Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025A02393

An Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó maidir le malartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta i gcomhréir leis an gCaighdeán maidir le hUathmhalartú Faisnéise i dtaca le Cuntais Airgeadais i gCúrsaí Cánach arna fhorbairt ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE)

ST/11796/2025/INIT

IO L, 2025/2393, 5.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/2393/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/2393/oj

Related Council decision
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2393

5.12.2025

An Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó maidir le malartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta i gcomhréir leis an gCaighdeán maidir le hUathmhalartú Faisnéise i dtaca le Cuntais Airgeadais i gCúrsaí Cánach arna fhorbairt ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE)

TÁ AN tAONTAS EORPACH

agus

PRIONSACHT MHONACÓ,

dá ngairtear anseo feasta, ‘Páirtí Conarthach’, ina n-aonar, agus ‘Páirtithe Conarthacha’, i gcomhpháirt,

DE BHRÍ go bhfuil dlúthchaidreamh seanbhunaithe ag na Páirtithe Conarthacha i ndáil le cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí cánach, arb é a bhí ann, ar dtús, bearta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2003/48/CE ón gComhairle (1) a chur i bhfeidhm, agus a forbraíodh ina dhiaidh sin sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó maidir le malartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta i gcomhréir leis an gCaighdeán um Malartú Uathoibríoch Faisnéise i dtaca le Cuntais Airgeadais i gCúrsaí Cánach arna fhorbairt ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) (2) (‘an Comhaontú’), arna leasú leis an bPrótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Prionsacht Mhonacó lena bhforáiltear do bhearta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2003/48/CE ón gComhairle (3), bunaithe ar uathmhalartú faisnéise cómhalartach trí bhíthin an Caighdeán um Malartú Uathoibríoch Faisnéise i dtaca le Cuntais Airgeadais i gCúrsaí Cánach (‘an Caighdeán Domhanda’) de chuid ECFE a chur chun feidhme,

DE BHRÍ, tar éis chéad athbhreithniú cuimsitheach ECFE ar an gCaighdeán Domhanda, gur fhormheas Coiste ECFE um Ghnóthaí Fioscacha leasuithe ar an gCaighdeán Domhanda i mí Lúnasa 2022 agus gur ghlac Comhairle ECFE iad an 8 Meitheamh 2023 trína Moladh athbhreithnithe maidir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Malartú Uathoibríoch Faisnéise i gCúrsaí Cánach (‘an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda’),

DE BHRÍ gur sainaithníodh in athbhreithniú cuimsitheach ECFE castacht mhéadaitheach na n-ionstraimí airgeadais agus teacht chun cinn agus úsáid cineálacha nua sócmhainní digiteacha agus gur aithníodh an gá atá leis an gCaighdeán Domhanda a oiriúnú chun comhlíontacht cánach chuimsitheach agus éifeachtach a áirithiú,

DE BHRÍ gur leathnaíodh raon feidhme an tuairiscithe leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda chun táirgí airgeadais digiteacha nua a chur san áireamh, amhail Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais, lena dtairgtear roghanna malartacha iontaofa ar Chuntais Airgeadais thraidisiúnta, atá faoi réir tuairisciú cheana féin faoin gCaighdeán Domhanda,

DE BHRÍ go bhfeidhmíonn Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní (‘CARF’) nua ECFE, a tugadh isteach i gcomhthráth leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda, mar shásra comhlántach ar an leibhéal domhanda agus go bhfuil sé deartha go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairt agus fás tapa an mhargaidh Cripteashócmhainní,

DE BHRÍ gur measadh go raibh sé ríthábhachtach idirghníomhaíocht éifeachtúil a áirithiú idir an dá chreat sin, go háirithe chun cásanna de thuairisciú dúblach a theorannú, trí: (i) Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais a eisiamh ó raon feidhme CARF, i bhfianaise a gcumhdaigh faoin gCaighdeán Domhanda a tugadh cothrom le dáta; (ii) breithniú a dhéanamh i dtaobh Cripteashócmhainní a thagann faoi raon feidhme an Chaighdeáin Dhomhanda a tugadh cothrom le dáta a bheith ina Sócmhainní Airgeadais chun Cuntais Chumhdaigh, Cothromas nó Leasanna Fiachais in Eintitis Infheistíochta a thuairisciú (ach amháin i gcásanna ina soláthraítear seirbhísí lena ndéantar idirbhearta malairte do chustaiméirí nó thar a gceann, a chumhdaítear faoi CARF), infheistíochtaí indíreacha i gCripteashócmhainní trí tháirgí airgeadais traidisiúnta eile nó táirgí airgeadais traidisiúnta a eisítear i gcripteafhoirm; agus (iii) foráil a dhéanamh maidir le foráil roghnach d’Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe tuairisciú ollfháltais a mhúchadh le haghaidh sócmhainní a aicmítear mar Chripteashócmhainní faoin dá chreat, nuair a thuairiscítear faisnéis den sórt sin faoi CARF, agus leanúint san am céanna de gach faisnéis eile a thuairisciú faoin gCaighdeán Domhanda, amhail iarmhéid cuntais,

DE BHRÍ gur cuireadh CARF chun feidhme laistigh den Aontas Eorpach trí bhíthin Threoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle (4), lenar leasaíodh Treoir 2011/16/AE ón gComhairle (5), agus na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026,

DE BHRÍ nach bhfuil Prionsacht Mhonacó sainaitheanta mar dhlínse atá ábhartha maidir le cur chun feidhme CARF ag Fóram Domhanda ECFE maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun Críoch Cánach (‘an Fóram Domhanda’) ag an gcéim seo, ach tá sí réidh i gcónaí gach beart is gá a dhéanamh chun CARF a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar bhealach brostaithe nuair a mheasann an Fóram Domhanda gur dlínse den sórt sin í,

DE BHRÍ, d’fhonn teorainn a chur le cásanna tuairiscithe dúblaigh, i gcás ina gcuireann Prionsacht Mhonacó CARF chun feidhme maidir leis na Ballstáit, gur cheart do na Páirtithe Conarthacha idirdhealú a dhéanamh idir raon feidhme chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, CARF (i gcás Phrionsacht Mhonacó) agus Threoir (AE) 2023/2226 (i gcás Bhallstáit an Aontais) ar bhealach atá comhsheasmhach leis an idirdhealú idir raon feidhme chur i bhfeidhm an Chaighdeáin Dhomhanda nuashonraithe agus CARF,

