This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024A02737
Agreement between the European Union and the Republic of Armenia on the cooperation between the European Union Agency for Criminal Justice Cooperation (Eurojust) and the authorities of the Republic of Armenia competent for judicial cooperation in criminal matters
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis Phoblacht na hAirméine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis Phoblacht na hAirméine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla
ST/17080/2023/INIT
IO L, 2024/2737, 31.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/2737/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/2737/oj
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2737 |
31.10.2024 |
COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA hAIRMÉINE MAIDIR LEIS AN GCOMHAR IDIR GNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH UM CHOMHAR CEARTAIS CHOIRIÚIL (EUROJUST) AGUS ÚDARÁIS PHOBLACHT NA hAIRMÉINE ATÁ INNIÚIL I GCOMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA
Tá AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,
agus
POBLACHT NA hAIRMÉINE, dá ngairtear ‘an Airméin’ anseo feasta,
dá ngairtear ‘na Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta,
AG FÉACHAINT do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle (1) (‘Rialachán Eurojust’), mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 47, Airteagal 52(1) agus Airteagal 56(2) de Rialachán Eurojust, agus lena n-aisghairtear an Cinneadh sin,
AG FÉACHAINT, go háirithe, d’Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán Eurojust, ina leagtar amach na prionsabail ghinearálta maidir le sonraí pearsanta a aistriú ó Eurojust chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ar dá mbun a fhéadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
I bhFIANAISE leasanna Eurojust agus na hAirméine araon maidir le dlúthchomhar dinimiciúil breithiúnach a fhorbairt in ábhair choiriúla chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach, go háirithe an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht, agus coimircí iomchuí á n-áirithiú an tráth céanna maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, lena n-áirítear príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta,
ÓS DEIMHIN LEO go rachaidh comhar breithiúnach idir Eurojust agus an Airméin chun tairbhe don dá thaobh agus go gcuideoidh sé le limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais an Aontais a fhorbairt,
ÓS RUD É gur dhaingnigh an Airméin Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa (ETS Uimh. 108) maidir le Daoine Aonair a Chosaint i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch, arna dhéanamh in Strasbourg an 28 Eanáir 1981, agus a Phrótacal leasaitheach (CETS Uimh. 223), arna dhéanamh in Strasbourg an 10 Deireadh Fómhair 2018, a bhfuil ról bunúsach ag an dá cheann acu i gcóras cosanta sonraí Eurojust,
I bhFIANAISE an ardleibhéil cosanta do shonraí pearsanta san Aontas agus san Airméin,
AGUS URRAIM Á TABHAIRT ACU DO Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa (ETS Uimh. 5) chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna dhéanamh sa Roimh an 4 Samhain 1950, rud a léirítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CAIBIDIL I
CUSPÓIRÍ, RAON FEIDHME AGUS FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal 1
Cuspóirí
1. Is é is cuspóir foriomlán don Chomhaontú seo feabhas a chur ar an gcomhar idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAirméine chun coireanna tromchúiseacha a chomhrac.
2. Leis an gComhaontú seo ceadaítear sonraí pearsanta a aistriú idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAirméine, chun tacú agus treisiú leis an ngníomhaíocht a dhéanann údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais agus údaráis inniúla na hAirméine, mar aon lena gcomhar i ndáil le coireacht thromchúiseach, lena n-áirítear coireacht eagraithe agus sceimhlitheoireacht, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus coimircí iomchuí a áirithiú i ndáil le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, lena n-áirítear príobháideachas agus cosaint sonraí.
