This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22025D0552
Decision of the EEA Joint Committee No 284/2024 of 6 December 2024 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2025/552]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 284/2024 an 6 Nollaig 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/552]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 284/2024 an 6 Nollaig 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/552]
IO L, 2025/552, 24.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/552/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/552 |
24.4.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 284/2024
an 6 Nollaig 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/552]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1696 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2024 lena dtarraingítear siar fhormheas na substainte gníomhaí aicibeansólar-S-meitil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2016/389 ón gCoimisiún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1718 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun feidhme (AE) 2020/617 agus (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le coinníollacha formheasa na substainte gníomhaí meatalacsail-M (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1892 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aimíosulbróm, aigéad S-scoiteach, tíoncarbasón agus vailifeanaláit (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1696 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/389 ón gCoimisiún (4), ar rialachán é atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Leasaítear pointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún) mar a leanas:
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 13zzzzzzzzzzr (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/617 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
|
3. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13zzzzzzzzzzzzzzl (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/836 ón gCoimisiún):
|
|
4. |
Scriostar téacs phointe 13zzzzzzb (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/389 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1696, (AE) 2024/1718 agus (AE) 2024/1892 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 7 Nollaig 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Nollaig 2024.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Anders H. EIDE
(1) IO L 2024/1696, 20.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1696/oj.
(2) IO L 2024/1718, 20.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1718/oj.
(3) IO L 2024/1892, 11.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1892/oj.
(4) IO L 73, 18.3.2016, lch. 77.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/552/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)