltear a mhalairt in Iarscríbhinn 14-A.
AIRTEAGAL 257
Fionraíocht agus foirceannadh
1. Arna iarraidh sin ag an dá Pháirtí, cuirfidh an painéal a obair ar fionraí tráth ar bith go ceann tréimhse arna comhaontú ag na Páirtithe, nach faide í ná 12 mhí as a chéile.
2. Cuirfidh an painéal tús lena obair an athuair roimh dhul in éag na tréimhse fionraíochta arna iarraidh sin i scríbhinn ag an dá Pháirtí nó tráth dhul in éag na tréimhse fionraíochta arna iarraidh sin i scríbhinn ag ceachtar den dá Pháirtí. Déanfaidh an Páirtí iarrthach fógra a sheachadadh chuig an bPáirtí eile dá réir sin. Mura n-atosóidh an painéal a chuid oibre nuair a rachaidh an tréimhse fionraíochta in éag i gcomhréir leis an mír seo, rachaidh údarás an phainéil i léig agus foirceannfar an nós imeachta um réiteach díospóidí.
3. I gcás ina gcuirfear obair an phainéil ar fionraí, cuirfear síneadh leis na tréimhsí ama ábhartha a leagtar amach sa Roinn seo, a bheidh ar aon fhad leis an tréimhse ar lena haghaidh a cuireadh obair an phainéil ar fionraí.
AIRTEAGAL 258
An ceart chun faisnéis a lorg
1. Arna iarraidh sin ag Páirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an painéal faisnéis ábhartha a lorg ó na Páirtithe, ar faisnéis í a mheasann sé is gá agus is iomchuí. Tabharfaidh na Páirtithe freagra pras agus iomlán ar aon iarraidh ón bpainéal ar an bhfaisnéis sin.
2. Arna iarraidh sin ag Páirtí nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an painéal aon fhaisnéis a lorg ó aon fhoinse, ar faisnéis í a mheasann sé is iomchuí. Féadfaidh an painéal tuairim saineolaithe a lorg freisin, de réir mar a mheasann sé is iomchuí, agus faoi réir aon téarma agus coinníoll arna gcomhaontú ag na Páirtithe, i gcás inarb infheidhme.
3. Breithneoidh an painéal aighneachtaí amicus curiae ó dhaoine nádúrtha de chuid Páirtí nó ó dhaoine dlítheanacha atá bunaithe i bPáirtí i gcomhréir le hIarscríbhinn 14-A.
4. Aon fhaisnéis a fhaigheann an painéal de bhun an Airteagail seo, nochtfar do na Páirtithe í agus féadfaidh na Páirtithe barúlacha a thabhairt i leith na faisnéise sin.
AIRTEAGAL 259
Rialacha maidir le léirmhíniú
1. Déanfaidh an painéal na forálacha faoi chumhdach a léirmhíniú i gcomhréir leis na rialacha gnácha maidir le léirmhíniú a bhaineann leis an dlí poiblí idirnáisiúnta, lena n-áirítear iad sin a chódaítear i gCoinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí.
2. Cuirfidh an painéal san áireamh freisin léirmhínithe ábhartha i dtuarascálacha ó Phainéil EDT agus ón mBuanchomhlacht Achomhairc arna nglacadh ag Comhlacht EDT um Réiteach Díospóidí.
3. Le tuarascálacha agus cinntí an phainéil, ní chuirfear le cearta ná oibleagáidí na bPáirtithe faoin gComhaontú seo, ná ní laghdófar na cearta ná na hoibleagáidí sin ach oiread.
AIRTEAGAL 260
Tuarascálacha agus cinntí an phainéil
1. Coimeádfar pléití an phainéil faoi rún. Déanfaidh an painéal gach iarracht chun tuarascálacha a dhréachtú agus cinntí a dhéanamh de chomhthoil. Mura mbeidh an méid sin indéanta, déanfaidh an painéal cinneadh trí vóta tromlaigh. Ní nochtfar, in aon chás, tuairimí atá ag painéalaithe féin.
2. Glacfaidh na Páirtithe go neamhchoinníollach le cinntí agus tuarascálacha an phainéil. Ní chruthóidh siad aon cheart ná oibleagáid i ndáil le daoine nádúrtha nó dlítheanacha.
3. Cuirfidh gach Páirtí tuarascálacha agus cinntí an phainéil agus a aighneachtaí ar fáil go poiblí, faoi réir cosaint faisnéise rúnda.
4. Aon fhaisnéis a chuireann Páirtí faoi bhráid an phainéil i gcomhréir le hIarscríbhinn 14-A, caithfidh an painéal agus na Páirtithe léi mar fhaisnéis rúnda.
AIRTEAGAL 261
Rogha fóraim
1. I gcás ina dtiocfaidh díospóid chun cinn maidir le beart ar leith a bhfuil sé líomhnaithe ina leith go bhfuil na forálacha faoi chumhdach á sárú aige agus go bhfuil oibleagáid á sárú aige atá coibhéiseach cuid mhaith faoi aon chomhaontú trádála idirnáisiúnta eile ar páirtí ann an dá Pháirtí, lena n-áirítear Comhaontú EDT, is é an Páirtí a bhfuil sásamh á lorg aige a roghnóidh an fóram ina réiteofar an díospóid.
2. A luaithe a bheidh an fóram roghnaithe ag Páirtí agus nósanna imeachta um réiteach díospóidí tionscanta aige faoin Roinn seo nó faoi aon chomhaontú trádála idirnáisiúnta eile, ní thionscnóidh an Páirtí sin nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoi aon chomhaontú eile maidir leis an mbeart ar leith dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcás nach n-éireoidh leis an bhfóram a roghnaíodh i dtús báire torthaí a fháil ar chúiseanna nós imeachta nó dlínse.
3. Chun críocha an Airteagail seo:
|
(a) |
nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoin Roinn seo, measfar iad a bheith tionscanta le hiarraidh ó Pháirtí ar phainéal i gcomhréir le hAirteagal 241; |
|
(b) |
nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoi Chomhaontú EDT, measfar iad a bheith tionscanta le hiarraidh ó Pháirtí ar phainéal i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chomhthuiscint maidir le Rialacha agus Nósanna Imeachta lena Rialaítear Réiteach Díospóidí EDT; agus |
|
(c) |
nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoi aon chomhaontú eile, measfar iad a bheith tionscanta i gcomhréir le forálacha ábhartha an chomhaontaithe trádála idirnáisiúnta sin. |
4. Gan dochar do mhír 2, ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo bac ar Pháirtí oibleagáidí a chur ar fionraí, ar oibleagáidí iad a d’údaraigh Comhlacht um Réiteach Díospóidí EDT nó a údaraíodh faoi nósanna imeachta um réiteach díospóidí aon chomhaontaithe idirnáisiúnta eile a bhfuil na Páirtithe díospóideacha ina bpáirtithe ann. Ní dhéanfaidh Páirtí Comhaontú EDT nó aon chomhaontú trádála idirnáisiúnta eile idir na Páirtithe a agairt chun cosc a chur ar Pháirtí oibleagáidí faoin Roinn seo a chur ar fionraí.
ROINN 4
IDIRGHABHÁIL
AIRTEAGAL 262
Cuspóir
Is é is cuspóir don sásra idirghabhála cuidiú chun gur fusa a bheidh sé teacht ar réiteach a chomhaontófar ar bhonn frithpháirteach trí nós imeachta cuimsitheach gasta le cúnamh ó idirghabhálaí.
AIRTEAGAL 263
Iarraidh ar fhaisnéis
1. Tráth ar bith roimh thionscnamh an nós imeachta idirghabhála, féadfaidh Páirtí iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid an Pháirtí eile ar fhaisnéis maidir le beart lena ndéantar dochar do thrádáil nó infheistíocht idir na Páirtithe. Déanfaidh an Páirtí a seachadtar an iarraidh sin chuige, laistigh de 20 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata, freagra i scríbhinn a sheachadadh ina bhfuil a bharúlacha ar an bhfaisnéis a iarrtar.
2. Má mheasann an Páirtí is freagróir nach mbeidh sé in ann freagra a sheachadadh laistigh de 20 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata, tabharfaidh sé fógra don Pháirtí iarrthach go pras faoi sin, ina luafar na cúiseanna leis an moill agus ina soláthrófar meastachán ar an íostréimhse a bhfuil gá léi chun a fhreagra a sheachadadh.
3. Bíonn coinne leis de ghnáth go ndéanfaidh Páirtí iarraidh ar fhaisnéis i gcomhréir le mír 1 roimh thionscnamh an nós imeachta idirghabhála.
AIRTEAGAL 264
An nós imeachta idirghabhála a thionscnamh
1. Féadfaidh Páirtí a iarraidh tráth ar bith dul i mbun nós imeachta idirghabhála i ndáil le haon bheart a dhéanann Páirtí lena ndéantar difear diúltach do thrádáil nó d’infheistíocht idir na Páirtithe.
2. Déanfar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1a sheachadadh don Pháirtí eile i scríbhinn. Leis an iarraidh déanfar ábhair imní an Pháirtí iarrthaigh a chur i láthair go soiléir agus iad mionsonraithe go leordhóthanach agus déanfar an méid seo a leanas léi freisin:
|
(a) |
sainaithneofar an beart sonrach atá i gceist; |
|
(b) |
soláthrófar ráiteas maidir leis na héifeachtaí diúltacha a mheasann an Páirtí iarrthach atá, nó a bheidh, ag an mbeart ar thrádáil nó infheistíocht idir na Páirtithe; agus |
|
(c) |
míneofar an chaoi a measann an Páirtí iarrthach go bhfuil na héifeachtaí sin nasctha leis an mbeart. |
3. Ní fhéadfar an nós imeachta idirghabhála a thionscnamh ach le comhaontú frithpháirteach na bPáirtithe chun réitigh arna gcomhaontú go frithpháirteach a fhiosrú agus aon chomhairle agus réiteach molta ón idirghabhálaí a mheas. An Páirtí a seoltar an iarraidh chuige chun dul i mbun nós imeachta idirghabhála, déanfaidh sé breithniú tuisceanach ar an iarraidh agus déanfaidh sé fógra i scríbhinn a sheachadadh lena rá cé acu a ghlacann nó a dhiúltaíonn sé í chuig an bPáirtí iarrthach laistigh de 10 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata. Maidir leis an bPáirtí a seoltar an iarraidh chuige, i gcás nach ndéanann sé a fhógra glactha nó a fhógra diúltaithe a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, measfar gur diúltaíodh don iarraidh.
AIRTEAGAL 265
Idirghabhálaí a roghnú
1. Féachfaidh na Páirtithe le teacht ar chomhaontú maidir le hidirghabhálaí laistigh de 10 lá tar éis thionscnamh an nós imeachta idirghabhála.
2. I gcás nach mbeidh na Páirtithe in ann teacht ar chomhaontú faoin idirghabhálaí laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh ar chomhchathaoirleach an Choiste um Chomhar ón bPáirtí iarrthach dul i mbun nós imeachta idirghabhála chun an t-idirghabhálaí a roghnú trí chrannchur, laistigh de 5 lá tar éis na hiarrata, ó fholiosta na gcathaoirleach a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 243. Féadfaidh comhchathaoirleach an Choiste um Chomhar ón bPáirtí atá ag iarraidh dul i mbun nós imeachta idirghabhála roghnú sin an idirghabhálaí trí chrannchur a tharmligean.
3. Mura mbeidh foliosta na gcathaoirleach dá bhforáiltear in Airteagal 243 bunaithe tráth a dhéanfar iarraidh de bhun Airteagal 264, déanfar an t-idirghabhálaí a roghnú trí chrannchur as measc na ndaoine a mholfaidh Páirtí amháin nó an dá Pháirtí go foirmiúil le haghaidh an fholiosta sin.
4. Ní bheidh idirghabhálaí ina náisiúnach de chuid ceachtar den dá Pháirtí ná ní bheidh sé fostaithe ag ceachtar den dá Pháirtí, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
5. Comhlíonfaidh idirghabhálaí an Cód Iompair maidir le Painéalaithe agus Idirghabhálaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn 14-B.
AIRTEAGAL 266
Rialacha an nós imeachta idirghabhála
1. Laistigh de 10 lá tar éis cheapachán an idirghabhálaí, déanfaidh an Páirtí a thionscain an nós imeachta idirghabhála tuairisc mhionsonraithe i scríbhinn ar a ábhair imní a sheachadadh chuig an idirghabhálaí agus chuig an bPáirtí eile, go háirithe a mhéid a bhaineann le hoibriú an bhirt atá i gceist agus na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith aige ar thrádáil nó infheistíocht idir na Páirtithe. Féadfaidh an Páirtí eile barúlacha i scríbhinn ar an tuairisc sin a chur ar fáil laistigh de 20 lá tar éis dháta a seachadta. Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí aon fhaisnéis a áireamh ina thuairisc nó ina bharúlacha a mheasann sé is ábhartha.
2. Tabharfaidh an t-idirghabhálaí cúnamh do na Páirtithe ar bhealach trédhearcach chun an beart lena mbaineann a shoiléiriú, mar aon leis na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith aige ar thrádáil agus infheistíocht idir na Páirtithe. Go sonrach, féadfaidh an t-idirghabhálaí cruinnithe a eagrú idir na Páirtithe, dul i gcomhairle leis na Páirtithe go comhpháirteach nó ina n-aonair, cúnamh a lorg ó shaineolaithe agus páirtithe leasmhara ábhartha nó dul i gcomhairle leo, agus aon tacaíocht bhreise arna hiarraidh ag na Páirtithe a sholáthar. Rachaidh an t-idirghabhálaí i gcomhairle leis na Páirtithe roimh chúnamh a lorg ó shaineolaithe agus páirtithe leasmhara ábhartha, nó roimh dhul i gcomhairle leo.
3. Féadfaidh an t-idirghabhálaí comhairle a thairiscint agus réiteach a mholadh lena mheas ag na Páirtithe. Féadfaidh na Páirtithe glacadh leis an réiteach molta nó diúltú dó, nó teacht ar chomhaontú maidir le réiteach eile. Ní thabharfaidh an t-idirghabhálaí comhairle maidir le comhsheasmhacht an bhirt lena mbaineann an Teideal seo ná ní thabharfaidh sé barúlacha air.
4. Seolfar an nós imeachta idirghabhála i gcríoch an Pháirtí ar díríodh an iarraidh air nó, le comhaontú frithpháirteach, in aon suíomh eile nó ar aon bhealach eile.
5. Féachfaidh na Páirtithe le teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach laistigh de 60 lá tar éis cheapachán an idirghabhálaí. Ar feitheamh comhaontú críochnaitheach, féadfaidh na Páirtithe réitigh eatramhacha a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas, go háirithe má bhaineann an beart le hearraí meatacha nó earraí nó seirbhísí séasúracha.
6. Féadfar an réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach a ghlacadh trí bhíthin cinneadh ón gCoiste um Chomhar. An réiteach a comhaontaíodh go frithpháirteach, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí é a chur faoi réir chur i gcrích aon cheann de na nósanna imeachta inmheánacha atá ina gceanglas. Cuirfear réitigh a chomhaontófar go frithpháirteach ar fáil go poiblí. Sa leagan a nochtar don phobal, ní bheidh aon fhaisnéis ann atá ainmnithe ag Páirtí mar fhaisnéis rúnda.
7. Arna iarraidh sin ag ceachtar den dá Pháirtí, déanfaidh an t-idirghabhálaí dréacht-tuarascáil fhíorasach a sheachadadh chuig na Páirtithe lena gcuirfear an méid seo a leanas ar fáil:
|
(a) |
achoimre ghearr ar an mbeart atá i gceist; |
|
(b) |
na nósanna imeachta a leanadh; agus |
|
(c) |
más infheidhme, aon réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach, lena n-áirítear réitigh eatramhacha a d’fhéadfadh a bheith ann. |
8. Ceadóidh an t-idirghabhálaí 15 lá do na Páirtithe chun barúil a thabhairt ar an dréacht-tuarascáil fhíorasach. Tar éis barúlacha na bPáirtithe a mheas, déanfaidh an t-idirghabhálaí, laistigh de 15 lá, tuarascáil fhíorasach chríochnaitheach a chur ar fáil do na Páirtithe. Ní bheidh aon léirmhíniú ar an Teideal seo san áireamh sa tuarascáil fhíorasach chríochnaitheach.
9. Déanfar an nós imeachta a fhoirceannadh tríd an méid seo a leanas:
|
(a) |
réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach a bheith glactha ag na Páirtithe, ar dháta a ghlactha; |
|
(b) |
arna chomhaontú sin go frithpháirteach ag na bPáirtithe ag aon chéim den nós imeachta, ar dháta an chomhaontaithe sin; |
|
(c) |
trí dhearbhú i scríbhinn ón idirghabhálaí, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe, nach mbeadh maith ar bith in iarrachtaí breise idirghabháil a dhéanamh, ar dháta an dearbhaithe sin; nó |
|
(d) |
dearbhú i scríbhinn ó Pháirtí tar éis réitigh arna gcomhaontú go frithpháirteach a fhiosrú faoin nós imeachta idirghabhála agus tar éis aon chomhairle agus réiteach molta ón idirghabhálaí a mheas, ar dháta an dearbhaithe sin. |
AIRTEAGAL 267
Rúndacht
Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, beidh na céimeanna uile den nós imeachta idirghabhála faoi rún, lena n-áirítear aon chomhairle nó réiteach molta. Féadfaidh gach Páirtí a nochtadh don phobal gurb amhlaidh atá idirghabháil ar bun.
AIRTEAGAL 268
Gaolmhaireacht le nósanna imeachta um réiteach díospóidí
1. Tá an nós imeachta idirghabhála gan dochar do chearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoi Ranna 2 agus 3 nó faoi nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoi aon chomhaontú idirnáisiúnta eile.
2. Ní bhraithfidh Páirtí ar an méid seo a leanas, ná ní thabharfaidh sé an méid seo a leanas isteach mar fhianaise, i nósanna imeachta eile um réiteach díospóidí faoin Teideal seo ná in aon chomhaontú idirnáisiúnta eile, ná ní chuirfidh painéal an méid seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
seasaimh arna nglacadh ag an bPáirtí eile le linn an nós imeachta idirghabhála nó faisnéis arna bailiú go heisiach i gcomhréir le hAirteagal 266(2); |
|
(b) |
gurb amhlaidh a léirigh an Páirtí eile go bhfuil sé toilteanach glacadh le réiteach ar an mbeart atá faoi réir idirghabhála; nó |
|
(c) |
comhairle arna tabhairt nó tograí arna ndéanamh ag an idirghabhálaí. |
3. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, ní fheidhmeoidh idirghabhálaí mar chomhalta de phainéal i nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoin Teideal seo ná faoi aon chomhaontú idirnáisiúnta eile lena mbaineann an t-ábhar céanna arbh idirghabhálaí é lena aghaidh.
ROINN 5
FORÁLACHA COITEANNA
AIRTEAGAL 269
Réiteach a chomhaontú ar bhonn frithpháirteach
1. Féadfaidh na Páirtithe teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach, tráth ar bith, i ndáil le haon díospóid dá dtagraítear in Airteagal 239.
2. Má thagtar ar réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach le linn nós imeachta an phainéil nó le linn an nós imeachta idirghabhála, tabharfaidh na Páirtithe fógra go comhpháirteach faoin réiteach sin do chathaoirleach an phainéil nó don idirghabhálaí, de réir mar is infheidhme. Ar an bhfógra sin a thabhairt, déanfar nós imeachta an phainéil nó an nós imeachta idirghabhála a fhoirceannadh.
3. Déanfaidh gach Páirtí aon bheart is gá chun an réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach a chur chun feidhme laistigh den tréimhse chomhaontaithe.
4. Tráth nach déanaí ná dul in éag na tréimhse ama comhaontaithe, cuirfidh an Páirtí cur chun feidhme an Páirtí eile ar an eolas i scríbhinn faoi aon bheart atá déanta aige chun an réiteach a comhaontaíodh go frithpháirteach a chur chun feidhme.
AIRTEAGAL 270
Tréimhsí ama
1. Déantar na tréimhsí uile a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhaireamh i laethanta féilire ón lá tar éis an ghnímh dá dtagraíonn siad.
2. Aon tréimhse a leagtar amach sa Chaibidil seo, féadfar í a mhodhnú le comhaontú frithpháirteach na bPáirtithe.
3. A mhéid a bhaineann le Roinn 3, féadfaidh an painéal a mholadh do na Páirtithe, tráth ar bith, aon tréimhse a leagtar amach sa Chaibidil seo a mhodhnú, agus na cúiseanna leis an moladh á lua.
AIRTEAGAL 271
Costais
1. Seasfaidh gach Páirtí a chostais féin a thagann as an rannpháirtíocht i nós imeachta an phainéil nó sa nós imeachta idirghabhála.
2. Déanfaidh na Páirtithe na costais a dhíorthaítear ó ábhair eagraíochtúla, lena n-áirítear luach saothair agus costais na bpainéalaithe agus na n-idirghabhálaithe, a chomhroinnt go comhpháirteach agus go cothrom.
3. Féadfaidh an Coiste um Chomhar cinneadh a ghlacadh lena leagfar amach paraiméadair nó mionsonraí eile maidir le luach saothair agus aisíocaíocht chostas na bpainéalaithe agus na n-idirghabhálaithe, lena n-áirítear aon chostas gaolmhar a d’fhéadfaí a thabhú sna himeachtaí. Go dtí go ndéanfar an cinneadh sin, is i gcomhréir le Riail 10 d’Iarscríbhinn 14-A a chinnfear luach saothair agus aisíocaíocht costas painéalaithe agus idirghabhálaithe agus aon chostas gaolmhar.
AIRTEAGAL 272
Leasuithe ar na hiarscríbhinní
Féadfaidh an Coiste um Chomhar Iarscríbhinní 14-A agus 14-B a leasú.
CAIBIDIL 15
EISCEACHTAÍ
AIRTEAGAL 273
Eisceachtaí ginearálta
1. Chun críocha Chaibidlí 2, 4, 8 agus 12, déantar Airteagal XX de GATT 1994, lena n-áirítear na Nótaí agus na Forálacha Forlíontacha a ghabhann leis, a ionchorprú sa Chomhaontú seo agus déantar cuid den Chomhaontú seo de, mutatis mutandis.
2. Faoi réir an cheanglais nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach arb é a bheadh ann modh idirdhealaithe threallaigh nó gan údar idir na Páirtithe i gcás ina mbeidh coinníollacha comhchosúla ann, nó srianadh faoi cheilt ar infheistíocht nó trádáil i seirbhísí, ní fhorléireofar aon ní i gCaibidlí 8 ná 12 mar ní lena gcoiscfear ar cheachtar den dá Pháirtí bearta a ghlacadh nó a fhorfheidhmiú, ar bearta iad is gá chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
slándáil phoiblí nó moráltacht an phobail a chosaint nó an t-ord poiblí a choinneáil ar bun (41); |
|
(b) |
beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint; |
|
(c) |
comhlíonadh dlíthe nó rialachán a bhaint amach, ar dlíthe nó rialacháin iad nach bhfuil ar neamhréir leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
|
3. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá na Páirtithe ar aon fhocal faoin tuiscint seo a leanas, maidir le cur i bhfeidhm mhíreanna 1 agus 2:
|
(a) |
leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal XX de GATT 1994 agus i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo áirítear bearta comhshaoil a bhfuil gá leo chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint; |
|
(b) |
go bhfuil feidhm ag pointe (g) d’Airteagal XX de GATT 1994 maidir le bearta chun acmhainní nádúrtha neamh-inathnuaite, idir bheo agus neamhbheo, a chaomhnú; agus |
|
(c) |
Bearta a dhéantar chun comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha a chur chun feidhme, féadfar údar a thabhairt leo le pointe (b) nó pointe (g) d’Airteagal XX de GATT 1994 nó pointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo. |
4. Sula ndéanfaidh Páirtí aon bheart dá bhforáiltear i bpointí (i) agus (j) d’Airteagal XX de GATT 1994, cuirfidh an Páirtí sin an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil don Pháirtí eile, d’fhonn réiteach atá inghlactha ag an dá Pháirtí a lorg. Mura dtiocfar ar chomhaontú laistigh de 30 lá ó soláthraíodh an fhaisnéis sin, an Páirtí a bhfuil rún aige na bearta a dhéanamh, féadfaidh sé déanamh amhlaidh. I gcás nach féidir faisnéis a fháil nó imscrúdú a dhéanamh roimh ré de dheasca imthosca eisceachtúla criticiúla lena n-éilítear gníomhú láithreach, féadfaidh an Páirtí a bhfuil rún aige na bearta a dhéanamh, na bearta réamhchúraim a bhfuil gá leo chun déileáil leis an gcás a chur i bhfeidhm gan mhoill. Cuirfidh an Páirtí sin an méid sin ar a shúile don Pháirtí eile gan mhoill.
AIRTEAGAL 274
Cánachas
1. Níl aon ní sa Teideal seo a dhéanfaidh difear do chearta agus oibleagáidí an Aontais Eorpaigh ná na mBallstát, ná do chearta agus oibleagáidí Phoblacht na hÚisbéiceastáine faoi aon chonradh cánach idirnáisiúnta eile. I gcás ina bhfuil neamhréir ann idir an Comhaontú seo agus aon chonradh cánach idirnáisiúnta eile, beidh forlámhas ag an gconradh cánach sin go méid na neamhréire.
2. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 33 agus 194 den Chomhaontú seo maidir le buntáiste arna thabhairt ag Páirtí de bhun conradh cánach idirnáisiúnta.
3. Faoi réir an cheanglais nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach arb é a bheadh ann modh idirdhealaithe threallaigh nó gan údar idir na Páirtithe i gcás ina mbeidh coinníollacha comhchosúla ann, nó srianadh faoi cheilt ar thrádáil agus infheistíocht, ní fhorléireofar aon ní sa Teideal seo mar ní lena gcoiscfear ar aon Pháirtí aon bheart a ghlacadh, a choinneáil ar bun nó a fhorfheidhmiú, arb é is aidhm dó forchur nó bailiú cothrom nó éifeachtach cánacha díreacha a áirithiú:
|
(a) |
lena ndéantar idirdhealú idir cáiníocóirí nach bhfuil sa staid chéanna, go háirithe maidir lena n-áit chónaithe nó maidir leis an áit ina bhfuil a gcuid caipitil infheistithe; nó |
|
(b) |
arb é is aidhm dó cosc a chur ar sheachaint nó imghabháil cánacha de bhun aon chonradh cánach idirnáisúnta nó reachtaíocht fhioscach intíre. |
4. Chun críocha an Airteagail seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘áit chónaithe’ áit chónaithe chun críoch cánach; agus |
|
(b) |
ciallaíonn ‘conradh cánach idirnáisiúnta’ conradh lena seachnaítear cánachas dúbailte, nó aon chomhaontú nó socrú idirnáisiúnta a bhaineann go hiomlán nó go príomha le cánachas, a bhfuil an tAontas Eorpach nóna Ballstáit nó Poblacht na hÚisbéiceastáine ina bpáirtí ann. |
AIRTEAGAL 275
Nochtadh faisnéise
1. Ní fhorléireofar aon ní sa Teideal seo mar ní lena gceanglaítear ar Pháirtí faisnéis rúnda a chur ar fáil a gcuirfeadh nochtadh na faisnéise sin bac ar fhorfheidhmiú an dlí, nó a mbeadh a nochtadh bunoscionn ar bhealach eile le leas an phobail nó go ndéanfaí dochar dá bharr do leasanna tráchtála dlisteanacha fiontar ar leith, bídís poiblí nó príobháideach, seachas i gcás ina bhfuil gá ag painéal leis an bhfaisnéis rúnda sin i nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoi Chaibidil 14. Sna cásanna sin, déileálfar le faisnéis rúnda faoi rialú na bhforálacha ábhartha de Chaibidil 14.
2. I gcás ina ndéanfaidh Páirtí faisnéis a chur faoi bhráid an Pháirtí eile, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí na comhlachtaí a bhunaítear faoin gComhaontú seo, ar faisnéis í a mheastar a bheith rúnda faoina dhlíthe, déileálfaidh an Páirtí eile leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda, mura gcomhaontóidh Páirtí tíolactha na faisnéise a mhalairt.
AIRTEAGAL 276
Tarscaoiltí EDT
Má tá oibleagáid sa Teideal seo coibhéiseach go substaintiúil le hoibleagáid atá i gComhaontú EDT, aon bheart a dhéanfar i gcomhréir le tarscaoileadh arna ghlacadh de bhun Airteagal IX de Chomhaontú EDT, measfar go bhfuil sé i gcomhréir leis an bhforáil den Chomhaontú seo atá coibhéiseach go substainteach.
TEIDEAL V
COMHAR I RÉIMSE NA FORBARTHA EACNAMAÍCHE AGUS INBHUANAITHE
AIRTEAGAL 277
Cuspóirí comhair ginearálta san idirphlé eacnamaíoch
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile maidir leis an athchóiriú eacnamaíoch trí fheabhas a chur ar an gcomhthuiscint ar an staid eacnamaíoch i bPoblacht na hÚisbéiceastáine agus san Aontas Eorpach agus trí bheartais eacnamaíocha a cheapadh agus a chur chun feidhme.
2. Déanfaidh Poblacht na hÚisbéiceastáine bearta breise chun geilleagar margaidh inbhuanaithe a fhorbairt a fheidhmeoidh go maith, lena n-áirítear feabhsú na timpeallachta infheistíochta agus cuimsiú méadaithe na hearnála príobháidí. Oibreoidh na Páirtithe le chéile chun beartais mhaicreacnamaíocha fhónta agus bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí a áirithiú atá comhoiriúnach do phrionsabail bhunúsacha na héifeachtachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta.
AIRTEAGAL 278
Prionsabail chomhair ghinearálta san Idirphlé Eacnamaíoch
Déanfaidh na Páirtithe an méid seo a leanas:
|
(a) |
malartóidh siad taithí agus dea-chleachtais a bhaineann le straitéisí le haghaidh forbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear cur chun cinn ceart eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha; |
|
(b) |
malartóidh siad faisnéis maidir le treochtaí agus beartais mhaicreacnamaíocha, agus maidir le hathchóirithe struchtúracha chomh maith; |
|
(c) |
malartóidh siad saineolas agus dea-chleachtais i réimsí amhail an t-airgeadas poiblí, creataí beartais airgeadaíochta agus ráta malairte, beartas na hearnála airgeadais agus staidreamh eacnamaíoch; |
|
(d) |
malartóidh siad faisnéis agus taithí maidir le comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach, lena n-áirítear feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta Eorpaigh; agus |
|
(e) |
déanfaidh siad athbhreithniú ar stádas an chomhair dhéthaobhaigh sna réimsí eacnamaíocha, airgeadais agus staidrimh. |
AIRTEAGAL 279
Bainistiú airgeadais phoiblí, iniúchóireacht phoiblí sheachtrach agus rialú airgeadais inmheánach
Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile sa réimse córas láidir um bainistíocht airgeadais phoiblí agus sna réimsí iniúchóireachta poiblí seachtraí agus rialaithe airgeadais inmheánaigh, agus na cuspóirí seo a leanas acu:
|
(a) |
Dlísheomra na gCuntas a láidriú a thuilleadh go mbeidh sé ina institiúid uachtarach um iniúchóireacht phoiblí sheachtrach agus rialú airgeadais inmheánach de chuid Poblacht na hÚisbéiceastáine i dtéarmaí a neamhspleáchais airgeadais, eagraíochta agus oibriúcháin agus i dtéarmaí a fhothaithe acmhainneachta i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta seachtraí a bhfuil glacadh náisiúnta leo (INTOSAI); |
|
(b) |
Tacú leis an láraonad um chomhchuibhiú (an Roinn modheolaíochta buiséid, cur i ngníomh státchiste, rialaithe airgeadais agus iniúchóireachta inmheánaí) chun rialú airgeadais inmheánach poiblí Phoblacht na hÚisbéiceastáine a fhorbairt a thuilleadh agus chun a inniúlachtaí agus a stádas a neartú; |
|
(c) |
an córas um rialú airgeadais inmheánach poiblí a fhorbairt a thuilleadh agus a chur chun feidhme agus an méid sin bunaithe ar phrionsabal na cuntasachta bainistíochta, lena n-áirítear feidhm iniúchóireachta inmheánaí don earnáil phoiblí ina hiomláine, agus í neamhspleách ó thaobh feidhmeanna de, trí bhíthin comhchuibhiú le caighdeáin agus modheolaíochtaí a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, agus le dea-chleachtas an Aontais Eorpaigh; |
|
(d) |
córas leormhaith um chigireacht airgeadais chun an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí a chomhlánú (ach gan aithris a dhéanamh uirthi); |
|
(e) |
comhar agus comhoibriú éifeachtach idir na gníomhaithe a bhfuil baint acu le bainistiú, rialú, iniúchadh agus cigireacht airgeadais agus na gníomhaithe a bhfuil baint acu leis an mbuiséad, an státchiste agus an chuntasaíocht, chun forbairt rialachais a chothú; agus |
|
(f) |
malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais sna réimsí bainistíochta airgeadais phoiblí, iniúchóireachta poiblí seachtraí agus rialaithe airgeadais inmheánaigh. |
AIRTEAGAL 280
Dea-rialachas i réimse an chánachais
Geallann na Páirtithe go gcuirfidh siad prionsabail an dea-rialachais chun feidhme i réimse an chánachais, lena n-áirítear na caighdeáin dhomhanda maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise, cánachas cothrom, agus na híoschaighdeáin i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS). Cuirfidh na Páirtithe dea-rialachas i gcúrsaí cánach chun cinn, feabhsóidh siad an comhar idirnáisiúnta i réimse an chánachais agus éascóidh siad bailiú ioncaim dhlisteanaigh ó chánacha.
