Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D1936

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 110/2024 an 26 Aibreán 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1936]

IO L, 2024/1936, 8.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1936/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1936/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1936

8.8.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 110/2024

an 26 Aibreán 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1936]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/212 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n-athróg a shonrú maidir le rochtain ar sheirbhísí i bhfearann an ioncaim agus na ndálaí maireachtála (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2498 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2022 lena sonraítear míreanna teicniúla tacar sonraí an tsuirbhé shamplaigh i réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála maidir le rochtain ar sheirbhísí de bhun Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 18qt (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2180 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘18qu.

32022 R 2498: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2498 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2022 lena sonraítear míreanna teicniúla tacar sonraí an tsuirbhé shamplaigh i réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála maidir le rochtain ar sheirbhísí de bhun Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 325, 20.12.2022, lch. 16).

18qv.

32023 R 0212: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/212 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n-athróg a shonrú maidir le rochtain ar sheirbhísí i bhfearann an ioncaim agus na ndálaí maireachtála (IO L 30, 2.2.2023, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/212 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2498 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 27 Aibreán 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Aibreán 2024.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 30, 2.2.2023, lch. 1.

(2)   IO L 325, 20.12.2022, lch. 16.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1936/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top