Airteagal 2
Raon feidhme
Áiritheoidh na Páirtithe go gcomhoibreoidh Eurojust agus údaráis inniúla na hAirméine i réimsí gníomhaíochtaí Eurojust agus laistigh d’inniúlacht agus cúraimí Eurojust, mar a leagtar amach i Rialachán Eurojust, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus sa Chomhaontú seo.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críoch an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘Eurojust’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, arna bunú le Rialachán Eurojust, lena n-áirítear aon leasú a dhéanfar air ina dhiaidh sin; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘Ballstáit’ Ballstáit an Aontais; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’, i gcás an Aontais, Eurojust agus, i gcás na hAirméine, údarás intíre ar a bhfuil freagrachtaí faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena n-áirítear cur chun feidhme ionstraimí comhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘comhlachtaí an Aontais’ institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, mar aon le misin nó oibríochtaí arna mbunú faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, arna gcur ar bun leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó arna gcur ar bun ar bhonn na gconarthaí sin, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘coireacht thromchúiseach’ na saghsanna coireachta a bhfuil Eurojust inniúil ina leith, go háirithe na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear cionta coiriúla gaolmhara; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘cionta coiriúla gaolmhara’ na cionta coiriúla a dhéantar chun modh a fháil le coireanna tromchúiseacha a dhéanamh, chun coireanna tromchúiseacha a éascú nó a dhéanamh nó chun saoirse ó phionós a áirithiú dóibh siúd a dhéanann coireanna tromchúiseacha; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘Cúntóir’ duine a fhéadfaidh cúnamh a thabhairt do Chomhalta Náisiúnta, dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn II, de Rialachán Eurojust, agus do Leas-Chomhalta an Chomhalta Náisiúnta, nó don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, dá dtagraítear i Rialachán Eurojust agus in Airteagal 5 den Chomhaontú seo faoi seach; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘Ionchúisitheoir Idirchaidrimh’ duine ag a bhfuil feidhm ionchúisitheora phoiblí nó breithimh san Airméin i gcomhréir lena dlí náisiúnta agus atá ar iasacht ón Airméin do Eurojust, de bhun Airteagal 5 den Chomhaontú seo; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘Giúistís Idirchaidrimh’ giúistís dá dtagraítear i Rialachán Eurojust arna phostú ag Eurojust chuig an Airméin de bhun Airteagal 8 den Chomhaontú seo; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon sonraí a bhaineann le hábhar sonraí; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘próiseáil’, aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘ábhar sonraí’ duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta; is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe faoi threoir aitheantóra amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh nó aitheantóir ar líne nó faoi threoir toisce amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiciúil, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine sin; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘sonraí géiniteacha’ sonraí pearsanta a bhaineann le tréithe géiniteacha duine aonair, ar tréithe ó oidhreacht nó faighte iad, a thugann sainfhaisnéis faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine aonair sin, ar sonraí iad a fuarthas go háirithe mar thoradh ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch ón duine aonair atá i gceist; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil shonrach agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘faisnéis’ sonraí pearsanta agus neamhphearsanta; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí pearsanta’ sárú ar shlándáil as a dtagann díothú, caillteanas, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’, i gcás an Aontais, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus, i gcás na hAirméine, údarás poiblí neamhspleách intíre atá freagrach as cosaint sonraí i gcomhréir lehAirteagal 21, agus a bhí faoi réir fógra de bhun Airteagal 28(3). |
Airteagal 4
Pointí teagmhála
1. Ainmneoidh an Airméin pointe teagmhála amháin ar a laghad laistigh dá húdaráis inniúla intíre chun an chumarsáid agus an comhar idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAirméine a éascú. Ní bheidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh ina phointe teagmhála.
Ainmneoidh an Airméin an pointe teagmhála sin mar a pointe teagmhála le haghaidh ábhair sceimhlitheoireachta freisin.
2. Tabharfar fógra don Aontas faoin bpointe teagmhála. Cuirfidh an Airméin Eurojust ar an eolas i gcás ina dtiocfaidh athrú ar an bpointe teagmhála.
Airteagal 5
An tIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus an fhoireann
1. Chun an comhar dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo a éascú, tabharfaidh an Airméin Ionchúisitheoir Idirchaidrimh ar iasacht do Eurojust.
