Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D1368

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 108/2025 an 8 Bealtaine 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1368]

IO L, 2025/1368, 24.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1368/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1368/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1368

24.7.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 108/2025

an 8 Bealtaine 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1368]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a mhéid a bhaineann le rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 21all (Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘, arna leasú le:

—

32024 R 0873: Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 (IO L, 2024/873, 4.4.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Bealtaine 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 08 Bealtaine 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/873, 4.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/873/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1368/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top