Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D1369

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 103/2025 an 8 Bealtaine 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1369]

IO L, 2025/1369, 24.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1369/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1369/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1369

24.7.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 103/2025

an 8 Bealtaine 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1369]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1108 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le haeracmhainneacht tosaigh na gcóras aerárthaí gan foireann faoi réir deimhniúcháin agus Rialacháin Tarmligthe (AE) 2019/945 a mhéid a bhaineann le córais aerárthaí gan foireann agus oibreoirí tríú tír chórais aerárthaí gan foireann (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1110 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le haeracmhainneacht tosaigh córas aerárthaí gan foireann faoi réir deimhniúcháin agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 a mhéid a bhaineann le rialacha agus nósanna imeachta maidir le haerárthaí gan foireann a oibriú (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 66p (Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún):

‘—

32024 R 1108: Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1108 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 (IO L, 2024/1108, 23.5.2024),

—

32024 R 1110: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1110 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 (IO L, 2024/1110, 23.5.2024).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66zbb (Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún):

‘—

32024 R 1108: Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1108 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 (IO L, 2024/1108, 23.5.2024).’

3.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66zbc (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún):

‘—

32024 R 1110: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1110 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 (IO L, 2024/1110, 23.5.2024).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacs Rialacháin Tarmligthe (AE) 2024/1108 agus i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1110 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Bealtaine 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 08 Bealtaine 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/1108, 23.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1108/oj.

(2)   IO L, 2024/1110, 23.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1110/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1369/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top