Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0653

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 387/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/653]

IO L, 2024/653, 14.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/653/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/653/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/653

14.3.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 387/2021

an 10 Nollaig 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/653]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/361 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 151/2013 a mhéid a bhaineann le rochtain ar shonraí atá i stórtha trádála (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/362 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 150/2013 a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí an iarratais ar chlárú mar stór trádála (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 31bcg (Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 150/2013 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

—

32019 R 0362: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/362 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 (IO L 81, 22.3.2019, lch. 74).’

2.

Leasaítear pointe 31bch (Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 151/2013 ón gCoimisiún) mar a leanas:

(i)

cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:

‘—

32019 R 0361: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/361 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 (IO L 81, 22.3.2019, lch. 69).’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad oiriúnú (a):

‘(a)

Tagairtí do ‘comhaltaí CEBC’, tuigfear go n-áirítear bainc cheannais náisiúnta Stáit CSTE leo, sa bhreis ar an mbrí atá leo sa Rialachán Tarmligthe.’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/361 agus (AE) 2019/362 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Nollaig 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 385/2021 ó Chomhchoiste LEE an 10 Nollaig 2021 (3), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 50/2021 ó Chomhchoiste LEE an 5 Feabhra 2021 (4), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2021.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Rolf Einar FIFE


(1)   IO L 81, 22.3.2019, lch. 69.

(2)   IO L 81, 22.3.2019, lch. 74.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(3)   IO L, 2024/650, 14.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/650/oj.

(4)   IO L, 2024/46, 11.01.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/46/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/653/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top