Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D0579

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 272/2024 an 6 Nollaig 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/579]

IO L, 2025/579, 24.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/579/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/579/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/579

24.4.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 272/2024

an 6 Nollaig 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/579]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1611 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena n-údaraítear púdar iseamaltalóis a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 124b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún):

‘—

32024 R 1611: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1611 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 (IO L, 2024/1611, 7.6.2024).’

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 252 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2090 ón gCoimisiún):

‘253.

32024 R 1611: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1611 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena n-údaraítear púdar iseamaltalóis a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (IO L 1611, 7.6.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1611 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Nollaig 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 06 Nollaig 2024.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Anders H. EIDE


(1)   IO L 2024/1611, 7.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1611/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/579/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top