This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0133
Decision of the EEA Joint Committee No 147/2021 of 23 April 2021 amending Annex IX (Financial services) to the EEA Agreement [2024/133]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 147/2021 an 23 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/133]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 147/2021 an 23 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/133]
IO L, 2024/133, 25.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/133/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/133 |
25.1.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 147/2021
an 23 Aibreán 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/133]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/429 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú maoirseachta na n-institiúidí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 14ab (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘- |
32020 R 0429: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/429 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2020 (IO L 96, 30.3.2020, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/429 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Aibreán 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha. (*1)
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 96, 30.3.2020, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/133/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)