This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0652
Decision of the EEA Joint Committee No 383/2021 of 10 December 2021 amending Annex IX (Financial services) to the EEA Agreement [2024/652]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 383/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/652]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 383/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/652]
IO L, 2024/652, 14.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/652/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/652 |
14.3.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 383/2021
an 10 Nollaig 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/652]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil (1), arna ceartú le IO L 212, 3.7.2020, lch. 20, tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear pointe 14 (Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:
|
|
2. |
Scriostar oiriúnú (n). Athuimhrítear oiriúnú (o) mar oiriúnú (s). Athuimhrítear oiriúnuithe (l) agus (m) mar oiriúnuithe (n) agus (o) faoi seach. Athuimhrítear oiriúnuithe (g) go (k) ionas gurb iad oiriúnuithe (h) go (l) iad. |
|
3. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (f):
|
|
4. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (l):
|
|
5. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach tar éis oiriúnú (o):
|
|
6. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (s):
|
Airteagal 2
Is téacs barántúil é téacs Threoir (AE) 2019/878, arna cheartú le IO L 212, 3.7.2020, lch. 20, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Nollaig 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 301/2021 ó Chomhchoiste LEE an 29 Deireadh Fómhair 2021 (2), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2021.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 150, 7.6.2019, lch. 253.
(*1) Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.
(2) IO L, 2024/531, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/531/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/652/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)