AIRTEAGAL 281
Staidreamh
1. Cuirfidh na Páirtithe caighdeáin idirnáisiúnta agus comhchuibhiú chun cinn maidir le modhanna agus cleachtas staidrimh, lena n-áirítear staidreamh a thiomsú agus a scaipeadh trí córas náisiúnta staidrimh éifeachtúil inbhuanaithe, agus é neamhspleách go gairmiúil.
2. Leis an gcomhar staidrimh díreofar ar mhalartú eolais, ar dhea-chleachtais a chothú agus ar urraim a léiriú ar Bhunphrionsabail Staidrimh Oifigiúil na Náisiún Aontaithe agus Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, arna leasú, a ghlac Coiste an Chórais Staidrimh Eorpaigh an 16 Samhain 2017.
AIRTEAGAL 282
Nascacht
Cuirfidh na Páirtithe nascacht inbhuanaithe chun cinn sa réigiún agus níos faide anonn. Chuige sin, rachaidh na Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le saincheisteanna leasa choitinn, chun go gcuirfear tionscnaimh nascachta chun cinn atá inbhuanaithe go heacnamaíoch, go fioscach, ó thaobh an chomhshaoil de agus go sóisialta san fhadtéarma agus atá ailínithe le rialacha agus rialacháin a aithnítear go hidirnáisiúnta.
AIRTEAGAL 283
Cuspóirí ginearálta maidir le comhar fuinnimh
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le hábhair fuinnimh agus maidir leis an gcreat dlíthiúil atá ina cheanglas a fhorbairt, agus é de chuspóir acu tabhairt isteach agus úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn, mar aon le héifeachtúlacht fuinnimh agus slándáil fuinnimh.
2. Beidh an comhar bunaithe ar chomhpháirtíocht chuimsitheach agus is é a bheidh mar threoir aige leas coiteann, cómhalartacht, trédhearcacht agus intuarthacht i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair margaidh agus an Chonartha um Chairt Fuinnimh. Is é is aidhm don chomhar freisin comhar fuinnimh réigiúnaigh a chur chun cinn, agus aird faoi leith á tabhairt ar thíortha na hÁise Láir a chomhtháthú le chéile agus i margaí agus conairí idirnáisiúnta.
AIRTEAGAL 284
An comhar in earnáil an fhuinnimh
Cumhdófar leis an gcomhar in earnáil an fhuinnimh, inter alia, na réimsí seo a leanas:
|
(a) |
foinsí in-athnuaite fuinnimh, an éifeachtúlacht fuinnimh agus an tslándáil fuinnimh a fheabhsú, go háirithe iontaofacht, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht an tsoláthair fuinnimh, lena n-áirítear sábháilteacht saoráidí fuinnimh a áirithiú agus éifeachtúlacht fuinnimh na n-acmhainneachtaí giniúna a mhéadú trí chomhar réigiúnach maidir le fuinneamh a chur chun cinn, lena n-áirítear margaí fuinnimh réigiúnacha a bhunú agus trádáil agus malartuithe fuinnimh idir-réigiúnacha agus laistigh de réigiúin a éascú; |
|
(b) |
cur chun feidhme straitéisí agus beartas fuinnimh, pléití ar thuartha agus cásanna, lena n-áirítear dálaí margaidh domhanda le haghaidh táirgí fuinnimh, chomh maith le feabhsú an chórais staidrimh in earnáil an fhuinnimh; |
|
(c) |
cruthú timpeallachta tarraingtí agus cobhsaí agus spreagadh infheistíochtaí frithpháirteacha i réimse an fhuinnimh ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach; |
|
(d) |
malartuithe éifeachtacha leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, leis an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus institiúidí agus ionstraimí airgeadais idirnáisiúnta ábhartha eile i réimse an fhuinnimh; |
|
(e) |
malartuithe eolaíocha agus teicniúla le haghaidh forbairt teicneolaíochtaí fuinnimh agus aird ar leith á tabhairt ar theicneolaíochtaí atá fuinneamhéifeachtúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol; |
|
(f) |
comhar i bhfóraim, tionscnaimh agus institiúidí fuinnimh iltaobhacha; agus |
|
(g) |
malartú eolais agus taithí, chomh maith le haistriú fuinnimh sa nuálaíocht, lena n-áirítear an méid sin sna réimsí bainistíochta agus teicneolaíochtaí fuinnimh agus sa réimse digitithe sa tionscal fuinnimh, lena n-áirítear uathoibriú an fhaireacháin ar ídiú agus caillteanais a íoslaghdú. |
AIRTEAGAL 285
Foinsí in-athnuaite fuinnimh
Saothrófar an comhar, inter alia, tríd an méid seo a leanas:
|
(a) |
tabhairt isteach agus forbairt foinsí inathnuaite fuinnimh ar bhealach atá eacnamaíoch agus fónta ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear comhar maidir le saincheisteanna rialála, deimhniúchán agus caighdeánú agus maidir le forbairt theicneolaíoch freisin; |
|
(b) |
malartuithe idir institiúidí, saotharlanna agus eintitis earnála príobháidí na bPáirtithe a éascú, agus é d’aidhm ag an méid sin dea-chleachtais a chur chun feidhme i dtreo fuinneamh na todhchaí agus an gheilleagair ghlais a chruthú; agus |
|
(c) |
seimineáir, comhdhálacha agus cláir oiliúna chomhpháirteacha a sheoladh, agus faisnéis eolaíoch phraiticiúil agus sonraí staidrimh oscailte a mhalartú, chomh maith le faisnéis faoi fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt. |
AIRTEAGAL 286
Éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh
Saothrófar comhar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh a chur chun cinn, lena n-áirítear an méid sin in earnálacha amhail gual, bladhmadh gáis (agus úsáid gáis ghaolmhair), foirgnimh, fearais agus iompar, inter alia, tríd an méid seo a leanas:
|
(a) |
faisnéis a mhalartú maidir le beartais éifeachtúlachta fuinnimh agus creataí agus pleananna gníomhaíochta dlíthiúla agus rialála; |
|
(b) |
éascaíocht a dhéanamh maidir le malartú taithí agus feasa gnó i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh agus an choigiltis fuinnimh; |
|
(c) |
tionscadail a thionscnamh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear tionscadail taispeántais, chun teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha a thabhairt isteach i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh agus an choigiltis fuinnimh; agus |
|
(d) |
cláir oiliúna agus cúrsaí oiliúna i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh chun cuspóirí an Airteagail seo a bhaint amach. |
AIRTEAGAL 287
Fuinneamh agus leictreachas hidreacarbóin
Le comhar sa réimse fuinnimh hidreacarbóin, cumhdófar na réimsí seo a leanas:
|
(a) |
nuachóiriú agus feabhsú na mbonneagar fuinnimh leasa choitinn atá ann cheana i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh, agus bonneagair leasa choitinn a fhorbairt amach anseo, lena n-áirítear iad sin arb é is aidhm dóibh foinsí fuinnimh, soláthróirí fuinnimh agus conairí agus modhanna iompar don fhuinneamh a éagsúlú, chomh maith le hacmhainneacht giniúna nua a bhunú, agus sláine, éifeachtúlacht, sábháilteacht agus slándáil na mbonneagar fuinnimh, bonneagair cumhachta leictrí san áireamh; |
|
(b) |
margaí fuinnimh iomaíocha, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha a fhorbairt, i gcomhréir le dea-chleachtais, trí athchóirithe rialála; |
|
(c) |
cobhsaíocht agus slándáil fhadtéarmach na trádála fuinnimh a fheabhsú agus a neartú, lena n-áirítear intuarthacht agus cobhsaíocht an éilimh ar fhuinneamh a áirithiú, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, agus tionchair agus rioscaí comhshaoil á n-íoslaghdú san am céanna; |
|
(d) |
ardleibhéal cosanta comhshaoil agus forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn san earnáil fuinnimh, lena n-áirítear eastóscadh, mínghlanadh, iompar, dáileadh agus ídiú; agus |
|
(e) |
sábháilteacht na taiscéalaíochta agus na ngníomhaíochtaí táirgthe hidreacarbóin a neartú, trí thaithí a mhalartú maidir le tionóiscí a chosc, anailís iarthionóisce, beartais maidir le freagairt agus feabhsúchán, chomh maith le dea-chleachtais i ndáil le dliteanas agus cleachtas dlíthiúil i gcás tubaiste. |
AIRTEAGAL 288
Cuspóirí ginearálta maidir leis an gcomhar iompair
Rachaidh na Páirtithe i gcomhar le chéile i réimse an iompair, agus na cuspóirí seo a leanas acu:
|
(a) |
comhlántacht a chur chun cinn idir a n-earnálacha iompair; |
|
(b) |
nascacht a líonraí iompair agus na nasc idir a gcríocha a fheabhsú; |
|
(c) |
feabhsú an bhonneagair iompair agus na hidir-inoibritheachta a chur chun cinn; |
|
(d) |
oibríochtaí agus córais iompair atá éifeachtúil, slán agus sábháilte a chur chun cinn; |
|
(e) |
feabhas a chur ar an leibhéal sábháilteachta iompair; |
|
(f) |
córais iompair inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear a ngnéithe eacnamaíocha, fioscacha, comhshaoil agus sóisialta; agus |
|
(g) |
gluaiseacht paisinéirí agus earraí a fheabhsú agus so-athraitheacht sreabha iompair a mhéadú trí bhacainní riaracháin, teicniúla agus eile a bhaint, d’fhonn comhtháthú margaidh níos dlúithe a bhaint amach. |
AIRTEAGAL 289
Comhar i réimse an iompair
Leis an gcomhar i réimse an iompar, cumhdófar, inter alia:
|
(a) |
malartú dea-chleachtas maidir le beartais iompair; |
|
(b) |
malartú faisnéise agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha ar an leibhéal réigiúnach agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhfuil na Páirtithe ina bpáirtithe iontu a chur chun feidhme; |
|
(c) |
taithí a mhalartú i dteicneolaíochtaí glasa le haghaidh córais iompair, lena n-áirítear iompar atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a thabhairt isteach; |
|
(d) |
taithí a mhalartú i ndigitiú an chórais iompair agus lóistíochta, chomh maith le caighdeáin agus teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha a thabhairt isteach maidir le dearadh, tógáil agus atógáil an bhonneagair iompair; |
|
(e) |
cúnamh i bhfianaise aontachas Phoblacht na hÚisbéiceastáine do chomhaontuithe agus coinbhinsiúin iltaobhacha idirnáisiúnta faoi Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) lena rialaítear an t-iompar idirnáisiúnta; agus |
|
(f) |
soghluaisteacht tiománaithe mótarfheithiclí an dá Pháirtí atá i mbun iompar idirnáisiúnta de bhóthar a éascú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. |
AIRTEAGAL 290
Cuspóirí ginearálta maidir leis an gcomhar comhshaoil
Forbróidh agus neartóidh na Páirtithe an comhar maidir le saincheisteanna comhshaoil, agus ar an gcaoi sin rannchuideofar le forbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas maidir le cosaint an chomhshaoil.
AIRTEAGAL 291
Comhar i réimse an chomhshaoil
1. Is é is aidhm don chomhar cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint, a fheabhsú, agus a athshlánú, sláinte an duine a chosaint, úsáid réasúnach acmhainní nádúrtha, agus bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó domhanda, lena n-áirítear fadhbanna sna réimsí seo a leanas:
|
(a) |
rialachas comhshaoil agus saincheisteanna cothrománacha, lena n-áirítear pleanáil straitéiseach, measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus measúnú comhshaoil straitéiseach, oideachas agus oiliúint, faireachán agus córais faisnéise comhshaoil, cigireacht agus forfheidhmiú, dliteanas comhshaoil, coireacht chomhshaoil a chomhrac, feabhsúchán comhshaoil, comhar trasteorann, rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil, próisis chinnteoireachta agus nósanna imeachta éifeachtacha um riarachán agus athbhreithniú breithiúnach; |
|
(b) |
aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí comhshaoil a bhaineann le triomú Mhuir Aral, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí ghníomhaíocht réigiúnach a chothú; |
|
(c) |
an córas faireacháin comhshaoil a fhorbairt; |
|
(d) |
glasú na gcathracha; |
|
(e) |
cáilíocht an aeir; |
|
(f) |
cáilíocht uisce agus bainistiú acmhainní uisce, lena n-áirítear bainistiú riosca i gcás tuilte, ganntanas uisce agus triomaigh; |
|
(g) |
bainistiú acmhainní agus dramhaíola; |
|
(h) |
éifeachtúlacht acmhainní, geilleagar glas agus ciorclach; |
|
(i) |
cosaint an dúlra, lena n-áirítear foraoiseacht, ainmniú líonra limistéar faoi chosaint agus caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche; |
|
(j) |
truailliú tionsclaíoch agus guaiseacha tionsclaíocha; agus |
|
(k) |
bainistiú ceimiceán. |
2. Beidh sé d’aidhm ag an gcomhar freisin an comhshaol a chomhtháthú i mbeartais earnála seachas an beartas comhshaoil chun rannchuidiú le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe.
AIRTEAGAL 292
Comhtháthú an chomhshaoil in earnálacha eile
1. Neartóidh na Páirtithe a gcomhar ar an leibhéal réigiúnach agus a gcomhar maidir le comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha ábhartha a chur chun feidhme.
2. Malartóidh na Páirtithe taithí chun comhtháthú an chomhshaoil a chur chun cinn in earnálacha eile, lena n-áirítear malartú dea-chleachtas, méadú a dhéanamh ar eolas agus inniúlacht, oideachas comhshaoil agus múscailt feasachta sna réimsí dá dtagraítear sa Chaibidil seo.
3. Tacóidh na Páirtithe le comhar a bhunú agus a fhorbairt idir institiúidí eolaíochta a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí maidir leis an gcomhshaol agus a dhéanann, go háirithe, prionsabail an gheilleagair chiorclaigh, chomh maith le húsáid réasúnach inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, a chur chun cinn.
AIRTEAGAL 293
Cuspóirí comhair ginearálta maidir leis an athrú aeráide
Forbróidh agus neartóidh na Páirtithe a gcomhar chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun oiriúnú dó d’fhonn rannchuidiú le spriocanna Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a bhaint amach. Leis an gcomhar, déanfar leasanna na bPáirtithe a chur san áireamh ar bhonn comhionannais agus sochair fhrithpháirtigh, chomh maith leis an idirthuilleamaíocht atá ann idir gealltanais dhéthaobhacha agus gealltanais iltaobhacha sa réimse sin.
AIRTEAGAL 294
Comhar maidir leis an athrú aeráide ar an leibhéal intíre, réigiúnach agus idirnáisiúnta
Leis an gcomhar, cuirfear bearta ar an leibhéal intíre, réigiúnach agus idirnáisiúnta chun cinn, lena n-áirítear bearta maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
maolú an athraithe aeráide; |
|
(b) |
oiriúnú don athrú aeráide; |
|
(c) |
éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide a sheachaint, a íoslaghdú agus aghaidh a thabhairt orthu; |
|
(d) |
sásraí margaidh agus neamh-mhargaidh chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide; |
|
(e) |
teicneolaíochtaí ísealcharbóin agus oiriúnúcháin atá nua, nuálach, sábháilte agus inbhuanaithe a chur chun cinn; |
|
(f) |
cur chun feidhme Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide; |
|
(g) |
príomhshruthú saincheisteanna aeráide i mbeartais ghinearálta agus earnáilsonracha; agus |
|
(h) |
múscailt feasachta, oideachas agus oiliúint. |
AIRTEAGAL 295
Comhar i réimse an athraithe aeráide
1. Déanfaidh na Páirtithe an méid seo a leanas, inter alia:
|
(a) |
faisnéis agus saineolas a mhalartú; |
|
(b) |
gníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde agus malartuithe faisnéise a chur chun feidhme maidir le teicneolaíochtaí níos glaine agus teicneolaíochtaí atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de; agus |
|
(c) |
gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí maidir le comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha arna ndaingniú ag na Páirtithe, amhail Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide 1992 agus Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. |
2. Cumhdófar leis an gcomhar, inter alia, an méid seo a leanas:
|
(a) |
bearta chun go bhfeabhsófar an inniúlacht chun gníomhaíocht aeráide éifeachtach a dhéanamh; |
|
(b) |
straitéisí forbartha agus pleananna gníomhaíochta fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí ísle gás ceaptha teasa a fhorbairt; |
|
(c) |
measúnuithe riosca agus leochaileachta maidir leis an athrú aeráide a fhorbairt; |
|
(d) |
eolas agus inniúlacht riaracháin a fhorbairt maidir le hoiriúnú agus maolú; |
|
(e) |
tosaíochtaí agus bearta oiriúnúcháin a shainaithint agus a fhorbairt, lena n-áirítear bearta chun an t-athrú aeráide a chomhtháthú in iarrachtaí forbartha, pleananna, beartais agus clársceidealú; |
|
(f) |
bearta fadtéarmacha a chur chun feidhme chun an t-athrú aeráide a mhaolú trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú; |
|
(g) |
laghdú an riosca tubaistí a bhaineann leis an aeráid, bearta bainistíochta agus ullmhachta éigeandála; |
|
(h) |
bearta chun ullmhú don trádáil carbóin faoi chuimsiú Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide; |
|
(i) |
bearta chun aistriú teicneolaíochta a chur chun cinn; |
|
(j) |
bearta chun breithnithe aeráide a phríomhshruthú i mbeartais earnáilsonracha; agus |
|
(k) |
bearta a bhaineann le substaintí ídithe ózóin agus gás fluairínithe. |
3. Déanfaidh na Páirtithe comhar idir-réigiúnach agus comhar idir réigiúin a chur chun cinn.
AIRTEAGAL 296
Cuspóirí comhair ginearálta maidir le beartas tionsclaíoch agus fiontraíochta
Féachfaidh na Páirtithe lena gcomhar a fhorbairt agus a neartú maidir le beartas tionsclaíoch agus fiontraíochta, rud a chuirfidh feabhas ar an timpeallacht ghnó le haghaidh na n-oibreoirí eacnamaíocha uile, agus béim ar leith ar FBManna.
AIRTEAGAL 297
Comhar i réimse an bheartais thionsclaíoch agus fiontraíochta
Áireofar le comhar i réimse an bheartais thionsclaíoch agus fiontraíochta, inter alia, na nithe seo a leanas:
|
(a) |
malartú faisnéise agus dea-chleachtas chun tacú le beartais fiontraíochta agus forbartha FBManna; |
|
(b) |
malartú faisnéise agus dea-chleachtais maidir le táirgiúlacht agus éifeachtúlacht na húsáide acmhainní, lena n-áirítear laghdú ar an ídiú fuinnimh agus táirgeacht níos glaine; |
|
(c) |
malartú faisnéise agus dea-chleachtas chun freagracht shóisialta na n-earnálacha gnó agus tionsclaíochta a fheabhsú i dtaca le forbairt inbhuanaithe agus urraim do chearta an duine; |
|
(d) |
bearta tacaíochta poiblí le haghaidh earnálacha tionsclaíochta, bunaithe ar cheanglais EDT agus ar na rialacha idirnáisiúnta eile is infheidhme maidir leis na Páirtithe; |
|
(e) |
faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú chun forbairt beartais nuálaíochta a spreagadh trí thráchtálú torthaí taighde agus forbartha (lena n-áirítear ionstraimí tacaíochta le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta atá bunaithe ar theicneolaíocht), trí fhorbairt braislí agus trí rochtain ar mhaoiniú; |
|
(f) |
cur chun cinn tionscnamh gnó agus comhair thionsclaíoch idir fiontair an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na hÚisbéiceastáine; |
|
(g) |
cur chun cinn timpeallachta atá níos fabhraí don lucht gnó, d’fhonn acmhainneacht fáis, trádáil agus deiseanna infheistíochta a fheabhsú; agus |
|
(h) |
dlúth-theagmhálacha a bhunú idir fiontraithe na bPáirtithe, agus misin ghnó agus fóraim ghnó a reáchtáil, chomh maith le cuir i láthair, cruinnithe comhchéime, agus rannpháirtíocht i dtaispeántais agus aontaí san Aontas Eorpach agus i bPoblacht na hÚisbéiceastáine. |
AIRTEAGAL 298
Dlí na gCuideachtaí
1. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht atá le sraith rialacha agus cleachtas éifeachtach i réimsí dhlí na gcuideachtaí agus an rialachais chorparáidigh, agus sa chuntasaíocht agus san iniúchóireacht chomh maith, i ngeilleagar margaidh feidhmiúil ag a bhfuil timpeallacht ghnó intuartha thrédhearcach, agus cuireann siad i dtreis an tábhacht a bhaineann le cóineasú rialála a chur chun cinn sa réimse sin.
2. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
malartú dea-chleachtas maidir le hinfhaighteacht faisnéise agus rochtain ar fhaisnéis a áirithiú i ndáil le heagrú agus ionadaíocht cuideachtaí cláraithe, ar bhealach trédhearcach inrochtana; |
|
(b) |
forbairt bhreise maidir le beartas rialachais chorparáidigh i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus caighdeáin ECFE go háirithe; |
|
(c) |
leanúint de na Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach le haghaidh cuntais chomhdhlúite na gcuideachtaí liostaithe; |
|
(d) |
rialacha cuntasaíochta agus tuairisciú airgeadais, lena n-áirítear na nithe sin a mhéid a bhaineann le FBManna; |
|
(e) |
rialáil agus maoirseacht ghníomhaíocht ghairmiúil na n-iniúchóirí; agus |
|
(f) |
caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta agus cóid eitice a chur i bhfeidhm, mar shampla, caighdeáin agus cóid eitice Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí, chun feabhas a chur ar leibhéal gairmiúil na n-iniúchóirí trí urramú caighdeán agus norm eiticiúil arna dhéanamh ag eagraíochtaí gairmiúla, eagraíochtaí iniúchóireachta agus iniúchóirí. |
AIRTEAGAL 299
Seirbhísí baincéireachta, árachais agus seirbhísí airgeadais eile
1. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le reachtaíocht éifeachtach agus cleachtais éifeachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais agus féadfaidh comhar a bheith eatarthu maidir leis na cuspóirí seo a leanas:
|
(a) |
rialáil seirbhísí airgeadais a fheabhsú; |
|
(b) |
cosaint éifeachtach leormhaith a áirithiú maidir le cearta infheisteoirí agus tomhaltóirí seirbhísí airgeadais, go háirithe i gcomhthéacs margaí urrús a fhorbairt; |
|
(c) |
comhar a chur chun cinn idir gníomhaithe éagsúla sa chóras airgeadais, lena n-áirítear rialtóirí agus maoirseoirí; agus |
|
(d) |
maoirseacht neamhspleách éifeachtach a chur chun cinn. |
2. Cuirfidh na Páirtithe cóineasú rialála le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le margaí airgeadais fónta chun cinn.
AIRTEAGAL 300
Cuspóirí comhair ginearálta i réimse an gheilleagair dhigitigh agus na sochaí digití
Déanfaidh na Páirtithe comhar a chur chun cinn maidir le forbairt an gheilleagair dhigitigh agus na sochaí digití, comhar a bheidh chun tairbhe saoránach agus gnólachtaí, trí infhaighteacht fhorleathan teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus trí sheirbhísí leictreonacha ar phraghsanna inacmhainne agus ar cháilíocht níos fearr, go háirithe i réimsí na trádála agus na ríomhthráchtála, na sláinte agus an oideachais, agus sna réimsí rialtais agus riaracháin i gcoitinne. Beidh sé d’aidhm ag an gcomhar forbairt iomaíochta a chur chun cinn i margaí TFC agus oscailteacht na margaí sin a chur chun cinn, chomh maith le hinfheistíochtaí san earnáil sin a spreagadh.
AIRTEAGAL 301
Comhar ginearálta i réimse an gheilleagair dhigitigh agus na sochaí digití
Cumhdófar leis an gcomhar, inter alia, na réimsí seo a leanas:
|
(a) |
malartú faisnéise agus dea-chleachtais maidir le straitéisí digiteacha náisiúnta a chur chun feidhme sna réimsí teicneolaíochtaí faisnéise, teileachumarsáide, ríomhrialtais agus an gheilleagair dhigitigh, lena n-áirítear, inter alia, tionscnaimh arb é is aidhm dóibh rochtain ar leathanbhanda a chur chun cinn, feabhas a chur ar na rialacha maidir le haistriú sonraí trasteorann agus slándáil líonra, agus forbairt seirbhísí poiblí ar líne; agus |
|
(b) |
malartú faisnéise, dea-chleachtas agus taithí chun forbairt creata rialála chuimsithigh le haghaidh cumarsáid leictreonach a chur chun cinn, lena n-áirítear rialtóirí náisiúnta neamhspleácha, chun úsáid níos fearr acmhainní speictrim a chothú agus chun idir-inoibritheacht an bhonneagair cumarsáide leictreonaí idir na Páirtithe a bhrú chun tosaigh. |
AIRTEAGAL 302
Comhar idir rialtóirí i réimsí an gheilleagair dhigitigh agus na sochaí digití
Cuirfidh na Páirtithe comhar chun cinn idir rialtóirí san Aontas Eorpach agus i bPoblacht na hÚisbéiceastáine i réimsí na teileachumarsáide, na teicneolaíochta faisnéise, an ríomhrialtais agus an gheilleagair dhigitigh.
AIRTEAGAL 303
Cuspóirí comhair ginearálta i réimse na turasóireachta
Beidh na Páirtithe ag dréim le comhoibriú i réimse na turasóireachta, agus é d’aidhm acu forbairt tionscal turasóireachta iomaíoch inbhuanaithe a neartú, lena spreagfar fás eacnamaíoch, cumhachtú, fostaíocht, oideachas agus malartuithe in earnáil na turasóireachta.
AIRTEAGAL 304
Prionsabail an chomhair i réimse na turasóireachta
Beidh an comhar i réimse na turasóireachta bunaithe ar na prionsabail seo a leanas maidir le turasóireacht inbhuanaithe:
|
(a) |
urraim do shláine agus leasanna pobal áitiúil, go háirithe i limistéir thuaithe; |
|
(b) |
an tábhacht a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha, stairiúil agus nádúrtha a chaomhnú; |
|
(c) |
idirghníomhaíocht dhearfach idir caomhnú na turasóireachta agus caomhnú an chomhshaoil; agus |
|
(d) |
freagracht shóisialta na turasóireachta, lena n-áirítear freagracht maidir le pobail áitiúla. |
AIRTEAGAL 305
Comhar i réimse na turasóireachta
Le comhar i réimse na turasóireachta, féadfar, inter alia, an méid seo a leanas a áireamh:
|
(a) |
malartú faisnéise agus cleachtas gnó maidir le staidreamh, caighdeáin agus infheistíochtaí sa turasóireacht, teicneolaíochtaí nuálacha, éilimh mhargaidh nua, agus maidir le láithreáin oidhreachta chultúrtha a úsáid chun críocha na turasóireachta; |
|
(b) |
cur chun cinn samhlacha forbartha turasóireachta inbhuanaithe agus freagracha agus malartú dea-chleachtais, taithí agus feasa gnó; |
|
(c) |
malartú faisnéise agus dea-chleachtas i bhforbairt oiliúna agus scileanna sa turasóireacht; agus |
|
(d) |
teagmhálacha feabhsaithe idir páirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí atá freagrach as earnáil na turasóireachta, agus le páirtithe leasmhara pobail san Aontas Eorpach agus i bPoblacht na hÚisbéiceastáine. |
AIRTEAGAL 306
Cuspóirí comhair ginearálta i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe
Rachaidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun forbairt talmhaíochta agus tuaithe a chur chun cinn, go háirithe trí mhalartú eolais agus dea-chleachtas agus trí chóineasú céimnitheach beartas agus reachtaíochta, sna réimsí ar ábhar leasa don dá Pháirtí iad.
AIRTEAGAL 307
Comhar i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe
Le comhar idir na Páirtithe i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe, cumhdófar, inter alia:
|
(a) |
comhthuiscint ar bheartais talmhaíochta agus forbartha tuaithe a éascú; |
|
(b) |
malartú dea-chleachtais maidir leis na hinniúlachtaí riaracháin a fheabhsú ar an leibhéal lárnach agus áitiúil le linn do bheartais a bheith á bpleanáil, á measúnú agus á gcur chun feidhme; |
|
(c) |
nuachóiriú agus inbhuanaitheacht an táirgthe talmhaíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear modhanna iarbhuainte a uasghrádú; |
|
(d) |
eolas agus dea-chleachtas a roinnt maidir le beartais forbartha tuaithe d’fhonn folláine eacnamaíoch a chur chun cinn do phobail tuaithe agus d’fhonn a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a éagsúlú; |
|
(e) |
iomaíochas earnáil na talmhaíochta agus éifeachtúlacht agus trédhearcacht na margaí a fheabhsú; |
|
(f) |
beartais dearbhaithe cáilíochta agus a sásraí rialaithe, go háirithe tásca geografacha, a chur chun cinn, mar aon le feirmeoireacht orgánach; |
|
(g) |
eolas a scaipeadh ar tháirgeoirí talmhaíochta agus seirbhísí a leathnú chucu; |
|
(h) |
malartú taithí i mbeartais a bhaineann le forbairt inbhuanaithe an ghnó talmhaíochta agus próiseáil agus dáileadh táirgí talmhaíochta; |
|
(i) |
comhar idir fiontraithe a chur chun cinn in earnálacha arb ábhair leasa don dá Pháirtí iad; agus |
|
(j) |
trádáil talmhaíochta a chur chun cinn. |
AIRTEAGAL 308
Cuspóirí comhair ginearálta i réimse na mianadóireachta agus na n-amhábhar
Déanfaidh na Páirtithe a gcomhar a fhorbairt agus a neartú i réimsí na mianadóireachta agus na táirgeachta amhábhar, agus é de chuspóir leis sin comhthuiscint a chur chun cinn, feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, faisnéis a mhalartú agus oibriú i gcomhar le chéile ar shaincheisteanna neamhfhuinnimh a bhaineann go háirithe le taiscéalaíocht agus mianadóireacht shábháilte inbhuanaithe a dhéanamh ar mhianta miotalacha agus mianraí tionsclaíocha.
AIRTEAGAL 309
Comhar i réimse na mianadóireachta agus na n-amhábhar
Leis an gcomhar i réimsí na mianadóireachta agus na n-amhábhar, cumhdófar, inter alia, na nithe seo a leanas:
|
(a) |
malartú faisnéise maidir le forbairtí ina n-earnálacha mianadóireachta agus amhábhar féin; |
|
(b) |
malartú faisnéise maidir le hábhair a bhaineann le trádáil in amhábhair, rud arb é is aidhm dó malartuithe frithpháirteacha a chur chun cinn; |
|
(c) |
malartú faisnéise agus dea-chleachtais i ndáil le forbairt inbhuanaithe tionscal mianadóireachta, lena n-áirítear faisnéis maidir le cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí glana i bpróisis mhianadóireachta; |
|
(d) |
malartú faisnéise agus dea-chleachtais i ndáil le sláinte agus sábháilteacht oibrithe sna tionscail mhianadóireachta a choinneáil ar bun; agus |
|
(e) |
comhar maidir le taighde agus nuálaíocht trí ionstraimí cistiúcháin atá ann cheana chun tionscnaimh chomhpháirteacha eolaíochta agus teicneolaíochta a fhorbairt. |
AIRTEAGAL 310
Cuspóirí comhair ginearálta i réimse an oideachais agus na hoiliúna
Cuirfidh na Páirtithe comhar chun cinn sa taighde eolaíoch, mar aon le forbairt agus nuálaíocht teicneolaíochta ar bhonn leasa choitinn, tairbhe frithpháirtí agus, i gcás inar féidir, cómhalartachta, i gcomhréir lena rialacha agus a bhforálacha inmheánacha. Díreofar leis an gcomhar ar fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn, dul i ngleic le dúshláin shochaíocha dhomhanda agus réigiúnacha, barr feabhais eolaíoch a bhaint amach, sláine taighde a chur chun cinn agus an caidreamh idir na Páirtithe a neartú.
