Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0937

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 195/2023 an 22 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/937]

IO L, 2024/937, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/937/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/937/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/937

25.4.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 195/2023

an 22 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/937]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1525 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2022 maidir le monaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-lisín arna dtáirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 477 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1470 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘478.

32022 R 1525: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1525 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2022 maidir le monaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-lisín arna dtáirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 237, 14.9.2022, lch. 12).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1525 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 237, 14.9.2022, lch. 12.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/937/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top