Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0168

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 176/2021 an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/168]

IO L, 2024/168, 1.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/168/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/168/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/168

1.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 176/2021

an 11 Meitheamh 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/168]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir (AE) 2019/1159 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2008/106/CE maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/45/CE maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Le Treoir (AE) 2019/1159, aisghairtear Treoir 2005/45/CE (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas i bpointe 56j (Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘-

32019 L 1159: Treoir (AE) 2019/1159 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 188, 12.7.2019, lch. 94).’

2.

Scriostar téacs phointe 56s (Treoir 2005/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2019/1159 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Meitheamh 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT


(1)   IO L 188, 12.7.2019, lch. 94.

(2)   IO L 255, 30.9.2005, lch. 160.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/168/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top