AIRTEAGAL 311
Comhar i réimse an taighde agus na nuálaíochta
Le comhar i réimse an taighde agus na nuálaíochta, áireofar, inter alia, na nithe seo a leanas:
|
(a) |
idirphlé beartais agus malartú faisnéise agus dea-chleachtais maidir le hionstraimí tacaíochta um thaighde agus nuálaíocht; |
|
(b) |
rochtain a éascú ar chláir taighde agus nuálaíochta, ar bhonneagair agus saoráidí taighde, ar fhoilseacháin eolaíocha agus ar shonraí eolaíocha gach ceann de na Páirtithe; |
|
(c) |
feabhas a chur ar an gcumas taighde in eintitis taighde agus in ollscoileanna Phoblacht na hÚisbéiceastáine agus, i gcás inarb iomchuí, rannpháirtíocht eintiteas taighde de chuid Phoblacht na hÚisbéiceastáine i gClár Réime an Aontais Eorpaigh um Thaighde agus um Nuálaíocht agus i dtionscnaimh náisiúnta na mBallstát a éascú; |
|
(d) |
an comhar a mhéadú i dtaighde agus caighdeánú réamhnormatach; |
|
(e) |
líonraí agus naisc a chothú idir institiúidí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta an dá Pháirtí; |
|
(f) |
gníomhaíochtaí oiliúna agus cláir shoghluaisteachta a shocrú d’eolaithe, do thaighdeoirí agus do bhaill foirne eile atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta sa dá Pháirtí i gcomhar lena gcláir féin in earnáil an ardoideachais agus an ghairmoideachais; |
|
(g) |
comhphrionsabail a chur chun cinn chun cóir chothrom agus chomhionann a bhaint amach maidir le cearta maoine intleachtúla i dtionscadail taighde agus nuálaíochta; |
|
(h) |
tráchtálú torthaí tionscadal comhpháirteach um thaighde agus nuálaíocht a chur chun cinn; |
|
(i) |
malartú faisnéise agus dea-chleachtais maidir le hionstraimí tacaíochta le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta bunaithe ar an teicneolaíocht, maidir le forbairt braislí agus maidir le rochtain ar mhaoiniú; |
|
(j) |
rochtain ar mhargaí intíre na bPáirtithe a éascú don teicneolaíocht nua; |
|
(k) |
tacú le cláir nuálaíochta shóisialta agus phoiblí arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fhorbairt shóisialta na réigiún agus ar cháilíocht saoil na saoránach go háirithe; agus |
|
(l) |
faoi chuimsiú na reachtaíochta is infheidhme, saorghluaiseacht a éascú do thaighdeoirí, eolaithe, saineolaithe, mic léinn agus fiontraithe atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, agus gluaiseacht trasteorann na n-earraí a bheartaítear a úsáid sna gníomhaíochtaí sin a éascú freisin. |
AIRTEAGAL 312
Gníomhaíochtaí i réimse an taighde agus na nuálaíochta a chur chun cinn
Cuirfidh na Páirtithe na gníomhaíochtaí seo a leanas chun cinn, gníomhaíochtaí lena mbeidh baint, ar bhonn deonach, ag eagraíochtaí rialtais, lárionaid taighde phoiblí agus phríobháideacha, institiúidí ardoideachais, agus gníomhaireachtaí agus líonraí nuálaíochta, chomh maith le páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide:
|
(a) |
gníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear líonraí téamacha, i réimsí leasa choitinn; |
|
(b) |
tionscnaimh chomhpháirteacha chun feasacht a ardú faoi chláir eolaíochta, theicneolaíochta, nuálaíochta agus fothaithe acmhainneachta, mar aon le deiseanna chun bheith rannpháirteach i gcláir a chéile; |
|
(c) |
cruinnithe agus ceardlanna comhpháirteacha a bheidh dírithe ar fhaisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú agus réimsí a shainaithint le haghaidh taighde comhpháirteach; |
|
(d) |
measúnú agus meastóireacht, arna n-aithint go frithpháirteach, ar chomhar eolaíochta agus nuálaíochta agus scaipeadh na dtorthaí comhfhreagracha; |
|
(e) |
iarrachtaí comhpháirteacha chun feabhas a chur ar shoghluaisteacht mac léinn, taighdeoirí agus foirne i réimsí comhleasa; agus |
|
(f) |
foirmeacha eile comhair i réimse an taighde agus na nuálaíochta, lena n-áirítear comhar trí chuir chuige agus tionscnaimh réigiúnacha de chuid an Aontais Eorpaigh, ar bhonn comhaontaithe fhrithpháirtigh. |
TEIDEAL VI
RÉIMSÍ COMHAIR EILE
AIRTEAGAL 313
Cosaint tomhaltóirí
Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le hardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú agus, chuige sin, féachfaidh siad le hoibriú i gcomhar le chéile sa réimse a bhaineann le beartas tomhaltóirí. Áireofar leis an gcomhar sin, a mhéid is féidir, an méid seo a leanas:
|
(a) |
faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú maidir lena gcreataí cosanta tomhaltóirí féin, lena n-áirítear malartú maidir le dlíthe tomhaltóirí, sábháilteacht táirgí tomhaltóirí, sásamh tomhaltóirí agus forfheidhmiú na reachtaíochta maidir le tomhaltóirí; |
|
(b) |
forbairt comhlachas tomhaltóirí neamhspleách agus teagmhálacha idir ionadaithe tomhaltóirí a spreagadh; agus |
|
(c) |
malartú faisnéise agus cur chun cinn gníomhaíochtaí comhpháirteacha idir comhlachtaí tomhaltóirí an dá Pháirtí, faoi réir a gcomhaontaithe fhrithpháirtigh. |
AIRTEAGAL 314
Comhar ginearálta i réimse na fostaíochta, an bheartais shóisialta agus an chomhionannais deiseanna
1. Agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Sprioc Forbartha Inbhuanaithe Uimh. 8 maidir le Lánfhostaíocht Tháirgiúil agus Obair Chuibhiúil á gcur san áireamh ag na Páirtithe, comhaontaíonn siad gur gné ríthábhachtach den fhorbairt inbhuanaithe iad lánfhostaíocht tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách.
2. Neartóidh na Páirtithe a n-idirphlé agus a gcomhar maidir le Clár Oibre um Obair Chuibhiúil EIS a chur chun cinn, chomh maith le beartas fostaíochta, dálaí maireachtála agus oibre, sláinte agus sábháilteacht ag an obair, idirphlé sóisialta, cosaint shóisialta, cuimsiú sóisialta, comhionannas inscne agus frith-idirdhealú, agus ar an mbealach sin rannchuideoidh siad le poist bhreise agus poist níos fearr a chur chun cinn, comhtháthú sóisialta feabhsaithe, forbairt inbhuanaithe, agus cáilíocht agus caighdeáin saoil fheabhsaithe.
3. Tá sé d’aidhm ag na Páirtithe an comhar a fheabhsú maidir le hobair chuibhiúil, fostaíocht agus ábhair bheartais shóisialta sna fóraim agus sna heagraíochtaí ábhartha uile.
4. Déanfaidh gach Páirtí aon chineál saothair éigeantais nó saothair leanaí a chosc agus a deireadh a chur leis.
AIRTEAGAL 315
Coinbhinsiún EIS agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara
1. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a ngealltanas chun na coinbhinsiúin EIS ar páirtithe iontu iad a chur chun feidhme agus chun aontachas breise a chur chun cinn. Athdhearbhaíonn siad a ngealltanas maidir le córas éifeachtach cigireachtaí saothair, i gcomhréir le caighdeáin EIS, chomh maith le sásraí forfheidhmithe éifeachtacha agus rochtain ar leigheasanna dlí.
2. Spreagfaidh na Páirtithe, i gcomhréir le Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair 1998 agus Dearbhú EIS maidir le Ceartas Sóisialta don Domhandú Cothrom 2008, rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile, go háirithe comhpháirtithe sóisialta, i ndáil lena bhforbairt beartais shóisialta féin agus leis an gcomhar idir an tAontas agus Poblacht na hÚisbéiceastáine faoin gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 316
Comhar breise i réimse na fostaíochta, an bheartais shóisialta agus an chomhionannais deiseanna
Leis an gcomhar i réimse na fostaíochta, an bheartais shóisialta agus an chomhionannais deiseanna, agus é bunaithe ar mhalartú faisnéise agus dea-chleachtais, féadfar ábhair a chur san áireamh sna réimsí seo a leanas:
|
(a) |
caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú agus comhtháthú sóisialta agus margaí saothair cuimsitheacha a fheabhsú, agus daoine leochaileacha a lánpháirtiú; |
|
(b) |
cur chun cinn post breise agus post níos fearr lena ngabhann dálaí oibre cuibhiúla, go háirithe d’fhonn an geilleagar neamhfhoirmiúil agus fostaíocht neamhfhoirmiúil a laghdú agus feabhas a chur ar dhálaí maireachtála; |
|
(c) |
dálaí oibre a fheabhsú, go háirithe cearta saothair a chosaint agus a fhorfheidhmiú, amhail aon chineál saothair éigeantais nó saothair leanaí agus cineálacha nua-aimseartha sclábhaíochta a chosc agus a deireadh a chur leo, chomh maith le feabhas a chur ar an leibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta ag an obair; |
|
(d) |
feabhsú an chomhionannais inscne trí rannpháirtíocht na mban sa saol sóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn agus trí chomhionannas deiseanna a áirithiú idir fir agus mná san fhostaíocht, san oideachas, san oiliúint, sa gheilleagar, sa tsochaí agus sa chinnteoireacht; |
|
(e) |
an comhrac i gcoinne an idirdhealaithe i ngnóthaí fostaíochta agus sóisialta i gcomhréir le hoibleagáidí gach Páirtí faoi chaighdeáin agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta; |
|
(f) |
feabhsú an leibhéil cosanta sóisialta do chách agus na córais cosanta sóisialta a nuachóiriú ó thaobh cáilíochta, leordhóthanachta, inrochtaineachta agus inbhuaine airgeadais de; agus |
|
(g) |
feabhsú rannpháirtíochta comhpháirtithe sóisialta agus cur chun cinn idirphlé shóisialta, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí inniúlacht comhpháirtithe sóisialta a neartú. |
AIRTEAGAL 317
Comhar maidir le bainistíocht fhreagrach slabhraí soláthair
1. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le bainistíocht fhreagrach a dhéanamh ar shlabhraí soláthair trí chleachtais iompair gnó fhreagraigh agus cleachtais freagrachta sóisialta corparáidí agus trí thimpeallacht chumasúcháin a sholáthar. Tacóidh gach Páirtí leis na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha a scaipeadh agus a úsáid, amhail Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta arna ghlacadh an 21 Meitheamh 1976 mar chuid den Dearbhú maidir le hInfheistíocht Idirnáisiúnta agus Fiontair Ilnáisiúnta, an Dearbhú Trípháirteach Prionsabal maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta ó EIS arna ghlacadh sa Ghinéiv an 16 Samhain 1977, Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe arna sheoladh i Nua-Eabhrac an 26 Iúil 2000, agus na Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine arna bhformhuiniú ag Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine le Rún 17/4 an 16 Meitheamh 2011.
2. Malartóidh na Páirtithe faisnéis agus dea-chleachtas agus, de réir mar is iomchuí, rachaidh siad i gcomhar le chéile, go réigiúnach agus i bhfóraim idirnáisiúnta, maidir leis na saincheisteanna a chumhdaítear leis an Airteagal seo.
AIRTEAGAL 318
Cuspóirí comhair ginearálta i réimse na sláinte
Forbróidh na Páirtithe a gcomhar i réimse na sláinte poiblí d’fhonn leibhéal cosanta shláinte an duine a ardú agus an comhionannas deiseanna i réimse na sláinte a fheabhsú, i gcomhréir le luachanna agus prionsabail choiteanna maidir leis an tsláinte, agus mar réamhchoinníoll le forbairt inbhuanaithe agus fás eacnamaíoch.
AIRTEAGAL 319
Comhar i réimse na sláinte
Leis an gcomhar i réimse na sláinte, tabharfar aghaidh ar chosc agus rialú galar teagmhálach agus neamhtheagmhálach, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí fhaisnéis sláinte a mhalartú, trí chur chuige ina mbeidh ‘an tsláinte i ngach beartas’ a chur chun cinn, trí chomhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (dá ngairtear ‘EDS’ anseo feasta), agus trí chur chun feidhme comhaontuithe sláinte idirnáisiúnta amhail Creat-Choinbhinsiún EDS maidir le Rialú Tobac, arna dhéanamh sa Ghinéiv an 21 Bealtaine 2003 agus Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta EDS arna ghlacadh ag Comhthionól Domhanda Sláinte EDS an 23 Bealtaine 2005.
AIRTEAGAL 320
Comhar chun drugaí, substaintí síceatrópacha agus a réamhtheachtaithe a chomhrac
1. Tá sé ar intinn ag na Páirtithe a dtaithí a mhalartú maidir le beartas drugaí a ullmhú agus a chur chun feidhme san Áise Láir laistigh de thréimhse ama chomhaontaithe.
2. Tá sé beartaithe ag an Aontas Eorpach cúnamh a thabhairt do Phoblacht na hÚisbéiceastáine laistigh de thréimhse ama chomhaontaithe chun córais iomchuí a fhorbairt chun luathrabhadh agus measúnú riosca a dhéanamh maidir le substaintí sícighníomhacha nua d’fhonn an tsláinte phoiblí a chosaint.
3. Déanfaidh an tAontas Eorpach, laistigh de thréimhse ama chomhaontaithe, feabhas a chur ar a chomhordú le Poblacht na hÚisbéiceastáine maidir le cur chuige cothrom comhtháite i leith saincheisteanna drugaí chun cláir oiliúna a sholáthar a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí sa chibearspás.
AIRTEAGAL 321
Comhar i réimse an oideachais, na hoiliúna agus na hóige
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile i réimse an oideachais agus na hoiliúna chun foghlaim ar feadh an tsaoil, comhoibriú agus trédhearcacht a chur chun cinn ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna, agus béim ar leith á leagan ar ghairmoideachas agus ar ardoideachas.
2. Le comhar i réimse an oideachais agus na hoiliúna, díreofar, inter alia, ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
cur chun cinn na foghlama ar feadh an tsaoil, rud atá ríthábhachtach maidir le fás agus poist agus lenar féidir le saoránaigh a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí; |
|
(b) |
nuachóiriú córas oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear córais fothaithe acmhainneachta, oiliúna agus athoiliúna le haghaidh seirbhísigh phoiblí/shibhialta, agus feabhsú cáilíochta, ábharthachta agus rochtana i ndréimire an oideachais trí chéile, ó oideachas agus cúram na luath-óige go dtí oideachas treasach; |
|
(c) |
cóineasú agus athchóirithe comhordaithe a chur chun cinn san ardoideachas agus sa ghairmoideachas; |
|
(d) |
treisiú an chomhair acadúil idirnáisiúnta chun an rannpháirtíocht i gcláir chomhair an Aontais a mhéadú, agus chun feabhas a chur ar shoghluaisteacht mac léinn, foirne agus taighdeoirí; |
|
(e) |
na naisc idir earnáil an oideachais agus an margadh saothair a neartú; |
|
(f) |
an creat náisiúnta um cháilíochtaí a fhorbairt a thuilleadh chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar aitheantas cáilíochtaí agus inniúlachtaí san ardoideachas, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint; |
|
(g) |
an comhar a fheabhsú d’fhonn forbairt bhreise a dhéanamh ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint, agus dea-chleachtas san Aontas Eorpach á chur san áireamh; |
|
(h) |
tacaíocht d’idirnáisiúnú ollscoileanna i bPoblacht na hÚisbéiceastáine, agus oideachas ar ardchaighdeán agus dálaí ábhartha á n-áirithiú san am céanna; |
|
(i) |
infheistíocht a chur chun cinn in earnáil oideachais Phoblacht na hÚisbéiceastáine; agus |
|
(j) |
comhar a chur chun cinn maidir le hionaid oiliúna agus oiriúnaithe agus ionaid ghairmoiliúna a chruthú i réimsí éagsúla ar chríoch Phoblacht na hÚisbéiceastáine. |
3. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile i réimse na hóige freisin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
comhar agus malartuithe i réimsí an bheartais óige a threisiú, mar aon le hoideachais neamhfhoirmiúil do dhaoine óga agus d’oibrithe óige; |
|
(b) |
rannpháirtíocht ghníomhach na ndaoine óga uile sa tsochaí a éascú; |
|
(c) |
tacú leis an tsoghluaisteacht do dhaoine óga agus d’oibrithe óige mar mhodh chun an t-idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn, chomh maith le gnóthú eolais, scileanna agus inniúlachtaí lasmuigh de na córais oideachais fhoirmiúla, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí oibriú go deonach; agus |
|
(d) |
cuirfidh siad an comhar chun cinn idir eagraíochtaí óige chun tacú leis an tsochaí shibhialta. |
AIRTEAGAL 322
Comhar i réimse an chultúir
1. Déanfaidh na Páirtithe bearta iomchuí chun malartuithe cultúrtha a chur chun cinn, chun tionscnaimh chomhpháirteacha a spreagadh i réimsí éagsúla cultúrtha agus cruthaitheacha, agus chun dea-chleachtas a mhalartú i réimse na hoiliúna agus an fhothaithe acmhainneachta le haghaidh ealaíontóirí, gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha, agus eagraíochtaí.
2. Rachaidh na Páirtithe i gcomhar le chéile faoi chuimsiú conarthaí idirnáisiúnta iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (dá ngairtear ‘UNESCO’ anseo feasta), chun tacú le héagsúlacht chultúrtha agus chun an oidhreacht chultúrtha agus stairiúil a chaomhnú agus luach a chur uirthi.
AIRTEAGAL 323
Comhar i réimse beartais an chlosamhairc agus na meán
1. Rachaidh na Páirtithe i gcomhar le chéile i réimse beartais na meán agus an chlosamhairc, go háirithe trí fhaisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú maidir le beartais agus oiliúint chlosamhairc agus meán le haghaidh iriseoirí agus gairmithe meán, pictiúrlainne agus closamhairc eile.
2. Rachaidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun neamhspleáchas agus gairmiúlacht na meán a threisiú, ar bhonn na gcaighdeán a leagtar síos sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear caighdeáin UNESCO agus Chomhairle na hEorpa, i gcás inarb iomchuí.
3. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile i bhfóraim idirnáisiúnta amhail UNESCO.
AIRTEAGAL 324
Comhar i réimse an spóirt agus na gníomhaíochta coirp
Cuirfidh na Páirtithe comhar chun cinn i réimse an spóirt agus na gníomhaíochta coirp chun stíl mhaireachtála shláintiúil, dea-rialachas, agus luachanna sóisialta agus oideachais an spóirt a chur chun cinn, agus chun bagairtí ar an spórt amhail dópáil, cúbláil cluichí, ciníochas agus foréigean a chomhrac. Áireofar leis an gcomhar sin, go háirithe, malartú faisnéise agus dea-chleachtais.
AIRTEAGAL 325
Comhar maidir le staideanna éigeandála agus cosaint shibhialta
1. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile chun feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí coisctheacha, maolaithe, ullmhachta, freagartha agus téarnaimh chun tionchar tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine a laghdú agus chun athléimneacht a sochaithe agus a mbonneagar a mhéadú. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile ar leibhéil iomchuí chun bainistiú an riosca tubaiste a fheabhsú.
2. Féachfaidh na Páirtithe le faisnéis agus saineolas a mhalartú agus le gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir acmhainní leordhóthanacha a bheith ar fáil.
AIRTEAGAL 326
Comhar i réimse na forbartha réigiúnaí
Cuirfidh na Páirtithe comhthuiscint agus comhar déthaobhach chun cinn i réimse an bheartais forbartha réigiúnaí, lena n-áirítear modhanna chun beartais réigiúnacha, rialachas il-leibhéil agus comhpháirtíocht a fhoirmliú agus a chur chun feidhme, agus béim faoi leith ar fhorbairt limistéar faoi mhíbhuntáiste agus ar chomhar críche, rud arb é is cuspóir dó feabhas a chur ar dhálaí maireachtála, comhtháthú críochach, sóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn, agus malartú faisnéise agus taithí idir údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a fheabhsú, chomh maith le rannpháirtíocht gníomhaithe socheacnamaíocha agus na sochaí sibhialta.
AIRTEAGAL 327
Beartas réigiúnach agus comhar trasteorann
Tacóidh na Páirtithe le rannpháirtíocht údarás ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach sa chomhar beartais réigiúnaigh agus sa chomhar trasteorann, agus neartóidh siad an méid sin, chun comhthuiscint agus malartú faisnéise a chur chun cinn, bearta fothaithe acmhainneachta a fhorbairt, bunú struchtúr agus creat reachtaigh ábhartha a chur chun cinn, mar aon le líonraí gnó agus eacnamaíocha trasteorann a neartú.
AIRTEAGAL 328
Comhar trasteorann i réimsí eile
Neartóidh na Páirtithe an comhar trasteorann i réimsí eile a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, amhail trádáil, iompar, fuinneamh, uisce, comhshaol, aeráid, an geilleagar digiteach, cultúr, oideachas, taighde agus turasóireacht, agus spreagfaidh siad forbairt an chomhair sna réimsí sin.
AIRTEAGAL 329
Comhar idir na réigiúin
Spreagfaidh na Páirtithe comhar idir réigiúin na mBallstát agus réigiúin Phoblacht na hÚisbéiceastáine.
AIRTEAGAL 330
Cur chun feidhme agus fothú acmhainneachta
1. Measann na Páirtithe gur gné thábhachtach de na naisc idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÚisbéiceastáine a neartú is ea reachtaíocht Phoblacht na hÚisbéiceastáine a chóineasú de réir a chéile le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh i réimsí sonracha a chumhdaítear leis an gComhaontú seo.
2. Is é is aidhm don chomhar sin, inter alia, inniúlacht riaracháin agus institiúideach Phoblacht na hÚisbéiceastáine a fhorbairt, a mhéid is gá chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme agus chun na hathchóirithe struchtúracha agus an comhfhogasú reachtach a bhfuil gá leo a dhéanamh.
3. Féachfaidh an tAontas Eorpach le cúnamh teicniúil a chur ar fáil do Phoblacht na hÚisbéiceastáine chun na bearta sin a chur chun feidhme, inter alia, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
malartú saineolaithe; |
|
(b) |
soláthar faisnéise luaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le reachtaíocht ábhartha; |
|
(c) |
eagrú seimineár; agus |
|
(d) |
gníomhaíochtaí oiliúna. |
TEIDEAL VII
COMHAR AIRGEADAIS AGUS TEICNIÚIL
AIRTEAGAL 331
Cúnamh teicniúil agus airgeadais
1. Chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach, féadfaidh Poblacht na hÚisbéiceastáine cúnamh airgeadais a fháil ón Aontas Eorpach i bhfoirm deontas agus iasachtaí, i gcomhpháirtíocht, b’fhéidir, leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile. Féadfaidh Poblacht na hÚisbéiceastáine cúnamh teicniúil a fháil freisin.
2. Féadfar cúnamh airgeadais a sholáthar i gcomhréir le hionstraimí cistiúcháin ábhartha an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach. Beidh feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42) agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (43) maidir le maoiniú ón Aontas Eorpach.
3. Beidh cúnamh airgeadais bunaithe ar chláir ghníomhaíochta bhliantúla arna mbunú ag an Aontas Eorpach, tar éis comhairliúcháin le Poblacht na hÚisbéiceastáine.
4. Féadfaidh an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÚisbéiceastáine cláir agus tionscadail a chómhaoiniú. Comhordóidh na Páirtithe cláir agus tionscadail maidir le comhar airgeadais agus teicniúil agus malartóidh siad faisnéis maidir leis na foinsí cúnaimh uile.
5. Chun prionsabal na trédhearcachta a áirithiú maidir le próiseas cúnaimh airgeadais agus theicniúil an Aontais Eorpaigh le haghaidh Phoblacht na hÚisbéiceastáine, soláthróidh an tAontas Eorpach faisnéis go rialta d’údaráis inniúla Phoblacht na hÚisbéiceastáine maidir leis an gcaiteachas faoi gach clár agus tionscadal a leithdháiltear ar Phoblacht na hÚisbéiceastáine laistigh de chláir dhéthaobhacha an Aontais Eorpaigh.
6. Is é an éifeachtacht cabhrach, mar a leagtar síos í i nDearbhú Pháras ECFE maidir le hÉifeachtacht Cabhrach a glacadh an 2 Márta 2005, sa Straitéis Cnáimhe Droma maidir le Comhar Teicniúil an Aontais Eorpaigh a Athchóiriú, i dtuarascálacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus sna ceachtanna a foghlaimíodh ó chláir chomhair an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hÚisbéiceastáine, cibé acu faoi lánseol nó curtha chun feidhme atá na cláir sin, is é an éifeachtacht cabhrach sin a bheidh ina bonn le cúnamh airgeadais an Aontais Eorpaigh a sholáthar do Phoblacht na hÚisbéiceastáine.
AIRTEAGAL 332
Prionsabail ghinearálta
1. Cuirfidh na Páirtithe cúnamh airgeadais chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na hÚisbéiceastáine a áirithiú. Déanfaidh na Páirtithe bearta éifeachtacha chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na hÚisbéiceastáine a chosc agus a chomhrac.
2. Gan dochar do chur i bhfeidhm díreach mhír 3, le haon chomhaontú nó ionstraim airgeadais bhreise atá le tabhairt i gcrích idir na Páirtithe le linn chur chun feidhme an Chomhaontaithe, forálfar do chlásail shonracha maidir le comhar airgeadais lena gcumhdófar seiceálacha ar an láthair, cigireachtaí, rialuithe agus bearta frith-chalaoise, lena n-áirítear iad sin arna ndéanamh ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (dá ngairtear ‘OLAF’ anseo feasta).
3. Deontais agus tionscadail forbartha eile a bhíonn á maoiniú ag an Aontas Eorpach agus a chuirtear chun feidhme i bPoblacht na hÚisbéiceastáine, agus na seirbhísí agus soláthairtí gaolmhara, ní bheidh siad faoi réir cánachais, dleachtanna custaim ná aon mhuirir chomhchosúla i bPoblacht na hÚisbéiceastáine faoin nós imeachta dá bhforáiltear le reachtaíocht Phoblacht na hÚisbéiceastáine.
AIRTEAGAL 333
Comhordú Deontóra
Chun úsáid optamach a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil, áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar ranníocaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chomhordú go dlúth le ranníocaíochtaí ó fhoinsí eile, tríú tíortha agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta. Chuige sin, déanfar faisnéis maidir leis na foinsí cúnaimh uile a mhalartú go tráthrialta idir na Páirtithe. Féadfaidh Poblacht na hÚisbéiceastáine cúnamh airgeadais an Aontais Eorpaigh a chómhaoiniú.
AIRTEAGAL 334
Cosc agus Cumarsáid
Maidir le húdaráis inniúla Phoblacht na hÚisbéiceastáine, i gcás ina gcuirfear de chúram orthu cistí de chuid an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme nó i gcás inar tairbhí iad de chistí de chuid an Aontais Eorpaigh atá faoi bhainistíocht dhíreach, déanfaidh siad gach beart is iomchuí chun cosc a chur ar mhírialtachtaí, ar chalaois, ar éilliú agus ar aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí dochar do chistí an Aontais Eorpaigh agus, i gcás inarb infheidhme, do chistí cómhaoinithe Phoblacht na hÚisbéiceastáine. Tarchuirfidh údaráis inniúla Phoblacht na hÚisbéiceastáine chuig an gCoimisiún Eorpach agus OLAF gan mhoill aon fhaisnéis atá tugtha faoi deara acu maidir le cásanna amhrasta nó cásanna iarbhír calaoise, éillithe nó aon neamhrialtachta eile, lena n-áirítear coinbhleacht leasa, i ndáil le cistí de chuid an Aontais Eorpaigh.
AIRTEAGAL 335
Comhar le OLAF
1. Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, údarófar OLAF le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh chun a shuí cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí difear do leasanna airgeadais an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (45) agus (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (46).
2. Ullmhóidh OLAF seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla Phoblacht na hÚisbéiceastáine, agus ceanglais reachtaíocht Phoblacht na hÚisbéiceastáine á gcur san áireamh.
3. I gcás ina gcuirfidh oibreoir eacnamaíoch in aghaidh seiceáil nó cigireacht ar an láthair, tabharfaidh údaráis inniúla Phoblacht na hÚisbéiceastáine an cúnamh is gá do OLAF chun go bhféadfaidh sé a dhualgas a chomhlíonadh agus seiceálacha nó cigireachtaí ar an láthair á ndéanamh aige.
4. Déanfaidh údaráis inniúla Phoblacht na hÚisbéiceastáine, arna iarraidh sin, faisnéis a mhalartú le OLAF a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint.
5. Maidir le haistriú sonraí pearsanta, beidh feidhm ag na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta is infheidhme sa Pháirtí a bhfuil na sonraí á n-aistriú aige.
6. Féadfaidh OLAF teacht ar chomhaontú le húdaráis inniúla Phoblacht na hÚisbéiceastáine maidir le comhar breise i réimse na gníomhaíochta chun calaois a chomhrac, lena n-áirítear socruithe riaracháin a thabhairt i gcrích.
AIRTEAGAL 336
Imscrúdú agus ionchúiseamh
Áiritheoidh údaráis inniúla Phoblacht na hÚisbéiceastáine go ndéanfar cásanna amhrasta agus iarbhír calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanann dochar do chistí an Aontais Eorpaigh a imscrúdú agus a ionchúiseamh i gcomhréir le reachtaíocht Phoblacht na hÚisbéiceastáine. I gcás inarb iomchuí agus arna iarraidh sin i scríbhinn ag údaráis inniúla Phoblacht na hÚisbéiceastáine, tabharfaidh OLAF cúnamh d’údaráis inniúla Phoblacht na hÚisbéiceastáine maidir leis an gcúram sin.
TEIDEAL VIII
FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA
AIRTEAGAL 337
An Chomhairle um Chomhar
1. Bunaítear leis seo Comhairle um Chomhar chun comhlíonadh chuspóirí an Chomhaontaithe seo a fhormhaoirsiú agus a chur chun feidhme a mhaoirsiú. Déanfaidh sí scrúdú ar aon saincheist mhór a thiocfaidh chun cinn faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo agus aon saincheist dhéthaobhach nó idirnáisiúnta eile ar chun an leasa choitinn iad.
2. Tiocfaidh an Chomhairle um Chomhar le chéile go tráthrialta, ar bhonn bliantúil de ghnáth, nó de réir mar a chomhaontófar go frithpháirteach.
3. Beidh an Chomhairle um Chomhar comhdhéanta d’ionadaithe na bPáirtithe ar an leibhéal aireachta nó dá ndaoine ainmnithe. Comhlíonfaidh an Chomhairle um Chomhar na cumraíochtaí uile is gá, trí chomhaontú frithpháirteach. Nuair a thugann an Chomhairle um Chomhar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le Teideal IV den Chomhaontú seo, beidh sé comhdhéanta d’ionadaithe ón Aontas Eorpach agus ó Phoblacht na hÚisbéiceastáine atá freagrach as ábhair a bhaineann leis an trádáil.
4. Glacfaidh an Chomhairle um Chomhar a rialacha nós imeachta féin agus rialacha nós imeachta an Choiste um Chomhar.
5. Déanfaidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ó Phoblacht na hÚisbéiceastáine sealaíocht le chéile mar chathaoirleach ar an gComhairle um Chomhar.
6. Beidh de chumhacht ag an gComhairle um Chomhar cinntí a dhéanamh agus moltaí iomchuí a dhéanamh, mar a fhoráiltear sa Chomhaontú seo agus i gcomhréir lena rialacha nós imeachta. Faoi chuimsiú Theidil I, II, III, V, VI, VII, VIII agus IX den Chomhaontú seo, beidh de chumhacht ag an gComhairle um Chomhar cinntí agus moltaí a dhéanamh de réir mar a chomhaontaíonn na Páirtithe go frithpháirteach. Beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe, agus déanfaidh na Páirtithe na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.
7. Féadfaidh an Chomhairle um Chomhar aon cheann dá feidhmeanna a tharmligean chuig an gCoiste um Chomhar, lena n-áirítear an chumhacht chun cinntí ceangailteacha a dhéanamh.
AIRTEAGAL 338
An Coiste um Chomhar
1. Bunaítear leis seo Coiste um Chomhar chun cúnamh a thabhairt don Chomhairle um Chomhar agus a ndualgais á bhfeidhmiú aici.
2. Beidh an Coiste um Chomhar freagrach as cur chun feidhme ginearálta an Chomhaontaithe seo.
3. Déanfaidh ionadaí ón Aontas agus ionadaí ó Phoblacht na hÚisbéiceastáine cathaoirleacht gach re seal ar an gCoiste um Chomhar.
4. Beidh an Coiste um Chomhar comhdhéanta d’ionadaithe na bPáirtithe ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach nó do dhaoine eile arna n-ainmniú ag gach Páirtí.
5. Féadfaidh an Coiste um Chomhar teacht le chéile i gcumraíocht shonrach chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile a bhaineann le Teideal IV den Chomhaontú seo. Nuair a thugann an Coiste um Chomhar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le Teideal IV den Chomhaontú seo, beidh sé comhdhéanta d’ionadaithe ó gach ceann de na Páirtithe atá freagrach as ábhair a bhaineann leis an trádáil.
6. Tiocfaidh an Coiste um Chomhar le chéile uair sa bhliain, nó mar a comhaontaítear go frithpháirteach, ar dháta arna chomhaontú roimh ré ag na Páirtithe agus clár oibre comhaontaithe acu, sa Bhruiséil agus in Tashkent gach re seal. Féadfar cruinnithe speisialta a thionól trí chomhaontú frithpháirteach, arna iarraidh sin ag ceachtar den dá Pháirtí.
7. Beidh de chumhacht ag an gCoiste um Chomhar cinntí a dhéanamh sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo nó i gcás ina bhfuil an chumhacht sin tarmligthe dó ag an gComhairle um Chomhar. Beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe, agus déanfaidh na Páirtithe na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme. Le linn dó cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú, déanfaidh an Coiste um Chomhar a chinntí i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle um Chomhar.
AIRTEAGAL 339
Fochoistí agus comhlachtaí eile
1. Féadfaidh an Coiste um Chomhar Fochoistí nó comhlachtaí eile a bhunú chun cuidiú leis a dhualgais a fheidhmiú agus chun aghaidh a thabhairt ar chúraimí nó ábhair shonracha. Na Fochoistí nó na comhlachtaí eile sin a bunaíodh de bhun na chéad abairte den mhír seo, féadfaidh an Coiste um Chomhar na cúraimí a sannadh dóibh a athrú nó féadfaidh sé na Fochoistí nó comhlachtaí eile sin a dhíscaoileadh.
