This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0101
Decision of the EEA Joint Committee No 97/2021 of 19 March 2021 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) to the EEA Agreement [2024/101]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 97/2021 an 19 Márta 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/101]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 97/2021 an 19 Márta 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/101]
IO L, 2024/101, 18.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/101/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/101 |
18.1.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 97/2021
an 19 Márta 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/101]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1106 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 maidir le turgnamh sealadach a eagrú faoi Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE agus 2002/57/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an ráta seiceála oifigiúil le haghaidh iniúchadh allamuigh faoi mhaoirseacht oifigiúil ar shíol bunaidh, síol pórtha ó ghinealaigh roimh shíol bunaidh agus síol deimhnithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1401 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena ndéantar foráil maidir le maolú sealadach ar Threoir 66/401/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais le haghaidh síol deimhnithe a mhargú (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair fíteashláintíochta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair fíteashláintíochta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 62 (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/160 ón gCoimisiún) i gCuid 2 de Chaibidil III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘63. |
32020 D 1106: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1106 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 maidir le turgnamh sealadach a eagrú faoi Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE agus 2002/57/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an ráta seiceála oifigiúil le haghaidh iniúchadh allamuigh faoi mhaoirseacht oifigiúil ar shíol bunaidh, síol pórtha ó ghinealaigh roimh shíol bunaidh agus síol deimhnithe (IO L 242, 28.7.2020, lch. 7). |
|
64. |
32020 D 1401: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1401 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena ndéantar foráil maidir le maolú sealadach ar Threoir 66/401/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais le haghaidh síol deimhnithe a mhargú (IO L 324, 6.10.2020, lch. 35).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1106 agus (AE) 2020/1401 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Márta 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 242, 28.7.2020, lch. 7.
(2) IO L 324, 6.10.2020, lch. 35.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/101/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)