Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D1148

Cinneadh ó chomhchoiste LEE Uimh. 266/2023 an 27 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1148]

IO L, 2024/1148, 16.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1148/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1148/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1148

16.5.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 266/2023

an 27 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1148]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1078 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena bhformheastar ózón a ghintear as ocsaigin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 4, 5, agus 11 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1079 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena bhformheastar aicéatáit (13Z)-heicsideic-13-in-11-in-1-ile mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 19 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1084 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i leith na gcoinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge bithicídeach A-Quasan i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1085 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis Séiritíopa H14, Tréithchineál AM65-52 lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1086 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1087 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le lambda-ciahalaitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1088 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le deiltemheitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(8)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1097 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2023 gan ciainimíd a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 3 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzzzzzd (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/680 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘12zzzzzzzzze.

32023 R 1078: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1078 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena bhformheastar ózón a ghintear as ocsaigin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2, 4, 5, agus 11 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 5.6.2023, lch. 7).

12zzzzzzzzzf.

32023 R 1079: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1079 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena bhformheastar aicéatáit (13Z)-heicsideic-13-in-11-in-1-ile mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 19 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 5.6.2023, lch. 11).

12zzzzzzzzzg.

32023 D 1084: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1084 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i leith na gcoinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge bithicídeach A-Quasan i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 5.6.2023, lch. 91).

12zzzzzzzzzh.

32023 D 1085: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1085 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis Séiritíopa H14, Tréithchineál AM65-52 lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 5.6.2023, lch. 94).

12zzzzzzzzzi.

32023 D 1086: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1086 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 5.6.2023, lch. 96).

12zzzzzzzzzj.

32023 D 1087: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1087 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le lambda-ciahalaitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 5.6.2023, lch. 98).

12zzzzzzzzzk.

32023 D 1088: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1088 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le deiltemheitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 5.6.2023, lch. 100).

12zzzzzzzzzl.

32023 D 1097: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1097 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2023 gan ciainimíd a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 3 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 146, 6.6.2023, lch. 27).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1078 agus (AE) 2023/1079 agus Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1084, (AE) 2023/1085, (AE) 2023/1086, (AE) 2023/1087, (AE) 2023/1088 agus (AE) 2023/1097 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Deireadh Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 144, 5.6.2023, lch. 7.

(2)   IO L 144, 5.6.2023, lch. 11.

(3)   IO L 144, 5.6.2023, lch. 91.

(4)   IO L 144, 5.6.2023, lch. 94.

(5)   IO L 144, 5.6.2023, lch. 96.

(6)   IO L 144, 5.6.2023, lch. 98.

(7)   IO L 144, 5.6.2023, lch. 100.

(8)   IO L 146, 6.6.2023, lch. 27.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1148/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top