This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D1135
Decision of the EEA Joint Committee No 290/2023 of 27 October 2023 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2024/1135]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 290/2023 an 27 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1135]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 290/2023 an 27 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1135]
IO L, 2024/1135, 16.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1135/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1135 |
16.5.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 290/2023
an 27 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1135]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1020 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí héileacaptair i mbun seirbhís leighis éigeandála (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1020 aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 768/2006 (2) agus (CE) Uimh. 351/2008 (3) ón gCoimisiún, Rialacháin atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66nf (Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Scriostar téacsanna phointí 66ra (Rialachán (CE) Uimh. 768/2006 ón gCoimisiún) agus 66rb (Rialachán (CE) Uimh. 351/2008 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1020 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Deireadh Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 114/2023 ó Chomhchoiste LEE an 28 Aibreán 2023 (4), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 137, 25.5.2023, lch. 1.
(2) IO L 134, 20.5.2006, lch. 16.
(3) IO L 109, 19.4.2008, lch. 7.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
(4) IO L, 2023/2294, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2294/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1135/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)