Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D1118

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 281/2023 an 27 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1118]

IO L, 2024/1118, 16.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1118/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1118/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1118

16.5.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 281/2023

an 27 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1118]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1672 ón gCoimisiún an 30 Lúnasa 2023 lena leagtar síos faisnéis theicniúil le haghaidh ríomh forálacha teicniúla agus bunchistí dílse le haghaidh tuarascála le dátaí tagartha ón 30 Meitheamh 2023 go dtí an 29 Meán Fómhair 2023 i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1zz (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/967 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘1zza.

32023 R 1672: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1672 ón gCoimisiún an 30 Lúnasa 2023 lena leagtar síos faisnéis theicniúil le haghaidh ríomh forálacha teicniúla agus bunchistí dílse le haghaidh tuarascála le dátaí tagartha ón 30 Meitheamh 2023 go dtí an 29 Meán Fómhair 2023 i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (IO L 214, 31.8.2023, lch. 95).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1672 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Deireadh Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 214, 31.8.2023, lch. 95.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1118/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top