DE BHRÍ, d’fhonn feabhas a chur ar iontaofacht agus úsáid na faisnéise malartaithe, go dtugtar isteach leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda ceanglais tuairiscithe níos mionsonraithe agus nósanna imeachta díchill chuí neartaithe,

DE BHRÍ go gcuireann an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda catagóir nua ‘Cuntas Eisiata’ le haghaidh Cuntais Ranníocaíochta Caipitil agus tairseach de minimis chun Cuntais Taisclainne ina bhfuil Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe a thuairisciú,

DE BHRÍ, i gcás na mBallstát, go leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) rialacha sonracha cosanta sonraí san Aontas Eorpach a bhfuil feidhm acu freisin maidir leis na malartuithe faisnéise a dhéanann na Ballstáit agus a chumhdaítear leis an gComhaontú,

DE BHRÍ go rialaítear cosaint sonraí pearsanta i bPrionsacht Mhonacó le Dlí Uimh. 1.565 an 3 Nollaig 2024 a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta lena n-áirítear na coinníollacha cur chun feidhme a leagtar amach le hOrdú Ceannasach (7),

DE BHRÍ, ar dháta sínithe an Phrótacail Leasaithigh seo, nár ghlac an Coimisiún Eorpach, go dtí seo, cinneadh de bhun Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679 lena gcinntear go n-áirithíonn Prionsacht Mhonacó leibhéal leordhóthanach cosanta do shonraí pearsanta,

DE BHRÍ go ngeallann an dá Pháirtí Chonarthacha na coimircí sonracha cosanta sonraí a leagtar amach sa Chomhaontú, lena n-áirítear Iarscríbhinn III a ghabhann leis, a chur chun feidhme agus a urramú ar bhealach lena n-áiritheofar nach bhféadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach aon údar a úsáid chun diúltú faisnéis a mhalartú leis an bPáirtí Conarthach eile,

DE BHRÍ nár cheart d’Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe, d’Údaráis Inniúla seolta agus d’Údaráis Inniúla ghlactha, mar rialaitheoirí sonraí, faisnéis arna próiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach agus de bhrí, i bhfianaise na ndifríochtaí i reachtaíocht na mBallstát agus i reachtaíocht Phrionsacht Mhonacó, gur cheart an uastréimhse choinneála le haghaidh gach ceann de na Páirtithe Conarthacha a shocrú trí thagairt a dhéanamh do reacht na dtréimhsí dá bhforáiltear le reachtaíocht chánach intíre gach rialaitheora sonraí,

DE BHRÍ go bhfuil próiseáil faisnéise faoin gComhaontú riachtanach agus comhréireach chun a chur ar chumas riaracháin chánach na mBallstát agus Prionsacht Mhonacó na cáiníocóirí lena mbaineann a shainaithint i gceart agus go haonchiallach, a ndlíthe cánach a riar agus a fhorfheidhmiú i gcásanna trasteorann, measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar imghabháil cánach agus tuilleadh imscrúduithe nach bhfuil gá leo a sheachaint,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leasaítear an Comhaontú mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh idir an teideal agus Airteagal 1:

‘TÁ AN tAONTAS EORPACH

agus

PRIONSACHT MHONACÓ,

dá ngairtear anseo feasta, “Páirtí Conarthach”, ina n-aonar, agus “Páirtithe Conarthacha”, i gcomhpháirt,

TAR ÉIS A AONTÚ AN COMHAONTÚ SEO A LEANAS A THABHAIRT I gCRÍCH:’

;

(2)

in Airteagal 1(1), cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘(m)

ciallaíonn an téarma “Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní” an creat idirnáisiúnta le haghaidh uathmhalartú faisnéise i ndáil le Cripteashócmhainní (lena n-áirítear na Tráchtaireachtaí) a d’fhorbair ECFE le tíortha G20 agus a d’fhormheas ECFE an 26 Lúnasa 2022,’

;

(3)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhíreanna (a) agus (b):

‘(a)

na nithe seo a leanas:

(i)

ainm, seoladh, UAC(anna) agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe ar Sealbhóir Cuntais an chuntais é agus cibé acu atá nó nach bhfuil féindeimhniúchán bailí soláthartha ag an Sealbhóir Cuntais;

(ii)

i gcás aon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais é agus, tar éis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí i gcomhréir le Iarscríbhinní I agus II a chur i bhfeidhm, go sainaithnítear go bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh agus UAC(anna) an Eintitis agus ainm, seoladh, UAC(anna) agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe, chomh maith leis an ról/na róil atá acu ar dá bhua/dá mbua is Duine Rialaithe de chuid an Eintitis gach Duine Intuairiscithe agus cibé acu a soláthraíodh nó nár soláthraíodh féindeimhniúchán bailí do gach Duine Intuairiscithe; agus

(iii)

cibé acu is comhchuntas é an cuntas nó nach ea, lena n-áirítear líon na gComhshealbhóirí Cuntais;

(b)

uimhir an chuntais (nó a coibhéis fheidhmiúil in éagmais uimhir chuntais), an cineál cuntais agus cibé acu is Cuntas atá ann cheana é an cuntas nó Cuntas Nua;’

;

(ii)

scriostar an téarma ‘agus’ ag deireadh fhomhír (f);

(iii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír (f):

‘(fa)

i gcás aon Leas Cothromais arna shealbhú in Eintiteas Infheistíochta ar socrú dlíthiúil é, an ról/na róil ar dá bhua/dá mbua sin is sealbhóir Leasa Cothromais é an Duine Intuairiscithe; agus’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3.   D’ainneoin mhír 2, fomhír (e), pointe (ii), agus mura rud é gur roghnaigh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe a mhalairt faoi Roinn I(F) d’Iarscríbhinn I i ndáil le haon ghrúpa cuntas a shainaithnítear go soiléir, na hollfháltais ó Shócmhainn Airgeadais a dhíol nó a fhuascailt, ní cheanglaítear iad a mhalartú a mhéid a dhéanann Údarás Inniúil Mhonacó na hollfháltais sin ó dhíol nó ó fhuascailt na Sócmhainní Airgeadais sin a mhalartú le hÚdarás Inniúil Ballstáit nó ag Údarás Inniúil Ballstáit le hÚdarás Inniúil Mhonacó faoin gCreat Tuairiscithe Cripteashócmhainní.’

;

(4)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

‘D’ainneoin na chéad fhomhíre, maidir le cuntais a ndéileáiltear leo mar Chuntas Intuairiscithe de bhua na leasuithe ar an gComhaontú seo arna ndéanamh le Prótacal Leasaitheach an 13 Deireadh Fómhair 2025, agus dá bhua sin amháin, agus, i dtaca leis na Cuntais Intuairiscithe uile, maidir leis an bhfaisnéis bhreise atá le malartú de bhun na n-athruithe a rinneadh ar Airteagal 2(2) faoin bPrótacal Leasaitheach sin, tá faisnéis le malartú i ndáil leis an gcéad bhliain ó theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh sin agus i leith gach bliana ina dhiaidh sin.