2. Is í an Airméin, i gcomhaontú le Eurojust, a chinnfidh sainordú agus fad iasachta an Ionchúisitheora Idirchaidrimh.
3. Féadfaidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh cúnamh a fháil ó Chúntóir amháin nó níos mó agus ó fhoireann tacaíochta eile, de réir an ualach oibre agus i gcomhaontú le Eurojust. I gcás inar gá, féadfaidh na Cúntóirí teacht in ionad an Ionchúisitheora Idirchaidrimh nó gníomhú thar a cheann.
4. Áiritheoidh an Airméin go mbeidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh inniúil chun gníomhú i ndáil le húdaráis bhreithiúnacha eachtracha.
5. Beidh rochtain ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh ar an bhfaisnéis atá sna taifid choiriúla intíre nó in aon chlár eile de chuid na hAirméine, i gcomhréir lena dlí náisiúnta.
6. Beidh sé de chumhacht ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh dul i dteagmháil go díreach le húdaráis inniúla na hAirméine.
7. Cuirfidh an Airméin Eurojust ar an eolas faoi chineál beacht agus faoi mhéid beacht na gcumhachtaí breithiúnacha a thugtar don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus do Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh laistigh den Airméin chun a gcúraimí a chur i gcrích i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
8. Déanfar na sonraí maidir le cúraimí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh, a gcearta agus a n-oibleagáidí agus na costais lena mbaineann a rialú le socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAirméine i gcomhréir le hAirteagal 26.
9. Cinnfidh Eurojust go mbeidh doiciméid oibre an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh ina ndoiciméid oibre dosháraithe.
Airteagal 6
Cruinnithe oibríochtúla agus straitéiseacha
1. Féadfaidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh, Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus ionadaithe eile ó údaráis inniúla de chuid na hAirméine, lena n-áirítear na pointí teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 4, páirt a ghlacadh i gcruinnithe maidir le hábhair straitéiseacha, ar chuireadh ó Uachtarán Eurojust, agus i gcruinnithe maidir le hábhair oibríochtúla le formheas na gComhaltaí Náisiúnta lena mbaineann.
2. Féadfaidh Comhaltaí Náisiúnta, a Leas-Chomhaltaí agus a gCúntóirí, Stiúrthóir Riaracháin Eurojust agus foireann Eurojust freastal ar chruinnithe arna n-eagrú ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, nó ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh nó ag ionadaithe eile ó údaráis inniúla de chuid na hAirméine, lena n-áirítear na pointí teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 4.
Airteagal 7
Foirne Comhpháirteacha Imscrúdaithe
1. Féadfaidh Eurojust cúnamh a thabhairt don Airméin foirne comhpháirteacha imscrúdaithe (JITanna) a bhunú le húdaráis náisiúnta Ballstáit de bhun an bhunúis dlí is infheidhme eatarthu lena gcumasaítear comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, amhail comhaontuithe maidir le cúnamh frithpháirteach.
2. D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar Eurojust cúnamh airgeadais nó teicniúil a sholáthar chun JIT a oibriú, ar foireann í lena dtacaíonn sé go hoibríochtúil.
Airteagal 8
An Giúistís Idirchaidrimh
1. Chun comhar breithiúnach leis an Airméin a éascú, féadfaidh Eurojust Giúistís Idirchaidrimh a phostú chun na hAirméine i gcomhréir le Rialachán Eurojust.
2. Déanfar na sonraí maidir le cúraimí, cearta agus oibleagáidí an Ghiúistís Idirchaidrimh agus na costais lena mbaineann a rialú le socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAirméine i gcomhréir le hAirteagal 26.
CAIBIDIL II
MALARTÚ FAISNÉISE AGUS COSAINT SONRAÍ
Airteagal 9
Na cuspóirí a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta
1. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a iarrtar agus a fhaightear faoin gComhaontú seo a phróiseáil ach amháin chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorchur, laistigh de theorainneacha Airteagal 10(6) agus de shainorduithe na n-údarás inniúil féin.