2. Glacfaidh an Coiste um Chomhar rialacha nós imeachta na bhFochoistí nó na gcomhlachtaí eile a bunaíodh faoi mhír 1.
3. Tiocfaidh na Fochoistí agus na comhlachtaí eile le chéile arna iarraidh sin ag ceachtar den dá Pháirtí nó ag an gCoiste um Chomhar, seachas i gcás ina gcomhaontaítear a mhalairt sa Chomhaontú seo, nó de réir mar a chomhaontaítear idir na Páirtithe. Reáchtálfar na cruinnithe agus an lucht freastail i láthair, sin nó reáchtálfar ó chian iad trí aon mhodh teicneolaíochta atá ar fáil do na Páirtithe, arna chomhaontú sin go frithpháirteach. I gcás na cruinnithe a bheith á reáchtáil ar an láthair, beidh siad sa Bhruiséil agus in Tashkent gach re seal.
4. Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo nó mar a chomhaontaítear idir na Páirtithe, na Fochoistí agus na comhlachtaí eile arna mbunú faoin gComhaontú seo nó ag an gCoiste um Chomhar, tuairisceoidh siad a ngníomhaíochtaí go tráthrialta don Choiste um Chomhar, nó arna iarraidh sin aige.
5. Ní chuirfear cosc ar Pháirtí, mar gheall ar bhunú Fochoiste nó comhlachta eile nó mar gheall ar Fhochoiste nó comhlacht eile a bheith ann, aon ábhar a chur faoi bhráid an Choiste um Chomhar go díreach.
AIRTEAGAL 340
An Coiste um Chomhar Parlaiminteach
1. Bunaítear leis seo Coiste um Chomhar Parlaiminteach. Beidh sé comhdhéanta d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus de chomhaltaí Oliy Majlis Phoblacht na hÚisbéiceastáine.
2. Is éard a bheidh sa Choiste um Chomhar Parlaiminteach fóram le haghaidh cruinnithe agus malartú tuairimí arb é is cuspóir dó an caidreamh idir na Páirtithe a dhoimhniú agus a neartú. Tiocfaidh an Coiste um Chomhar Parlaiminteach le chéile go rialta, de réir mar a chinnfidh sé féin.
3. Bunóidh an Coiste um Chomhar Parlaiminteach a rialacha nós imeachta féin.
4. Cuirfear an Coiste um Chomhar Parlaiminteach ar an eolas faoi chinntí agus moltaí na Comhairle um Chomhar.
5. Féadfaidh an Coiste um Chomhar Parlaiminteach moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle um Chomhar.
AIRTEAGAL 341
Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta
D’fhonn an tsochaí shibhialta a chur ar an eolas faoi chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo mar a leagtar síos in Airteagal 6, féadfaidh na Páirtithe comhlacht sonrach a bhunú chun na críche sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 339.
TEIDEAL IX
FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
AIRTEAGAL 342
Cur i bhFeidhm Críochach
1. Beidh feidhm ag an gComhaontú seo:
|
(a) |
maidir leis na críocha ina gcuirtear an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin; agus |
|
(b) |
maidir leis an gcríoch atá faoi cheannasacht Phoblacht na hÚisbéiceastáine, a bhfeidhmíonn sí cearta ceannasacha agus dlínse ina leith mar a chinntear lena reachtaíocht náisiúnta, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. |
2. Tuigfear tagairtí do ‘chríoch’ sa Chomhaontú seo de réir mar a leagtar amach i mír 1, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt go sainráite.
3. Le tagairtí do ‘chríoch’ sa Chomhaontú seo, áireofar aerspás agus farraige theorann dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, arna dhéanamh in Montego Bay an 10 Nollaig 1982.
4. A mhéid a bhaineann le forálacha an Chomhaontaithe seo i ndáil le comhar custaim, beidh feidhm ag an gComhaontú seo freisin, i leith an Aontais Eorpaigh, maidir leis na limistéir sin de chríoch chustaim an Aontais Eorpaigh, mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47) lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, nach gcumhdaítear le pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo.
AIRTEAGAL 343
Comhlíonadh oibleagáidí agus fionraíocht
1. Déanfaidh na Páirtithe aon bheart ginearálta nó sonrach a cheanglaítear chun a n-oibleagáidí faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh.
2. Má mheasann ceachtar den dá Pháirtí go bhfuil aon cheann de na hoibleagáidí faoi Theideal IV den Chomhaontú seo gan comhlíonadh ag an bPáirtí eile, beidh feidhm ag na sásraí sonracha dá bhforáiltear sa Teideal sin.
3. Má mheasann ceachtar den dá Pháirtí go bhfuil aon cheann de na hoibleagáidí a shainaithnítear mar eilimintí fíor-riachtanacha in Airteagal 2 agus in Airteagal 11 gan comhlíonadh ag an bPáirtí eile, tabharfaidh sé fógra láithreach don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige bearta iomchuí a dhéanamh. Arna iarraidh sin ag ceachtar den dá Pháirtí, tionólfar comhairliúcháin ar feadh uastréimhse 15 lá ó dháta an fhógra ó cheachtar den dá Pháirtí go bhfuil sé ar intinn aige bearta iomchuí a dhéanamh. Féadfar bearta iomchuí a dhéanamh tar éis na tréimhse seo. Chun críocha na míre seo, le ‘bearta iomchuí’ féadfar cur ar fionraí, go páirteach nó go hiomlán, an Chomhaontaithe seo a chur san áireamh.
4. Má mheasann ceachtar den dá Pháirtí go bhfuil aon cheann de na hoibleagáidí sa Chomhaontú seo gan comhlíonadh ag an bPáirtí eile, seachas iad sin a thagann faoi raon feidhme mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra don Pháirtí eile faoi sin. Cuirfidh na Páirtithe comhairliúcháin ar siúl faoi choimirce na Comhairle um Chomhar d’fhonn teacht ar réiteach a nglacfaidh an dá Pháirtí leis. I gcás nach féidir leis an gComhairle um Chomhar teacht ar réiteach atá inghlactha don dá Pháirtí, féadfaidh an Páirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige bearta iomchuí a dhéanamh. Chun críocha na míre seo, le ‘bearta iomchuí’ féadfar cur ar fionraí Theidil I, II, III, V, VI, VII, VIII, agus IX den Chomhaontú seo a chur san áireamh, agus an méid sin amháin.
5. Déanfar na bearta iomchuí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta agus beidh siad comhréireach leis an mainneachtain oibleagáidí a chur chun feidhme faoin gComhaontú seo. Ní mór tosaíocht a thabhairt do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo.
AIRTEAGAL 344
Eisceachtaí slándála
Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo:
|
(a) |
mar ní lena gceanglófar ar Pháirtí aon fhaisnéis a thabhairt, nó rochtain ar aon fhaisnéis a cheadú, ar faisnéis í a mheasann sé go mbeadh a nochtadh bunoscionn lena leasanna bunúsacha slándála; nó |
|
(b) |
mar ní lena gcoiscfear ar Pháirtí beart a dhéanamh a mheasann sé a bhfuil gá leis chun a leasanna bunúsacha slándála a chosaint:
|
|
(c) |
mar ní lena gcoiscfear ar Pháirtí aon ghníomhaíocht a dhéanamh chun a oibleagáidí idirnáisiúnta a dhéanamh faoi Chairt na Náisiún Aontaithe chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choinneáil ar bun. |
AIRTEAGAL 345
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach
1. Beidh an Comhaontú seo faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasa i gcomhréir le nósanna imeachta na bPáirtithe féin agus déanfaidh na Páirtithe fógra a thabhairt dá chéile faoi chur i gcrích na nósanna imeachta a bhfuil gá leo chun na críche sin.
2. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta a tugadh an fógra deireanach dá bhforáiltear i mír 1.
Chun críocha na bhfógraí sin, déanfaidh Poblacht na hÚisbéiceastáine an fógra uaithi le haghaidh an Aontais agus a Bhallstát a sheachadadh chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus déanfaidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh an fógra ón Aontas Eorpach agus ó na Ballstáit a sheachadadh chuig Poblacht na hÚisbéiceastáine. Áireofar ar an bhfógra ón Aontas Eorpach agus ó na Ballstáit fógraí ó gach Ballstát lena ndeimhnítear maidir leis na nósanna imeachta is gá sa Bhallstát sin chun go dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, gur cuireadh i gcrích iad.
3. D’ainneoin mhír 2, féadfaidh an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÚisbéiceastáine an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm, go hiomlán nó go páirteach, ar bhonn sealadach, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin. Cuirfear tús leis an gcur i bhfeidhm sealadach an chéad lá den dara mí tar éis an dáta a thabharfaidh an tAontas agus Poblacht na hÚisbéiceastáine fógra dá chéile faoin méid seo a leanas:
|
(a) |
i gcás an Aontais Eorpaigh, go bhfuil na nósanna imeachta inmheánacha a bhfuil gá leo chun na críche sin tugtha chun críche, mar aon le léiriú ar na codanna sin den Chomhaontú atá beartaithe ag an Aontas Eorpach a chur i bhfeidhm go sealadach; agus |
|
(b) |
i gcás Phoblacht na hÚisbéiceastáine, go bhfuil na nósanna imeachta inmheánacha a bhfuil gá leo chun na críche sin tugtha chun críche, mar aon le léiriú ar na codanna sin den Chomhaontú atá beartaithe ag an Aontas Eorpach a chur i bhfeidhm go sealadach, ag deimhniú a comhaontaithe go gcuirfear i bhfeidhm go sealadach iad. |
4. Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí fógra a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile á rá go bhfuil sé beartaithe aige cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo a fhoirceannadh. Gabhfaidh éifeacht le foirceannadh chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo an chéad lá den dara mí tar éis an fhógra sin.
5. Chun críoch chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo, is é a thuigfear as an téarma ‘teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo’ an dáta a cuireadh i bhfeidhm go sealadach é. Féadfaidh an Chomhairle um Chomhar, an Coiste um Chomhar agus a Fhochoistí, agus comhlachtaí eile arna mbunú faoin gComhaontú seo, a bhfeidhmeanna a fheidhmiú le linn chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo. Aon chinneadh a ghlacfar i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, scoirfear dá éifeacht i gcás ina ndéanfar cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 4.
6. I gcás ina gcuirfidh na Páirtithe foráil den Chomhaontú seo i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le mír 3, tuigfear as aon tagairt san fhoráil sin do dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, go dtagraíonn an tagairt don dáta óna gcomhaontaíonn na Páirtithe an fhoráil sin a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach.
AIRTEAGAL 346
Leasuithe
1. Féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú, i scríbhinn, an Comhaontú seo a leasú. Maidir le teacht i bhfeidhm na leasuithe sin, beidh feidhm ag Airteagal 345.
2. Féadfaidh an Chomhairle um Chomhar cinntí a ghlacadh lena leasaítear an Comhaontú seo sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 27 agus 28.
AIRTEAGAL 347
Comhaontuithe eile
1. Ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, déanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair lena mbunaítear comhpháirtíocht idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile, arna shíniú i bhFlórans an 21 Meitheamh 1996, a aisghairm agus cuirfear an Comhaontú seo ina ionad.
2. Tagairtí don Chomhaontú dá dtagraítear i mír 1 den Chomhaontú seo sna comhaontuithe ar fad eile idir na Páirtithe, is é a fhorléireofar leo go dtagraíonn siad don Chomhaontú seo.
3. Féadfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a chomhlánú trí chomhaontuithe sonracha a thabhairt i gcrích in aon réimse comhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo. Beidh na comhaontuithe sonracha sin ina gcuid dhílis den chaidreamh déthaobhach foriomlán arna rialú leis an gComhaontú seo agus beidh siad faoi réir an chreata institiúidigh a bhunaítear leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 348
Iarscríbhinní, foscríbhinní, prótacail, nótaí agus fonótaí
Beidh na hIarscríbhinní, na Foscríbhinní, na Prótacail, na Nótaí agus na Fonótaí a ghabhann leis an gComhaontú seo ina gcuid dhílis de.
AIRTEAGAL 349
Aontachas Ballstát nua
1. Cuirfidh an tAontas Poblacht na hÚisbéiceastáine ar an eolas faoi aon iarraidh ar aontachas tríú tír leis an Aontas.
2. Tabharfaidh an tAontas fógra do Phoblacht na hÚisbéiceastáine, faoi theacht i bhfeidhm aon Chonartha maidir le haontachas tríú tír leis an Aontas (dá ngairtear an ‘Conradh Aontachais’ anseo feasta).
3. Aontóidh Ballstát nua don Chomhaontú seo i gcomhréir leis na téarmaí arna gcinneadh ag an gComhairle um Chomhar. Mura bhforáiltear a mhalairt i mír 4, gabhfaidh éifeacht leis an aontachas ó dháta aontachais an Bhallstáit nua leis an Aontas agus leasófar an Comhaontú seo ar an mbealach sin le cinneadh ón gComhairle um Chomhar lena mbunaítear na téarmaí aontachais.
4. Beidh feidhm ag Teideal IV idir an Ballstát nua agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, ó dháta aontachais an Bhallstáit nua sin leis an Aontas.
5. Chun cur chun feidhme mhír 4 den Airteagal seo a éascú, ó dháta sínithe an Chonartha Aontachais ar aghaidh, déanfaidh an Coiste um Chomhar, ag gníomhú dó ina chumraíocht trádála, scrúdú ar aon éifeacht atá ag aontachas an Bhallstáit nua ar an gComhaontú seo. Déanfaidh an Coiste um Chomhar cinneadh maidir leis na leasuithe teicniúla is gá a dhéanamh ar Iarscríbhinní 7-A, 7-C agus 9 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus maidir le coigeartuithe nó bearta idirthréimhseacha eile is gá. Gabhfaidh éifeacht le haon chinneadh ón gCoiste um Chomhar ar dháta aontachais an Bhallstáit nua leis an Aontas.
AIRTEAGAL 350
Cearta príobháideacha
Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a thugann cearta do dhaoine ná a fhorchuireann oibleagáidí ar dhaoine seachas iad siúd arna gcruthú idir na Páirtithe faoin dlí idirnáisiúnta poiblí, ná mar ní a cheadaíonn an Comhaontú seo a agairt go díreach i gcórais dlí intíre na bPáirtithe.
AIRTEAGAL 351
Tagairtí do dhlíthe agus do rialacháin agus do Chomhaontuithe eile
1. Mura sonraítear a mhalairt, i gcás ina ndéantar tagairt i dTeideal IV do dhlíthe agus do rialacháin Páirtí, tuigfear go mbeidh leasuithe ar na dlíthe agus na rialacháin sin san áireamh leo.
2. Mura sonraítear a mhalairt i dTeideal IV, i gcás ina ndéantar tagairt do chomhaontuithe idirnáisiúnta nó ina ndéantar iad a chuimsiú sa Chomhaontú seo, go hiomlán nó i bpáirt, tuigfear go mbeidh san áireamh leo leasuithe orthu nó a gcomhaontuithe comharba a thiocfaidh i bhfeidhm don dá Pháirtí ar dháta sínithe an Chomhaontaithe seo nó dá éis. Má thagann aon ábhar chun cinn maidir leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme nó a chur i bhfeidhm mar thoradh ar na leasuithe sin nó na comhaontuithe comharba sin, féadfaidh na Páirtithe, arna iarraidh sin do cheachtar den dá Pháirtí, dul i gcomhairle le chéile d’fhonn réiteach atá sásúil don dá thaobh a aimsiú maidir leis an ábhar sin de réir mar is gá.
AIRTEAGAL 352
Fad
Tugtar an Comhaontú seo i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.
AIRTEAGAL 353
Sainmhíniú ar na Páirtithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, ciallaíonn an téarma ‘na Páirtithe’ an tAontas Eorpach, nó a Bhallstáit, nó an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, i gcomhréir lena réimsí inniúlachta faoi seach, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile.
AIRTEAGAL 354
Foirceannadh
Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile. Scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige an chéad lá den séú mí tar éis na míosa ina dtugfar an fógra foirceanta lena linn.
AIRTEAGAL 355
Fógraí
Fógraí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagail 345, 346 agus 353 den Chomhaontú seo, seolfar iad, i gcás an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus, i gcás Phoblacht na hÚisbéiceastáine, chuig Aireacht Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na hÚisbéiceastáine.
AIRTEAGAL 356
Téacsanna barántúla
Tarraingíodh an Comhaontú seo suas i ndúblach sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus teangacha Úisbéiceastáinise, agus comhúdarás ag gach téacs díobh.
DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.
(1) Rialachán (AE) 2016/1953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le doiciméad taistil Eorpach a bhunú i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, agus lena n-aisghairtear Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 (IO AE L 311, 17.11.2016, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1953/oj).
(2) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, áirítear faillí i ngníomhú leis an téarma ‘beart’.
(3) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, le ‘bearta Páirtí’ cumhdaítear bearta arna ndéanamh ag eintitis a liostaítear i bpointí (j), (i) agus (ii) , ar bearta iad a ghlactar nó a choinnítear ar bun trí iompar eintiteas eile maidir leis na bearta sin a threorú, a stiúradh nó a rialú, go díreach nó go hindíreach.
(4) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní chuirtear de cheangal ar Pháirtí le haon ní san Airteagal seo ceadúnas onnmhairiúcháin a dheonú, ná ní choisceann sé ar Pháirtí a oibleagáidí nó a ghealltanais a chur chun feidhme faoi Rúin de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ná faoi chórais iltaobhacha neamhleata nó socruithe maidir le rialú onnmhairí.
(5) IO AE L 269, 21.10.2003, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2003/744/oj.
(6) Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO AE L 11, 15.1.2002, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/95/oj).
(7) Chun críocha na míre seo, áireofar le ‘cosaint’ ábhair a dhéanann difear d’infhaighteacht, éadáil, raon feidhme, cothabháil, agus forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, chomh maith le hábhair a dhéanann difear d’úsáid ceart maoine intleachtúla, a dtugtar aghaidh orthu go sonrach sa Chaibidil seo. Thairis sin, chun críocha na míre seo, áirítear le ‘cosaint’ freisin bearta chun cosc a chur ar dhul timpeall ar bhearta teicneolaíochta éifeachtacha agus bearta a bhaineann le faisnéis faoi bhainistiú na gceart.
(8) ciallaíonn ‘fosú’ corprú fuaimeanna, nó léirithe ar fhuaimeanna, nó corprú íomhánna gluaisteacha, cibé atá nó nach bhfuil fuaimeanna nó léirithe ar fhuaimeanna ag gabháil leo, óna bhféadtar iad a bhrath, a atáirgeadh nó a chur in iúl trí ghaireas.
(9) I gcás táirgí íocshláinte a bhfuil staidéir phéidiatraiceacha déanta ina leith, agus i gcás ina léirítear torthaí na staidéar sin san fhaisnéis faoin táirge, féadfar tréimhse chosanta bhreise fhéideartha a chur ar fáil sa bhreis ar an tréimhse chosanta dá dtagraítear i mír 2.
(10) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, de bhun Airteagal 42 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá feidhm ag dlí na hiomaíochta san Aontas Eorpach maidir le hearnáil na talmhaíochta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).
(11) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá an sainmhíniú seo gan dochar do thoradh aon phlé a bheidh ann amach anseo in EDT maidir le fóirdheontais le haghaidh seirbhísí a shainiú. Ag brath ar dhul chun cinn na bpléití sin ar leibhéal EDT, féadfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a thabhairt cothrom le dáta ina leith sin.
(12) Ar mhaithe le soiléireacht níos fearr, beidh feidhm ag na ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi phointí (a) agus (b) d’Airteagal 145.2 maidir le Poblacht na hÚisbéiceastáine ó dháta a haontachais don Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus ón dáta sin ar aghaidh.
(13) Comhlíontar an caighdeán sin nuair a léiríonn na fíorais go bhfuil deonú fóirdheontais, d’ainneoin gan coinníoll a bheith ann go bhfuil an deonú sin ag brath go dlíthiúil ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, ceangailte dáiríre le honnmhairiú nó le tuilleamh ó onnmhairí, iarbhír nó réamh-mheasta. Fóirdheontas a bheith deonaithe d’fhiontair a bhíonn i mbun onnmhairithe, ní leor an méid sin ann féin chun a mheas go bhfuil an fóirdheontas sin ina fhóirdheontas onnmhairiúcháin de réir bhrí na forála seo.
(14) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, maidir le gníomhaíochtaí a bhíonn á ndéanamh ag fiontar a oibríonn ar bhonn neamhbhrabúsach nó ar bhonn gnóthaithe costas, ní hé atá iontu gníomhaíochtaí a dhéantar ar mhaithe le brabús a dhéanamh
(15) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, chun rialú a bhunú, ní mór na gnéithe dlíthiúla agus fíorasacha ábhartha uile a chur san áireamh ar bhonn cás ar chás.
(16) Níl Poblacht na hÚisbéiceastáine ina páirtí in GPA [AE: ar dháta sínithe an Chomhaontaithe seo].
(17) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, maidir leis an neamhchlaontacht lena bhfeidhmíonn an comhlacht a fheidhmeanna rialála, tá measúnú le déanamh air faoi threoir patrún nó cleachtas ginearálta de chuid an chomhlachta sin.
(18) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, i gcás na n-earnálacha sin inar ghlac na Páirtithe le hoibleagáidí sonracha i dtaca le comhlacht den chineál sin i gCaibidlí eile, beidh forlámhas ag na forálacha ábhartha sna Caibidlí sin.
(19) An ceanglas atá ar dhaoine nádúrtha de thíortha áirithe víosa a bheith acu, i gcás nach bhfuil an ceanglas sin ar dhaoine nádúrtha de thíortha eile, ní fhéachfar air sin ann féin mar chúis le sochair a fhabhraíonn faoin gCaibidil seo a neamhniú nó a lagú.
(20) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, áirítear na seirbhísí seo a leanas ar aersheirbhísí anó seirbhísí gaolmhara chun tacú le haersheirbhísí, ach gan a bheith teoranta dóibh: aeriompar; seirbhísí a sholáthraítear trí úsáid a bhaint as aerárthach nach é is príomhchuspóir dó earraí nó paisinéirí a iompar, amhail oiliúint eitilte maidir le haerchomhrac dóiteáin, fámaireacht, spraeáil, suirbhéireacht, mapáil, grianghrafadóireacht, léim pharaisiúit, tarraingt faoileoirí, ardú le héileacaptar chun lománaíocht agus tógáil a dhéanamh, agus aersheirbhísí talmhaíochta, tionsclaíocha agus cigireachta eile; aerárthaí ar cíos le foireann agus seirbhísí oibríochta aerfoirt.
(21) Gan dochar do raon feidhme na ngníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a mheas mar chabatáiste faoin reachtaíocht náisiúnta ábhartha, cumhdaíonn an cabatáiste muirí náisiúnta faoin gCaibidil seo iompar paisinéirí nó earraí idir calafort nó pointe atá suite i mBallstát den Aontas Eorpach agus calafort nó pointe eile atá suite sa Bhallstát céanna sin den Aontas Eorpach, a scairbh ilchríochach san áireamh, mar a fhoráiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, agus trácht a thosaíonn agus a chríochnaíonn sa chalafort nó sa phointe céanna atá suite i mBallstát den Aontas Eorpach.
(22) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní mheastar gur daoine dlítheanacha de chuid Páirtí iad na cuideachtaí loingseoireachta a luaitear sa phointe seo ach amháin i leith gníomhaíochtaí dá gcuid a bhaineann le seirbhísí muiriompair a sholáthar.
(23) I gcomhréir leis an bhfógra faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a thug sé do EDT (WT/REG39/1), tá an tuiscint ag an Aontas Eorpach gur coincheapa coibhéiseacha iad an coincheap ‘nasc éifeachtach agus leanúnach’ le geilleagar Ballstáit den Aontas Eorpach atá cumhdaithe in Airteagal 54 de CFAE agus an coincheap ‘oibríochtaí gnó substainteacha’.
(24) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, le ‘beart Páirtí’ cumhdaítear bearta arna ndéanamh ag eintitis a liostaítear faoi phointí (l)(i) agus (l)(ii) , ar bearta iad a ghlactar nó a choinnítear ar bun trí iompar eintiteas eile maidir leis na bearta sin a threorú, a stiúradh nó a rialú, go díreach nó go hindíreach.
(25) I gcás an Aontais Eorpaigh, áirítear freisin sa téarma ‘duine nádúrtha de chuid Páirtí’ daoine atá ina gcónaí go buan i bPoblacht na Laitvia nach saoránaigh iad de Phoblacht na Laitvia ná d’aon stát eile ach atá i dteideal, faoi dhlí Phoblacht na Laitvia, pas neamhshaoránach a fháil.
(26) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, trasuí forálacha substainteacha i gcomhaontuithe idirnáisiúnta eile arna dtabhairt i gcrích ag Páirtí le tríú tír sa dlí náisiúnta, a mhéid is gá sin chun iad a ionchorprú sa dlíchóras náisiúnta, ní cháilítear an trasuí sin ann féin mar bheart.
(27) I gcás an Aontais Eorpaigh, ní bheidh an conradh bona fide níos faide ná 12 mhí.
(28) Comhlíonfaidh an conradh seirbhíse dá dtagraítear faoi phointe (b) ceanglais dhlí an Pháirtí ina bhforghníomhaítear an conradh.
(29) a fuarthas tar éis lán-aois a bhaint amach.
(30) I gcás nach sa Pháirtí ina soláthraítear an tseirbhís a fuarthas an chéim nó an cháilíocht, féadfaidh an Páirtí sin a mheas cé acu atá nó nach bhfuil sí coibhéiseach leis an gcéim ollscoile a bhfuil gá léi ina chríoch.
(31) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar bhainisteoirí agus ar speisialtóirí a léiriú go bhfuil na cáilíochtaí gairmiúla agus an taithí is gá acu sa duine dlítheanach a n-aistrítear chuige iad.
(32) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, cé nach ndéanann bainisteoirí nó feidhmeannaigh, go díreach, cúraimí a bhaineann le soláthar iarbhír na seirbhísí, ní chuireann sé sin cosc orthu, agus iad i mbun a gcuid dualgas mar a thuairiscítear thuas, na cúraimí sin a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun na seirbhísí a sholáthar.
(33) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, má tá forchoimeádas leagtha amach ag Páirtí in Iarscríbhinn 12-D nó in Iarscríbhinn 12-A, is forchoimeádas maidir leis an airteagal seo é an forchoimeádas freisin a mhéid a dhéanann an beart a leagtar amach san fhorchoimeádas nó a cheadaítear leis an bhforchoimeádas difear don chaoi a gcaitear le duine nádúrtha chun críoch gnó atá ag dul isteach agus ag fanacht go sealadach i gcríoch an Pháirtí eile.
(34) I gcás an Aontais Eorpaigh, déantar na 90 lá a ríomh laistigh d’aon tréimhse 6 mhí.
(35) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, má tá forchoimeádas déanta ag Páirtí in Iarscríbhinn 12-A nó in Iarscríbhinn 12-B, is forchoimeádas maidir leis an Airteagal seo é an forchoimeádas freisin a mhéid a dhéanann an beart a leagtar amach nó a cheadaítear leis an bhforchoimeádas difear don chaoi a gcaitear le duine nádúrtha chun críoch gnó atá ag teacht isteach agus ag fanacht go sealadach i gcríoch an Pháirtí eile.
(36) Ní áirítear le táillí ceadúnúcháin nó údarúcháin íocaíochtaí as ceant, tairiscintí ná modhanna neamh-idirdhealaitheacha eile chun lamháltais a dhámhachtain, ná ranníocaíochtaí sainordaithe le soláthar seirbhíse uilíche.
(37) Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, níl feidhm ag an mír seo maidir le bearta cánachais ná táillí riaracháin is infheidhme go ginearálta.
(38) Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘neamh-idirdhealaitheach’ cóir an náisiúin barrfhabhair agus cóir náisiúnta mar a shainmhínítear é in Airteagail 194, agus mar a shainmhínítear é faoi théarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar ná iad sin a thugtar d’aon úsáideoir eile a úsáideann líonraí nó seirbhísí teileachumarsáide poiblí comhchosúla i gcásanna comhchosúla.
(39) Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn ‘airgeadra inmhalartaithe go héasca’ airgeadra a fhéadtar a mhalartú go héasca in aghaidh airgeadraí a ndéantar trádáil iontu go forleathan i margaí airgeadra eachtraigh idirnáisiúnta, agus a úsáidtear go forleathan in idirbhearta idirnáisiúnta. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, airgeadraí a ndéantar trádáil iontu go forleathan i margaí airgeadra eachtraigh idirnáisiúnta agus a úsáidtear go forleathan in idirbhearta idirnáisiúnta, áirítear leo airgeadraí atá inúsáidte go héasca, arna n-ainmniú ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
(40) I gcás an Aontais Eorpaigh, féadfaidh ceann de na Ballstáit bearta den sórt sin a dhéanamh i gcásanna seachas na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 236, a dhéanann difear do gheilleagar an Bhallstáit sin. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, i gcás deacrachtaí tromchúiseacha maidir le comhardú íocaíochtaí nó deacrachtaí airgeadais seachtracha, nó an baol go mbeadh na deacrachtaí sin ann, d’fhéadfadh gurbh é is cúis leo, i measc tosca eile, deacrachtaí tromchúiseacha a bhaineann le beartais airgeadaíochta nó ráta malairte, nó an baol go bhfuil na deacrachtaí sin ann.
(41) Ní fhéadfar na heisceachtaí slándála poiblí agus oird phoiblí a agairt ach amháin i gcás ina mbeidh bagairt dháiríre ann, agus í mór go leor le ceann de leasanna bunúsacha na sochaí a chur i mbaol.
(42) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO AE L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).
(43) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO AE L 362, 31.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2012/1268/oj).
(44) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO AE L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) 2016/2030 an 26 Deireadh Fómhair 2016 (IO AE L 317, 23.11.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2030/oj).
(45) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún d’fhonn cosaint a thabhairt do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO AE L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj).
(46) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO AE L 312, 23.12.1995, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/2988/oj).
(47) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO AE L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).
IARSCRÍBHINN 3
|
|
[Suaitheantas Phoblacht na hÚisbéiceastáine] |
|
……………………………………………………… ……………………………………………………… |
……………………………………………………………. (Áit agus dáta) |
|
(Ainmniúchán an údaráis iarrthaigh) |
|
Tagairt:………………………………………………………
Chuig
|
……………………………………………………………… ……………………………………………………………… ……………………………………………………………… |
|
|
(Ainmniúchán an údaráis faighte iarrata) |
|
□
IARRAIDH AR AGALLAMH
IARRATAS AR DHOICIMÉAD TAISTIL
de bhun Airteagal 15 den Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile
A. Sonraí pearsanta
|
Grianghraf |
||||||||
|
|||||||||
|
|||||||||
|
|||||||||
B. Sonraí Pearsanta an chéile (más iomchuí)
|
1. |
Ainm iomlán (cuir líne faoin sloinne):
……………………………………………………………………………………………………………………… |
|
2. |
Sloinne roimh phósadh:
……………………………………………………………………………………………………………………… |
|
3. |
Dáta breithe agus áit bhreithe:
……………………………………………………………………………………………………………………… |
|
4. |
Gnéas agus cur síos ar an gcuma fhisiceach (airde, dath súile, marcanna sainiúla etc.):
……………………………………………………………………………………………………………………… |
|
5. |
Dá ngairtear freisin (ainmneacha roimhe seo, ainmneacha eile a úsáidtear/a dtugtar air/uirthi nó ailiasanna):
……………………………………………………………………………………………………………………… |
|
6. |
Náisiúntacht agus teanga:
……………………………………………………………………………………………………………………… |
C. Sonraí pearsanta na clainne (más iomchuí)
|
1. |
Ainm iomlán (cuir líne faoin sloinne):
……………………………………………………………………………………………………………………… |
|
2. |
Dáta breithe agus áit bhreithe:
……………………………………………………………………………………………………………………… |
|
3. |
Gnéas agus cur síos ar an gcuma fhisiceach (airde, dath súile, marcanna sainiúla etc.):
……………………………………………………………………………………………………………………… |
|
4. |
Náisiúntacht agus teanga:
……………………………………………………………………………………………………………………… |
D. Imthosca speisialta a bhaineann leis an aistrí
|
1. |
Staid sláinte
(e.g. tagairt fhéideartha do chúram leighis speisialta; ainm Laidine an ghalair thógálaigh): ……………………………………………………………………………………………………………………… |
|
2. |
Cúiseanna lena meas go bhfuil an duine contúirteach
(e.g. tá drochamhras ann go ndearna sé coir thromchúiseach; iompraíocht ionsaitheach): ……………………………………………………………………………………………………………………… |
E. Modhanna cruthúnais arna gcur i gceangal leis an iarratas seo
|
…………………………………………………… (dáta agus áit eisiúna) |
||
|
…………………………………………………… (an t-údarás eisiúna) |
…………………………………………………… (dáta éaga) |
||
|
…………………………………………………… (dáta agus áit eisiúna) |
||
|
…………………………………………………… (an t-údarás eisiúna) |
…………………………………………………… (dáta éaga) |
||
|
…………………………………………………… (dáta agus áit eisiúna) |
||
|
…………………………………………………… (an t-údarás eisiúna) |
…………………………………………………… (dáta éaga) |
||
|
…………………………………………………… (dáta agus áit eisiúna) |
||
|
…………………………………………………… (an t-údarás eisiúna) |
…………………………………………………… (dáta éaga) |
||
|
|
F. Barúlacha
…………………………………………………………………………………………………………………………
…………………………………………………………………………………………………………………………
…………………………………………………………………………………………………………………………
……………………………………
(Síniú) (Séala/stampa)
IARSCRÍBHINN 5-A
EAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA UM CHAIGHDEÁNÚ
1.
An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO)
2.
An Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC)
3.
An tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU)
4.
An Coimisiún Codex Alimentarius (CODEX)
5.
An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO)
6.
An Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (WP.29) faoi chuimsiú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE)
7.
Fochoiste Saineolaithe na Náisiún Aontaithe maidir leis an gCóras Comhchuibhithe Domhanda um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú (UN/SCEGHS)
8.