D’ainneoin na chéad mhíre agus an dara mír, i ndáil le gach Cuntas Intuairiscithe a choimeádann Institiúid Airgeadais Tuairiscithe ar bun ón 31 Nollaig roimh theacht i bhfeidhm Phrótacal Leasaitheach an 13 Deireadh Fómhair 2025 agus le haghaidh tréimhsí tuairiscithe dar críoch an dara bliain féilire tar éis an dáta sin, tá faisnéis i ndáil leis an ról/na róil ar dá bhua/dá mbua sin is Duine Intuairiscithe é nó is sealbhóir Leasa Chothromais é gach Duine Rialaithe de chuid an Eintitis le malartú i gcás ina dtuairisceoidh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe í i gcomhréir le Roinn I, fomhíreanna A(1)(b) agus A(6a), d’Iarscríbhinn I.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Déanfaidh na hÚdaráis Inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2 a mhalartú go huathoibríoch i scéimre comhchaighdeáin tuairiscithe i dTeanga Mharcála Inbhreisithe trí úsáid a bhaint as an gComhchóras Tarchurtha arna fhormheas ag ECFE nó as aon chóras iomchuí eile do tharchur sonraí a d’fhéadfaí a chomhaontú amach anseo.’

;

(c)

scriostar mír 5;

(5)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I dteannta na rialacha rúndachta agus na gcoimircí eile dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo, lena n-áirítear Iarscríbhinn III, beidh próiseáil sonraí pearsanta de bhun an Chomhaontaithe seo, (i) i gcás na mBallstát, faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus (ii) i gcás Mhonacó, faoi réir Dhlí Uimh. 1.565 an 3 Nollaig 2024 maidir le cosaint sonraí pearsanta lena n-áirítear na coinníollacha cur chun feidhme a leagtar amach le hOrdú Ceannasach (*2).

Chun críoch chur chun feidhme ceart Airteagal 5, srianfaidh na Ballstáit raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagal 13, Airteagal 14(1) go (4) agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2016/679 a mhéid is gá chun na leasanna dá dtagraítear in Airteagal 23(1)(e) den Rialachán sin a chosaint. Déanfaidh Monacó bearta coibhéiseacha faoina dhlí náisiúnta.

D’ainneoin na fomhíre roimhe seo, áiritheoidh gach Ballstát agus Monacó go gcuirfidh gach Institiúid Airgeadais Tuairiscithe faoina ndlínse in iúl do gach Duine Intuairiscithe aonair lena mbaineann (cibé acu ó Mhonacó nó ó Bhallstát é) go mbaileofar agus go n-aistreofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhaineann leis i gcomhréir leis an gComhaontú seo, agus áiritheoidh siad go soláthróidh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe don duine aonair sin an fhaisnéis uile a bhfuil sé ina teideal faoina reachtaíocht intíre maidir le cosaint sonraí, agus an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an cuspóir dá ndéantar a shonraí pearsanta a phróiseáil;

(b)

an bunús dlí atá leis an oibríocht phróiseála;

(c)

faighteoirí a shonraí pearsanta;

(d)

céannacht na rialaitheoirí sonraí;

(e)

na teorainneacha ama chun na sonraí a stóráil;

(f)

gurb ann don cheart atá ag duine a iarraidh ar an rialaitheoir rochtain a fháil ar a shonraí pearsanta, agus iad a cheartú agus a léirscriosadh;

(g)

an ceart chun leigheas riaracháin agus/nó breithiúnach a lorg;

(h)

an nós imeachta chun an ceart chun leigheas riaracháin agus/nó bhreithiúnach a fheidhmiú;

(i)

an ceart chun iarratas a dhéanamh chuig an údarás inniúil maoirseachta um chosaint sonraí nó chuig na húdaráis inniúla mhaoirseachta um chosaint sonraí, chomh maith lena sonraí teagmhála.

Soláthrófar an fhaisnéis sin in am trátha don duine aonair chun a chearta cosanta sonraí a fheidhmiú agus, in aon chás, sula dtuairisceoidh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe lena mbaineann an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2 d’údarás inniúil a dlínse chónaithe (is é sin Ballstát nó Monacó).

Áiritheoidh na Ballstáit agus Monacó go gcuirfear gach Duine Intuairiscithe aonair (cibé acu ó Mhonacó nó ó Bhallstát é) ar an eolas maidir le sárú slándála i ndáil lena shonraí pearsanta nuair is dócha go ndéanfadh an sárú sin dochar do chosaint a shonraí pearsanta nó a phríobháideachais.

(*1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO AE L 119, 4.5.2016, lch. 1)."

(*2)   “Journal de Monacó”, feasachán oifigiúil na Prionsachta, Uimh. 8725 an 13 Nollaig 2024.’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Coinneofar sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gcomhréir leis an gComhaontú seo ar feadh tráth nach faide ná mar is gá chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach agus, in aon chás, i gcomhréir le rialacha intíre gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí.

Measfar gur rialaitheoirí sonraí iad Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe agus údaráis inniúla gach Ballstáit agus Monacó, gach ceann acu i ndáil leis na sonraí pearsanta a phróiseálann siad faoin gComhaontú seo. Beidh rialaitheoirí sonraí freagrach as coimircí cosanta sonraí pearsanta a fhorfheidhmiú, i gcomhréir leis na forálacha maidir le coimircí den sórt sin sa Chomhaontú seo, agus as cearta na n-ábhar sonraí a urramú.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   D’ainneoin na míreanna roimhe seo, aon fhaisnéis a fhaigheann dlínse (is é sin Ballstát nó Monacó), féadfar í a úsáid chun críoch eile i gcás inar féidir an fhaisnéis sin a úsáid chun críoch eile den sórt sin faoi dhlíthe na dlínse soláthair (is é sin Monacó nó Ballstát, faoi seach), lena n-áirítear na dlíthe maidir le cosaint sonraí pearsanta, agus i gcás ina n-údaróidh Údarás Inniúil na dlínse sin an úsáid sin. Maidir le faisnéis arna soláthar ag dlínse amháin (is é sin Ballstát nó Monacó) do dhlínse eile (is é sin Monacó nó Ballstát, faoi seach), féadfaidh an dara dlínse sin í a tharchur chuig tríú dlínse (is é sin Ballstát eile), faoi réir chur i bhfeidhm na gcoimircí dá bhforáiltear faoin Airteagal seo agus in Iarscríbhinn III agus faoi réir údarú a fháil roimh ré ó Údarás Inniúil na dlínse chéadluaite as ar tháinig an fhaisnéis, ar údarás é nach mór na sonraí is gá a bheith faighte aige chun measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcoimircí atá i gceist.