2. Léireoidh na húdaráis inniúla go soiléir, tráth aistriú na sonraí pearsanta ar a dhéanaí, an cuspóir sonrach nó na cuspóirí sonracha dá bhfuil na sonraí á n-aistriú.
Airteagal 10
Prionsabail ghinearálta cosanta sonraí
1. Déanfaidh gach Páirtí foráil maidir le sonraí pearsanta a aistreofar agus a phróiseálfar ina dhiaidh sin faoin gComhaontú seo mar a leanas:
|
(a) |
próiseálfar iad go cóir, go dleathach, ar bhealach trédhearcach agus le haghaidh na gcuspóirí dár aistríodh iad i gcomhréir le hAirteagal 9, agus le haghaidh na gcuspóirí sin amháin; |
|
(b) |
beidh siad leordhóthanach, ábhartha agus ní bheidh siad iomarcach i ndáil leis na cuspóirí dá ndéantar próiseáil orthu; |
|
(c) |
beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar cothrom le dáta iad; forálfaidh gach Páirtí go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gach beart réasúnta lena áirithiú go scriosfar nó go gceartófar gan moill mhíchuí sonraí pearsanta atá míchruinn, ag féachaint do na cuspóirí dá ndéantar iad a phróiseáil; |
|
(d) |
coimeádfar iad i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá le haghaidh na gcuspóirí dá ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil; |
|
(e) |
déanfar iad a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chaillteanas, díothú nó damáiste timpisteach, trí úsáid a bhaint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla. |
2. Féadfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil na sonraí pearsanta á n-aistriú aige (‘údarás an aistrithe’), tráth aistriú na sonraí pearsanta, aon srian ar rochtain orthu nó ar an úsáid atá le baint astu a shonrú i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, lena n-áirítear maidir lena n-aistriú ar aghaidh, lena léirscriosadh nó lena ndíothú tar éis tréimhse áirithe ama, nó maidir leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis sonraí pearsanta a aistriú, cuirfidh údarás an aistrithe an t-údarás inniúil a fhaigheann na sonraí pearsanta (‘an t-údarás is faighteoir’) ar an eolas dá réir sin.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go gcomhlíonfaidh an t-údarás is faighteoir aon srian ar rochtain nó ar úsáid na sonraí pearsanta arna chur in iúl ag údarás an aistrithedá dtagraítear i mír 2.
4. Forálfaidh gach Páirtí go gcuirfidh a údaráis inniúla bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme chun go mbeifear in ann a thaispeáint go gcomhlíonann an phróiseáil sonraí an Comhaontú seo agus go gcosnófar cearta na n-ábhar sonraí lena mbaineann.
5. Comhlíonfaidh gach Páirtí na coimircí dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo gan beann ar náisiúntacht an ábhair sonraí lena mbaineann agus gan idirdhealú.
6. Áiritheoidh gach Páirtí nach bhfuarthas sonraí pearsanta arna n-aistriú faoin gComhaontú seo de shárú ar chearta an duine a aithnítear leis an dlí idirnáisiúnta atá ina cheangal ar na Páirtithe.
Áiritheoidh gach Páirtí nach mbainfear úsáid as na sonraí pearsanta a fhaightear chun pionós an bháis nó aon chineál íde atá cruálach nó mídhaonna a iarraidh, a thabhairt nó a chur i gcrích.
7. Áiritheoidh gach Páirtí go gcoimeádfar taifead de gach aistriú sonraí pearsanta faoin Airteagal seo agus de chuspóirí na n-aistrithe sin.
Airteagal 11
Catagóirí na n-ábhar sonraí agus catagóirí speisialta sonraí pearsanta
1. Ní cheadófar aistriú sonraí pearsanta maidir le híospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile ar féidir leo faisnéis a sholáthar maidir le cionta coiriúla ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach agus comhréireach i gcásanna aonair chun coir thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
2. Ní cheadófar aistriú sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ná ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha a phróiseáiltear chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an tsláinte, ná sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach agus comhréireach i gcásanna aonair chun coir thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
3. Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta faoi mhíreanna 1 agus 2 faoi réir coimircí breise, lena n-áirítear srianta ar rochtain, bearta slándála breise agus srianta ar aistrithe ar aghaidh.