An Chomhairle Idirnáisiúnta um Chomhchuibhiú Ceanglas Teicniúil i ndáil le hEarraí Cógaisíochta atá le hÚsáid ag an Duine (ICH)
9.
An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Méadreolaíocht Dlí (OIML)
10.
An Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíniúna agus Fíona (OIV)
11.
An tAontas Poist Uilechoiteann (UPU)
12.
An Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH)
IARSCRÍBHINN 5-B
DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA AN tSOLÁTHRÓRA – RÉIMSÍ AGUS MÓDÚLACHTAÍ
1.
Glacfaidh gach Páirtí le Dearbhú Comhréireachta an tSoláthróra, mar chruthúnas go bhfuil na rialacháin theicniúla atá ann cheana sna réimsí seo a leanas á gcomhlíonadh:|
(a) |
gnéithe sábháilteachta an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh mar a shainmhínítear i mír 2; |
|
(b) |
gnéithe sábháilteachta innealra mar a shainmhínítear i mír 3; |
|
(c) |
comhoiriúnacht leictreamaighnéadach trealaimh mar a shainmhínítear i mír 4; |
|
(d) |
éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear ceanglais maidir le héicidhearthóireacht, mar a shainmhínítear i mír 5; |
|
(e) |
srian a chur ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach; agus |
|
(f) |
fearais sláintíochta mar a shainmhínítear i mír 6. |
2.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn ‘gnéithe sábháilteachta de threalamh leictreach agus leictreonach’ gnéithe sábháilteachta trealaimh a bhíonn ag brath ar shruthanna leictreacha chun oibriú i gceart, agus trealaimh chun sruthanna den sórt sin a ghiniúint, a aistriú agus a thomhas agus atá deartha lena úsáid le rátáil voltais idir 50 agus 1 000 V i gcás sruth ailtéarnach agus idir 75 agus 1 500 V i gcás sruth díreach, chomh maith le trealamh a astaíonn nó a ghlacann tonnta leictreamaighnéadacha minicíochtaí ar lú iad ná 3 000 GHz d’aon ghnó chun críche cumarsáide raidió nó rad-aimsithe, cé is moite de na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:|
(a) |
trealamh atá le húsáid in atmaisféar pléascach; |
|
(b) |
trealamh atá le húsáid chun críoch raideolaíochta nó leighis; |
|
(c) |
páirteanna leictreacha le haghaidh earraí agus ardaitheoirí paisinéirí; |
|
(d) |
trealamh raidió arna úsáid ag amaitéaraigh raidió; |
|
(e) |
méadair leictreachais; |
|
(f) |
plocóidí agus asraonta soicéid le haghaidh úsáid tís; |
|
(g) |
rialaitheoirí fál leictreach; |
|
(h) |
bréagáin; |
|
(i) |
pacáistí meastóireachta saincheaptha atá beartaithe do ghairmithe lena n-úsáid ag saoráidí taighde agus forbartha chun na gcríoch sin agus chun na gcríoch sin amháin; agus |
|
(j) |
táirgí foirgníochta atá lena gcuimsiú go buan i bhfoirgnimh nó in oibreacha innealtóireachta sibhialta, agus a bhfuil tionchar ag a bhfeidhmíocht ar fheidhmíocht an fhoirgnimh nó na n-oibreacha innealtóireachta sibhialta, amhail cáblaí, aláraim dóiteáin, doirse leictreacha. |
3.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn ‘gnéithe sábháilteachta d’innealra’ na gnéithe sábháilteachta de chóimeáil ina bhfuil páirt ghluaisteach amháin ar a laghad, arna cumhachtú ag córas tiomána ina n-úsáidtear foinse fuinnimh amháin nó níos mó amhail fuinneamh teirmeach, leictreach, neomatach, hiodrálach nó meicniúil, arna shocrú agus arna rialú ionas go bhfeidhmeoidh siad mar aonad iomlán comhtháite, cé is moite d’innealra ardriosca, arna shainiú ag na Páirtithe.
4.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn ‘comhoiriúnacht leictreamaighnéadach trealaimh’ comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (suaitheadh agus imdhíonacht) trealaimh a bhíonn ag brath ar shruthanna leictreacha nó ar réimsí leictreamaighnéadacha chun oibriú i gceart, agus trealamh chun sruthanna den sórt sin a ghiniúint, a aistriú agus a thomhas, cé is moite díobh seo a leanas:|
(a) |
trealamh atá le húsáid in atmaisféar pléascach; |
|
(b) |
trealamh atá le húsáid chun críoch raideolaíochta nó leighis; |
|
(c) |
páirteanna leictreacha le haghaidh earraí agus ardaitheoirí paisinéirí; |
|
(d) |
trealamh raidió arna úsáid ag amaitéaraigh raidió; |
|
(e) |
uirlisí tomhais; |
|
(f) |
uirlisí neamh-uathoibríocha meáite; |
|
(g) |
trealamh atá neamhurchóideach go bunúsach; agus |
|
(h) |
pacáistí meastóireachta saincheaptha atá beartaithe do ghairmithe lena n-úsáid ag saoráidí taighde agus forbartha chun na gcríoch sin agus chun na gcríoch sin amháin. |
5.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn ‘éifeachtúlacht fuinnimh’ an cóimheas idir aschur feidhmíochta, seirbhíse, earraí nó fuinnimh agus an t-ionchur fuinnimh atá ag táirge ag a bhfuil tionchar ar ídiú fuinnimh le linn a úsáide, agus leithdháileadh éifeachtúil acmhainní á chur san áireamh.
6.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tuigtear go gcumhdaítear na táirgí seo a leanas le ‘fearais sláintíochta’: leithris, folcadáin ghuairneáin, doirtil chistine, úirinéil, folcadáin, tráidirí cithfholcadáin, bidets agus báisíní níocháin.
7.
Ní chumhdaítear leis an Iarscríbhinn seo aerárthaí iomlána, soithí, iarnróid agus mótarfheithiclí, ná trealamh speisialaithe muirí, iarnróid, eitlíochta agus feithiclí.
8.
Arna iarraidh sin ag ceachtar den dá Pháirtí, déanfaidh an Coiste um Chomhar athbhreithniú ar an liosta réimsí a leagtar amach i mír 1 den Iarscríbhinn seo.
9.
Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí ceanglais a thabhairt isteach maidir le tástáil nó deimhniú éigeantach tríú páirtí le haghaidh na réimsí táirgí dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo, ar choinníoll go mbeidh bonn cirt leis na ceanglais sin ar fhorais cuspóirí dlisteanacha, agus go mbeidh siad comhréireach leis an gcuspóir go dtabharfaí muinín leormhaith don Pháirtí allmhairiúcháin go mbeadh na táirgí i gcomhréir leis na rialacháin theicniúla nó leis na caighdeáin theicniúla is infheidhme, agus aird á tabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar neamhchomhlíonadh.
10.
Páirtí a bheartaíonn na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 9 a thabhairt isteach, tabharfaidh sé fógra don Pháirtí eile agus cuirfidh sé barúlacha an Pháirtí eile san áireamh agus aon nós imeachta um measúnú comhréireachta den sórt sin á cheapadh aige.
IARSCRÍBHINN 5-C
AN SOCRÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 61(4) MAIDIR LE MALARTÚ CÓRASACH FAISNÉISE I nDÁIL LE SÁBHÁILTEACHT TÁIRGÍ NEAMHBHIA AGUS NA BEARTA COISCTHEACHA, SRIANTACHA AGUS CEARTAITHEACHA GAOLMHARA
Leagfar amach san Iarscríbhinn seo socrú maidir le malartú rialta faisnéise idir córas mear-rabhaidh an Aontais Eorpaigh agus bunachar sonraí Phoblacht na hÚisbéiceastáine a bhaineann le sábháilteacht táirgí tomhaltais neamhbhia agus na bearta coisctheacha, sriantacha agus ceartaitheacha gaolmhara.
I gcomhréir le hAirteagal 61(8) den Chomhaontú seo, sonrófar leis an socrú an cineál faisnéise atá le malartú, na módúlachtaí maidir leis an malartú agus cur i bhfeidhm na rialacha maidir le rúndacht agus maidir le cosaint sonraí pearsanta.
IARSCRÍBHINN 5-D
AN SOCRÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 61(5) MAIDIR LE MALARTÚ RIALTA FAISNÉISE I nDÁIL LE BEARTA A DHÉANTAR MAIDIR LE TÁIRGÍ NEAMHBHIA NEAMHCHOMHLÍONTACHA SEACHAS NA BEARTA SIN A CHUMHDAÍTEAR LE hAIRTEAGAL 61(4)
Leis an Iarscríbhinn seo, bunófar socrú maidir le malartú rialta faisnéise, lena n-áirítear malartú faisnéise trí mheán leictreonach, i ndáil le bearta a dhéanfar maidir le táirgí bia neamhchomhlíontacha, seachas na bearta sin a chumhdaítear le hAirteagal 61(4) den Chomhaontú seo.
I gcomhréir le hAirteagal 61(8) den Chomhaontú seo, sonrófar leis an socrú an cineál faisnéise atá le malartú, na módúlachtaí maidir leis an malartú agus cur i bhfeidhm na rialacha maidir le rúndacht agus maidir le cosaint sonraí pearsanta.
IARSCRÍBHINN 6
TÁBLA INA LEAGTAR SÍOS AN tAITHEANTAS COIBHÉISE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 68(2)
IARSCRÍBHINN 7-A
ROINN A
REACHTAÍOCHT NA bPÁIRTITHE
Reachtaíocht Phoblacht na hÚisbéiceastáine
|
(a) |
Cód Sibhialta Phoblacht na hÚisbéiceastáine (Roinn IV) dar dháta an 29 Lúnasa, 1996; |
|
(b) |
Dlí Uimh. 267-II de Phoblacht na hÚisbéiceastáine maidir le Trádmharcanna, Marcanna Seirbhíse agus Ainmniúcháin Tionscnaimh dar dáta an 30 Lúnasa, 2001 agus a Ghníomhartha cur chun feidhme; |
|
(c) |
Dlí Uimh. 757 ó Phoblacht na hÚisbéiceastáine maidir le Tásca Geografacha dar dáta an 3 Márta 2022 agus a Ghníomhartha cur chun feidhme. |
Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh
|
(a) |
Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1); |
|
(b) |
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (2), go háirithe Airteagail 92 go 111 maidir le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, agus a Ghníomhartha cur chun feidhme; |
|
(c) |
Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcóil eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (3) agus a Ghníomhartha cur chun feidhme; |
ROINN B
EILIMINTÍ LE hAGHAIDH CLÁRÚ AGUS RIALÚ TÁSC GEOGRAFACH
|
1. |
Clár ina liostaítear tásca geografacha atá faoi chosaint sa chríoch; |
|
2. |
Próiseas riaracháin lena bhfíoraítear go ndéanann tásca geografacha earra a shainaithint mar earra de thionscnamh críche, réigiúin nó dúiche i gceann de na Páirtithe, i gcás ina bhfuil cáilíocht, cáil nó tréith eile den earra inchurtha i leith a thionscnaimh gheografaigh; |
|
3. |
Ceanglas go gcomhfhreagróidh ainm cláraithe do tháirge sonrach amháin nó níos mó ar lena aghaidh nó lena n-aghaidh atá sonraíocht táirge leagtha síos agus nach féidir í a leasú ach trí bhíthin próiseas riaracháin cuí; |
|
4. |
Forálacha rialaithe is infheidhme maidir le táirgeadh; |
|
5. |
Forfheidhmiú na cosanta atá ag ainmneacha cláraithe trí ghníomhaíocht riaracháin iomchuí ó na húdaráis phoiblí; |
|
6. |
Forálacha dlíthiúla lena leagtar síos go bhféadfaidh ainm cláraithe a bheith á úsáid ag aon oibreoir a mbíonn táirgí á margú aige a chomhlíonann an tsonraíocht chomhfhreagrach; |
|
7. |
Forálacha maidir le clárú téarmaí, a bhféadfadh diúltú do chlárú a bheith mar chuid díobh, ar téarmaí iad atá ina gcomhainmneacha de théarmaí cláraithe nó ina gcomhainmneacha díobh go páirteach, ar téarmaí iad is gnách a úsáid sa teanga choiteann mar an t-ainm comónta ar earraí, agus ar téarmaí iad arb é atá iontu ainmneacha cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe, nó a n-áirítear ainmneacha na gcineálacha plandaí agus na bpórtha ainmhithe sin iontu; cuirfear san áireamh sna forálacha sin leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann; |
|
8. |
Rialacha a bhaineann leis an ngaol idir tásca geografacha agus trádmharcanna lena ndéantar foráil maidir le heisceacht theoranta ar na cearta a thugtar faoin dlí maidir le trádmharcanna, sa mhéid nach cúis é réamh-thrádmharc a bheith ann le cosc a chur ar chlárú agus úsáid ainm mar thásc geografach cláraithe ach amháin, mar gheall ar cháil an trádmhairc agus fad na tréimhse a bhfuil sé in úsáid lena linn, i gcás ina gcuirfí tomhaltóirí amú de dheasca an chláraithe agus úsáid an táisc gheografaigh ar tháirgí nach gcumhdaítear leis an trádmharc; |
|
9. |
Ceart a bheith ag aon táirgeoir atá bunaithe sa limistéar geografach agus a ghéilleann don chóras rialuithe, an táirge a tháirgeadh agus lipéad air ar a bhfuil an t-ainm atá faoi chosaint, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé na sonraíochtaí táirge; |
|
10. |
Nós imeachta freasúra lena mbeifear in ann leasanna dlisteanacha úsáideoirí ainmneacha a bhí ann roimhe sin a chur san áireamh, bíodh na hainmneacha sin faoi chosaint mar chineál maoine intleachtúla nó ná bíodh. |
(1) IO AE L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.
(2) IO AE L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(3) IO AE L 130, 17.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/787/oj.
IARSCRÍBHINN 7-B
CRITÉIR MAIDIR LEIS AN NÓS IMEACHTA FREASÚRA
1.
Liosta ainmneacha agus an tras-scríobh comhfhreagrach ag gabháil leo i litreacha Laidineacha nó Úisbéiceastáinise;
2.
An cineál táirge;
3.
Cuireadh do na daoine seo a leanas agóidí a thíolacadh i gcoinne tásc geografach a chosaint trí ráiteas cuí-réasúnaithe a thaisceadh::|
(a) |
i gcás an Aontais Eorpaigh, chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach seachas iad sin atá bunaithe nó atá ina gcónaí i bPoblacht na hÚisbéiceastáine; |
|
(b) |
i gcás Phoblacht na hÚisbéiceastáine, chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach seachas iad sin atá bunaithe nó atá ina gcónaí i mBallstát, a bhfuil leas dlisteanach aige. |
4.
Beidh na ráitis freasúra faighte ag an gCoimisiún Eorpach nó ag Poblacht na hÚisbéiceastáine laistigh de 2 mhí ó dháta foilsithe an fhógra faisnéise;
5.
Ní cheadófar ráitis freasúra ach amháin má fhaightear iad laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 4 agus má léirítear leo go mbeidh an méid seo a leanas fíor i leith chosaint an ainm a mholtar:|
(a) |
go dtiocfaí salach ar ainm cineáil planda dá bharr, lena n-áirítear cineál fíonchaoire nó póir ainmnithe, agus dá dheasca sin, gur dhócha go gcuirfí an tomhaltóir amú maidir le fíorthionscnamh an táirge; |
|
(b) |
gurb ainm comhainmneach a bheadh ann, lena gcuirfí an tomhaltóir amú sa chaoi go gceapfadh sé gur ó chríoch eile a tháinig na táirgí; |
|
(c) |
i bhfianaise clú agus cáil trádmhairc agus thréimhse úsáide an trádmhairc, go bhféadfaí an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorchéannacht an táirge; |
|
(d) |
go gcuirfí i gcontúirt ainm nó trádmharc atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt, sin nó go gcuirfí i gcontúirt táirgí a bheith ann ar táirgí iad a bhí ar an margadh go dleathach ar feadh 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe an fhógra freasúra; nó |
|
(e) |
go dtugtar mionsonraí leo lena léirítear gur ainm cineálach é an t-ainm a bhfuil cosaint agus clárú á meas lena aghaidh. |
6.
Na critéir a liostaítear i mír 5, déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht orthu, agus déanfar an méid sin i ndáil le críoch an Pháirtí lena mbaineann, rud nach dtagraíonn i gcás cearta maoine intleachtúla ach don chríoch nó do na críocha ina gcosnaítear na cearta sin.
IARSCRÍBHINN 7-C
TÁSCA GEOGRAFACHA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ATÁ LE COSAINT
ROINN A
TÁSCA GEOGRAFACHA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ AN AONTAIS ATÁ LE COSAINT I bPOBLACHT NA hÚISBÉICEASTÁINE
1. Liosta de tháirgí talmhaíochta agus bia-earraí seachas fíonta, deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe
|
Ballstát |
An t-ainm atá le cosaint |
Catagóir táirgí |
Tras-scríbhinn Laidineach |
|
AT |
Steirisches Kürbiskernöl |
Olaí agus saillte (im, margairín, ola etc.) |
|
|
AT |
Tiroler Speck |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
AT |
Vorarlberger Bergkäse |
Cáis |
|
|
BE |
Jambon d'Ardenne |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
BG |
Българско розово масло |
Blátholaí |
Bulgarsko rozovo maslo |
|
BG |
Странджански манов мед / Maнов мед от Странджа |
|
Strandzhanski manov med/ Manov med ot Strandzha |
|
CZ |
Budějovické pivo |
Beoracha |
|
|
CZ |
Budějovický měšťanský var |
Beoracha |
|
|
CZ |
České pivo |
Beoracha |
|
|
CZ |
Českobudějovické pivo |
Beoracha |
|
|
CZ |
Žatecký chmel |
Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE (spíosraí etc.) |
|
|
DE |
Aachener Printen |
Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara |
|
|
DE |
Bayerisches Bier |
Beoracha |
|
|
DE |
Dresdner Stollen |
Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara |
|
|
DE |
Lübecker Marzipan |
Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara |
|
|
DE |
Münchener Bier |
Beoracha |
|
|
DE |
Nürnberger Bratwürste / Nürnberger Rostbratwürste |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
DE |
Nürnberger Lebkuchen |
Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara |
|
|
DE |
Rheinisches Zuckerrübenkraut / Rheinischer Zuckerrübensirup / Rheinisches Rübenkraut |
Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara |
|
|
DK |
Danablu |
Cáis |
|
|
EL |
Ελιά Καλαμάτας |
Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte |
Elia Kalamatas |
|
EL |
Καλαμάτα |
Olaí agus saillte (im, margairín, ola etc.) |
Kalamata |
|
EL |
Κεφαλογραβιέρα |
Cáis |
Kefalograviera |
|
EL |
Κολυμβάρι Χανίων Κρήτης |
Olaí agus saillte (im, margairín, ola etc.) |
Kolymvari Chanion Kritis |
|
EL |
Κρόκος Κοζάνης |
Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE (spíosraí etc.) |
Krokos Kozanis |
|
EL |
Μαστίχα Χίου |
Gumaí agus roisíní nádúrtha |
Masticha Chiou |
|
EL |
Σητεία Λασιθίου Κρήτης |
Olaí agus saillte (im, margairín, ola etc.) |
Sitia Lasithiou Kritis |
|
EL |
Φέτα |
Cáis |
Feta |
|
ES |
Vinagre de Jerez |
Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE (spíosraí etc.) |
|
|
ES |
Baena |
Olaí agus saillte (im, margairín, ola etc.) |
|
|
ES |
Kaki Ribera del Xúquer |
Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte |
|
|
ES |
Jabugo (ex Jamón de Huelva) |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
ES |
Jamón de Teruel/Paleta de Teruel |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
ES |
Jijona |
Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara |
|
|
ES |
Priego de Córdoba |
Olaí agus saillte (im, margairín, ola etc.) |
|
|
ES |
Queso Manchego |
Cáis |
|
|
ES |
Sierra de Segura |
Olaí agus saillte (im, margairín, ola etc.) |
|
|
ES |
Siurana |
Olaí agus saillte (im, margairín, ola etc.) |
|
|
ES |
Turrón de Alicante |
Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara |
|
|
FR |
Brie de Meaux |
Cáis |
|
|
FR |
Camembert de Normandie |
Cáis |
|
|
FR |
Canard à foie gras du Sud-Ouest (Chalosse, Gascogne, Gers, Landes, Périgord, Quercy) |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
FR |
Comté |
Cáis |
|
|
FR |
Emmental de Savoie |
Cáis |
|
|
FR |
Gruyère |
Cáis |
|
|
FR |
Huile essentielle de lavande de Haute-Provence |
Blátholaí |
|
|
FR |
Jambon de Bayonne |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
FR |
Pruneaux d'Agen; Pruneaux d'Agen mi-cuits |
Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte |
|
|
FR |
Reblochon / Reblochon de Savoie |
Cáis |
|
|
FR |
Roquefort |
Cáis |
|
|
HU |
Szegedi szalámi / Szegedi téliszalámi |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
IT |
Aceto Balsamico di Modena |
Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE (spíosraí etc.) |
|
|
IT |
Aceto balsamico tradizionale di Modena |
Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE (spíosraí etc.) |
|
|
IT |
Asiago |
Cáis |
|
|
IT |
Bresaola della Valtellina |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
IT |
Fontina |
Cáis |
|
|
IT |
Gorgonzola |
Cáis |
|
|
IT |
Grana Padano |
Cáis |
|
|
IT |
Mortadella Bologna |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
IT |
Mozzarella di Bufala Campana |
Cáis |
|
|
IT |
Parmigiano Reggiano (1) |
Cáis |
|
|
IT |
Pecorino Romano |
Cáis |
|
|
IT |
Prosciutto di Parma |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
IT |
Prosciutto di San Daniele |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
IT |
Prosciutto Toscano |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
IT |
Provolone Valpadana |
Cáis |
|
|
IT |
Taleggio |
Cáis |
|
|
NL |
Edam Holland |
Cáis |
|
|
NL |
Gouda Holland |
Cáis |
|
|
PL |
Jabłka Grójeckie |
Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte |
|
|
RO |
Magiun de prune Topoloveni |
Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte |
|
|
RO |
Salam de Sibiu |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
PT |
Queijo S. Jorge |
Cáis |
|
|
SI |
Kranjska Klobasa |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
SI |
Kraški pršut |
Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe etc.) |
|
|
(1) Measfar gur tabhairt chun cuimhne mhíchuí é ‘Parmesan’ ar an tásc geografach ‘Parmigiano Reggiano’ de bhun Airteagal X.34 (1)(b), i gcás ina n-úsáidtear é i leith táirge nach gcomhlíonann an tsonraíocht a bhaineann leis an tásc geografach thuasluaite. |
|||
2. Liosta de dheochanna biotáilleacha
|
Ballstát |
An t-ainm atá le cosaint |
Tras-scríbhinn Laidineach |
|
AT |
Inländerrum |
|
|
AT |
Jägertee / Jagertee / Jagatee |
|
|
CY |
Ζιβανία / Τζιβανία / Ζιβάνα |
Zivania |
|
DE/AT/BE |
Korn / Kornbrand |
|
|
EL/CY |
Ούζο |
Ouzo |
|
EL |
Τσίπουρo/Τσικουδιά |
Tsipouro/Tsikoudia |
|
EE |
Estonian Vodka |
|
|
ES |
Brandy de Jerez |
|
|
ES |
Pacharán Navarro |
|
|
FI |
Suomalainen Marjalikööri / Suomalainen Hedelmälikööri / Finsk Bärlikör / Finsk Fruktlikör / Finnish berry liqueur / Finnish fruit liqueur |
|
|
FI |
Suomalainen Vodka/Finsk Vodka/Vodca na Fionlainne |
|
|
FR |
Armagnac |
|
|
FR |
Calvados |
|
|
FR |
Cognac / Eau de vie de Cognac / Eau de vie des Charentes |
|
|
HU |
Pálinka |
|
|
HU |
Törkölypálinka |
|
|
IE, UK (Tuaisceart Éireann) |
Irish Cream |
|
|
IE, UK (Tuaisceart Éireann) |
Irish Whiskey / Uisce Beatha Éireannach / Irish Whisky |
|
|
IT |
Grappa |
|
|
LT |
Originali lietuviška degtinė / Original Lithuanian vodka |
|
|
NL / BE / DE / FR |
Genièvre / Jenever / Genever |
|
|
PL |
Herbal vodka from the North Podlasie Lowland aromatised with an extract of bison grass / Wódka ziołowa z Niziny Północnopodlaskiej aromatyzowana ekstraktem z trawy żubrowej |
|
|
PL |
Polska Wódka / Polish Vodka |
|
|
RO |
Țuică Zetea de Medieșu Aurit |
|
|
SE |
Svensk Vodka / Swedish Vodka |
|
3. Liosta fíonta
|
Ballstát |
An t-ainm atá le cosaint |
Tras-scríbhinn Laidineach |
|
BG |
Дунавска равнина |
Dunavska ravnina |
|
BG |
Тракийска низина |
Trakijska nizina |
|
CY |
Κουμανδαρία |
Commandaria |
|
DE |
Mosel |
|
|
DE |
Rheingau |
|
|
DE |
Rheinhessen |
|
|
EL |
Σάμος |
Samos |
|
ES |
Cariñena |
|
|
ES |
Campo de Borja |
|
|
ES |
Cataluña/ Catalunya |
|
|
ES |
Cava |
|
|
ES |
Jerez-Xérès-Sherry / Jerez / Xérès / Sherry |
|
|
ES |
Jumilla |
|
|
ES |
La Mancha |
|
|
ES |
Málaga |
|
|
ES |
Navarra |
|
|
ES |
Rías Baixas |
|
|
ES |
Ribera del Duero |
|
|
ES |
Rioja |
|
|
ES |
Rueda |
|
|
ES |
Toro |
|
|
ES |
Utiel-Requena |
|
|
ES |
Valdepeñas |
|
|
ES |
València |
|
|
ES |
Yecla |
|
|
FR |
Alsace / Vin d'Alsace |
|
|
FR |
Anjou |
|
|
FR |
Beaujolais |
|
|
FR |
Bordeaux |
|
|
FR |
Bourgogne |
|
|
FR |
Chablis |
|
|
FR |
Champagne |
|
|
FR |
Châteauneuf-du-Pape |
|
|
FR |
Coteaux du Languedoc / Languedoc |
|
|
FR |
Côtes de Provence |
|
|
FR |
Côtes du Rhône |
|
|
FR |
Côtes du Roussillon |
|
|
FR |
Graves |
|
|
FR |
Haut-Médoc |
|
|
FR |
Margaux |
|
|
FR |
Médoc |
|
|
FR |
Saint-Émilion |
|
|
FR |
Sauternes |
|
|
FR |
Touraine |
|
|
FR |
Val de Loire |
|
|
HR |
Dingač |
|
|
HU |
Tokaj / Tokaji |
|
|
IT |
Asti |
|
|
IT |
Brunello di Montalcino |
|
|
IT |
Chianti |
|
|
IT |
Chianti Classico |
|
|
IT |
Conegliano Valdobbiadene – Prosecco / Conegliano – Prosecco / Valdobbiadene – Prosecco |
|
|
IT |
Franciacorta |
|
|
IT |
Lambrusco di Sorbara |
|
|
IT |
Lambrusco Grasparossa di Castelvetro |
|
|
IT |
Montepulciano d'Abruzzo |
|
|
IT |
Prosecco |
|
|
IT |
Soave |
|
|
IT |
Toscano / Toscana |
|
|
IT |
Vino Nobile di Montepulciano |
|
|
PT |
Alentejo |
|
|
PT |
Bairrada |
|
|
PT |
Dão |
|
|
PT |
Douro |
|
|
PT |
Madeira / Madera / Vinho da Madeira /Madeira Wein / Madeira Wine / Vin de Madère / Vino di Madera / Madeira Wijn |
|
|
PT |
Lisboa |
|
|
PT |
Porto / Oporto / Vinho do Porto / Vin de Porto / Port / Port Wine / Portwein / Portvin / Portwijn |
|
|
PT |
Tejo |
|
|
PT |
Vinho Verde |
|
|
RO |
Cotnari |
|
|
RO |
Dealu Mare |
|
|
RO |
Murfatlar |
|
|
SK |
Vinohradnícka oblasť Tokaj |
|
ROINN B
TÁSCA GEOGRAFACHA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ PHOBLACHT NA hÚISBÉICEASTÁINE ATÁ LE COSAINT SAN AONTAS EORPACH
|
An t-ainm atá le cosaint |
Catagóir Táirgí |
|
БОҒИЗАҒОН/BOG'IZOG'ON'/‘БАГИЗАГАН /BAGIZAGAN’ |
Fíon |
(1) Measfar gur tabhairt chun cuimhne mhíchuí é ‘Parmesan’ ar an tásc geografach ‘Parmigiano Reggiano’ de bhun Airteagal X.34 (1)(b), i gcás ina n-úsáidtear é i leith táirge nach gcomhlíonann an tsonraíocht a bhaineann leis an tásc geografach thuasluaite.
