This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22025D0409
Decision No 2/2025 of the Joint Committee established by the Agreement between the European Union and Ukraine on the carriage of freight by road of 17 January 2025 as regards the recognition of smart tachographs for the enforcement of the Agreement and the provision by the European Commission of smart tachograph certification services to Ukraine [2025/409]
Cinneadh Uimh. 2/2025 ón gComhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hIompar Lasta de bhóthar an 17 Eanáir 2025 a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do thacagraif chliste chun an Comhaontú a fhorfheidhmiú agus le seirbhísí deimhniúcháin tacagraf cliste a bheith á soláthar ag an gCoimisiún Eorpach don Úcráin [2025/409]
Cinneadh Uimh. 2/2025 ón gComhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hIompar Lasta de bhóthar an 17 Eanáir 2025 a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do thacagraif chliste chun an Comhaontú a fhorfheidhmiú agus le seirbhísí deimhniúcháin tacagraf cliste a bheith á soláthar ag an gCoimisiún Eorpach don Úcráin [2025/409]
PUB/2025/118
IO L, 2025/409, 25.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/409/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/409 |
25.2.2025 |
CINNEADH Uimh. 2/2025 ÓN gCOMHCHOISTE ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ÚCRÁIN MAIDIR LE hIOMPAR LASTA DE BHÓTHAR
an 17 Eanáir 2025
a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do thacagraif chliste chun an Comhaontú a fhorfheidhmiú agus le seirbhísí deimhniúcháin tacagraf cliste a bheith á soláthar ag an gCoimisiún Eorpach don Úcráin [2025/409]
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ghlac an Comhchoiste a Rialacha Nós Imeachta trí Chinneadh Uimh. 1/2023 uaidh (2). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 7 den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (‘an Comhaontú’), tá an Comhchoiste arna bhunú le mír 1 den Airteagal sin le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmiú an Chomhaontaithe i bhfianaise na gcuspóirí a ghabhann leis, agus féadfaidh sé cinntí a dhéanamh chuige sin. |
|
(3) |
Ó bhí 2019 ann, tá feithiclí atá chláraithe san Aontas le bheith feistithe le tacagraf cliste a chomhlíonann Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ó bhí 2010 ann, tá feithiclí a bhíonn ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar agus atá cláraithe san Úcráin le bheith feistithe le tacagraif dhigiteacha i gcomhréir leis an gComhaontú Eorpach maidir le hobair foirne feithiclí a bhíonn ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (4) (‘AETR’). |
|
(4) |
Tá phríomhfheidhmiúlachtaí breise ag an tacagraf cliste i gcomparáid leis an tacagraf digiteach, mar a leagtar amach in Airteagail 8, 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, rud a fhágann gur féidir an Comhaontú a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr. Agus suíomh na feithicle á thaifeadadh, is féidir Airteagal 4 den Chomhaontú a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, agus leis an gcumas cian-luathbhrathadóireachta is féidir Airteagal 5D(2), pointe (c)(ii), den Chomhaontú a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr. |
|
(5) |
Chun feidhmiú ceart an Chomhaontaithe a áirithiú i bhfianaise a gcuspóirí a ghabhann leis, ba cheart oibreoirí tarlaithe de bhóthar a bheith in ann gairis rialaithe níos éifeachtaí a úsáid ná na tacagraif dhigiteacha á soláthraíodh faoi AETR, toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh an forfheidhmiú a dhéanann na húdaráis inniúla chomh héifeachtach céanna murach sin. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, chuirfeadh taifid tacagraif níos mionsonraithe arna soláthar ag an tacagraf cliste feabhas suntasach a chur ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, trí úsáid údaraithe taifid den sórt sin faoi Airteagal 5B(4) de. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, chun feidhmiú ceart an Chomhaontaithe a áirithiú i bhfianaise na gcuspóirí a ghabhann leis, ba cheart a cheadú d’fheithiclí a oibríonn faoin gComhaontú tacagraif chliste a shuiteáil agus a úsáid, san Aontas agus san Úcráin, tacagraif chliste a chomhlíonann na ceanglais ábhartha i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún (5). Ní chuireann sé sin cosc, áfach, ar fheithiclí a oibríonn faoin gComhaontú leanúint de thacagraif dhigiteacha a úsáid i gcomhréir le AETR. |
|
(8) |
Ba cheart don Choimisiún Eorpach a bheith freagrach as na deimhnithe agus na heochracha is gá a chur ar fáil don Úcráin chun a bonneagar tacagraf cliste a fhorbairt. Dá bhrí sin, ba cheart don Úcráin aitheantas a thabhairt do ról an Choimisiúin Eorpaigh i bhfeidhmiú an chórais tacagraf cliste, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘tacagraf’ an trealamh a bheartaítear a shuiteáil i bhfeithiclí bóthair chun sonraí maidir le gluaiseacht na bhfeithiclí sin, lena n-áirítear luas, agus sonraí tréimhsí gníomhaíochta áirithe a gcuid tiománaithe a thaispeáint, a thaifeadadh, a phriontáil, a stóráil agus a aschur go huathoibríoch nó go leath-uathoibríoch; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘tacagraf cliste’ tacagraf digiteach a comhlíonann na ceanglais seo a leanas:
|
Airteagal 2
Úsáid tacagraf cliste
Féadfar úsáid a bhaint as feithiclí atá cláraithe san Aontas agus san Úcráin agus atá feistithe le tacagraif chliste chun na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chomhaontú a dhéanamh.
Airteagal 3
Cineálcheadú trealaimh tacagraif chliste agus fréamhdheimhniúchán
1. Leanfaidh cineálcheadú trealaimh tacagraif chliste an nós imeachta a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, agus an t-oiriúnú seo a leanas ag gabháil leis:
Tuigfear go gcumhdóidh ‘Ballstát’‘Ballstát an Aontais Eorpaigh agus an Úcráin’.
2. Aithníonn an Úcráin gur saotharlann aonair faoi údarás agus freagracht an Choimisiúin a eiseoidh an deimhniú idir-inoibritheachta a thabharfar i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014.
3. Aithníonn an Úcráin go ngníomhaíonn an Coimisiún Eorpach Údarás Eorpach aonair um Fhréamhdheimhniúchán laistigh den chreat a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/799.
4. Soláthróidh an Coimisiún Eorpach d’údaráis inniúla na hÚcráine an t-ábhar cripteagrafach le haghaidh cártaí tacagraif a eisiúint do thiománaithe, do cheardlanna agus d’údaráis rialaithe, i gcomhréir le beartas deimhnithe an Údaráis Eorpaigh um Fhréamhdheimhniúchán agus le beartas deimhnithe na hÚcráine.
Airteagal 4
Suiteáil, iniúchadh, úsáid trealaimh agus forfheidhmiú
Beidh feidhm ag forálacha Chaibidlí IV go VI agus Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus an t-oiriúnú seo a leanas ag gabháil leo:
Tuigfear go gcumhdóidh ‘Ballstát’‘Ballstát an Aontais Eorpaigh agus an Úcráin’.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Eanáir 2025.
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
Oleksii KULEBA
Kristian SCHMIDT
(1) IO L 179, 6.7.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/1158/oj.
(2) Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin an 16 Márta 2023 a mhéid a bhaineann lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh (IO AE L 123, 8.5.2023, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/928/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L AE 60, 28.2.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/165/oj).
(4) IO CE L 95, 8.4.1978, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1977/2829/oj.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraf a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO AE L 139, 26.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/799/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/409/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)