Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D0568

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 303/2024 an 6 Nollaig 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/568]

IO L, 2025/568, 24.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/568/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/568/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/568

24.4.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 303/2024

an 6 Nollaig 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/568]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2698 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2023 i dtaca le sonraíocht na n-astaíochtaí tagartha CO2 ó ghrúpaí feithiclí tromshaothair nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle de bhun Threoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21azkd (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/941 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘21azke.

32023 D 2698: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2698 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2023 i dtaca le sonraíocht na n-astaíochtaí tagartha CO2 ó ghrúpaí feithiclí tromshaothair nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle de bhun Threoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2023/2698, 6.12.2023).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2698 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Nollaig 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Nollaig 2024.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Anders H. EIDE


(1)   IO L, 2023/2698, 6.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2698/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/568/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top