IARSCRÍBHINN 9
SOLÁTHAR RIALTAIS
ROINN 1
EINTITIS RIALTAIS LÁIR
Tairseacha:
Tá feidhm ag Caibidil 9 maidir le heintitis soláthair na bPáirtithe a liostaítear i bhForanna A agus B den Roinn seo i gcás ina bhfuil luach an tsoláthair cothrom leis na tairseacha seo a leanas nó i gcás ina sáraíonn sé iad:
|
(a) |
400 000 ceart tarraingthe speisialta (CTS) le haghaidh na n-earraí agus na seirbhísí uile a liostaítear; |
|
(b) |
6 000 000 CTS le haghaidh na seirbhísí tógála uile a liostaítear i Rannán 51 de CPC NA. |
FOROINN A
AN tAONTAS EORPACH
Eintitis faoi chumhdach:
Gach údarás rialtais láir de chuid Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh atá san áireamh ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Foscríbhinn I an Aontais Eorpaigh a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais, arna dhéanamh in Marrakech an 15 Aibreán 1994, atá in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT, ach amháin:
|
(a) |
eintitis a ngabhann * nó ** leo ar an liosta sin; agus |
|
(b) |
aireachtaí cosanta agus gníomhaireachtaí um ghníomhaíochtaí cosanta nó slándála de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. |
FOROINN B
POBLACHT NA hÚISBÉICEASTÁINE
Eintitis faoi chumhdach:
|
1. |
Aireacht Talmhaíochta Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Qishlоq хo'jаligi vаzirligi) |
|
2. |
Aireacht Foirgníochta agus Tithíochta agus Seirbhísí Comhchoiteanna Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Qurilish va uy-joy kommunal xo'jaligi vazirligi) |
|
3. |
Aireacht Cultúir Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Madaniyat vazirligi) |
|
4. |
Aireacht Teicneolaíochtaí Digiteacha Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Raqamli texnologiyalar vazirligi) |
|
5. |
Aireacht Geilleagair agus Airgeadais Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Iqtisodiyot va moliya vazirligi) |
|
6. |
Aireacht Fostaíochta agus Laghdú Bochtaineachta na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Kambag'allikni qisqartirish va bandlik vazirligi) |
|
7. |
Aireacht Teicneolaíochtaí Digiteacha Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Energetika vazirligi) |
|
8. |
Aireacht Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbеkistоn Rеspublikаsi Tаshqi ishlаr vаzirligi) |
|
9. |
Aireacht Sláinte Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbеkistоn Rеspublikаsi Sоg`liqni sаqlаsh vаzirligi) |
|
10. |
Aireacht Ardoideachais, Eolaíochta agus Nuálaíochta Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Oliy ta'lim, fan va innovatsiyalar vazirligi) |
|
11. |
Aireacht Infheistíochta, Tionsclaíochta agus Trádála Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi investitsiyalar, sanoat va savdo vazirligi) |
|
12. |
Aireacht Éiceolaíochta, Cosanta Comhshaoil agus Athraithe Aeráide Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Ekologiya, atrof-muhitni muhofaza qilish va iqlim o'zgarish vazirligi) |
|
13. |
Aireacht Réamh-bhunscoile agus Oideachais Scoile Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Maktabgacha va maktab ta'limi vazirligi) |
|
14. |
Aireacht Iompair Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Transport vazirligi) |
|
15. |
Aireacht Acmhainní Uisce Talmhaíochta Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Suv хo'jаligi vаzirligi) |
|
16. |
Aireacht um Spóirt Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi sport vazirligi) |
|
17. |
Coiste um Chur Chun Cinn na hIomaíochta agus um Chosaint Ceart Tomhaltóirí Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Raqobatni rivojlantirish va iste'molchilar huquqlarini himoya qilish qo'mitasi) |
|
18. |
An Coiste Cánach (Soliq qo'mitasi) |
|
19. |
Gníomhaireacht um Chur Chun Cinn Onnmhairiúcháin faoi Aireacht Infheistíochtaí, Tionscail agus Trádála Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O‘zbekiston Respublikasi Investitsiyalar, sanoat va savdo vazirligi huzuridagi Eksportni rag'batlantirish agentligi) |
|
20. |
An Ghníomhaireacht Foraoiseachta faoi Aireacht Éiceolaíochta, Cosanta Comhshaoil agus Athraithe Aeráide Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O‘zbekiston Respublikasi Ekologiya, atrof-muhitni muhofaza qilish va iqlim o‘zgarish vazirligi huzuridagi O'rmon xo'jaligi agentligi) |
|
21. |
Gníomhaireacht na Seirbhíse Hidrimeitéareolaíochta faoi Aireacht Éiceolaíochta, Cosanta Comhshaoil agus Athraithe Aeráide Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O‘zbekiston Respublikasi Ekologiya, atrof-muhitni muhofaza qilish va iqlim o‘zgarish vazirligi huzuridagi Gidrometeorologiya xizmati agentligi) |
|
22. |
Gníomhaireacht Staidrimh faoi Uachtarán Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O‘zbekiston Respublikasi Prezidenti huzuridagi Statistika agentligi) |
|
23. |
Gníomhaireacht ‘Uzarkhiv’ faoi Aireacht Dlí agus Cirt Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O‘zbekiston Respublikasi Adliya vazirligi huzuridagi ‘O'zarxiv' agentligi’) |
|
24. |
Cigireacht chun sábháilteacht agus úsáid uisce saoráidí bainistithe uisce a rialú faoi Aireacht Acmhainní Uisce Phoblacht na hÚisbéiceastáine (O‘zbekiston Respublikasi Suv xo‘jaligi vazirligi huzuridagi Suv xo'jaligi obyektlari xavfsizligini va suvdan foydalanishni nazorat qilish inspeksiyasi) |
|
25. |
Acadamh Eolaíochtaí na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston Respublikasi Fanlar akademiyasi) |
ROINN 2
EINTITIS RIALTAIS FO-LÁIR
Tairseacha:
Tá feidhm ag Caibidil 9 maidir le heintitis soláthair na bPáirtithe a liostaítear i bhForanna A agus B den Roinn seo i gcás ina bhfuil luach an tsoláthair cothrom leis na tairseacha seo a leanas nó i gcás ina sáraíonn sé iad:
|
(a) |
400 000 CTS le haghaidh na n-earraí agus na seirbhísí uile a liostaítear; |
|
(b) |
6 000 000 CTS le haghaidh na seirbhísí tógála uile a liostaítear i Rannán 51 de CPC NA. |
FOROINN A
AN tAONTAS EORPACH
Eintitis faoi chumhdach:
Na húdaráis chonarthacha réigiúnacha uile a bhaineann le Ballstáit uile na n-aonad riaracháin a thagann faoi NUTS 1 agus 2, dá dtagraítear le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
FOROINN B
POBLACHT NA hÚISBÉICEASTÁINE
Eintitis faoi chumhdach:
I. Réigiún Andijan (Andijon viloyati)
|
1. |
Cathair Andijan (Andijon shahri) |
|
2. |
Ceantar Andijan (Andijon tuman) |
|
3. |
Ceantar Asaka (Asaka tumani) |
|
4. |
Ceantar Balikchi (Baliqchi tumani) |
|
5. |
Ceantar Bulakbashi (Buloqboshi tumani) |
|
6. |
Ceantar Buston (Bo’ston tumani) |
|
7. |
Ceantar Izbaskan (Izboskan tumani) |
|
8. |
Ceantar Jalaquduk (Jalaquduq tumani) |
|
9. |
Cathair Khanabod (Xonabod shahri) |
|
10. |
Ceantar Khodjaobad (Xo'jaobod tumani) |
|
11. |
Ceantar Kurgantepa (Qo'rg'ontepa tumani) |
|
12. |
Ceantar Markhamat (Marhamat tumani) |
|
13. |
Ceantar Oltinkol (Oltinko'l tumani) |
|
14. |
Ceantar Pakhtaabad (Paxtaobod tumani) |
|
15. |
Ceantar Shakhrikhan (Shahrixon tumani) |
|
16. |
Ceantar Ulugnar (Ulug'nor tumani) |
II. Réigiún Bukhara (Buxoro viloyati)
|
17. |
Cathair Bukhara (Buxoro shahri) |
|
18. |
Ceantar Bukhara (Buxoro tumani) |
|
19. |
Ceantar Djondor (Jondor tumani) |
|
20. |
Ceantar Gijduvon (G'ijduvon tumani) |
|
21. |
Ceantar Karakul (Qorako'l tumani) |
|
22. |
Ceantar Karaulbazar (Qorovulbozor tumani) |
|
23. |
Cathair Kogan (Kogon shahri) |
|
24. |
Ceantar Kogon (Kogon tumani) |
|
25. |
Ceantar Olot (Olot tumani) |
|
26. |
Ceantar Peshku (Peshku tumani) |
|
27. |
Ceantar Romitan Tumani (Romitan tumani) |
|
28. |
Ceantar Shofirkon (Shofirkon tumani) |
|
29. |
Ceantar Vobkent (Vobkent tumani) |
III. Réigiún Fergana (Farg'ona viloyati)
|
30. |
Ceantar Altyariq (Oltiariq tumani) |
|
31. |
Ceantar Bhagdad (Bag'dod tumani) |
|
32. |
Ceantar Beshariq (Beshariq tumani) |
|
33. |
Ceantar Buvayda (Buvayda tumani) |
|
34. |
Ceantar Dangara (Dang'ara tumani) |
|
35. |
Cathair Fergana (Farg'ona shahri) |
|
36. |
Ceantar Fergana (Farg'ona tumani) |
|
37. |
Ceantar Furkat (Furqat tumani) |
|
38. |
Cathair Kokon (Qo'qon shahri) |
|
39. |
Cathair Kuvasay (Quvasoy shahri) |
|
40. |
Cathair Margilan (Marg'ilon shahri) |
|
41. |
Ceantar Qushtepa (Qushtepa tumani) |
|
42. |
Ceantar Quva (Quva tumani) |
|
43. |
Ceantar Rishton (Rishton tumani) |
|
44. |
Ceantar Sokh (So'x tumani) |
|
45. |
Ceantar Tashlaq (Toshloq tumani) |
|
46. |
Ceantar Uchkuprik (Uchko'prik tumani) |
|
47. |
Ceantar na hÚisbéiceastáine (O'zbekiston tumani) |
|
48. |
Ceantar Yazyavan (Yozyovon tumani) |
IV. Réigiún Jizzakh (Jizzax viloyati)
|
49. |
Ceantar Arnasay (Arnasoy tumani) |
|
50. |
Ceantar Bakhmal (Baxmal tumani) |
|
51. |
Ceantar Dustlik (Do'stlik tumani) |
|
52. |
Ceantar Forish (Forish tumani) |
|
53. |
Ceantar Gallaorol (G'allaorol tumani) |
|
54. |
Cathair Jizzakh (Jizzax shahri) |
|
55. |
Ceantar Karakul (Qorako'l tumani) |
|
56. |
Ceantar Pakhtakor (Paxtakor tumani) |
|
57. |
Ceantar Sharof Rashidov (Sharof Rashidov tumani) |
|
58. |
Ceantar Yangiobod (Yangiobod tumani) |
|
59. |
Ceantar Zafarobod (Zafarobod tumani) |
|
60. |
Ceantar Zarbdor (Zarbdor tumani) |
|
61. |
Ceantar Zomin (Zomin tumani) |
V. Réigiún Kashkadarya (Qashqadaryo viloyati)
|
62. |
Ceantar Chirakchi (Chiroqchi tumani) |
|
63. |
Ceantar Dekhkanabad (Dehqonobod tumani) |
|
64. |
Ceantar Gallaorol (G'uzor tumani) |
|
65. |
Ceantar Kamashi (Qamashi tumani) |
|
66. |
Cathair Karshi (Qarshi shahri) |
|
67. |
Ceantar Karshi (Qarshi tumani) |
|
68. |
Ceantar Kasby (Kasbi tumani) |
|
69. |
Ceantar Kitаb (Kitob tumani) |
|
70. |
Ceantar Koson (Koson tumani) |
|
71. |
Ceantar Kokdala (Ko‘kdala tumani) |
|
72. |
Ceantar Mirishkor (Mirishkor tumani) |
|
73. |
Ceantar Muborak (Mirishkor tumani) |
|
74. |
Ceantar Nishon (Nishon tumani) |
|
75. |
Cathair Shakhrisabz (Shahrisabz shahri) |
|
76. |
Ceantar Shakhrisabz (Shahrisabz tumani) |
|
77. |
Ceantar Yakkabog (Yakkabog' tumani) |
VI. Réigiún Khorezm (Xorazm viloyati)
|
78. |
Ceantar Bogot (Bog'ot tumani) |
|
79. |
Ceantar Gurlan (Gurlan tumani) |
|
80. |
Ceantar Khazorasp (Hazorasp tumani) |
|
81. |
Ceantar Khiva (Xiva tumani) |
|
82. |
Ceantar Khonqa (Xonqa tumani) |
|
83. |
Ceantar Qushkupir (Qo'shko'pir tumani) |
|
84. |
Ceantar Shovot (Shovot tumani) |
|
85. |
Ceantar Tuproqqala (Tuproqqal'a tumani) |
|
86. |
Cathair Urgench (Urganch shahri) |
|
87. |
Ceantar Urgench (Urganch tumani) |
|
88. |
Ceantar Yangiariq (Yangiariq tumani) |
|
89. |
Ceantar Yangibozor (Yangibozor tumani) |
VII. Réigiún Namangan (Namangan viloyati)
|
90. |
Ceantar Chartak (Chortoq tumani) |
|
91. |
Ceantar Chust (Seust tumani) |
|
92. |
Ceantar Davlatobod (Davlatobod tumani) |
|
93. |
Ceantar Kasansay (Kosonsoy tumani) |
|
94. |
Ceantar Mingbulak (Mingbuloq tumani) |
|
95. |
Cathair Namangan (Namangan shahri) |
|
96. |
Ceantar Namangan (Namangan tumani) |
|
97. |
Ceantar Naryn (Norin tumani) |
|
98. |
Ceantar Pop (Pop tumani) |
|
99. |
Ceantar Turakurgan (To'raqo'rg'on tumani) |
|
100. |
Ceantar Turakurgan (To'raqo'rg'on tumani) |
|
101. |
Ceantar Uychi (Uychi tumani) |
|
102. |
Ceantar Namangan Yangi (Yangi Namangan tumani) |
|
103. |
Ceantar Yangikurgan (Yangiqo'rg'on tumani) |
VIII. Réigiún Navoi (Navoiy viloyati)
|
104. |
Cathair Gazgan (G'ozg'on shahri) |
|
105. |
Ceantar Kanimekh (Konimex tumani) |
|
106. |
Ceantar Karmana (Karmana tumani) |
|
107. |
Ceantar Khatirchi (Xatirchi tumani) |
|
108. |
Ceantar Kyzyltepa (Qiziltepa tumani) |
|
109. |
Ceantar Navbakhor (Navbahor tumani) |
|
110. |
Cathair Navoi (Navoiy shahri) |
|
111. |
Ceantar Nurata (Nurota tumani) |
|
112. |
Ceantar Tomdi (Tomdi tumani) |
|
113. |
Ceantar Uchkuduk (Uchquduq tumani) |
|
114. |
Cathair Zarafshan (Zarafshon shahri) |
IX. Réigiún Samarkand (Samarqand viloyati)
|
115. |
Ceantar Akdarya (Oqdaryo tumani) |
|
116. |
Ceantar Bulungur (Bulung'ur tumani) |
|
117. |
Ceantar Ishtikhon (Ishtixon tumani) |
|
118. |
Ceantar Jambay (Jomboy tumani) |
|
119. |
Cathair Kattakurgan (Kattaqo'rg'on shahri) |
|
120. |
Ceantar Kattakurgan (Kattaqo'rg'on tumani) |
|
121. |
Ceantar Kurgantepa (Qo'shrabot tumani) |
|
122. |
Ceantar Narpay (Narpay tumani) |
|
123. |
Ceantar Nurobod (Nurobod tumani) |
|
124. |
Ceantar Pakhtachi (Paxtachi tumani) |
|
125. |
Ceantar Pastdargom (Pastdarg'om tumani) |
|
126. |
Ceantar Payariq (Payariq tumani) |
|
127. |
Cathair Samarkand (Samarqand shahri) |
|
128. |
Ceantar Samarkand (Samarqand tumani) |
|
129. |
Ceantar Taylak (Tayloq tumani) |
|
130. |
Ceantar Urgut (Urgut tumani) |
X. Réigiún Sirdarya (Sirdaryo viloyati)
|
131. |
Ceantar Akaltyn (Oqoltin tumani) |
|
132. |
Ceantar Bayaut (Boyovut tumani) |
|
133. |
Cathair Gulistan (Guliston tumani) |
|
134. |
Ceantar Gulistan (Guliston tumani) |
|
135. |
Ceantar Khovos (Xovos tumani) |
|
136. |
Ceantar Mirzaabad (Mirzaobod tumani) |
|
137. |
Ceantar Sardaba (Sardoba tumani) |
|
138. |
Ceantar Saykhunabad (Sayxunobod tumani) |
|
139. |
Cathair Shirin (Shirin tumani) |
|
140. |
Ceantar Shyrdarya (Sirdaryo tumani) |
|
141. |
Cathair Yangier (Yangiyer tumani) |
XI. Réigiún Surkhandarya (Surxondaryo viloyati)
|
142. |
Ceantar Angor (Angor tumani) |
|
143. |
Ceantar Bandikhan (Bandixon tumani) |
|
144. |
Ceantar Boysun (Boysun tumani) |
|
145. |
Ceantar Denou (Denov tumani) |
|
146. |
Ceantar Djarkurgan (Jarqo'rg'on tumani) |
|
147. |
Ceantar Kumkurgan (Qumqo'rg'on tumani) |
|
148. |
Ceantar Muzrabot (Muzrabot tumani) |
|
149. |
Ceantar Oltinsoy (Oltinsoy tumani) |
|
150. |
Ceantar Qiziriq (Qiziriq tumani) |
|
151. |
Ceantar Saryasia (Sariosiyo tumani) |
|
152. |
Ceantar Sherobod (Sherobod tumani) |
|
153. |
Ceantar Shurchi (Sho'rchi tumani) |
|
154. |
Cathair Termez (Termiz shahri) |
|
155. |
Ceantar Termiz (Termiz tumani) |
|
156. |
Ceantar Uzun (Uzun tumani) |
XII. Cathair Tashkent (Toshkent shahri)
|
157. |
Ceantar Almazar (Olmazor tumani) |
|
158. |
Ceantar Bektemir (Bektemir tumani) |
|
159. |
Ceantar Chilanzar (Chilonzor tumani) |
|
160. |
Ceantar Mirabad (Mirobod tumani) |
|
161. |
Ceantar Mirzo Ulugbek (Mirzo Ulug'bek tumani) |
|
162. |
Ceantar Sergeli (Sergeli tumani) |
|
163. |
Ceantar Shaykhantakhur (Shayxontohur tumani) |
|
164. |
Ceantar Uchtepa (Uchtepa tumani) |
|
165. |
Ceantar Yakkasaray (Yakkasaroy tumani) |
|
166. |
Ceantar Yangihayot (Yangihayot tumani) |
|
167. |
Ceantar Yashnobod (Yashnobod tumani) |
|
168. |
Ceantar Yunusabad (Yunusobod tumani) |
XIII. Réigiún Tashkent (Toshkent viloyati)
|
169. |
Ceantar Kumkurgan (Qumqo'rg'on tumani) |
|
170. |
Cathair Almalyk (Olmaliq shahri) |
|
171. |
Cathair Angren (Angren shahri) |
|
172. |
Cathair Bekabad (Bekobod shahri) |
|
173. |
Ceantar Bekabad (Bekobod tumani) |
|
174. |
Ceantar Buka (Bo'ka tumani) |
|
175. |
Ceantar Bustonliq (Bo'stonliq tumani) |
|
176. |
Ceantar Chinoz (Chinoz tumani) |
|
177. |
Cathair Chirchik (Chirchiq shahri) |
|
178. |
Cathair Nurafshon (Nurafshon shahri) |
|
179. |
Ceantar Okhangaron (Ohangaron tumani) |
|
180. |
Ceantar Orta Chirchiq (O'rta Chirchiq tumani) |
|
181. |
Ceantar Parkent (Parkent tumani) |
|
182. |
Ceantar Piskent (Piskent tumani) |
|
183. |
Ceantar Qibray (Qibray tumani) |
|
184. |
Ceantar Quyi Chirchiq (Quyi Chirchiq tumani) |
|
185. |
Ceantar Yangiyol (Yangiyo'l tumani) |
|
186. |
Ceantar Yukori Chirchiq (Yuqori Chirchiq tumani) |
|
187. |
Ceantar Zangiata (Zangiota tumani) |
XIV. Poblacht Fhéinrialaitheach Karakalpakstan (Qoraqalpog'iston avtonom Respublikasi)
|
188. |
Ceantar Amudarya (Amudaryo tumani) |
|
189. |
Ceantar Beruni (Beruniy tumani) |
|
190. |
Ceantar Bozatov (Bo'zatov tumani) |
|
191. |
Ceantar Chimbay (Chimboy tumani) |
|
192. |
Ceantar Ellikkala (Ellikqal'a tumani) |
|
193. |
Ceantar Kanlikul (Qanliko'l tumani) |
|
194. |
Ceantar Karauzak (Qorao'zak tumani) |
|
195. |
Ceantar Kegeyli (Kegeyli tumani) |
|
196. |
Ceantar Khodzhayli (Xo'jayli tumani) |
|
197. |
Ceantar Kungrad (Qo'ng'irot tumani) |
|
198. |
Ceantar Muynak (Mo’ynoq tumani) |
|
199. |
Cathair Nukus (Nukus shahri) |
|
200. |
Ceantar Nukus (Nukus tumani) |
|
201. |
Ceantar Shumanai (Shumanay tumani) |
|
202. |
Ceantar Takhiatosh (Taxiatosh tumani) |
|
203. |
Ceantar Takhtakupir (Taxtako'pir tumani) |
|
204. |
Ceantar Turtkul (To'rtko'l tumani) |
ROINN 3
EINTITIS EILE FAOI CHUMHDACH
Níl aon eintiteas liostaithe.
ROINN 4
EARRAÍ
Cumhdófar le Caibidil 9 soláthar gach earra, soláthar arna dhéanamh ag aon eintiteas a chumhdaítear le Ranna 1 go 3, faoi réir na nótaí agus na maoluithe ginearálta a leagtar amach i Roinn 7.
ROINN 5
SEIRBHÍSÍ
Faoi réir na nótaí agus na maoluithe ginearálta a leagtar amach i Roinn 7, cumhdófar leis an gCaibidil seo soláthar arna dhéanamh ag aon eintiteas a chumhdaítear le Ranna 1 go 3 le haghaidh na seirbhísí seo a leanas, a shainaithnítear i gcomhréir le hAicmiú Lárnach Táirgí Sealadach na Náisiún Aontaithe (CPC Prov), mar a leagtar amach i Liosta EDT um Aicmiú Earnála na Seirbhísí (MTN.GNS/W/120) (2):
|
Uimh. |
Cineálacha seirbhísí |
CPC Prov |
|
1 |
Seirbhísí iompair talún, lena n-áirítear seirbhísí carr armúrtha, agus seirbhísí cúiréireachta, seachas post a iompar |
712 (seachas 71235), 7512, 87304 |
|
2 |
Seirbhísí aeriompair paisinéirí agus lastais, seachas post a iompar |
73 (seachas 7321) |
|
3 |
Seirbhísí ríomhaireachta agus seirbhísí gaolmhara |
84 |
|
4 |
Seirbhísí ailtireachta |
8671 |
|
5 |
Seirbhísí innealtóireachta |
8672 |
|
6 |
Seirbhísí innealtóireachta comhtháite |
8673 |
|
7 |
Seirbhísí pleanála uirbí agus seirbhísí ailtireachta tírdhreacha agus seirbhísí gaolmhara sainchomhairleoireachta eolaíche agus teicniúla |
8674 |
|
8 |
Seirbhísí taighde margaidh agus seirbhísí pobalbhreithe |
8640 |
|
9 |
Seirbhísí sainchomhairleoireachta bainistíochta agus seirbhísí gaolmhara |
865/866 (1) |
|
10 |
Seirbhísí gaolmhara sainchomhairleoireachta eolaíche agus teicniúla |
8675 |
|
11 |
Diúscairt séarachais agus bruscair; sláintíocht agus seirbhísí comhchosúla |
94 |
|
(1) Cé is moite de sheirbhísí eadrána agus idir-réitigh. |
||
ROINN 6
SEIRBHÍSÍ FOIRGNÍOCHTA
Cumhdófar le Caibidil 9 soláthar arna dhéanamh ag aon eintiteas a chumhdaítear le Ranna 1 go 3 maidir leis na seirbhísí uile a liostaítear i Rannán 51 de CPC Prov, faoi réir na nótaí agus na maoluithe a leagtar amach i Roinn 7.
ROINN 7
NÓTAÍ GINEARÁLTA AGUS MAOLUITHE
|
1. |
Ní chumhdaítear le Caibidil 9 na nithe seo a leanas:
|
|
2. |
Ní chumhdaítear leis an gComhaontú seo soláthar arna dhéanamh ag eintitis soláthair a chumhdaítear le Ranna 1 agus 2 i dtaca le gníomhaíochtaí i réimsí an uisce óil, an fhuinnimh agus an iompair, mura gcumhdaítear le Roinn 3 é. |
|
3. |
I leith Oileáin Åland (Ahvenanmaa), tá feidhm ag coinníollacha speisialta Phrótacal Uimh. 2 maidir le hOileáin Åland a ghabhann le Conradh Aontachais na Fionlainne don Aontas Eorpach. |
ROINN 8
MEÁIN CHUN FAISNÉIS SOLÁTHAIR A FHOILSIÚ
FOROINN A
AN tAONTAS EORPACH
1. Foilsiú faisnéise soláthair ghinearálta
Is iad na meáin seo a leanas na meáin atá ainmnithe agus in úsáid ag an Aontas Eorpach chun na ceanglais ghinearálta maidir le foilsiú a chomhlíonadh de bhun Airteagal 161(1) den Chomhaontú seo agus dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal sin:
(a) LEIBHÉAL AN AONTAIS EORPAIGH
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
(b) BALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH
AN BHEILG
|
(i) |
Dlíthe, rialacháin ríoga, rialacháin aireachta, ciorcláin aireachta: le Moniteur Belge |
|
(ii) |
Dlí-eolaíocht: Pasicrisie |
AN BHULGÁIR
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Държавен вестник (Iris an Stáit) |
|
(ii) |
Cinntí breithiúnacha: |
|
(iii) |
Rialuithe riaracháin ag a bhfuil feidhm ghinearálta agus aon nós imeachta:
|
AN tSEICIA
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Bailiúchán Dlíthe Phoblacht na Seice |
|
(ii) |
Rialuithe ón Oifig um Chosaint na hIomaíochta: Bailiúchán na Rialuithe ón Oifig um Chosaint na hIomaíochta |
AN DANMHAIRG
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Lovtidende |
|
(ii) |
Cinntí breithiúnacha: Ugeskrift for Retsvæsen |
|
(iii) |
Rialuithe agus nósanna imeachta riaracháin: Ministerialtidende |
|
(iv) |
Rialuithe ó Bhord na Danmhairge um Ghearáin maidir le Soláthar Poiblí: Kendelser fra Klagenævnet for Udbud |
AN GHEARMÁIN
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin:
|
|
(ii) |
Cinntí breithiúnacha: Entscheidungssammlungen des Bundesverfassungsgerichts, des Bundesgerichtshofs, des Bundesverwaltungsgerichts, des Bundesfinanzhofs sowie der Oberlandesgerichte |
AN EASTÓIN
|
(i) |
Dlíthe, rialacháin, rialuithe riaracháin ag a bhfuil feidhm ghinearálta agus cinntí breithiúnacha: Riigi Teataja — http://www.riigiteataja.ee |
|
(ii) |
Nósanna imeachta maidir le soláthar rialtais agus rialuithe ón gCoiste Athbhreithnithe um Sholáthar Rialtais:: |
ÉIRE
Dlíthe agus rialacháin:
Iris Oifigiúil (Iris Oifigiúil Rialtas na hÉireann)
AN GHRÉIG
Epishmh efhmerida eurwpaikwn koinothtwn (Iris Rialtas na Gréige)
AN SPÁINN
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Boletin Oficial del Estado |
|
(ii) |
Cinntí breithiúnacha: Ní ann d’fhoilseachán oifigiúil |
AN FHRAINC
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Journal Officiel de la République française |
|
(ii) |
Dlí-eolaíocht: Recueil des arrêts du Conseil d'État |
|
(iii) |
Revue des marchés publics |
AN CHRÓIT
Narodne novine — http://www.nn.hr
AN IODÁIL
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Gazzetta Ufficiale |
|
(ii) |
Dlí-eolaíocht: Ní ann d’fhoilseachán oifigiúil |
AN CHIPIR
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Επίσημη Εφημερίδα της Δημοκρατίας (Iris Oifigiúil na Poblachta) |
|
(ii) |
Cinntí breithiúnacha: Αποφάσεις Ανωτάτου Δικαστηρίου 1999 — Τυπογραφείο της Δημοκρατίας (Cinntí ón Ard-Chúirt Uachtarach — Oifig Priontála) |
AN LAITVIA
Dlíthe agus rialacháin:
Latvijas vēstnesis (Nuachtán Oifigiúil)
AN LIOTUÁIN
|
(i) |
Dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin: Teisės aktų registras (Clár na nGníomhartha Dlí) |
|
(ii) |
Cinntí breithiúnacha, dlí-eolaíocht:
|
LUCSAMBURG
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Mémorial |
|
(ii) |
Dlí-eolaíocht: Pasicrisie |
AN UNGÁIR
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Magyar Közlöny (Iris Oifigiúil Phoblacht na hUngáire) |
|
(ii) |
Dlí-eolaíocht: Közbeszerzési Értesítő — a Közbeszerzések Tanácsa Hivatalos Lapja (Feasachán Soláthair Phoiblí — Iris Oifigiúil na Comhairle um Sholáthar Poiblí) |
MÁLTA
Dlíthe agus rialacháin:
Iris an Rialtais
AN ÍSILTÍR
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Nederlandse Staatscourant nó Staatsblad |
|
(ii) |
Dlí-eolaíocht: Ní ann d’fhoilseachán oifigiúil |
AN OSTAIR
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin:
|
|
(ii) |
Cinntí breithiúnacha: Entscheidungen des Verfassungichtshofes, des Verwaltungsgerichtshofes, des Obersten Gerichtshofes, der Oberlandesgerichte, des Bundesverwaltungsgerichtes und der Landesverwaltungsgerichte - http://ris.bka.gv.at/Judikatur/ |
AN PHOLAINN
|
(i) |
Reachtaíocht: Dziennik Ustaw Rzeczypospolitej Polskiej (Iris na nDlíthe — Poblacht na Polainne) |
|
(ii) |
Cinntí breithiúnacha, dlí-eolaíocht: ‘Zamówienia publiczne w orzecznictwie. Wybrane orzeczenia zespołu arbitrów i Sądu Okręgowego w Warszawie’ (Rogha breitheanna ó phainéil eadrána agus ón gCúirt Réigiúnach i Vársá) |
AN PHORTAINGÉIL
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Diário da República Portuguesa 1a Série A e 2a série |
|
(ii) |
Foilseacháin Bhreithiúnacha:
|
AN RÓMÁIN
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Monitorul Oficial al României (Iris Oifigiúil na Rómáine) |
|
(ii) |
Cinntí breithiúnacha, rialuithe riaracháin ag a bhfuil feidhm ghinearálta agus aon nós imeachta: |
AN tSLÓIVÉIN
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine |
|
(ii) |
Cinntí breithiúnacha: Ní ann d’fhoilseachán oifigiúil |
AN tSLÓVAIC
|
(i) |
Dlíthe agus rialacháin: Zbierka zákonov (Bailiúchán Dlíthe) |
|
(ii) |
Cinntí breithiúnacha: Ní ann d’fhoilseachán oifigiúil |
AN FHIONLAINN
Suomen Säädöskokoelma — Finlands Författningssamling (Bailiúchán Reachtanna na Fionlainne)
AN tSUALAINN
Svensk Författningssamling (Cód Reachtanna na Sualainne)
2. Foilsiú fógraí soláthair
Is iad seo a leanas na meáin leictreonacha nó pháipéir atá ainmnithe agus in úsáid ag an Aontas Eorpach agus ag Ballstáit an Aontais chun fógraí a fhoilsiú mar a cheanglaítear le hAirteagal 162, Airteagal 164(7) agus Airteagal 171(2) den Chomhaontú seo, de bhun phointe (b) d’Airteagal 161(2) den Chomhaontú seo:
(a) LEIBHÉAL AN AONTAIS EORPAIGH
Forlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:
TED (Tenders Electronic Daily) http://ted.europa.eu (fáil air ón tairseach http://simap.ted.europa.eu freisin)
(b) BALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH
AN BHEILG
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Le Bulletin des Adjudications
Foilseacháin eile sa phreas speisialaithe
AN BHULGÁIR
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Държавен вестник (Iris an Stáit) — http://dv.parliament.bg
Clár Soláthair Phoiblí — http://www.aop.bg
AN tSEICIA
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
AN DANMHAIRG
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
AN GHEARMÁIN
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
AN EASTÓIN
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Riigihangete register (clár Soláthair Rialtais) — https://riigihanked.riik.ee
ÉIRE
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
An preas laethúil: ‘Irish Independent’, ‘Irish Times’, ‘Irish Press’, ‘Cork Examiner’
AN GHRÉIG
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Foilsiú sa phreas laethúil, airgeadais, réigiúnach agus speisialaithe
AN SPÁINN
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
AN FHRAINC
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Bulletin officiel des annonces des marchés publics
AN CHRÓIT
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Elektronički oglasnik javne nabave Republike Hrvatske (Fógraí Soláthair Phoiblí Leictreonacha Phoblacht na Cróite)
AN IODÁIL
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
AN CHIPIR
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Iris Oifigiúil na Poblachta
An Preas Laethúil Áitiúil
AN LAITVIA
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Latvijas vēstnesis (Nuachtán oifigiúil)
AN LIOTUÁIN
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Centrinė viešųjų pirkimų informacinė sistema (Tairseach Lárnach an tSoláthair Phoiblí)
Forlíonadh faisnéise ‘Informaciniai pranešimai’ le hIris Oifigiúil (‘Valstybės žinios’) Phoblacht na Liotuáine.
LUCSAMBURG
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
An preas laethúil
AN UNGÁIR
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Közbeszerzési Értesítő — a Közbeszerzések Tanácsa Hivatalos Lapja (Feasachán Soláthair Phoiblí — Iris Oifigiúil na Comhairle um Sholáthar Poiblí)
MÁLTA
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Iris an Rialtais
AN ÍSILTÍR
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
AN OSTAIR
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Amtsblatt zur Wiener Zeitung
AN PHOLAINN
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Biuletyn Zamówień Publicznych (Feasachán Soláthair Phoiblí)
AN PHORTAINGÉIL
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu.
AN RÓMÁIN
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Monitorul Oficial al României (Iris Oifigiúil na Rómáine)
Córas Leictreonach um Sholáthar Poiblí — http://www.e-licitatie.ro
AN tSLÓIVÉIN
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Portal javnih naročil — http://www.enarocanje.si/?podrocje=portal
AN tSLÓVAIC
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Vestník verejného obstarávania (Iris Soláthair Phoiblí)
AN FHIONLAINN
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
Julkiset hankinnat Suomessa ja ETA-alueella, Virallisen lehden liite (Soláthar Poiblí san Fhionlainn agus i Limistéar LEE, Forlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil na Fionlainne)
AN tSUALAINN
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
3. Foilseacháin a bhaineann le conarthaí arna ndámhachtain
Is é seo a leanas seoladh an tsuímh gréasáin ar a bhfoilsíonn an tAontas Eorpach a fhógraí a bhaineann le conarthaí arna ndámhachtain ag eintitis a chumhdaítear le Ranna 1 go 3 den Iarscríbhinn seo, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 171(2) den Chomhaontú seo agus i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 161(2) den Chomhaontú seo:
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, leagan ar líne, Tenders Electronic Daily — http://ted.europa.eu
FOROINN B
POBLACHT NA hÚISBÉICEASTÁINE
1. Foilsiú faisnéise soláthair ghinearálta
Is iad na meáin seo a leanas na meáin atá ainmnithe agus in úsáid ag Poblacht na hÚisbéiceastáine chun na ceanglais ghinearálta um fhoilsiú a chomhlíonadh de bhun Airteagal 161(1) den Chomhaontú seo agus dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 161(2) den Chomhaontú seo:
Tairseach faisnéise speisialta um sholáthar rialtais – xarid.mf.uz
2. Foilsiú fógraí soláthair agus fógraí a bhaineann le conarthaí arna ndámhachtain
Is iad seo a leanas na meáin atá ainmnithe agus in úsáid ag Poblacht na hÚisbéiceastáine chun aon fhógra a fhoilsiú ar fógra é a cheanglaítear le hAirteagal 162, Airteagal 164(7) agus Airteagal 171(2) den Chomhaontú seo agus de bhun phointí (b) agus (c) d’Airteagal 161(2) den Chomhaontú seo:
Tairseach gréasáin oifigiúil an tsoláthair phoiblí Tairseach faisnéise speisialta um sholáthar rialtais – xarid.mf.uz
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO AE L 154, 21.6.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj).
(2) Cé is moite de sheirbhísí nach mór d’eintitis a fháil ó eintiteas eile de bhun ceart eisiach a leagtar síos le dlí, rialachán nó foráil riaracháin atá foilsithe.
(1) Cé is moite de sheirbhísí eadrána agus idir-réitigh.
IARSCRÍBHINN 12-A
GEALLTANAIS AGUS FORCHOIMEÁDAIS AN AONTAIS EORPAIGH
Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, i gcás an Aontais Eorpaigh, ní bheidh ceanglas i gceist leis an oibleagáid cóir náisiúnta a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha Phoblacht na hÚisbéiceastáine an chóir a thugtar i mBallstát, de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó aon bheart arna ghlacadh de bhun an Chonartha sin, lena n-áirítear cur chun feidhme na mbeart sin sna Ballstáit, a leathnú chuig:
|
(i) |
daoine nádúrtha nó cónaitheoirí de chuid Ballstáit eile; nó |
|
(ii) |
daoine dlítheanacha atá comhdhéanta nó a eagraítear faoi dhlí Ballstáit eile nó an Aontais Eorpaigh agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu san Aontas Eorpach. |
Níl feidhm ag an sceideal ach amháin maidir le críocha an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 342 agus níl sé ábhartha ach amháin i gcomhthéacs an chaidrimh trádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÚisbéiceastáine. Ní dhéanann sé difear do chearta ná d’oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais Eorpaigh.
