Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D2471

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 117/2024 an 12 Meitheamh 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/2471]

IO L, 2024/2471, 3.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2471/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2471/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2471

3.10.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 117/2024

an 12 Meitheamh 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/2471]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/893 ón gCoimisiún an 22 Márta 2024 lena bhformheastar sú gairleoige a bhfuil cóireáil theirmeach déanta air mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 19 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzzzzzzl (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/241 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘12zzzzzzzzzzm.

32024 R 0893: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/893 ón gCoimisiún an 22 Márta 2024 lena bhformheastar sú gairleoige a bhfuil cóireáil theirmeach déanta air mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 19 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/893, 25.3.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/893 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2024.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/893, 25.3.2024.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2471/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top