Airteagal 12
Uathphróiseáil sonraí pearsanta
Toirmiscfear cinntí atá bunaithe go huile agus go hiomlán ar uathphróiseáil na sonraí pearsanta a aistrítear, lena n-áirítear próifíliú, a mbíonn éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil acu ar an ábhar sonraí nó a dhéanann difear mór dó nó di, mura n-údaraítear iad de réir dlí chun coireacht thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh lena soláthraítear coimircí iomchuí do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí, lena n-áirítear ar a laghad an ceart chun idirghabháil dhaonna a fháil.
Airteagal 13
Na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh
1. Áiritheoidh an Airméin go dtoirmiscfear ar a húdaráis inniúla sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a aistriú chuig údaráis eile san Airméin, mura gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
tá údarú sainráite tugtha ag Eurojust roimh ré; |
|
(b) |
is le haghaidh an chuspóra dár aistríodh na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 9 atá an t-aistriú ar aghaidh á dhéanamh, agus le haghaidh an chuspóra sin amháin; agus |
|
(c) |
tá an t-aistriú faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh. |
Gan dochar d’Airteagal 10(2), níl gá le réamhúdarú i gcás ina gcomhroinntear sonraí pearsanta i measc údarás inniúil de chuid na hAirméine.
2. Áiritheoidh an Airméin go dtoirmiscfear ar a húdaráis inniúla sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
baineann an t-aistriú ar aghaidh le sonraí pearsanta seachas na sonraí a chumhdaítear le hAirteagal 11; |
|
(b) |
tá údarú sainráite tugtha ag Eurojust roimh ré; agus |
|
(c) |
is ionann cuspóir an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir an aistrithe ag Eurojust. |
3. Ní thabharfaidh Eurojust a údarú de bhun mhír 2, pointe (b), ach amháin má tá agus a mhéid atá cinneadh leordhóthanachta, comhaontú comhair, nó comhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha maidir le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, de réir bhrí Rialachán Eurojust, i ngach cás lena gcumhdaítear an t-aistriú ar aghaidh.
4. Áiritheoidh an tAontas go dtoirmiscfear ar Eurojust sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a aistriú chuig comhlachtaí an Aontais nach liostaítear in Iarscríbhinn III, chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
baineann an t-aistriú le sonraí pearsanta seachas na sonraí pearsanta a chumhdaítear le hAirteagal 11; |
|
(b) |
tá údarú sainráite tugtha ag an Airméin roimh ré; |
|
(c) |
is ionann cuspóir an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir an aistrithe ag údarás aistrithe na hAirméine; agus |
|
(d) |
i gcás aistriú ar aghaidh chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, tá cinneadh leordhóthanachta, comhaontú comhair, nó comhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha maidir le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, de réir bhrí Rialachán Eurojust, i ngach cás lena gcumhdaítear an t-aistriú ar aghaidh. |
Níl feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír nuair a roinneann Eurojust na sonraí pearsanta le comhlachtaí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III nó le húdaráis na mBallstát atá freagrach as coireacht thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
Airteagal 14
Ceart rochtana
1. Déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le ceart an ábhair sonraí deimhniú a fháil ó na húdaráis a phróiseálann na sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo i dtaobh an ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leis a phróiseáil faoin gComhaontú seo agus, i gcás inarb amhlaidh, rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
cuspóirí agus bunús dlí na próiseála, na catagóirí sonraí lena mbaineann, agus, i gcás inarb infheidhme, na faighteoirí nó na catagóirí faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh; |
|
(b) |
gurb ann don cheart ceartú nó léirscriosadh sonraí pearsanta, nó srianadh ar phróiseáil sonraí pearsanta, a fháil ón údarás; |
|
(c) |
i gcás inar féidir, fad na tréimhse atá beartaithe ina stórálfar na sonraí pearsanta nó, i gcás nach féidir é sin a thabhairt, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh; |
|
(d) |
na sonraí pearsanta a bhfuil próiseáil á déanamh orthu a chur in iúl i bhfoirm shoiléir shothuigthe mar aon le haon fhaisnéis atá ar fáil maidir le foinsí na sonraí sin; |
|
(e) |
an ceart gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 21 agus a shonraí teagmhála. |
I gcásanna ina bhfeidhmítear an ceart rochtana dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachfar i gcomhairle le húdarás an aistrithe ar bhonn neamhcheangailteach sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarraidh ar rochtain.
