Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D3043

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 199/2024 an 23 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/3043]

IO L, 2024/3043, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3043/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3043/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3043

19.12.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 199/2024

an 23 Meán Fómhair 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/3043]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2024/848 ón gCoimisiún an 14 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le táillí na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí a choigeartú i bhfianaise an ráta boilscithe le héifeacht ón 1 Aibreán 2024 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 15h (Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle) de Chaibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32024 R 0848: Rialachán (AE) 2022/848 ón gCoimisiún an 14 Márta 2024 (IO L 2024/848, 15.3.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2024/848 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Anders H. EIDE


(1)   IO L, 2024/848, 15.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/848/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3043/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top