This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22025A00836
Amendments to the Customs Convention on the International Transport of goods under cover of TIR carnets (TIR Convention 1975)
Leasuithe ar an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR (Coinbhinsiún TIR 1975)
Leasuithe ar an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR (Coinbhinsiún TIR 1975)
PUB/2025/331
IO L, 2025/836, 7.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_amend/2025/836/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/836 |
7.5.2025 |
LEASUITHE AR AN GCOINBHINSIÚN CUSTAIM UM IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ FAOI CARNETS TIR (COINBHINSIÚN TIR 1975)
De réir Fhógra Taisclainne C.N. 115.2025.TREATIES-XI.A.16 ó na Náisiúin Aontaithe, tagann na leasuithe seo a leanas ar Choinbhinsiún TIR i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2025 le haghaidh na bPáirtithe Conarthacha uile:
1. Nóta Míniúcháin 8.10 (e)
Cuir isteach Nóta Míniúcháin 8.10 (e) nua a léifear mar a leanas:
|
‘8.10 (e) |
I gcás díospóidí, ar díospóidí iad a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmiú an tslabhra ráthaíochta, idir an eagraíocht idirnáisiúnta, comhlachas náisiúnta, údarás custaim nó údaráis chustaim nó údaráis inniúla an Pháirtí Chonarthaigh nó na bPáirtithe Conarthacha lena mbaineann, agus a bhféadfadh foirceannadh aon cheann de na comhaontuithe idir na páirtithe lena mbaineann a bheith mar thoradh orthu, cuirfidh siad a chéile ar an eolas gan mhoill. Cuirfidh na páirtithe tús le caibidlíocht chun an díospóid a réiteach chun cumhdach ráthaíochta gan bhriseadh sa chríoch chustaim lena mbaineann a áirithiú. Tráth ar bith, féadfaidh aon cheann de na páirtithe Bord Feidhmiúcháin TIR a chur ar an eolas go hoifigiúil agus cúnamh a iarraidh air chun réiteach na díospóide a éascú.’. |
2. Nóta Míniúcháin 0.6.2 bis-1
Modhnaigh Nóta Míniúcháin 0.6.2 bis-1 a léifear mar a leanas:
|
‘0.6.2 bis-1 |
Saineofar an caidreamh idir eagraíocht idirnáisiúnta agus a comhlachais is comhaltaí i gcomhaontuithe i scríbhinn maidir le feidhmiú an chórais ráthaíochta idirnáisiúnta. Féadfaidh ceachtar páirtí na comhaontuithe a fhoirceannadh le réamhfhógra sé (6) mhí ar a laghad, ach amháin i gcás cúlghairm níos luaithe ar cheachtar de na húdaruithe a luaitear i míreanna 1 agus 2.bis d’Airteagal 6.’. |
3. Síneadh a chur le bailíocht an deimhnithe formheasa
|
(a) |
Iarscríbhinn 3, mír 4 In ionad ‘2 bhliain’ cuir isteach ‘3 bliana’. |
|
(b) |
Iarscríbhinn 4, Deimhniú Formheasa Caighdeánach le haghaidh Feithicil Bhóthair, leathanach 4, mír 3 In ionad ‘2 bhliain’ cuir isteach ‘3 bliana’. |
4. Glacadh leis an deimhniú formheasa go dtí an dáta deiridh bailíochta
Iarscríbhinn 4, Deimhniú Formheasa Caighdeánach le haghaidh Feithicil Bhóthair, leathanach 4, mír 6 nua
Cuir isteach mír 6 nua a léifear mar a leanas:
|
‘6. |
Ar choinníoll gur cuireadh tús le hiompar TIR roimh dháta deiridh bailíochta an deimhnithe formheasa nó ar an dáta deiridh bailíochta sin, leanfaidh an deimhniú formheasa de bheith bailí go dtí deireadh an iompair TIR ag oifig custaim an chinn scríbe chríochnaithigh.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_amend/2025/836/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)