2. Déanfaidh na Páirtithe foráil go dtabharfaidh an t-údarás lena mbaineann aghaidh ar an iarraidh gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de thréimhse míosa ón iarraidh a fháil. Féadfaidh an t-údarás lena mbaineann síneadh a chur leis an tréimhse sin i bhfianaise na n-iarrachtaí is gá chun aghaidh a thabhairt ar an iarraidh, ach ní bheidh sí níos faide ná 3 mhí i gcás ar bith.
3. Féadfaidh na Páirtithe foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht moill a chur ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 nó í a dhiúltú nó a shrianadh a mhéid is gur beart é an mhoill, diúltú nó an srianadh sin a bhfuil gá leis nó atá réasúnta agus comhréireach agus fad atá sin amhlaidh, agus cearta bunúsacha agus leasanna bunúsacha an ábhair sonraí á gcur san áireamh acu, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint; |
|
(b) |
dochar do chosc, do bhrath, d’imscrúdú nó d’ionchúiseamh cionta coiriúla nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil a sheachaint; |
|
(c) |
an tslándáil phoiblí a chosaint; |
|
(d) |
an tslándáil náisiúnta a chosaint; nó |
|
(e) |
cearta agus saoirsí daoine eile, amhail íospartaigh agus finnéithe, a chosaint. |
4. Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh an t-údarás lena mbaineann an t-ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
aon mhoill, aon diúltú nó aon srian ar rochtain agus na cúiseanna atá leis sin; agus |
|
(b) |
an deis gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta lena mbaineann nó an deis leigheas breithiúnach a lorg. |
An fhaisnéis a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, féadfar í a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh soláthar na faisnéise sin an bonn de chuspóir na moille, an diúltaithe nó an tsriain faoi mhír 3.
Airteagal 15
An ceart go ndéanfaí ceartúchán, léirscriosadh nó srianadh
1. Déanfaidh na Páirtithe foráil go mbeidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí ceartú a fháil ó na húdaráis a phróiseálann sonraí pearsanta a aistríodh faoin gComhaontú seo ar shonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis an ábhar sonraí. Agus cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh, áirítear leis an gceart go ndéanfaí ceartúchán an ceart go gcomhlánófaí sonraí pearsanta atá neamhiomlána a aistríodh faoin gComhaontú seo.
2. Déanfaidh na Páirtithe foráil go mbeidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí léirscriosadh sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a fháil ó na húdaráis a phróiseálann sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo i gcás ina sáraíonn próiseáil na sonraí pearsanta Airteagal 10(1) nó Airteagal 11(2), nó i gcás nach mór na sonraí pearsanta a léirscriosadh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil na húdaráis faoina réir.
3. Féadfaidh na Páirtithe foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na húdaráis srian ar phróiseáil a dheonú seachas sonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a cheartú nó a léirscriosadh sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina gconspóidíonn an t-ábhar sonraí cruinneas na sonraí pearsanta agus nach féidir a gcruinneas nó a míchruinneas a fhionnadh; nó |
|
(b) |
i gcás nach mór na sonraí pearsanta a choimeád chun críocha fianaise. |
4. Cuirfidh údarás an aistrithe agus an t-údarás a bheidh ag próiseáil na sonraí pearsanta a chéile ar an eolas faoi na cásanna dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3. Déanfaidh an t-údarás a phróiseálfaidh na sonraí sin próiseáil na sonraí pearsanta lena mbaineann a cheartú, a léirscriosadh nó a shrianadh i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a dhéanfaidh údarás an aistrithe.
5. Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh an t-údarás a fuair iarraidh faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 in iúl don ábhar sonraí i scríbhinn gan moill mhíchuí gur ceartaíodh nó gur léirscriosadh na sonraí pearsanta, nó gur srianadh a bpróiseáil.
6. Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh an t-údarás a fuair iarraidh faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 an t-ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
aon diúltú ar an iarraidh agus na cúiseanna atá leis; |
|
(b) |
an fhéidearthacht chun gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta; lena mbaineann; agus |
|
(c) |
an fhéidearthacht leigheas breithiúnach a lorg. |
Féadfar an fhaisnéis a liostaítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, a fhágáil ar lár faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14(3).
Airteagal 16
Fógra faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann
1. Déanfaidh na Páirtithe foráil, i gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta a dhéanann difear do shonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo, go dtabharfaidh a n-údaráis féin fógra dá chéile agus dá n-údarás maoirseachta féin gan mhoill faoin sárú sin agus, mura rud é nach dócha go mbeidh riosca ann mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, agus go ndéanfaidh siad bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú sin a mhaolú.
2. Tabharfar tuairisc ar an méid seo a leanas ar a laghad san fhógra:
|
(a) |
tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus líon na n-ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus líon na dtaifead sonraí pearsanta lena mbaineann; |
|
(b) |
iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta; |
|
(c) |
na bearta atá déanta ag an údarás a phróiseálfaidh na sonraí nó atá beartaithe aige a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, na bearta atá déanta chun aon éifeacht díobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú. |
3. I gcás nach féidir, agus a mhéid nach féidir, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil an tráth céanna, féadfar an fhaisnéis a sholáthar i gcéimeanna gan tuilleadh moille míchuí.
4. Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil go ndéanfaidh a n-údaráis féin aon sárú i ndáil le sonraí pearsanta a dhéanann difear do na sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo a dhoiciméadú, lena n-áirítear na fíricí a bhaineann leis an sárú, na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, rud a chuirfidh ar chumas a n-údarás maoirseachta féin a fhíorú go bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh.
Airteagal 17
Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí
1. I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 16 ar dócha go mbeidh riosca ard ag baint leis maidir le cearta agus le saoirsí na ndaoine nádúrtha, déanfaidh na Páirtithe foráil maidir lena n-údaráis féin an sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí gan moill mhíchuí.
2. Agus é sin á chur in iúl don ábhar sonraí de bhun mhír 1, tabharfar tuairisc i dteanga shoiléir shimplí ar chineál an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta agus áireofar ar a laghad na heilimintí dá bhforáiltear in Airteagal 16(2), pointe (b) agus pointe (c).
3. An chumarsáid a chur chuig an ábhar sonraí dá dtagraítear i mír 1, ní ceanglófar sin sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
bhí na sonraí pearsanta a bhaineann leis an sárú faoi réir bearta iomchuí teicneolaíocha agus eagraíochtúla cosanta a fhágann nach mbeidh aon duine nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí in ann iad a thuiscint; |
|
(b) |
rinneadh bearta ina dhiaidh sin lena n-áirithítear, i gcás an riosca ard do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí, nach dócha go dtiocfaidh an riosca sin chun cinn a thuilleadh; nó |
|
(c) |
bheadh iarracht dhíréireach ag baint le teachtaireacht den sórt sin, go háirithe i ngeall ar líon na gcásanna lena mbaineann. I gcás den sórt sin, eiseoidh an t-údarás teachtaireacht phoiblí nó glacfar beart comhchosúil trína dtabharfar fógra do na hábhair sonraí ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna. |
4. Féadfar moill a chur ar an gcumarsáid chuig an ábhar sonraí nó féadfar í a shrianadh nó a fhágáil ar lár faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14(3).
