This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0184
Decision of the EEA Joint Committee No 167/2021 of 11 June 2021 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2024/184]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 167/2021 an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/184]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 167/2021 an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/184]
IO L, 2024/184, 1.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/184/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/184 |
1.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 167/2021
an 11 Meitheamh 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/184]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2020/1040 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena fhorálacha idirthréimhseacha chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas le pointe 1i (Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XXIV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
|
— |
32020 R 1040: Rialachán (AE) 2020/1040 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 (IO L 231, 17.7.2020, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2020/1040 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Meitheamh 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 231, 17.7.2020, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/184/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)