Maidir le faisnéis arna soláthar ag Ballstát amháin do Bhallstát eile faoina dhlí is infheidhme lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais, féadfar an fhaisnéis sin a tharchur chuig Monacó faoi réir údarú roimh ré ó Údarás Inniúil an Bhallstáit as ar tháinig an fhaisnéis.’

;

(6)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Má bhaineann na comhairliúcháin le neamhchomhlíonadh suntasach an Chomhaontaithe seo, agus mura ndéantar foráil sa nós imeachta a leagtar amach i mír 1 maidir le réiteach leordhóthanach, féadfaidh Údarás Inniúil Ballstáit nó Mhonacó an malartú faisnéise faoin gComhaontú seo le Monacó nó le Ballstát sonrach, faoi seach, a chur ar fionraí trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Údarás Inniúil eile lena mbaineann. Beidh éifeacht láithreach ag fionraí den sórt sin. Chun críocha na míre seo, áirítear le neamhchomhlíonadh suntasach na nithe seo a leanas, ach níl sé teoranta dóibh: (i) neamhchomhlíonadh fhorálacha rúndachta agus coimirce sonraí an Chomhaontaithe seo, lena n-áirítear Iarscríbhinn III, Rialachán (AE) 2016/679 agus Dhlí Uimh. 1.565 an 3 Nollaig 2024 a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta lena n-áirítear na coinníollacha cur chun feidhme a leagtar amach le hOrdú Ceannasach, ag brath ar an gcomhthéacs, (ii) mainneachtain ag Údarás Inniúil Ballstáit nó Mhonacó faisnéis thráthúil nó leordhóthanach a sholáthar mar a cheanglaítear faoin gComhaontú seo, agus (iii) Eintitis nó cuntais a ainmniú mar Institiúidí Airgeadais Neamh-Thuairiscithe agus Cuntais Eisiata ar bhealach a chuireann cuspóirí an Chomhaontaithe seo ó rath.’

;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Foirceannadh

Féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra foirceanta a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí Conarthach eile. Tiocfaidh an foirceannadh sin in éifeacht an chéad lá den mhí tar éis tréimhse 12 mhí ó dháta an fhógra foirceanta. I gcás foirceanta, fanfaidh an fhaisnéis uile a fuarthas roimhe sin faoin gComhaontú seo faoi rún agus, (i) i gcás na mBallstát, faoi réir fhorálacha Rialachán (AE) 2016/679 agus (ii) i gcás Mhonacó, faoi réir fhorálacha Dhlí Uimh. 1.565 an 3 Nollaig 2024 a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta lena n-áirítear na coinníollacha cur chun feidhme a leagtar amach le hOrdú Ceannasach, agus sa dá chás, faoi réir na gcoimircí sonracha cosanta sonraí dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo, lena n-áirítear iad siúd atá in Iarscríbhinn III.’

;

(8)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i Roinn I, leasaítear mír A mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh agus fhomhíreanna 1 agus 2:

‘Faoi réir mhíreanna C go F, tuairisceoidh gach Institiúid Airgeadais Tuairiscithe d’Údarás Inniúil a dlínse (is é sin Ballstát nó Monacó) i ndáil le gach Cuntas Intuairiscithe de chuid na hInstitiúide Airgeadais Tuairiscithe sin:

1.

an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm, seoladh, dlínse chónaithe/dlínsí cónaithe (is é sin Ballstát nó Monacó), UAC(anna) agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe ar Sealbhóir Cuntais an chuntais é agus cibé acu atá nó nach bhfuil féindeimhniúchán bailí soláthartha ag an Sealbhóir Cuntais;

(b)

i gcás aon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais é agus, tar éis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Ranna V, VI agus VII, go n-aithnítear go bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh, dlínse/dlínsí cónaithe agus TIN/TINanna an Eintitis agus ainm, seoladh, dlínse/dlínsí cónaithe (is é sin Ballstát nó Monacó), TIN/TINanna agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe, chomh maith leis an ról/na róil ar dá bhua/dá mbua sin is Duine Rialaithe é de chuid an Eintitis gach Duine Intuairiscithe agus cibé acu atá nó nach bhfuil féindeimhniúchán bailí soláthartha do gach Duine Intuairiscithe; agus

(c)

cibé acu is comhchuntas é an cuntas nó nach ea, lena n-áirítear líon na gComhshealbhóirí Cuntais;

2.

uimhir an chuntais (nó a coibhéis fheidhmiúil in éagmais uimhir chuntais), an cineál cuntais agus cibé acu is Cuntas atá ann cheana é an cuntas nó Cuntas Nua;’

;

(ii)

scriostar an téarma ‘agus’ ag deireadh fhomhír (6);

(iii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír 6:

‘6a.

i gcás aon Leas Cothromais arna shealbhú in Eintiteas Infheistíochta ar socrú dlíthiúil é, an ról/na róil ar dá bhua/dá mbua sin is sealbhóir Leasa Cothromais é an Duine Intuairiscithe; agus’

;

(b)

i Roinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír C:

‘C.

D’ainneoin fhomhír A(1), i ndáil le gach Cuntas Intuairiscithe ar Cuntas é atá ann cheana, ní gá UAC(anna) ná dáta breithe a thuairisciú mura bhfuil UAC(anna) sin ná an dáta breithe sin i dtaifid na hInstitiúide Airgeadais Tuairiscithe agus mura gceanglaítear ar aon bhealach eile ar an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe iad a bhailiú faoin dlí náisiúnta nó faoi aon ionstraim dlí de chuid an Aontais Eorpaigh (más infheidhme). Mar sin féin, cuirtear de cheangal ar Institiúid Airgeadais Tuairiscithe iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun UAC(anna) agus dáta breithe a fháil i ndáil le Cuntais atá ann cheana faoi dheireadh an dara bliain féilire tar éis na bliana inar sainaithníodh na Cuntais atá ann cheana mar Chuntais Intuairiscithe agus cibé uair a chuirtear de cheangal uirthi an fhaisnéis a bhaineann leis an gCuntas atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta de bhun Nósanna Imeachta náisiúnta CSA/BAC.’

