This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22025D1837
Decision of the EEA Joint Committee No 152/2025 of 13 June 2025 amending Annex XX (Environment) to the EEA Agreement [2025/1837]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 152/2025 an 13 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1837]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 152/2025 an 13 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1837]
IO L, 2025/1837, 2.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1837/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1837 |
2.10.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 152/2025
an 13 Meitheamh 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1837]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/57 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2025 lena mbunaítear formáid na faisnéise atá le cur ar fáil ag na Ballstáit chun críoch tuairiscithe ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21azfa (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1713 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘21azfb. |
32025 D 0057: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/57 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2025 lena mbunaítear formáid na faisnéise atá le cur ar fáil ag na Ballstáit chun críoch tuairiscithe ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/57, 16.1.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/57 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2025.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2025/57, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/57/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1837/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)