Léirítear i liosta na ngealltanas thíos na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a léirscaoiltear de bhun Airteagail 194 agus 195 den Chomhaontú seo; agus, trí bhíthin forchoimeádas, na teorainneacha a bhfuil feidhm acu maidir le fiontair agus daoine nádúrtha Phoblacht na hÚisbéiceastáine sna gníomhaíochtaí sin.
1. Forchoimeádais chothrománacha
(i) Cineálacha bunaíochta – Gach earnáil ina dtugtar gealltanais
Maidir le Cóir Náisiúnta:
Maidir le cóir a dheonaítear de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh do dhaoine dlítheanacha arna mbunú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh nó le dlí Ballstáit a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu laistigh den Aontas Eorpach, lena n-áirítear iad sin arna mbunú san Aontas Eorpach ag infheisteoirí de chuid Phoblacht na hÚisbéiceastáine, ní thugtar an chóir sin do dhaoine dlítheanacha atá bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach, ná do bhrainsí nó oifigí ionadaíocha na ndaoine dlítheanacha sin, lena n-áirítear brainsí nó oifigí ionadaíocha daoine dlítheanacha de chuid Phoblacht na hÚisbéiceastáine.
An chóir a thugtar do dhaoine dlítheanacha arna mbunú ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha de chuid Phoblacht na hÚisbéiceastáine i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh nó le dlí Ballstáit, nó dá bhfochuideachtaí nó dá mbrainsí, tá an chóir sin gan dochar d’aon choinníoll nó oibleagáid a bhféadfadh go raibh feidhm aige nó aici maidir leis na daoine dlítheanacha sin, nó maidir lena bhfochuideachtaí nó lena mbrainsí, nuair a bunaíodh iad san Aontas Eorpach, agus a mbeidh feidhm aige nó aici fós.
I roinnt Ballstát den Aontas Eorpach, féadfaidh feidhm a bheith ag srianta ar chóir náisiúnta i leith chineál na bunaíochta.
(ii) Príobháidiú
I ndáil le Cóir náisiúnta agus Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
I bPoblacht na Bulgáire, i bPoblacht na Fraince, san Ungáir agus i bPoblacht na hIodáile, féadfar toirmisc nó srianta a chur i bhfeidhm tráth a dhíoltar nó a dhiúscraítear leasanna cothromais Ballstáit i bhfiontar stáit atá ann cheana nó in eintiteas rialtais atá ann cheana.
(iii) Formheas roimh ré
I ndáil le Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
I bPoblacht na Fraince, i bPoblacht na hIodáile agus i bPoblacht na Laitvia, féadfaidh infheistíochtaí coigríche a bheith faoi réir formheas a fháil roimh ré ó na húdaráis inniúla.
(iv) Eastát réadach a fháil, lena n-áirítear talamh.
I ndáil le Cóir náisiúnta agus Cóir an náisiúin barrfhabhair:
I roinnt Ballstát, féadfaidh feidhm a bheith ag teorainneacha ar chóir náisiúnta agus ar an gcoinníoll cómhalartachta maidir le héadáil eastáit réadaigh, lena n-áirítear talamh, arna déanamh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha tríú tíortha nó ag eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha sin.
2. Liosta na n-earnálacha a bhfuil gealltanais déanta ina leith (1)
(i) Talmhaíocht, sealgaireacht agus foraoiseacht (ISIC Rev. 3.1: 01 agus 02)
I ndáil le Cóir náisiúnta:
In Éirinn, i bPoblacht na Fionlainne, i bPoblacht na Fraince, i bPoblacht na Cróite, san Ungáir agus i Ríocht na Sualainne, féadfaidh srianta ar chóir náisiúnta a bheith infheidhme maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha tríú tíortha, nó maidir le heintitis atá faoina n-úinéireacht nó faoina rialú.
(ii) Monaraíocht (ISIC Rev. 3.1: 15 go 37)
I ndáil le Cóir náisiúnta, Cóir an náisiúin barrfhabhair agus Bainistíocht shinsearach agus boird stiúrthóirí:
I bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, i bPoblacht na hIodáile, i bPoblacht na Laitvia, i bPoblacht na Polainne, i bPoblacht na Slóvaice agus i Ríocht na Sualainne, féadfaidh toirmisc nó srianta feidhm a bheith acu maidir le foilsiú, clódóireacht agus atáirgeadh meán taifeadta.
Monarú táirgí peitriliam scagtha: Neamhcheangailte.
Airm, armlón agus ábhar cogaidh: Neamhcheangailte.
(1) Chun críocha Iarscríbhinn 12-A, léirítear gealltanais maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar bhonn aicmiú tionsclaíoch caighdeánach idirnáisiúnta na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha go léir (ISIC), Sraith M, Uimh. 4, Rev. 3.1.
IARSCRÍBHINN 12-B
FORCHOIMEÁDAIS PHOBLACHT NA hÚISBÉICEASTÁINE
Níl feidhm ag Airteagal 194 ná ag Airteagal 195 maidir le haon bheart atá faoi réir teorannú nó coinníoll a liostaítear san Iarscríbhinn seo, go méid an teorannaithe nó an choinníll.
Eastát réadach
Tá toirmeasc ar úinéireacht phríobháideach maidir le gach catagóir de dháileachtaí talún. I gcás daoine nádúrtha eachtracha, daoine dlítheanacha eachtracha agus a mbrainsí, chomh maith le fiontair a bhfuil infheistíochtaí coigríche acu (1), ní fhéadfaidh siad dáileachtaí talún a fháil ar cíos ach ar feadh tréimhse suas le 25 bliana, tréimhse ar féidir síneadh a chur léi. Féadfar srian a chur ar dháileachtaí talún atá suite i gcriosanna teorann agus i gcríocha teorann a fháil ar cíos.
Príobháidiú
Príobháidiú fiontar, sócmhainní agus saoráidí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo a mhéid is bagairt díobhála ar leith é a bpríobháidiú do leas an phobail ó thaobh oibriú agus slándáil líonraí agus soláthairtí de, agus a mhéid is chun leasa an Stáit é, féadfar an príobháidiú sin a thoirmeasc nó a theorannú, a mhéid a chumhdaítear faoi reachtaíocht Phoblacht na hÚisbéiceastáine, do dhaoine nádúrtha eachtracha, do dhaoine dlítheanacha eachtracha agus dá mbrainsí, agus do dhaoine dlítheanacha de chuid Phoblacht na hÚisbéiceastáine a bhfuil caipiteal eachtrach acu.
Cineálacha láithreachta tráchtála
Ní cheadaítear d’oifigí ionadaíocha gníomhaíochtaí tráchtála a dhéanamh i bPoblacht na hÚisbéiceastáine.
Ní cheadaítear brainsí daoine dlítheanacha eachtracha san earnáil seirbhísí airgeadais.
Ní mór d’abhcóide (2), nótaire agus aturnae paitinne a bheith ina náisiúnach de Phoblacht na hÚisbéiceastáine.
Láithreacht daoine nádúrtha
I gcás earnálacha seirbhísí, ní sháróidh líon iomlán na náisiúnach eachtrach faoi chuimsiú an aistrithe ionchorparáidigh 30 % de líon iomlán an phearsanra arna fhostú ag fiontar eachtrach, mura sonraítear a mhalairt sa reachtaíocht náisiúnta.
Is náisiúnaigh de Phoblacht na hÚisbéiceastáine a bheidh in 80 % ar a laghad den phearsanra uile a earcófar chun comhaontú maidir le comhroinnt táirgeachta a chur chun feidhme. Ní dhéanfar náisiúnaigh eachtracha a fhostú de bhreis ar an gcuóta 20 % ach amháin in éagmais náisiúnaigh de chuid Phoblacht na hÚisbéiceastáine mar phearsanra earcaithe — ag a bhfuil speisialtachtaí agus cáilíochtaí ábhartha.
Beidh comhalta amháin ar a laghad de bhord maoirseachta bainc agus dhá chomhalta ar a laghad de bhord bainistíochta bainc inniúil ar theanga stáit Phoblacht na hÚisbéiceastáine.
Seirbhísí comhairleacha dlí a sholáthraítear trí láithreacht tráchtála: i gcásanna nach bhfuil ach post comhairleach dlí bunaithe amháin san fhiontar, beidh an duine sin ina náisiúnach de Phoblacht na hÚisbéiceastáine. Má tá níos mó ná post comhairleach dlí amháin san fhiontar, is náisiúnaigh de Phoblacht na hÚisbéiceastáine a bheidh in 50 % ar a laghad de líon iomlán na gcomhairleoirí dlí (3) a bheidh san fhiontar sin.
Seirbhísí teileachumarsáide
Is trí mhodhanna teicniúla JSC ‘Uzbektelecom’, agus trí na modhanna sin amháin, a chuirfear an nasc leis na líonraí teileachumarsáide idirnáisiúnta ar fáil.
Gach gníomhaíocht eacnamaíoch a bhaineann le hairm, armlón agus ábhar cogaidh: Neamhcheangailte.
Gach gníomhaíocht eacnamaíoch a bhaineann le táirgeadh agus dáileadh drugaí támhshuanacha, substaintí síceatrópacha agus réamhtheachtaithe: Neamhcheangailte.
(1) Mar a shainítear i reachtaíocht Phoblacht na hÚisbéiceastáine.
(2) Féadfaidh daoine nádúrtha eachtracha, nach ‘abhcóidí’ iad de réir reachtaíocht Phoblacht na hÚisbéiceastáine, comhairle dlí a chur ar fáil.
(3) Cuireann comhairleoirí dlí comhairliúcháin ar fáil maidir le reachtaíocht tíre eachtraí agus an dlí idirnáisiúnta (seachas gach céim den phróiseas réamhdhlíthíochta agus dlíthíochta).
IARSCRÍBHINN 12-C
FORCHOIMEÁDAIS AGUS TEORAINNEACHA PHOBLACHT NA hÚISBÉICEASTÁINE
Gealltanais agus teorainneacha (seachas Rochtain ar an Margadh, a bhfuil gealltanais neamhcheangailte ann ina leith) Phoblacht na hÚisbéiceastáine a bhfuil feidhm acu maidir le fiontair agus daoine nádúrtha an Aontais Eorpaigh i dtrádáil trasteorann i seirbhísí de bhun Airteagal 198.
|
Earnáil nó Fo-earnáil |
Teorainneacha le Cóir Náisiúnta |
||||
|
|||||
|
Sa sceideal atá ann faoi láthair:
|
|||||
|
Gach earnáil nó fo-earnáil atá san áireamh sa sceideal seo |
|||||
|
Comhaontuithe maidir le comhroinnt táirgeachta i ndáil le taiscéalaíocht, forbairt agus táirgeadh acmhainní mianracha |
(1), (2) Beidh ceart tosaíochta ag daoine dlítheanacha de chuid Phoblacht na hÚisbéiceastáine páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme comhaontaithe, agus iad ag feidhmiú mar chonraitheoirí, soláthróirí, iompróirí nó i gcáil eile faoi chomhaontuithe (conarthaí) le hinfheisteoirí. Is náisiúnaigh de Phoblacht na hÚisbéiceastáine a bheidh in 80 % ar a laghad den phearsanra uile a earcófar chun comhaontú maidir le comhroinnt táirgeachta a chur chun feidhme. |
||||
|
|||||||||||||
|
|||||||||||||
|
Seirbhísí gairmiúla |
|||||||||||||
|
86190 Seirbhísí comhairleacha agus faisnéise dlí eile |
|
||||||||||||
|
862 Seirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta agus leabharchoimeádta, seachas 86220 Seirbhísí leabharchoimeádta seachas tuairisceáin chánach |
(1) (2) Ní ann dóibh, ach amháin iad seo a leanas:
|
||||||||||||
|
86220 Seirbhísí leabharchoimeádta, seachas tuairisceáin chánach |
|
||||||||||||
|
863 Seirbhísí cánachais |
|
||||||||||||
|
8671 Seirbhísí ailtireachta 8672 Seirbhísí innealtóireachta 8673 Seirbhísí innealtóireachta comhtháite 86742 Seirbhísí ailtireachta tírdhreacha |
(1) (2) Ní ann dóibh, ach amháin iad seo a leanas:
|
||||||||||||
|
9320 Seirbhísí tréidliachta |
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
84 Seirbhísí ríomhaireachta agus seirbhísí gaolmhara |
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
82101 Seirbhísí cíosa lena mbaineann maoin chónaithe an duine féin nó maoin chónaithe ar léas 82102 Seirbhísí cíosa lena mbaineann maoin chónaithe an duine féin nó maoin neamhchónaithe ar léas |
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
87120 Seirbhísí pleanála, cruthaithe agus socrúcháin fógraíochta |
|
||||||||||||
|
86401 Seirbhísí taighde margaidh 865 Seirbhísí sainchomhairleoireachta bainistíochta 86601 Seirbhísí bainistíochta tionscadail seachas le haghaidh foirgníochta |
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
Seirbhísí cúiréireachta |
|||||||||||||
|
75121 Seirbhísí cúiréireachta ilmhódúla |
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
Cuirtear forálacha na ndoiciméad seo a leanas san áireamh sna gealltanais maidir le seirbhísí teileachumarsáide: ‘Notes for Scheduling Basic Telecom Services Commitments’ (S/GBT/W/2/Rev.1) agus ‘Market Access Limitations on Spectrum Availability’ (S/GBT/W/3). Chun críocha an Sceidil seo, ní áirítear le seirbhísí teileachumarsáide seirbhísí chun cláir theilifíse agus/nó raidió a tharchur (1). |
|||||||||||||
|
7521 (a) Seirbhísí teileafóin phoiblí 7523** (b) Seirbhísí tarchurtha sonraí paicéadlasctha 7523** (c) Seirbhísí tarchurtha sonraí paicéadlasctha 7523** (d) Seirbhísí Telex 7522 (e) Seirbhísí teileagraif 7521**+ 7529** (f) Seirbhísí facs 7522**+ 7523** (g) Seirbhísí ciorcad léasa 7523**(h) Ríomhphost 7523** (i) Glórphost 7523** (j) Aisghabháil faisnéise ar líne agus faisnéise ó bhunachair sonraí 7523** (k) Idirmhalartú leictreonach sonraí (EDI) 7523** (l) Seirbhísí facs feabhsaithe/breisluacha, lena n-áirítear stóráil agus cur ar aghaidh, stóráil agus aisghabháil 843** (n) Próiseáil ar líne agus/nó próiseáil sonraí (lena n-áirítear próiseáil idirbheart) |
(1), (2) Ní ann dóibh, seachas:
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
Obair foirgníochta ghinearálta le haghaidh foirgneamh |
|||||||||||||
51660 Obair thógála ar fhálta agus ráillí
515 Obair foirgníochta trádála speisialta |
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
92390 Seirbhísí ardoideachais eile |
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
Árachas agus seirbhísí a bhaineann le hárachas |
|||||||||||||
|
A.(b) 8129 Seirbhísí árachais nach mbaineann le hárachas saoil |
(1), (2) Ní ann dóibh, ach amháin i ndáil le rioscaí a bhaineann le muiriompar, aeriompar tráchtála, spáslainseáil tráchtála, agus é d’aidhm ag an árachas sin na hearraí atá á n-iompar, an fheithicil atá ag iompar na n-earraí agus aon dliteanas a eascraíonn astu sin a chumhdach, go hiomlán nó go páirteach. |
||||||||||||
|
Seirbhísí baincéireachta agus seirbhísí airgeadais eile (seachas árachas): |
|||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
64110 Seirbhísí lóistín óstáin 64120 Seirbhísí lóistín móstáin |
|
||||||||||||
|
74710 Seirbhísí gníomhaireachta taistil agus tionscnóra turas |
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
96194 Seirbhísí sorcais, páirce siamsaíochta agus nithe den chineál céanna ar díol spéise iad |
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
|||||||||||||
|
Cothabháil agus deisiú aerárthaigh, cuid de CPC 8868** Díol agus margú seirbhísí aeriompair Seirbhísí córais áirithinte ar ríomhairí |
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
|||||||||||||
|
|
||||||||||||
|
(1) Sainítear tarchur clár teilifíse agus raidió mar an tarchur comhartha gan bhriseadh a bhfuil gá leis chun cláir den sórt sin a dháileadh le haghaidh an phobail, agus ní áirítear leis nascadh i measc oibreoirí. |
|||||||||||||
(1) Sainítear tarchur clár teilifíse agus raidió mar an tarchur comhartha gan bhriseadh a bhfuil gá leis chun cláir den sórt sin a dháileadh le haghaidh an phobail, agus ní áirítear leis nascadh i measc oibreoirí.
IARSCRÍBHINN 12-D
GEALLTANAIS PHOBLACHT NA hÚISBÉICEASTÁINE MAIDIR LE SOLÁTHRÓIRÍ SEIRBHÍSÍ CONARTHACHA
1.
Le gealltanas Phoblacht na hÚisbéiceastáine de bhun Airteagal 203, cumhdaítear na hearnálacha nó na fo-earnálacha seo a leanas:|
(i) |
seirbhísí cuntasaíochta agus leabharchoimeádta; |
|
(ii) |
seirbhísí cánachais; |
|
(iii) |
seirbhísí ailtireachta; |
|
(iv) |
seirbhísí innealtóireachta; |
|
(v) |
seirbhísí innealtóireachta comhtháite; |
|
(vi) |
seirbhísí ríomhaireachta agus seirbhísí gaolmhara; |
|
(vii) |
seirbhísí fógraíochta; |
|
(viii) |
taighde margaidh; |
|
(ix) |
seirbhísí sainchomhairleoireachta bainistíochta; agus |
|
(x) |
cothabháil agus deisiú trealaimh, lena n-áirítear trealamh iompair, i gcomhthéacs conartha seirbhísí iardhíola. |
2.
D’fhéadfadh sé go mbeadh dul isteach sealadach sholáthróirí seirbhísí conarthacha an Aontais Eorpaigh i gcríoch Phoblacht na hÚisbéiceastáine faoi réir tástáil riachtanas eacnamaíoch.
IARSCRÍBHINN 14-A
RIALACHA NÓS IMEACHTA
I. Sainmhínithe
1. Chun críocha Chaibidil 14 agus de réir na Rialacha Nós Imeachta seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘foireann riaracháin’, i leith painéalaí, daoine faoi stiúradh agus faoi rialú painéalaí, seachas cúntóirí; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘comhairleoir’ duine atá coinnithe ag Páirtí chun comhairle a chur ar an bPáirtí sin nó cúnamh a thabhairt dó i dtaca le himeachtaí an phainéil; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘cúntóir’ duine arb amhlaidh, faoi na téarmaí ceapacháin agus faoi stiúradh agus faoi rialú painéalaí, a dhéanann sé taighde nó a sholáthraíonn sé cúnamh don phainéalaí sin; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘Páirtí is gearánach’ Páirtí a iarrann go mbunófaí painéal faoi Airteagal 241; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘painéal’ painéal arna bhunú de bhun Airteagal 242; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘painéalaí’ comhalta de phainéal; |
|
(g) |
ciallaíonn ‘Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh’ Páirtí a líomhnaítear ina leith go bhfuil sárú déanta aige ar na forálacha faoi chumhdach; |
|
(h) |
ciallaíonn ‘ionadaí Páirtí’ fostaí nó aon duine arna cheapadh ag roinn nó gníomhaireacht rialtais, nó ag aon eintiteas poiblí eile de chuid Páirtí, a dhéanann ionadaíocht don Pháirtí chun críoch díospóide faoin gComhaontú seo. |
II. Fógraí
2. Aon iarraidh, fógra, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile (dá ngairtear ‘fógra’ anseo feasta):
|
(a) |
ón bpainéal, seolfar chuig an dá Pháirtí an tráth céanna í nó é; |
|
(b) |
ó Pháirtí, agus é le seoladh chuig an bpainéal, déanfar cóip de a sheoladh chuig an bPáirtí eile an tráth céanna; agus |
|
(c) |
ó Pháirtí, agus é le seoladh chuig an bPáirtí eile, déanfar cóip de a sheoladh chuig an bpainéal an tráth céanna, de réir mar is iomchuí. |
3. Déanfar aon fhógra dá dtagraítear i riail 2 a sheoladh trí ríomhphost nó, i gcás inarb iomchuí, trí aon mhodh leictreonach teileachumarsáide eile lena soláthraítear taifead gur seoladh é. Mura gcruthófar a mhalairt, measfar gur seachadadh an fógra sin ar dháta a sheolta.
4. Díreofar fógraí ar Ard-Stiúrthóireacht Trádála Choimisiún an Aontais Eorpaigh agus ar an Aireacht Dlí agus Cirt agus ar Aireacht Infheistíochta, Tionscail agus Trádála Phoblacht na hÚisbéiceastáine.
5. Má tá mionearráidí cléireachais i bhfógra a bhaineann le himeachtaí an phainéil, féadfar iad a cheartú trí dhoiciméad nua a sheachadadh, ina léireofar na hathruithe go soiléir.
6. I gcás nach lá oibre d’institiúidí an Aontais Eorpaigh nó do Phoblacht na hÚisbéiceastáine é an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh leis an tréimhse ama chun an doiciméad a sheachadadh ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin.
III. Painéalaithe a cheapadh
7. Más rud é, de bhun Airteagal 242, go roghnaítear painéalaí trí chrannchur, déanfaidh comhchathaoirleach Choiste um Chomhar an Pháirtí is gearánach dáta, am agus ionad an roghnaithe trí chrannchur a chur in iúl go pras do chomhchathaoirleach an Pháirtí a bhfuil gearán a dhéanamh ina aghaidh. Féadfaidh an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh, má roghnaíonn sé amhlaidh, a bheith i láthair le linn an chrannchuir. In aon chás, déanfar an crannchur leis an bPáirtí nó na Páirtithe a bheidh i láthair.
8. Tabharfaidh comhchathaoirleach an Pháirtí is gearánach fógra i scríbhinn faoi cheapachán gach duine a roghnaíodh chun feidhmiú mar phainéalaí. Tabharfaidh gach duine le fios don dá Pháirtí, laistigh de 5 lá ón dáta a cuireadh in iúl dó gur ceapadh é, cé acu a bheidh nó nach mbeidh sé ar fáil.
9. Déanfaidh comhchathaoirleach Choiste um Chomhar an Pháirtí is gearánach an painéalaí nó an cathaoirleach a roghnú trí chrannchur, laistigh de 5 lá tar éis dhul in éag na tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal 242(2), más rud é, maidir le haon cheann de na foliostaí dá dtagraítear in Airteagal 243(1):
|
(a) |
nach bhfuil sé bunaithe go fóill, i measc na ndaoine a mhol Páirtí amháin nó an dá Pháirtí go foirmiúil le haghaidh bhunú an fholiosta áirithe sin; nó |
|
(b) |
nach n-áirítear air a thuilleadh cúigear ar a laghad, i measc na ndaoine atá ar an bhfoliosta áirithe sin fós. |
10. Gan dochar d’Airteagal 241(3), féachfaidh na Páirtithe lena áirithiú, ar a dhéanaí faoin am a bheidh a gceapachán glactha ag na painéalaithe uile i gcomhréir le hAirteagal 242(5), go mbeidh siad tagtha ar chomhaontú maidir le luach saothair agus aisíocaíocht speansas na bpainéalaithe agus na gcúntóirí, agus go mbeidh na conarthaí ceapacháin a bhfuil gá leo ullmhaithe acu, d’fhonn go mbeifear in ann iad a shíniú go pras. Beidh luach saothair agus speansais na bpainéalaithe bunaithe ar chaighdeáin EDT. An luach saothair agus na speansais a íocfar le cúntóir nó cúntóirí uile painéalaí, ní mó ná 50 % de luach saothair an phainéalaí sin a bheidh i gceist.
IV. Cruinniú Eagrúcháin
11. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, buailfidh siad leis an bpainéal laistigh de 7 lá tar éis a bhunaithe chun na hábhair is iomchuí dar leis na Páirtithe nó an painéal a chinneadh, lena n-áirítear tráthchlár na n-imeachtaí.
Féadfaidh painéalaithe agus ionadaithe na bPáirtithe a bheith rannpháirteach sa chruinniú sin trí aon meán cumarsáide, lena n-áirítear teileafón nó físchomhdháil.
V. Aighneachtaí i scríbhinn
12. Seachadfaidh an Páirtí is gearánach a aighneacht i scríbhinn 30 lá ar a dhéanaí tar éis dháta bunaithe an phainéil. Déanfaidh an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh a aighneacht i scríbhinn a sheachadadh tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dháta seachadta na haighneachta i scríbhinn ón bPáirtí is gearánach.
VI. Oibriú an phainéil
13. Beidh cathaoirleach an phainéil i gceannas ar chruinnithe uile an phainéil. Féadfaidh an painéal an t-údarás maidir le cinntí riaracháin agus cinntí nós imeachta a dhéanamh a tharmligean don chathaoirleach.
14. Mura bhforáiltear a mhalairt i gCaibidil 14 nó sna Rialacha Nós Imeachta seo, féadfaidh an painéal a ghníomhaíochtaí a dhéanamh trí aon mheán, lena n-áirítear meáin leictreonacha nó teileafón, físchomhdháil nó aon mheán leictreonach cumarsáide eile.
15. Ní fhéadfaidh ach painéalaithe páirt a ghlacadh i bpléití an phainéil, ach féadfaidh an painéal a cheadú do chúntóirí painéalaithe a bheith i láthair le linn a phléití.
16. Maidir le tarraingt suas aon chinnidh nó tuarascála, is freagracht eisiach an phainéil agus an phainéil amháin i gcónaí an méid sin, agus ní dhéanfar é a tharmligean.
17. I gcás ina dtiocfaidh ceist nós imeachta chun cinn nach gcumhdaítear le Caibidil 14 agus a hIarscríbhinní, féadfaidh an painéal, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Páirtithe, nós imeachta iomchuí a ghlacadh a bheidh comhoiriúnach leis na forálacha sin.
18. Má mheasann an painéal go bhfuil gá aon cheann de na tréimhsí le haghaidh na n-imeachtaí a mhodhnú seachas na tréimhsí sin a leagtar amach i gCaibidil 14, nó aon choigeartú nós imeachta nó riaracháin a dhéanamh, cuirfidh sé na Páirtithe ar an eolas i scríbhinn, faoin tréimhse nó coigeartú is gá agus faoi na cúiseanna leis sin. Féadfaidh an painéal an modhnú nó an coigeartú a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe.
VII. Ionadú
19. Má mheasann Páirtí nach gcomhlíonann painéalaí ceanglais Iarscríbhinn 14-B agus gur cheart, ar an gcúis sin, painéalaí eile a chur ina ionad, tabharfaidh an Páirtí sin fógra don Pháirtí eile laistigh de 15 lá tar éis an dáta a fuair sé fianaise leormhaith ar mhainneachtain líomhnaithe an phainéalaí ceanglais Iarscríbhinn 14-B a chomhlíonadh.
20. Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh de 15 lá i ndiaidh an dáta a gheofar an fógra dá dtagraítear i Riail 17. Cuirfidh siad an painéalaí ar an eolas faoin mainneachtain líomhnaithe atá déanta aige agus féadfaidh siad iarraidh ar an bpainéalaí bearta a dhéanamh chun an mhainneachtain a leigheas. Ina theannta sin, féadfaidh siad, má chomhaontaíonn siad amhlaidh, an painéalaí a bhaint den phainéal agus painéalaí nua a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 242.
21. Mura n-éiríonn leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú faoin ngá le duine eile a chur in ionad painéalaí, nach é cathaoirleach an phainéil é an duine sin, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go gcuirfí an cheist sin faoi bhráid chathaoirleach an phainéil, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an chathaoirligh.
I gcás ina gcinneann cathaoirleach an phainéil nach bhfuil ceanglais Iarscríbhinn 14-B á gcomhlíonadh ag painéalaí, roghnófar painéalaí nua i gcomhréir le hAirteagal 242.
22. Mura n-éiríonn leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú faoin ngá le duine eile a chur in ionad an chathaoirligh, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go gcuirfí an cheist sin faoi bhráid duine de na daoine atá fágtha ar fholiosta na gcathaoirleach a leagadh síos de bhun Airteagal 243. Is é comhchathaoirleach an Choiste um Chomhar ón bPáirtí iarrthach, nó toscaire an chathaoirligh, a tharraingeoidh ainm an duine sin trí chrannchur. Is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an duine roghnaithe maidir leis an ngá le duine a chur in ionad an chathaoirligh.
Má chinneann an duine roghnaithe sin nach gcomhlíonann an cathaoirleach ceanglais Iarscríbhinn 14-B, roghnófar cathaoirleach nua i gcomhréir le hAirteagal 242.
VIII. Éisteachtaí
23. I gcomhréir leis an tráthchlár a chinnfear de bhun riail 11 agus tar éis don chathaoirleach dul i gcomhairle leis na Páirtithe agus leis na painéalaithe eile, tabharfaidh cathaoirleach an phainéil fógra do na Páirtithe faoi dháta, am agus ionad na héisteachta. Cuirfidh an Páirtí a bhfuil an éisteacht ar siúl ar a chríoch an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, ach amháin má tá an éisteacht dúnta don phobal.
24. Mura gcomhaontaíonn na Páirtithe a mhalairt, is sa Bhruiséil a bheidh an éisteacht más é Poblacht na hÚisbéiceastáine an Páirtí is gearánach, agus in Tashkent más é an tAontas Eorpach an Páirtí is gearánach. Seasfaidh an Páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh na costais a thagann as riar eagraíochtúil na héisteachta. Arna iarraidh sin ag Páirtí, féadfaidh an painéal a chinneadh éisteacht fhíorúil nó hibrideach a reáchtáil agus socruithe iomchuí a dhéanamh chuige sin, agus cearta na próise cuí á gcur san áireamh, mar aon leis an ngá le trédhearcacht a áirithiú.
25. Féadfaidh an painéal éisteachtaí breise a thionól má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.
26. Beidh gach painéalaí i láthair le linn na héisteachta ar fad.
27. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, féadfaidh na daoine seo a leanas freastal ar éisteacht, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an éisteacht ar oscailt don phobal:
|
(a) |
ionadaithe Páirtí; |
|
(b) |
comhairleoirí; |
|
(c) |
cúntóirí agus foireann riaracháin; |
|
(d) |
ateangairí, aistritheoirí agus tuairisceoirí cúirte an phainéil; agus |
|
(e) |
saineolaithe, mar a chinnfidh an painéal de bhun Airteagal 258(2). |
28. Tráth nach déanaí ná 5 lá roimh dháta éisteachta, seachadfaidh gach Páirtí chuig an bpainéal agus chuig an bPáirtí eile liosta ainmneacha ionadaithe dá chuid a dhéanfaidh argóint nó cur i láthair ó bhéal ag an éisteacht thar ceann an Pháirtí sin agus liosta ainmneacha ionadaithe agus comhairleoirí eile a bheidh ag freastal ar an éisteacht.
29. Stiúrfaidh an painéal an éisteacht ar an mbealach seo a leanas, agus é á áirithiú aige go mbeidh an méid ama céanna ag an bPáirtí is gearánach agus ag an bPáirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh, ó thaobh argóinte agus frisnéise araon de:
Argóint
|
(a) |
argóint an Pháirtí is gearánach; |
|
(b) |
argóint an Pháirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh. |
Frisnéis
|
(c) |
freagra an Pháirtí is gearánach; |
|
(d) |
frithfhreagra an Pháirtí bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh. |
30. Féadfaidh an painéal ceisteanna a chur ar cheachtar den dá Pháirtí tráth ar bith le linn na héisteachta.
31. Déanfaidh an painéal socrú chun go ndéanfar tras-scríbhinn nó taifeadadh ar an éisteacht a ullmhú agus a sheachadadh chuig na Páirtithe a luaithe is féidir tar éis na héisteachta. Féadfaidh na Páirtithe barúil a thabhairt faoin tras-scríbhinn agus féadfaidh an painéal na barúlacha sin a bhreithniú.
32. Féadfaidh gach Páirtí aighneacht fhorlíontach i scríbhinn a sheachadadh maidir le haon ábhar a tháinig chun cinn le linn na héisteachta laistigh de 10 lá tar éis dháta na héisteachta.
IX. Ceisteanna i scríbhinn
33. Féadfaidh an painéal, tráth ar bith le linn na n-imeachtaí, ceisteanna i scríbhinn a chur faoi bhráid Páirtí amháin nó an dá Pháirtí. Aon cheist a chuirfear faoi bhráid Páirtí amháin, tabharfar cóip den cheist don Pháirtí eile.
34. Soláthróidh gach Páirtí don Pháirtí eile cóip dá fhreagraí ar na ceisteanna a thíolaic an painéal. Beidh deis ag an bPáirtí eile barúlacha i scríbhinn a sholáthar maidir le freagraí an Pháirtí laistigh de 5 lá tar éis dháta seachadta na cóipe sin.
X. Rúndacht
35. Is mar fhaisnéis rúnda a dhéileálfaidh an Páirtí agus an painéal le haon fhaisnéis arna cur ag an bPáirtí eile faoi bhráid an Phainéil, ar faisnéis í atá ainmnithe mar fhaisnéis rúnda ag an bPáirtí eile. Agus aighneacht i scríbhinn ina bhfuil faisnéis rúnda á cur faoi bhráid an phainéil ag Páirtí, déanfaidh sé aighneacht a sholáthar freisin, laistigh de 15 lá, gan an fhaisnéis rúnda inti, agus nochtfar an aighneacht sin don phobal.