;

(c)

i Roinn I, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘F.

D’ainneoin fhomhír A(5)(b), agus mura roghnaíonn an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe a mhalairt i ndáil le haon ghrúpa cuntas a shainaithnítear go soiléir, na hollfháltais a fuarthas ó Shócmhainn Airgeadais a dhíol nó a fhuascailt, ní cheanglaítear iad a thuairisciú a mhéid a dhéanann an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe na hollfháltais sin a fuarthas ó Shócmhainn Airgeadais den sórt sin a dhíol nó a fhuascailt a thuairisciú faoin gCreat Tuairiscithe Cripteashócmhainní.’

;

(d)

i Roinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír A(2)(b):

‘(b)

Daoine Rialaithe atá ag Sealbhóir Cuntais a chinneadh. Chun Daoine Rialaithe atá ag Sealbhóir Cuntais a chinneadh, féadfaidh Institiúid Airgeadais Tuairiscithe brath ar fhaisnéis a bhailítear agus a choimeádtar de bhun Nósanna Imeachta CSA/BAC, ar choinníoll go bhfuil na nósanna imeachta sin comhsheasmhach le Moltaí TFGA 2012. Mura bhfuil ceangal dlíthiúil ar an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe Nósanna Imeachta CSA/BAC a chur i bhfeidhm atá comhsheasmhach le Moltaí TFGA 2012, ní mór di nósanna imeachta atá cosúil go substaintiúil leo a chur i bhfeidhm chun na Daoine Rialaithe a chinneadh.’

;

(e)

i Roinn VII, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír A:

‘Aa.

Easpa shealadach féindeimhniúcháin. Sna himthosca eisceachtúla nach féidir le hInstitiúid Airgeadais Tuairiscithe féindeimhniúchán a fháil i ndáil le Cuntas Nua in am chun a hoibleagáidí díchill chuí agus tuairiscithe a chomhlíonadh i ndáil leis an tréimhse tuairiscithe inar osclaíodh an cuntas, ní mór don Institiúid Airgeadais Tuairiscithe na nósanna imeachta díchill chuí a chur i bhfeidhm maidir le Cuntais atá ann cheana, go dtí go bhfaighfear agus go mbailíochtófar an féindeimhniúchán sin.’

;

(f)

i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhíreanna A(5) go (7):

‘5.

Ciallaíonn an téarma “Institiúid Taisclainne” aon Eintiteas:

(a)

a ghlacann taiscí i ngnáthchúrsa gnó baincéireachta nó gnó dá shamhail; nó

(b)

ag a bhfuil Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe nó Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais chun tairbhe custaiméirí.

6.

Ciallaíonn an téarma “Eintiteas Infheistíochta” aon Eintiteas:

(a)

ag a mbíonn ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí nó na hoibríochtaí seo a leanas á ndéanamh mar ghnó do chustaiméir nó thar a cheann go príomha:

(i)

trádáil in ionstraimí margaidh airgid (seiceanna, billí, deimhnithe taisce, díorthaigh, etc.); malairt eachtrach; malartú, ráta úis agus ionstraimí innéacs; urrúis inaistrithe; nó trádáil i dtodhchaíochtaí tráchtearraí;

(ii)

bainistíocht punainne aonair agus coiteann; nó

(iii)

sócmhainní Airgeadais, airgead, nó Criptea-Shócmhainní Ábhartha a infheistiú, a riar nó a bhainistiú ar shlí eile thar ceann daoine eile; nó

(b)

an t-ollioncam atá inchurtha go príomha i leith infheistiú, ath-infheistiú, nó trádáil i Sócmhainní Airgeadais nó i gCripteashócmhainní Ábhartha, más rud é go bhfuil an tEintiteas á bhainistiú ag Eintiteas eile ar Institiúid Taisclainne, Institiúid Cumhdaigh, Cuideachta Árachais Shonraithe, nó Eintiteas Infheistíochta é a thuairiscítear i bhfomhír A(6)(a).

Caitear le hEintiteas a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a thuairiscítear i bhfomhír A(6)(a) á ndéanamh aige go príomha, nó tá ollioncam Eintitis inchurtha go príomha i leith infheistiú, ath-infheistiú, nó trádáil i Sócmhainní Airgeadais nó i gCripteashócmhainní Ábhartha chun críocha fhomhír A(6)(b), más rud é go bhfuil ollioncam an Eintitis atá inchurtha i leith na ngníomhaíochtaí ábhartha cothrom le 50 % d’ollioncam an Eintitis nó os a chionn sin le linn cibé tréimhse is giorra de na tréimhsí seo a leanas: (i) an tréimhse 3 bliana dar críoch an 31 Nollaig den bhliain roimh an mbliain ina ndéantar an cinneadh; nó (ii) an tréimhse ar lena linn a bhí an tEintiteas ar marthain. Chun críocha fhomhír A(6)(a)(iii), ní áirítear leis an téarma “Sócmhainní Airgeadais, airgead, nó Cripteashócmhainní Ábhartha a infheistiú, a riar, nó a bhainistiú ar aon slí eile thar ceann daoine eile” soláthar seirbhísí lena ndéantar Idirbhearta Malairte do chustaiméirí nó thar a gceann. Ní áirítear leis an téarma “Eintiteas Infheistíochta” Eintiteas ar Eintiteas Neamh-Airgeadais Gníomhach é toisc go gcomhlíonann an tEintiteas sin aon cheann de na critéir i bhfomhíreanna D(9)(d) go (g).

Léirmhíneofar an mhír seo ar bhealach atá comhsheasmhach le teanga chomhchosúil a leagtar amach sa sainmhíniú ar “institiúid airgeadais” sna Moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais.

7.

Áirítear leis an téarma “Sócmhainn Airgeadais” urrús (mar shampla scair stoic i gcorparáid; comhpháirtíocht nó leas úinéireachta tairbhiúla i gcomhpháirtíocht nó in iontaobhas atá i seilbh fhorleathan nó atá á trádáil go poiblí; nóta, banna, banna neamhurraithe, nó fianaise eile ar fhiachas), leas comhpháirtíochta, tráchtearra, babhtáil (mar shampla babhtálacha rátaí úis, babhtálacha airgeadraí, bonnbhabhtálacha, caidhpeanna rátaí úis, íosrátaí úis, babhtálacha tráchtearraí, babhtálacha cothromais, babhtálacha innéacs cothromais, agus comhaontuithe comhchosúla), Conradh Árachais nó Conradh Blianachta, nó aon leas (lena n-áirítear conradh todhchaíochtaí nó conradh réamhcheaptha nó rogha) in urrús, Cripteashócmhainn Ábhartha, leas comhpháirtíochta, tráchtearra, babhtáil, Conradh Árachais, nó Conradh Blianachta. Ní áirítear leis an téarma “Sócmhainn Airgeadais” leas díreach neamhfhiachais i réadmhaoin.’

