Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D1096

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 256/2023 an 27 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1096]

IO L, 2024/1096, 16.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1096/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1096/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1096

16.5.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 256/2023

an 27 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1096]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2023/127 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh aicéacuinicile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2023/128 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh beanalacsaile, brómocsainile, clórsulfúróin, eapocsaconasóil agus feanaimíofos i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán (AE) 2023/129 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh asocsastróibine, prósulfacarb, seadacsáin agus vailifeanaláite i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán (AE) 2023/147 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh ciorómaisín, tópramasóin agus trífhlumasóil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán (AE) 2023/163 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh DDT agus ocsaitiaipiopróiline i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Rialachán (AE) 2023/173 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh 1-meitil-3-(trífhluaraimeitil)-1H-piorasól-4-carbocsaimíde (PAM), cioglocsaidime, ciafluimeitifeine, ciafluitrine, meatabrómúróin agus peintiaipiorad i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha agus le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha agus ábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 40 (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32023 R 0127: Rialachán (AE) 2023/127 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 (IO L 17, 19.1.2023, lch. 8),

-

32023 R 0128: Rialachán (AE) 2023/128 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 (IO L 17, 19.1.2023, lch. 22),

-

32023 R 0129: Rialachán (AE) 2023/129 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 (IO L 17, 19.1.2023, lch. 56),

-

32023 R 0147: Rialachán (AE) 2023/147 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2023 (IO L 20, 23.1.2023, lch. 1),

-

32023 R 0163: Rialachán (AE) 2023/163 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 (IO L 23, 25.1.2023, lch. 1),

-

32023 R 0173: Rialachán (AE) 2023/173 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2023 (IO L 25, 27.1.2023, lch. 1).’

Airteagal 2

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 54zzy (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32023 R 0127: Rialachán (AE) 2023/127 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 (IO L 17, 19.1.2023, lch. 8),

-

32023 R 0128: Rialachán (AE) 2023/128 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 (IO L 17, 19.1.2023, lch. 22),

-

32023 R 0129: Rialachán (AE) 2023/129 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 (IO L 17, 19.1.2023, lch. 56),

-

32023 R 0147: Rialachán (AE) 2023/147 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2023 (IO L 20, 23.1.2023, lch. 1),

-

32023 R 0163: Rialachán (AE) 2023/163 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 (IO L 23, 25.1.2023, lch. 1),

-

32023 R 0173: Rialachán (AE) 2023/173 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2023 (IO L 25, 27.1.2023, lch. 1).’

Airteagal 3

Is téacsanna barántúla a bheidh i Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2023/127, (AE) 2023/128, (AE) 2023/129, (AE) 2023/147, (AE) 2023/163 agus (AE) 2023/173 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Deireadh Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha* (*1).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 17, 19.1.2023, lch. 8.

(2)   IO L 17, 19.1.2023, lch. 22.

(3)   IO L 17, 19.1.2023, lch. 56.

(4)   IO L 20, 23.1.2023, lch. 1.

(5)   IO L 23, 25.1.2023, lch. 1.

(6)   IO L 25, 27.1.2023, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1096/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top