36. Ní chuirfidh aon rud sna Rialacha Nós Imeachta seo bac ar Pháirtí ráitis faoina sheasaimh féin a nochtadh don phobal ar choinníoll, nuair a bheidh sé ag tagairt d’fhaisnéis a thíolaic an Páirtí eile, nach nochtfaidh sé aon fhaisnéis a d’ainmnigh an Páirtí eile mar fhaisnéis rúnda.
37. Is i seisiún dúnta a thiocfaidh an painéal le chéile nuair is faisnéis rúnda ghnó atá in aighneacht agus in argóintí Páirtí. Coinneoidh na páirtithe éisteachtaí an phainéil faoi rún i gcás ina reáchtálfar na héisteachtaí i seisiún iata.
XI. Teagmhálacha ex parte
38. Ní bhuailfidh an painéal le Páirtí ná ní bheidh cumarsáid aige le Páirtí gan an Páirtí eile a bheith i láthair.
39. Ní phléifidh painéalaí aon ghné d’ábhar na n-imeachtaí le Páirtí amháin ná leis an dá Pháirtí gan na painéalaithe eile a bheith i láthair.
XII. Aighneachtaí amicus curiae
40. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt laistigh de 5 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil, féadfaidh an painéal aighneachtaí i scríbhinn gan iarraidh a fháil ó dhaoine nádúrtha de chuid Páirtí nó ó dhaoine dlítheanacha atá bunaithe i gcríoch Pháirtí, agus iad neamhspleách ar rialtais na bPáirtithe, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a) |
go mbeidh na haighneachtaí faighte ag an bpainéal laistigh de 10 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil; |
|
(b) |
go mbeidh na haighneachtaí gonta agus nach mbeidh siad níos faide ná 15 leathanach in aon chás, lena n-áirítear aon iarscríbhinn, agus spásáil dhúbailte á húsáid chun iad a chlóscríobh; |
|
(c) |
go mbeidh na haighneachtaí ábhartha go díreach le saincheist fhíorasach nó dhlíthiúil atá á breithniú ag an bpainéal; |
|
(d) |
go mbeidh tuairisc sna haighneachtaí ar an duine a bhfuil an aighneacht á déanamh aige, lena n-áirítear a náisiúntacht i gcás duine nádúrtha, agus áit a bhunaithe i gcás duine dhlítheanaigh, mar aon le cineál a ghníomhaíochtaí, a stádas dlíthiúil, a chuspóirí ginearálta agus a fhoinse maoiniúcháin; |
|
(e) |
go sonrófar sna haighneachtaí an cineál leasa mhóir atá ag an duine in imeachtaí an phainéil; agus |
|
(f) |
go ndéanfar iad a dhréachtú sna teangacha a roghnóidh na Páirtithe i gcomhréir le rialacha 44 agus 45 de na Rialacha Nós Imeachta seo. |
41. Seolfar na haighneachtaí chuig na Páirtithe chun a mbarúlacha ina leith a fháil. Féadfaidh na Páirtithe a mbarúlacha a chur faoi bhráid an phainéil laistigh de 10 lá tar éis an dáta seachadta.
42. Liostóidh an painéal ina thuarascáil na haighneachtaí uile atá faighte aige de bhun riail 40. Sa tuarascáil uaidh, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpainéal aghaidh a thabhairt ar na hargóintí a dhéantar in aighneachtaí den chineál sin. Mar sin féin, más rud é go dtéann an painéal i ngleic leis na hargóintí sin ina thuarascáil, cuirfidh sé aon bharúil a bheidh déanta ag na Páirtithe de bhun riail 41 san áireamh freisin.
XIII. Cásanna práinne
43. I gcásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 247, déanfaidh an painéal, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Páirtithe, na tréimhsí dá dtagraítear sna Rialacha Nós Imeachta seo a choigeartú, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an painéal na Páirtithe ar an eolas faoi choigeartuithe den sórt sin.
XIV. Aistriúchán agus ateangaireacht
44. Le linn na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 240, agus tráth nach déanaí ná dáta an chruinnithe dá dtagraítear i riail 11 de na Rialacha Nós Imeachta seo, féachfaidh na Páirtithe le teacht ar chomhaontú faoi theanga oibre choiteann le haghaidh na n-imeachtaí os comhair an phainéil.
45. Más rud é nach féidir leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú faoi theanga oibre choiteann, déanfaidh gach Páirtí a aighneachtaí i scríbhinn ina theanga roghnaithe. Soláthróidh gach Páirtí, an tráth céanna, aistriúchán sa teanga a roghnaigh an Páirtí eile, ach amháin más i gceann de theangacha oibre EDT atá aighneachtaí an Pháirtí eile scríofa. Is é an páirtí a bhfuil gearán á dhéanamh ina aghaidh a dhéanfaidh socrú maidir le hateangaireacht a dhéanamh ar na haighneachtaí ó bhéal go dtí na teangacha a roghnaigh na Páirtithe.
46. Eiseofar tuarascálacha agus cinntí an phainéil sa teanga nó sna teangacha a roghnaigh na Páirtithe. Murar tháinig na páirtithe ar chomhaontú faoi theanga oibre choiteann, is i gceann de theangacha oibre EDT a chuirfear tuarascáil eatramhach agus tuarascáil chríochnaitheach an phainéil ar fáil.
47. Féadfaidh aon Pháirtí barúlacha a sholáthar faoin gcruinneas aistriúcháin maidir le haon leagan aistrithe de dhoiciméad a chuirfear ar fáil i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta seo.
48. Iompróidh gach Páirtí na costais a bhaineann leis na haighneachtaí i scríbhinn uaidh a aistriú. Aon chostas a tabhaíodh maidir le haistriúchán a dhéanamh ar rialú, is iad an dá Pháirtí a sheasfaidh é ar bhonn cothrom.
XV. Nósanna imeachta eile
49. Na tréimhsí a leagtar síos sna Rialacha Nós Imeachta seo, déanfar iad a choigeartú i gcomhréir leis na tréimhsí speisialta dá bhforáiltear le haghaidh an phainéil maidir le tuarascáil nó cinneadh a ghlacadh sna himeachtaí faoi Airteagail 251, 252, 253 agus 254.
IARSCRÍBHINN 14-B
CÓD IOMPAIR LE hAGHAIDH PAINÉALAITHE AGUS IDIRGHABHÁLAITHE
I. Sainmhínithe
|
1. |
Sa Chód Iompair seo:
|
II. Prionsabail rialaithe
|
2. |
Chun ionracas agus neamhchlaontacht an tsásra um réiteach díospóidí a chaomhnú, déanfaidh gach iarrthóir agus gach painéalaí an méid seo a leanas:
|
|
3. |
Ní rachaidh painéalaí faoi aon oibleagáid ná ní ghlacfaidh sé go díreach ná go hindíreach le haon sochar a chuirfeadh isteach ar aon bhealach ar chomhlíonadh cuí a dhualgas, ná le haon oibleagáid nó sochar a bhfuil an chuma ann ina leith go gcuirfeadh sé isteach ar chomhlíonadh cuí na ndualgas sin. |
|
4. |
Ní úsáidfidh painéalaí a phost ar an bpainéal chun aon leas pearsanta nó príobháideach a bhrú chun cinn. Seachnóidh painéalaí aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint go bhfuil daoine eile in áit mhaith le tionchar a imirt air. |
|
5. |
Áiritheoidh painéalaí nach mbeidh tionchar ar a iompar ná a bhreithiúnas ag caidreamh ná dualgais atá nó a bhí aige, de chineál airgeadais, tráchtála, gairmiúil, pearsanta ná sóisialta. |
|
6. |
Seachnóidh painéalaí aon chaidreamh a dhéanamh nó aon leas airgeadais a éadáil ar dócha go ndéanfadh sé dochar dá neamhspleáchas nó dá neamhchlaontacht nó a d’fhéadfadh dealramh a chruthú le réasún go bhféadfadh iompar míchuí nó claonadh a bheith ann. |
III. Oibleagáidí maidir le nochtadh
|
7. |
Sula nglacfaidh painéalaí lena cheapachán mar phainéalaí faoi Airteagal 242, déanfaidh iarrthóir a n-iarrtar air feidhmiú mar phainéalaí aon leas, caidreamh nó ábhar a nochtadh ar leas, caidreamh nó ábhar é is dócha a dhéanfadh difear dá neamhspleáchas nó dá neamhchlaontacht, nó a d’fhéadfadh dealramh a chruthú le réasún go bhféadfadh iompar míchuí nó claonadh a bheith ann in imeachtaí an phainéil. Chuige sin, déanfaidh iarrthóir gach iarracht réasúnach chun teacht ar an eolas faoi aon leas, caidreamh nó ábhar den sórt sin, lena n-áirítear leasanna airgeadais, gairme, fostaíochta nó teaghlaigh. |
|
8. |
Is oibleagáid bhuan í an oibleagáid faoi mhír 7 maidir le nochtadh, lena gceanglaítear ar gach painéalaí leasanna, caidreamh nó gnó den chineál sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn aon tráth le linn na n-imeachtaí a nochtadh. |
|
9. |
Cuirfidh iarrthóir nó painéalaí in iúl don Choiste um Chomhar aon ábhar a bhaineann le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an gCód Iompair seo a luaithe a thagann sé ar an eolas fúthu, chun go mbreithneoidh na Páirtithe iad. |
IV. Dualgais na bPainéalaithe
|
10. |
Tar éis dó glacadh lena cheapachán, beidh painéalaí ar fáil chun tosú ar a dhualgais agus cuirfidh sé i gcrích iad go críochnúil agus go héifeachtach ó cheann ceann na n-imeachtaí, agus é ag léiriú cothromais agus dúthrachta. |
|
11. |
Is iad na saincheisteanna a tharraingeofar anuas le linn imeachtaí an phainéil agus a bhfuil gá leo chun cinneadh a dhéanamh, agus na saincheisteanna sin amháin, a bhreithneoidh painéalaí, agus ní tharmligfidh sé an dualgas sin chuig aon duine eile. |
|
12. |
Déanfaidh painéalaí gach beart iomchuí chun a áirithiú go mbeidh a chúntóirí agus a fhoireann riaracháin ar an eolas faoi oibleagáidí na bpainéalaithe faoi Chodanna II, III, IV agus VI den Chód Iompair seo agus go gcomhlíonfaidh siad na hoibleagáidí sin. |
V. Oibleagáidí iarphainéalaithe
|
13. |
Seachnóidh iarphainéalaí gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh dealramh a chruthú go raibh sé claonta agus a dhualgais á gcur i gcrích aige nó gur bhain sé buntáiste as cinneadh an phainéil. |
|
14. |
Comhlíonfaidh iarphainéalaí na hoibleagáidí i gCuid VI den Chód Iompair seo. |
VI. Rúndacht
|
15. |
Ní dhéanfaidh painéalaí, tráth ar bith, aon fhaisnéis nach faisnéis phoiblí í a nochtadh a bhaineann leis na himeachtaí nó a fuarthas le linn na n-imeachtaí ar ceapadh é ina leith. Ní dhéanfaidh painéalaí, in aon chás, aon fhaisnéis den sórt sin a nochtadh ná a úsáid chun buntáiste pearsanta a fháil ná buntáiste a fháil le haghaidh daoine eile, ná chun dochar a dhéanamh do leas daoine eile. |
|
16. |
Ní nochtfaidh painéalaí cinneadh ón bpainéal nó codanna de roimh fhoilsiú an chinnidh i gcomhréir le Caibidil 14. |
|
17. |
Ní dhéanfaidh painéalaí, aon tráth, pléití an phainéil ná tuairim aon phainéalaí a nochtadh, ná aon ráiteas a dhéanamh maidir leis na himeachtaí ar ceapadh é ina leith, ná maidir leis na saincheisteanna faoi dhíospóid sna himeachtaí. |
VII. Caiteachas
|
18. |
Déanfaidh painéalaí taifead ar an méid ama a chaith sé ar na himeachtaí, ar an gcaiteachas a rinne sé, chomh maith leis an méid ama a chaith a chúntóirí agus a fhoireann riaracháin orthu agus ar an gcaiteachas a rinne siad, agus cuirfidh sé isteach an ríomh deiridh. |
VIII. Idirghabhálaithe
|
19. |
Tá feidhm ag an gCód Iompair seo maidir le hidirghabhálaithe, mutatis mutandis. |
PRÓTACAL MAIDIR LE CÚNAMH RIARACHÁIN FRITHPHÁIRTEACH IN ÁBHAIR CHUSTAIM
AIRTEAGAL 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Phrótacail seo:
|
(a) |
ciallaíonn ‘reachtaíocht chustaim’ aon fhoráil dhlíthiúil nó rialála is infheidhme i gcríoch ceachtar den dá Pháirtí, lena rialaítear allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras earraí agus iad a chur faoi aon chóras nó nós imeachta custaim eile, lena n-áirítear bearta toirmisc, sriantacha agus rialaithe; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘údarás is iarratasóir’ údarás inniúil riaracháin atá ainmnithe ag Páirtí chun na críche sin agus a dhéanann iarraidh ar chúnamh ar bhonn an Phrótacail seo; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘údarás faighte na hiarrata’ údarás inniúil riaracháin atá ainmnithe ag Páirtí chun na críche sin agus a fhaigheann iarraidh ar chúnamh ar bhonn an Phrótacail seo; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘faisnéis’ aon sonraí, aon doiciméad, aon íomhá, aon tuarascáil, aon chumarsáid nó aon chóip fhíordheimhnithe, in aon fhormáid, lena n-áirítear formáid leictreonach, bídís próiseáilte nó anailísithe nó ná bíodh; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘duine’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha aitheanta nó inaitheanta; |
|
(g) |
ciallaíonn ‘oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim’ aon sárú ar an reachtaíocht chustaim nó aon iarracht í a shárú. |
AIRTEAGAL 2
Raon feidhme
1. Tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile maidir le réimsí a thagann faoi réim a n-inniúlachta, mar a leagtar síos sa Phrótacal seo agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Phrótacal seo, chun cur i bhfeidhm ceart na reachtaíochta custaim a áirithiú, go háirithe trí sháruithe ar an reachtaíocht sin a chosc, a imscrúdú agus a chomhrac.
2. Tá feidhm ag cúnamh in ábhair chustaim, mar a fhoráiltear sa Phrótacal seo, maidir le haon údarás riaracháin de chuid ceachtar den dá Pháirtí atá inniúil i ndáil leis an Prótacal seo a chur i bhfeidhm. Ní dhéanfaidh an cúnamh sin dochar do na forálacha lena rialaítear cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla. Ní chumhdófar leis faisnéis a fhaightear faoi chumhachtaí arna bhfeidhmiú arna iarraidh sin ag údarás breithiúnach, ach amháin i gcás ina bhfuil údarú faighte roimh ré ón údarás sin chun an fhaisnéis sin a chur in iúl.
3. Ní chumhdaítear leis an bPrótacal seo cúnamh chun dleachtanna, cánacha nó fíneálacha a bhailiú.
AIRTEAGAL 3
Cúnamh arna iarraidh sin
1. Arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir, soláthróidh údarás faighte na hiarrata an fhaisnéis ábhartha uile dó lena bhféadfar cur ar a chumas dó a áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht chustaim i bhfeidhm i gceart, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí a thugtar faoi deara nó a bheartaítear atá ina sáruithe ar an reachtaíocht chustaim nó a d’fhéadfadh a bheith ina sáruithe ar an reachtaíocht chustaim.
2. Arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir, cuirfidh údarás faighte na hiarrata ar an eolas é faoi cibé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a) |
earraí a onnmhairíodh go cuí ó chríoch ceann de na Páirtithe, allmhairíodh go cuí iad i gcríoch an Pháirtí eile agus sonraíodh, i gcás inarb iomchuí, an nós imeachta custaim a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na hearraí; |
|
(b) |
earraí a allmhairíodh go cuí i gcríoch ceann de na Páirtithe, onnmhairíodh go cuí iad ó chríoch an Pháirtí eile agus sonraíodh, i gcás inarb iomchuí, an nós imeachta custaim a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na hearraí. |
3. Arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir, déanfaidh údarás faighte na hiarrata, faoi chuimsiú a fhorálacha dlíthiúla nó rialála, na bearta a bhfuil gá leo chun faireachas speisialta maidir leis an méid seo leanas a áirithiú agus chun faisnéis a sholáthar don údarás is iarratasóir maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
daoine a bhfuil forais réasúnacha ann le creidiúint ina leith go bhfuil nó go raibh baint acu le sáruithe a dhéanamh ar an reachtaíocht chustaim; |
|
(b) |
earraí atá á n-iompar nó a d’fhéadfadh a bheith á n-iompar sa chaoi go bhfuil forais réasúnacha ann le creidiúint gur baineadh úsáid astu chun sáruithe a dhéanamh ar an reachtaíocht chustaim nó go bhfuil sé beartaithe úsáid a bhaint astu chun sáruithe a dhéanamh ar an reachtaíocht chustaim; |
|
(c) |
áiteanna ina bhfuil stoic earraí cóimeáilte nó ina bhféadfaí stoic earraí a chóimeáil sa chaoi go bhfuil forais réasúnacha ann le creidiúint gur baineadh úsáid astu chun sáruithe a dhéanamh ar an reachtaíocht chustaim nó go bhfuil sé beartaithe úsáid a bhaint astu chun sáruithe a dhéanamh ar an reachtaíocht chustaim; agus |
|
(d) |
modhanna iompair a mbaintear úsáid astu nó a bhféadfaí úsáid a bhaint astu sa chaoi go bhfuil forais réasúnacha ann le creidiúint go bhfuil sé beartaithe úsáid a bhaint astu chun sáruithe a dhéanamh ar an reachtaíocht chustaim. |
AIRTEAGAL 4
Cúnamh spontáineach
Tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile gan mhoill nuair is féidir, ar a dtionscnamh féin, agus i gcomhréir lena ndlíthe nó lena bhforálacha rialála, trí fhaisnéis a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí atá tugtha i gcrích, gníomhaíochtaí atá beartaithe nó gníomhaíochtaí leanúnacha a sháraíonn an reachtaíocht chustaim, nó a bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an reachtaíocht chustaim á sárú acu, agus a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise don Pháirtí eile. Leis an bhfaisnéis, díreofar go háirithe ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
daoine, earraí agus cóir iompair; agus |
|
(b) |
bealaí nó modhanna nua a úsáidtear chun sáruithe a dhéanamh ar an reachtaíocht chustaim. |
AIRTEAGAL 5
Foirm agus substaint na n-iarrataí ar chúnamh
1. Déanfar iarrataí de bhun an Phrótacail seo i scríbhinn ar pháipéar nó i bhformáid leictreonach. Beidh na doiciméid is gá ag gabháil leo chun gur féidir an iarraidh a chomhlíonadh. I gcás práinne, is féidir le húdarás faighte na hiarrata glacadh le hiarrataí ó bhéal, ach ní mór don údarás is iarratasóir na hiarrataí ó bhéal sin a dheimhniú i scríbhinn láithreach bonn.
2. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas in iarrataí dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
an t-údarás is iarratasóir agus an t-oifigeach iarrthach; |
|
(b) |
an fhaisnéis agus/nó an cineál cúnaimh atá á iarraidh; |
|
(c) |
cuspóir na hiarrata agus an chúis atá léi; |
|
(d) |
na forálacha dlí nó rialála agus eilimintí dlí eile lena mbaineann; |
|
(e) |
faisnéis chomh cruinn cuimsitheach agus is féidir ar na daoine ar a bhfuil na himscrúduithe dírithe; |
|
(f) |
achoimre ar na fíorais ábhartha agus ar na fiosrúcháin a rinneadh cheana féin; agus |
|
(g) |
aon sonraí breise atá ar fáil lena gcuirfear ar a chumas d’údarás faighte na hiarrata an iarraidh a chomhlíonadh. |
3. Tíolacfar iarrataí i dteanga oifigiúil de chuid údaráis faighte na hiarrata nó i dteanga a nglacfaidh an t-údarás sin léi; is teanga inghlactha i gcónaí é an Béarla. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le haon doiciméad a ghabhann leis an iarraidh faoi mhír 1.
4. Mura gcomhlíonann iarraidh na ceanglais fhoirmiúla a leagtar amach i míreanna 1 go 3, féadfaidh údarás faighte na hiarrata ceartú nó tabhairt chun críche na hiarrata a éileamh; idir an dá linn, féadfar bearta réamhchúraim a ordú.
AIRTEAGAL 6
Forghníomhú iarrataí
1. Chun iarraidh ar chúnamh a chomhlíonadh, leanfaidh údarás faighte na hiarrata ar aghaidh, laistigh de theorainneacha a inniúlachta agus na n-acmhainní atá ar fáil dó, amhail is dá mbeadh sé ag gníomhú ar a chuntas féin nó ar iarraidh ó údarás eile de chuid an Pháirtí chéanna sin, trí fhaisnéis atá ina sheilbh cheana a sholáthar, trí fhiosrúcháin iomchuí a dhéanamh nó trí shocruithe a dhéanamh le haghaidh na bhfiosrúchán sin.
2. Beidh feidhm ag mír 1 freisin maidir le haon údarás eile ar chuir údarás faighte na hiarrata an iarraidh chuige i gcás nach féidir leis an údarás sin gníomhú as a stuaim féin.
3. Forghníomhófar iarrataí ar chúnamh i gcomhréir le forálacha dlí nó rialála Pháirtí faighte na hiarrata.
AIRTEAGAL 7
An fhoirm ina bhfuil an fhaisnéis le cur in iúl
1. Cuirfidh údarás faighte na hiarrata na torthaí ar fhiosrúcháin in iúl don údarás is iarratasóir i scríbhinn, in éineacht le doiciméid ábhartha, fíorchóipeanna deimhnithe nó nithe eile. Féadfar an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáid leictreonach.
2. Tarchuirfear bundoiciméid i gcomhréir le srianta dlíthiúla nó rialála gach Páirtí, arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir agus sa chás sin amháin, i gcásanna nár leor fíorchóipeanna deimhnithe. Seolfaidh an t-údarás is iarratasóir na bunchóipeanna sin ar ais a luaithe is féidir.
3. I gcás tarchur faoi mhír 2, déanfaidh údarás faighte na hiarrata aon fhaisnéis a sheachadadh chuig an údarás is iarratasóir, ar faisnéis í a bhaineann le barántúlacht na ndoiciméad arna n-eisiúint nó arna ndeimhniú ag gníomhaireachtaí oifigiúla laistigh dá chríoch, mar thacaíocht le dearbhú earraí.
AIRTEAGAL 8
Oifigigh de Pháirtí a bheith i láthair i gcríoch an Pháirtí eile
1. Féadfaidh oifigigh chuí-údaraithe de chuid Páirtí amháin, arna chomhaontú sin leis an bPáirtí eile agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos ag an bPáirtí eile, a bheith i láthair in oifigí údaráis faighte na hiarrata nó aon údaráis eile lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 6(1), chun faisnéis a fháil a bhaineann le gníomhaíochtaí atá ina sáruithe ar an reachtaíocht chustaim nó a d’fhéadfadh a bheith ina sáruithe ar an reachtaíocht chustaim, ar faisnéis í a bhfuil gá ag an údarás is iarratasóir léi chun críocha an Phrótacail seo.
2. Féadfaidh oifigigh chuí-údaraithe de chuid Páirtí amháin, arna chomhaontú sin leis an bPáirtí eile agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos ag an bPáirtí eile, a bheith i láthair ag fiosrúcháin a dhéanfar ar chríoch an Pháirtí eile.
3. Oifigigh de chuid Páirtí a bheidh i láthair i gcríoch an Pháirtí eile, is i gcáil chomhairleach amháin a bheidh siad i láthair. Baineann an méid seo a leanas leis na hoifigigh sin a bheith i láthair i gcríoch an Pháirtí eile:
|
(a) |
beidh siad in ann cruthúnas ar a gcáil oifigiúil a thabhairt ar aird; |
|
(b) |
ní bheidh éide orthu ná ní iompróidh siad airm; agus |
|
(c) |
beidh an chosaint chéanna acu agus a thugtar d’oifigigh an Pháirtí eile, i gcomhréir leis na forálacha dlí agus rialála is infheidhme i gcríoch an Pháirtí eile. |
AIRTEAGAL 9
Seachadadh agus fógra a thabhairt
1. Arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir, déanfaidh údarás faighte na hiarrata, i gcomhréir leis na forálacha dlí agus rialála is infheidhme maidir leis an údarás sin, na bearta uile is gá chun aon doiciméad a sheachadadh nó chun fógra a thabhairt faoi aon chinneadh ón údarás is iarratasóir a thagann faoi raon feidhme an Phrótacail seo, do dhuine atá ina chónaí nó atá bunaithe i gcríoch údaráis faighte na hiarrata.
2. Is i scríbhinn i dteanga oifigiúil de chuid údaráis faighte na hiarrata nó i dteanga is inghlactha ag an údarás sin a dhéanfar iarrataí ar dhoiciméid a sheachadadh nó ar fhógra a thabhairt faoi chinntí dá dtagraítear i mír 1.
AIRTEAGAL 10
Uathmhalartú faisnéise
1. Féadfaidh na Páirtithe, trí shocrú frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 15 den Phrótacal seo:
|
(a) |
aon fhaisnéis a chumhdaítear leis an bPrótacal seo a mhalartú ar bhonn uathoibríoch; |
|
(b) |
faisnéis shonrach a mhalartú sula dtiocfaidh coinsíneachtaí isteach i gcríoch an Pháirtí eile. |
2. Chun na malartuithe dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme, bunóidh na Páirtithe socruithe maidir leis an gcineál faisnéise ar mhian leo a mhalartú agus maidir le formáid agus minicíocht an tarchuir.
AIRTEAGAL 11
Eisceachtaí ón oibleagáid maidir le cúnamh a sholáthar
1. Féadfar cúnamh a dhiúltú nó féadfaidh sé a bheith faoi réir coinníollacha nó ceanglais áirithe a chomhlíonadh i gcás ina mbeidh Páirtí den tuairim, maidir le cúnamh faoin bPrótacal seo:
|
(a) |
gur dócha go ndéanfaí dochar do cheannasacht Phoblacht na hÚisbéiceastáine nó do cheannasacht Ballstáit ar iarradh air cúnamh a thabhairt faoin bPrótacal seo; |
|
(b) |
gur dócha go ndéanfaí dochar do bheartas poiblí, don tslándáil nó do leasanna fíor-riachtanacha eile, go háirithe sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 12(5) den Phrótacal seo; nó |
|
(c) |
go sárófaí rún tionscail, tráchtála nó gairmiúil. |
2. Féadfaidh údarás faighte na hiarrata cúnamh a chur ar atráth ar an bhforas go gcuirfeadh an cúnamh sin isteach ar imscrúduithe, ionchúisimh nó imeachtaí atá fós ar siúl. I gcás den sórt sin, rachaidh údarás faighte na hiarrata i gcomhairle leis an údarás is iarratasóir chun a chinneadh cé acu is féidir nó nach féidir cúnamh a thabhairt faoi réir cibé téarmaí nó coinníollacha a éileoidh údarás faighte na hiarrata.
3. I gcás ina lorgaíonn an t-údarás is iarratasóir cúnamh nach mbeadh sé féin in ann a sholáthar dá n-iarrfaí sin air, tarraingeoidh sé aird ar an méid sin ina iarraidh. Is faoi údarás faighte na hiarrata a bheidh sé ansin cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi a dtabharfar freagra ar iarraidh den sórt sin.
4. Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh údarás faighte na hiarrata a chinneadh agus na cúiseanna atá leis in iúl don údarás is iarratasóir gan mhoill.
AIRTEAGAL 12
Malartú faisnéise agus rúndacht
1. Bainfear úsáid as an bhfaisnéis a fhaightear faoin bPrótacal seo chun críocha an Phrótacail seo amháin.
2. Meastar gur chun críocha an Phrótacail seo atá úsáid faisnéise a fhaightear faoin bPrótacal seo in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha, ar imeachtaí iad a thionscnaítear i ndáil le sáruithe ar an reachtaíocht chustaim. Dá bhrí sin, féadfaidh na Páirtithe úsáid a bhaint as faisnéis a fuarthas agus as doiciméid a ceadaíodh i gcomhréir le forálacha an Phrótacail seo mar fhianaise ina dtaifid ar fhianaise, ina dtuarascálacha agus ina bhfianaise, agus in imeachtaí agus i gcúiseanna a thugtar os comhair na cúirte. Féadfaidh údarás faighte na hiarrata an soláthar faisnéise nó an deonú rochtana ar dhoiciméid a chur faoi réir an choinníll go dtabharfar fógra dó maidir leis an úsáid sin.
3. I gcás inar mian le ceann de na Páirtithe úsáid a bhaint as faisnéis a fhaightear faoin bPrótacal seo chun críoch eile, gheobhaidh sé toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás a sholáthair an fhaisnéis sin. Maidir le haon úsáid den chineál sin, beidh sí faoi réir aon srian a leagann an t-údarás sin síos.
4. Aon fhaisnéis a chuirfear in iúl de bhun an Phrótacail seo, cibé foirm ina bhfuil sí, beidh sí de chineál rúnda nó srianta, i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialachán is infheidhme i gcríoch gach Páirtí. Cumhdófar an fhaisnéis sin le hoibleagáid na rúndachta gairmiúla agus cosnófar í an chaoi chéanna a gcosnaítear faisnéis chomhchosúil faoi dhlíthe agus faoi rialacháin ábhartha an Pháirtí is faighteoir. Cuirfidh na Páirtithe faisnéis maidir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme atá acu in iúl dá chéile.
5. Ní fhéadfar sonraí pearsanta a aistriú ach amháin i gcomhréir le rialacha um chosaint sonraí an Pháirtí a sholáthraíonn na sonraí. Cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas faoi na rialacha ábhartha um chosaint sonraí agus, más gá, déanfaidh siad a ndícheall le teacht ar chomhaontú maidir le cosaintí breise.
AIRTEAGAL 13
Saineolaithe agus finnéithe
Féadfaidh údarás faighte na hiarrata a údarú dá oifigigh a bheith i láthair, laistigh de theorainneacha an údaraithe a tugadh, mar shaineolaithe nó mar fhinnéithe in-imeachtaí, breithiúnacha nó riaracháin maidir leis na hábhair a thagann faoi réim an Phrótacail seo, agus pé nithe, doiciméid nó cóipeanna dílse deimhnithe de na doiciméid sin a mbeadh gá leo le haghaidh na n-imeachtaí a chur i láthair. Maidir le hiarraidh ar oifigeach teacht i láthair, ní mór a chur in iúl dó go sonrach cé acu le húdarás breithiúnach nó le húdarás riaracháin a bhaineann an iarraidh teacht i láthair, cé na hábhair lena mbaineann sí, agus cén teideal nó cáilíocht a gceisteofar é dá bhua nó dá bua.
AIRTEAGAL 14
Costais maidir le cúnamh
1. Faoi réir mhíreanna 2 agus 3, tarscaoilfidh na Páirtithe aon éileamh ar a chéile ar aisíocaíochtaí costas arna dtabhú i gcur chun feidhme an Phrótacail seo.
2. Is é an Páirtí iarrthach a thabhóidh speansais agus liúntais a íocfar le saineolaithe, finnéithe, ateangairí agus aistritheoirí, de réir mar is iomchuí, seachas fostaithe seirbhíse poiblí.
3. Má tá gá le speansais de chineál urghnách chun iarraidh a fhorghníomhú, cinnfidh na Páirtithe na téarmaí agus na coinníollacha a mbeidh an iarraidh le forghníomhú fúthu, mar aon leis an mbealach ar a mbeidh na costais sin le seasamh.
AIRTEAGAL 15
Cur chun feidhme
1. Fágfar cur chun feidhme an Phrótacail seo faoi chúram údaráis chustaim Phoblacht na hÚisbéiceastáine ar thaobh amháin, agus faoi sheirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus údaráis chustaim Bhallstáit ar an taobh eile. Déanfaidh siad cinneadh maidir leis na bearta agus na socruithe praiticiúla go léir a bhfuil gá leo chun an Prótacal seo a chur chun feidhme, agus aird á tabhairt acu ar a ndlíthe agus a rialacháin is infheidhme féin, go háirithe na dlíthe agus rialacháin sin a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.
2. Coimeádfaidh na Páirtithe a chéile ar an eolas, de réir mar is iomchuí, faoi na bearta mionsonraithe cur chun feidhme a ghlacfaidh gach Páirtí i gcomhréir leis an bPrótacal seo, go háirithe i leith na seirbhísí cuí-údaraithe agus na hoifigigh a ainmneofar mar oifigigh atá inniúil ar na teachtaireachtaí a leagtar síos sa Phrótacal seo a sheoladh agus a fháil.
3. San Aontas Eorpach, ní dhéanfaidh an Prótacal seo dochar do chur in iúl aon fhaisnéise a fhaightear faoin bPrótacal seo idir seirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus údaráis chustaim na mBallstát.
AIRTEAGAL 16
Comhaontuithe eile
Beidh tosaíocht ag an bPrótacal seo ar aon chomhaontú déthaobhach maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim a tugadh i gcrích, nó a fhéadfar a thabhairt i gcrích, idir Ballstáit aonair agus Poblacht na hÚisbéiceastáine a mhéid a bheidh an comhaontú déthaobhach sin ar neamhréir leis an bPrótacal seo.
AIRTEAGAL 17
Comhairliúcháin
I leith léirmhíniú agus chur chun feidhme an Phrótacail seo, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile de réir mar is gá faoi chuimsiú an Choiste um Chomhar a bunaíodh faoi Airteagal 338 den Chomhaontú seo.
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree/2026/918/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)