This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0728
Decision of the EEA Joint Committee No 327/2021 of 10 December 2021 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2024/728]
Cinneadh Ó Chomhchoiste LEE Uimh. 327/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/728]
Cinneadh Ó Chomhchoiste LEE Uimh. 327/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/728]
IO L, 2024/728, 14.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/728/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/728 |
14.3.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 327/2021
an 10 Nollaig 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/728]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2021/1175 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid polól i dtáirgí áirithe milseogra fuinneamhlaghdaithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán (AE) 2021/1399 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit in earraí bia áirithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le hearraí bia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hearraí bia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzzz (Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzzzr (Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2021/1175 agus (AE) 2021/1399 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Nollaig 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2021.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 256, 19.7.2021, lch. 53.
(2) IO L 301, 25.8.2021, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/728/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)