Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0097

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 95/2021 an 19 Márta 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/97]

IO L, 2024/97, 18.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/97/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/97/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/97

18.1.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 95/2021

an 19 Márta 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/97]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1525 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/764/AE i dtaca le bearta rialaithe sláinte ainmhithe maidir le fiabhras clasaiceach na muc i mBallstáit áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1663 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh 2004/558/CE a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalar na Seice agus le formheas an chláir díothaithe i roinnt réigiún sa Fhrainc maidir le rineatraicéíteas tógálach buaibheach (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe. An reachtaíocht a bhaineann leis na hábhair sin, ní bheidh feidhm aici maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir leis an Íoslainn.

(4)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 48 (Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/764/AE ó gCoimisiún) faoi gceannteideal ‘GNÍOMHARTHA A dTABHARFAIDH STÁIT CSTE AGUS ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE AIRD CHUÍ ORTHU’ i gCuid 3.2:

‘-

32020 D 1525: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1525 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2020 (IO L 346, 20.10.2020, lch. 31).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 80 (Cinneadh 2004/558/CE ón gCoimisiún) i gCuid 4.2:

‘-

32020 D 1663: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1663 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2020 (IO L 374, 10.11.2020, lch. 8).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1525 agus (AE) 2020/1663 san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Márta 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT


(1)   IO L 346, 20.10.2020, lch. 31.

(2)   IO L 374, 10.11.2020, lch. 8.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/97/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top