This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0164
Decision of the EEA Joint Committee No 164/2021 of 11 June 2021 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) to the EEA Agreement [2024/164]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 164/2021 an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/164]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 164/2021 an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/164]
IO L, 2024/164, 1.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/164/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/164 |
1.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 164/2021
an 11 Meitheamh 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/164]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/388 ón gCoimisiún an 6 Márta 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 90/428/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na maoluithe ar rialacha na gcomórtas eachaíochta agus lena leasaítear Cinneadh 2009/712/CE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le tagairtí do reachtaíocht zóiteicniúil (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann leis na hábhair sin, ní bheidh feidhm aici maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir leis an Íoslainn. |
|
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 155 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/878 ón gCoimisiún) i gCuid 1.2 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘156. |
32020 D 0388: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/388 ón gCoimisiún an 6 Márta 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 90/428/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na maoluithe ar rialacha na gcomórtas eachaíochta agus lena leasaítear Cinneadh 2009/712/CE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le tagairtí do reachtaíocht zóiteicniúil (IO L 73, 10.3.2020, lch. 19).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/388 san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Meitheamh 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 73, 10.3.2020, lch. 19.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/164/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)