Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D1533

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 29/2024 an 2 Feabhra 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1533]

IO L, 2024/1533, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1533/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1533/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1533

27.6.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 29/2024

an 2 Feabhra 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1533]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1783 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála ina bhfuil dréachtdoiciméad maidir le socruithe comhair le tríú tíortha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 29as (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1406 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘29at.

32021 R 1783: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1783 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála ina bhfuil dréachtdoiciméad maidir le socruithe comhair le tríú tíortha (IO L 359, 11.10.2021, lch. 1).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin Tharmligthe oiriúnaithe mar a leanas:

San Iarscríbhinn, cuirtear ‘Comhaontú LEE’ in ionad ‘dlí an Aontais’.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1783 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 3 Feabhra 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2024.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 359, 11.10.2021, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1533/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top