Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D0769

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 39/2025 an 7 Feabhra 2025 lena leasaítear Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil fíona a dhíothú [2025/769]

IO L, 2025/769, 8.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/769/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/769/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/769

8.5.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 39/2025

an 7 Feabhra 2025

lena leasaítear Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil fíona a dhíothú [2025/769]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1875 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (‘Twente’ (ATFC)) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le fíon a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le fíon, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa seachtú mír de réamhrá Phrótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 8zm (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/905 ón gCoimisiún) d’Fhoscríbhinn I a ghabhann le Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘8zn.

32024 R 1875: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1875 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (‘Twente’ (ATFC)) (IO L, 2024/1875, 8.7.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1875 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/1875, 8.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1875/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/769/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top