;

(g)

i Roinn VIII, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír A(8):

‘9.

Ciallaíonn an téarma “Táirge Ríomh-Airgid Sonraithe” aon táirge:

(a)

is léiriú digiteach é ar Airgeadra Fiat amháin;

(b)

eisítear é ar chistí a fháil chun idirbhearta íocaíochta a dhéanamh;

(c)

léirítear le héileamh ar an eisitheoir atá ainmnithe san Airgeadra Fiat céanna;

(d)

glacann duine nádúrtha nó dlítheanach eile seachas an t-eisitheoir leis mar íocaíocht; agus

(e)

de bhua ceanglais rialála a bhfuil an t-eisitheoir faoina réir, tá sé infhuascailte ag am ar bith agus ag parluach don Airgeadra Fiat céanna arna iarraidh sin do shealbhóir an táirge.

Ní áirítear leis an téarma “Táirge Ríomh-Airgid Sonraithe” táirge a chruthaítear chun aistriú cistí ó chustaiméir chuig duine eile a éascú, agus chun na críche sin amháin, de bhun threoracha an chustaiméara. Ní chruthaítear táirge chun aistriú cistí a éascú, agus chun na críche sin amháin, más rud é, i ngnáthchúrsa gnó an Eintitis is aistritheoir, go bhfuil na cistí a bhaineann leis an táirge sin i seilbh níos faide ná 60 lá tar éis treoracha a fháil chun an t-aistriú a éascú, nó, mura bhfaightear aon treoir, go gcoimeádtar na cistí a bhaineann leis an táirge sin níos faide ná 60 lá tar éis na cistí a fháil.

10.

Ciallaíonn an téarma “Airgeadra Digiteacha Bainc Ceannais” aon Airgeadra Fiat digiteach arna eisiúint ag Banc Ceannais nó ag údarás airgeadaíochta eile.

11.

Ciallaíonn an téarma “Airgeadra Fiat” airgeadra oifigiúil dlínse, arna eisiúint ag dlínse nó ag Banc Ceannais nó údarás airgeadaíochta ainmnithe dlínse, mar a léirítear le nótaí bainc nó boinn nó airgead i bhfoirmeacha digiteacha éagsúla, lena n-áirítear cúlchistí bainc, agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais. Áirítear leis an téarma freisin airgead bainc thráchtála agus táirgí ríomh-airgid (lena n-áirítear Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe).

12.

Ciallaíonn an téarma “Cripteashócmhainn” léiriú digiteach ar luach a bhraitheann ar mhórleabhar dáilte atá urraithe go cripteagrafach nó ar theicneolaíocht chomhchosúil chun idirbhearta a bhailíochtú agus a urrú.

13.

Ciallaíonn an téarma “Cripteashócmhainn Ábhartha” aon Chripteashócmhainn seachas Airgeadra Digiteach Bainc Ceannais, Táirge Ríomh-Airgid Sonraithe nó aon Chripteashócmhainn a bhfuil cinneadh leordhóthanach déanta ag an Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe ina leith nach féidir í a úsáid chun críocha íocaíochta ná infheistíochta.

14.

Ciallaíonn an téarma “Idirbheart Malairte”:

(a)

aon mhalartú idir Cripteashócmhainní Ábhartha agus Airgeadraí Fiat; agus

(b)

aon mhalartú idir foirm amháin nó níos mó de Chripteashócmhainní Ábhartha’

;

(h)

i Roinn VIII cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír B(1)(a):

‘(a)

Eintiteas Rialtais, Eagraíocht Idirnáisiúnta nó Banc Ceannais, seachas:

(i)

i ndáil le híocaíocht atá díorthaithe ó oibleagáid arna sealbhú i dtaca le gníomhaíocht airgeadais tráchtála de chineál a mbíonn Cuideachta Árachais Shonraithe, Institiúid Cumhdaigh nó Institiúid Taisclainne ag gabháil di; nó

(ii)

i ndáil le hAirgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais a choimeád do Shealbhóirí Cuntais nach Institiúidí Airgeadais, Eintitis Rialtais, Eagraíochtaí Idirnáisiúnta ná Bainc Cheannais iad.’

;

(i)

i Roinn VIII cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír C(2):

‘2.

Áirítear leis an téarma “Cuntas Taisclainne” aon chuntas tráchtála, reatha, coigiltis, ama, nó taisce coigiltis, nó cuntas atá fianaithe le deimhniú taisce, deimhniú taisce coigiltis, deimhniú infheistíochta, deimhniú féichiúnais, nó ionstraim chomhchosúil eile a choimeádann Institiúid Taisclainne. Áirítear an méid seo a leanas le Cuntas Taisclainne chomh maith:

(a)

méid atá ina sheilbh ag cuideachta árachais de bhun conradh maidir le hinfheistíocht ráthaithe nó comhaontú comhchosúil chun ús ar an méid sin a íoc nó a chur chun sochair;

(b)

cuntas nó cuntas barúlach arb ionann é agus na Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe ar fad atá á sealbhú chun tairbhe custaiméara; agus

(c)

cuntas ina bhfuil Airgeadra Digiteach amháin nó níos mó de chuid an Bhainc Ceannais chun tairbhe custaiméara.’

;

(j)

i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír C(9)(a):

‘(a)

Cuntas Airgeadais atá á choinneáil ar bun ag Institiúid Airgeadais Tuairiscithe ón 31 Nollaig 2016 nó, má chaitear leis an gcuntas mar Chuntas Airgeadais de bhua na leasuithe ar an gComhaontú seo arna ndéanamh le Prótacal Leasaitheach an 13 Deireadh Fómhair 2025 agus dá bhua sin amháin, ón 31 Nollaig roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh sin.’

;

(k)

i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír C(10):

‘10.

Ciallaíonn an téarma “Cuntas Nua” Cuntas Airgeadais atá á choinneáil ar bun ag Institiúid Airgeadais Tuairiscithe a osclaíodh an 1 Eanáir 2017 nó ina dhiaidh sin, nó, má chaitear leis an gcuntas mar Chuntas Airgeadais de bhua na leasuithe ar an gComhaontú seo arna ndéanamh le Prótacal Leasaitheach an 13 Deireadh Fómhair 2025, agus dá bhua sin amháin, ar theacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh sin nó ina dhiaidh sin, mura gcaitear leis mar Chuntas atá ann cheana faoin sainmhíniú leathnaithe ar Chuntas atá ann cheana i bhfomhír C(9).’

;

(l)

i Roinn VIII, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír C(17)(e)(iv):

‘(v)

fondúireacht nó méadú caipitil cuideachta ar choinníoll go gcomhlíonann an cuntas na ceanglais seo a leanas:

go n-úsáidtear an cuntas go heisiach chun caipiteal a thaisceadh atá le húsáid chun críocha na fondúireachta nó chun críocha caipitil cuideachta a mhéadú, mar a fhorordaítear le dlí;

déantar aon mhéid atá sa chuntas a bhlocáil go dtí go bhfaighidh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe deimhniú neamhspleách maidir leis an bhfondúireacht nó an méadú caipitil;

déantar an cuntas a dhúnadh nó a chlaochlú ina chuntas atá faoi ainm na cuideachta tar éis na fondúireachta nó an mhéadaithe caipitil;

aon aisíocaíocht a eascraíonn as fondúireacht teipthe nó méadú caipitil, glanmhéid an tsoláthraí seirbhísí agus táillí comhchosúla, ní dhéantar iad ach leis na daoine a ranníoc na méideanna; agus

níor bunaíodh an cuntas níos mó ná 12 mhí ó shin.’

;

(m)

i Roinn VIII, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír C(17)(e):

‘(ea)

Cuntas Taisclainne lena léirítear na Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe ar fad atá á gcoinneáil chun tairbhe custaiméara, i gcás nár mhó ná USD 10 000 nó méid coibhéiseach atá ainmnithe in airgeadra intíre gach Ballstáit nó in airgeadra intíre Mhonacó aon lá le linn na bliana féilire nó le linn tréimhse tuairiscithe iomchuí eile an meánluach rollach 90 lá ag deireadh an lae le linn aon tréimhse 90 lá as a chéile.’

;

(n)

i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír D(2):

‘2.

Ciallaíonn an téarma “Duine Intuairiscithe” Duine Dlínse Intuairiscithe seachas: (i) Eintiteas a dtrádáiltear a stoc go tráthrialta ar mhargadh urrús bunaithe amháin nó níos mó; (ii) aon Eintiteas arb Eintiteas Gaolmhar é d’Eintiteas a dtugtar tuairisc air i gclásal (i); (iii) Eintiteas Rialtais; (iv) Eagraíocht Idirnáisiúnta; (v) Banc Ceannais; nó (vi) Institiúid Airgeadais.’

;

(o)

i Roinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír D(5)(c):

‘(c)

aon dlínse eile: (i) lena bhfuil comhaontú i bhfeidhm ag an mBallstát ábhartha nó ag Monacó, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, ar dá bhun a sholáthróidh an dlínse eile sin an fhaisnéis a shonraítear i Roinn I; agus (ii) a shainaithnítear i liosta a d’fhoilsigh an Ballstát sin nó Monacó.’

;

(p)

i Roinn VIII, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír E(6):

‘7.

Is próiseas leictreonach é an téarma “Seirbhís Fíorúcháin Rialtais” a chuireann Dlínse Intuairiscithe ar fáil d’Institiúid Airgeadais Tuairiscithe chun céannacht agus cónaí chun críoch cánach Sealbhóra Cuntais nó Duine Rialaithe a fhionnadh.’

;

(q)

cuirtear an roinn seo a leanas isteach i ndiaidh Roinn IX:

‘ROINN X

BEARTA IDIRTHRÉIMHSEACHA

D’ainneoin fhomhír A(1)(b) agus A(6a) de Roinn I, i ndáil le gach Cuntas Intuairiscithe atá á choimeád ag Institiúid Airgeadais Tuairiscithe ón 31 Nollaig roimh theacht i bhfeidhm Phrótacal Leasaitheach an 13 Deireadh Fómhair 2025 agus le haghaidh tréimhsí tuairiscithe dar críoch an dara bliain féilire tar éis an dáta sin, ní gá faisnéis a thuairisciú i ndail leis an ról/na róil ar dá bhua/dá mbua sin is Duine Rialaithe é nó is sealbhóir Leasa Chothromais de chuid an Eintitis é gach Duine Intuairiscithe ach amháin má tá an fhaisnéis sin ar fáil sna sonraí atá inchuardaithe go leictreonach arna gcothabháil ag an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe.’

;

(9)

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘COIMIRCÍ COSANTA SONRAÍ BREISE MAIDIR LE LÁIMHSEÁIL NA SONRAÍ A PHRÓISEÁILTEAR FAOIN gCOMHAONTÚ SEO’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Íoslaghdú sonraí

Beidh na sonraí pearsanta a phróiseálfaidh na Páirtithe Conarthacha faoin gComhaontú seo ábhartha agus teoranta don mhéid is gá agus is comhréireach leis na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú seo.

Ní dhéanfaidh na Páirtithe Conarthacha sonraí pearsanta a mhalartú lena nochtfar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint ar bhealach uathúil, ná sonraí a bhaineann le sláinte nó saol gnéis an duine aonair.

4.   Trédhearcacht, ceart rochtana ar shonraí, agus an ceart go ndéanfaí sonraí a cheartú agus a léirscriosadh

I gcás ina n-úsáidtear sonraí pearsanta chun críoch eile laistigh den dlínse ghlactha nó i gcás ina dtarchuireann an dlínse ghlactha iad chuig tríú dlínse (is é sin Ballstát nó Monacó) i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú, cuirfidh Údarás Inniúil na dlínse glactha a úsáideann na sonraí pearsanta chun críoch eile nó a tharchuireann na sonraí chuig tríú dlínse na daoine lena mbaineann ar an eolas. Soláthrófar an fhaisnéis sin in am trátha ionas gur féidir leis an duine aonair/na daoine aonair a chearta/a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú agus, in aon chás, sula n-úsáidfidh an dlínse glactha na sonraí pearsanta chun críoch eile nó sula dtarchuirfear chuig an tríú dlínse iad.

I ndáil le haon sonraí pearsanta a phróiseáiltear faoin gComhaontú seo, beidh sé de cheart ag aon duine aonair rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi agus ceartú a fháil ar shonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi. I gcás inar próiseáladh sonraí pearsanta go neamhdhleathach, féadfaidh an duine aonair a iarraidh go ndéanfaí iad a léirscriosadh.

Chun feidhmiú an chirt sin a éascú, beidh gach duine aonair i dteideal iarrataí a chur isteach ar rochtain ar a gcuid sonraí agus ar cheartú agus/nó léirscriosadh a gcuid sonraí; seolfar na hiarrataí sin chuig an Údarás Inniúil eile lena mbaineann trí Údarás Inniúil an duine aonair féin.

Tabharfaidh an tÚdarás Inniúil iarrtha rochtain ar na sonraí ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé sonraí míchruinne nó neamhiomlána a thabhairt cothrom le dáta agus/nó a cheartú.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

‘6.   Uathphróiseáil

Ní dhéanfaidh na hÚdaráis Inniúla aon chinneadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige a bhaineann le duine aonair nó a dhéanfaidh difear suntasach dó agus atá bunaithe ar uathphróiseáil sonraí amháin.

7.   Aistrithe chuig údaráis tríú tíortha

Féadfaidh Údarás Inniúil sonraí pearsanta a fhaightear de bhun an Chomhaontaithe seo a aistriú ó am go chéile chuig údaráis phoiblí tríú dlínsí, nach iad na Ballstáit ná Monacó iad, má bhíonn feidhm ag na himthosca uile seo a leanas:

(a)

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal 6(4) sa tríú dlínse ghlactha agus nach n-úsáidfidh an tríú dlínse ghlactha na sonraí pearsanta ach amháin chun na gcríoch sin;

(b)

go bhfuil na sonraí pearsanta ábhartha agus comhréireach leis na críocha ar dá mbarr a n-aistrítear iad;

(c)

go mbaineann inniúlachtaí údarás an tríú dlínse go díreach leis na críocha dá dtagraítear in Airteagal 6(4);

(d)

go ráthaíonn an tríú dlínse leibhéal cosanta sonraí pearsanta atá coibhéiseach leis an leibhéal a bhunaítear leis an gComhaontú seo, agus go ngeallann sí nach n-aistreoidh sí na sonraí a fhaightear chuig aon tríú páirtí;

(e)

go bhfuil údarú roimh ré tugtha ag an Údarás Inniúil a sholáthair an fhaisnéis, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(5); agus

(f)

gur cuireadh an t-ábhar sonraí ar an eolas faoin aistriú.

Toirmiscfear aon aistriú faisnéise eile a fhaightear de bhun an Chomhaontaithe seo chuig tríú páirtithe.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

‘10.   Formhaoirseacht

Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe agus ag Údaráis Inniúla faoin gComhaontú seo faoi réir maoirseacht neamhspleách ag na comhlachtaí seo a leanas: (i) i gcás na mBallstát, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta um chosaint sonraí arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus (ii) i gcás Mhonacó, an Autorité de protection des données personnelles (Údarás Cosanta Sonraí Mhonacó).

Beidh cumhachtaí éifeachtacha formhaoirseachta, imscrúdaithe, idirghabhála agus athbhreithnithe ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta um chosaint sonraí sin de chuid na mBallstát agus Mhonacó, agus ní mór an chumhacht a bheith acu sáruithe dlí a tharchur le haghaidh caingean dlí, i gcás inarb iomchuí. Áiritheoidh siad go háirithe go bhfaighfear gearáin a bhaineann le neamhchomhlíonadh, go n-imscrúdófar iad, go dtabharfar freagra orthu agus go dtabharfar sásamh iomchuí ina leith.’

;

(10)

in Iarscríbhinn IV, scriostar fomhír (ac).

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tugtar an Prótacal Leasaitheach seo i gcrích faoi réir a dhaingnithe nó a fhormheasta ag na Páirtithe Conarthacha i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta sin i gcrích. Tiocfaidh an Prótacal Leasaitheach seo i bhfeidhm an chéad lá de mhí Eanáir tar éis an fhógra dheireanaigh.

2.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 1(2), (3)(b) agus (8)(c) den Phrótacal Leasaitheach seo ón dáta a thosóidh Prionsacht Mhonacó ar CARF a chur i bhfeidhm leis na Ballstáit uile.

Airteagal 3

Teangacha

Déanfar an Prótacal Leasaitheach seo a tharraingt suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.

DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis seo.

Image 1

Image 2


(1)  Treoir 2003/48/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le cánachas ar ioncam ó choigiltis i bhfoirm íocaíochtaí úis (IO AE L 157, 26.6.2003, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/48/oj).

(2)   IO AE L 19, 21.1.2005, lch. 55, ELIhttp://data.europa.eu/eli/agree_internation/2005/44(1)/oj.

(3)   IO AE L 225, 19.8.2016, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2016/1392/oj.

(4)  Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO AE L, 2023/2226, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2226/oj).

(5)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO AE L 64, 11.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/16/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO AE L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(7)   ‘Journal de Monacó’, feasachán oifigiúil na Prionsachta, Uimh. 8725 an 13 Nollaig 2024.


DEARBHUITHE NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA:

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHAONTÚ AGUS NA hIARSCRÍBHINNÍ

Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha, maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis, arna leasú le Prótacal Leasaitheach an 13 Deireadh Fómhair 2025, na Tráchtaireachtaí ar an Samhail-chomhaontú ECFE idir Údaráis Inniúla agus ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe a úsáid, chomh maith leis na Tráchtaireachtaí ar Aguisín 2023 a ghabhann le Samhail-chomhaontú ECFE idir Údaráis Inniúla agus le nuashonrú 2023 ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe a úsáid, mar fhoinse léirithe nó léirmhínithe chun comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm a áirithiú.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA MAIDIR LE hAIRTEAGAL 5 DEN CHOMHAONTÚ

Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha go bhfuil Airteagal 5 den Chomhaontú ailínithe leis an gcaighdeán ECFE is déanaí maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise i gcúrsaí cánach a chumhdaítear in Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE. Dá bhrí sin, comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha, maidir le cur chun feidhme Airteagal 5, gur cheart an tráchtaireacht ar Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal a bheith ina foinse léirmhínithe.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA MAIDIR LE TEACHT I bhFEIDHM AGUS CUR CHUN FEIDHME AN PHRÓTACAIL LEASAITHIGH

Dearbhaíonn na Páirtithe Conarthacha go bhfuil coinne acu, maidir le ceanglais bhunreachtúla Phrionsacht Mhonacó agus ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh a bhaineann le comhaontuithe idirnáisiúnta a dhéanamh, go gcomhlíonfar in am iad ionas go bhféadfaidh an Prótacal Leasaitheach teacht i bhfeidhm an chéad lá de mhí Eanáir 2026. Déanfaidh siad na bearta uile is féidir leo chun an sprioc sin a bhaint amach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/2393/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top