Airteagal 18
Sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a léirscriosadh
1. Déanfaidh na Páirtithe foráil go mbunófar teorainneacha ama iomchuí maidir le sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a stóráil nó maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an ngá atá leis na sonraí sin a stóráil, ionas nach stórálfar na sonraí sin ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na críche dá n-aistrítear iad.
2. In aon chás, déanfar athbhreithniú ar an ngá le stóráil leanúnach tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis aistriú na sonraí pearsanta.
3. I gcás ina bhfuil cúis ag údarás inniúil an aistrithe a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a d’aistrigh sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t-údarás is faighteoir ar an eolas, a cheartóidh nó a scriosfaidh na sonraí pearsanta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás an aistrithe.
4. I gcás ina bhfuil cúis ag údarás inniúil a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a fuair sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé údarás inniúil an aistrithe ar an eolas, a chuirfidh a sheasamh ar fáil maidir leis an ábhar.
I gcás ina gcinnfidh údarás an aistrithe go bhfuil na sonraí pearsanta mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t-údarás is faighteoir ar an eolas, a cheartóidh nó a scriosfaidh na sonraí pearsanta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás an aistrithe.
Airteagal 19
Logáil agus doiciméadacht
1. Déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le logaí nó doiciméadacht eile a choimeád i ndáil le bailiú, athrú, rochtain, nochtadh, lena n-áirítear aistriú ar aghaidh, comhcheangal agus léirscriosadh sonraí pearsanta.
2. Cuirfear na logaí nó an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don údarás maoirseachta arna iarraidh sin dó agus ní úsáidfear iad ach chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun sláine agus slándáil iomchuí sonraí a áirithiú.
Airteagal 20
Slándáil sonraí
1. Áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun sonraí pearsanta a aistreofar faoin gComhaontú seo a chosaint.
2. Maidir le huathphróiseáil sonraí, áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear bearta chun feidhme a bheidh ceaptha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
rochtain ar threalamh próiseála sonraí a úsáidtear le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta (‘rialú rochtana ar threalamh’) a shéanadh ar dhaoine neamhúdaraithe; |
|
(b) |
cosc a chur ar mheáin sonraí a bheith á léamh, á gcóipeáil, á modhnú nó á mbaint ar bhealach neamhúdaraithe (‘rialú meán sonraí’); |
|
(c) |
ionchur neamhúdaraithe sonraí pearsanta a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, modhnú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí pearsanta stóráilte (‘rialú stórála’); |
|
(d) |
cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (‘rialú úsáideoirí’); |
|
(e) |
a áirithiú nach mbeidh rochtain ag daoine atá údaraithe chun córas uathphróiseála sonraí a úsáid ach ar na sonraí atá cumhdaithe faoina n-údarú rochtana (‘rialú rochtana ar shonraí’); |
|
(f) |
a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shocrú cé na heintitis a bhféadfaí sonraí pearsanta a tharchur chucu nó a bhfuil sonraí pearsanta tarchurtha chucu agus úsáid á baint as trealamh cumarsáide sonraí (‘rialú cumarsáide’); |
|
(g) |
a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé acu na sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála sonraí, cén uair a cuireadh isteach na sonraí agus cé a chuir isteach iad (‘rialú ionchuir’); |
|
(h) |
cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn a n-aistriú nó le linn meáin sonraí a aistriú (‘rialú iompair’); |
|
(i) |
a áirithiú gur féidir córais atá suiteáilte, i gcás idirbhriste, a aischur láithreach (‘athshlánú’); |
|
(j) |
a áirithiú go bhfeidhmeoidh feidhmeanna an chórais gan locht, go ndéanfar lochtanna a thiocfaidh aníos sna feidhmeanna a thuairisciú láithreach (‘iontaofacht’) agus nach bhféadfar mífheidhmeanna córais sonraí pearsanta stóráilte a thruailliú (‘sláine’). |
Airteagal 21
An t-údarás maoirseachta
1. Déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le húdarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó a bheidh freagrach as cosaint sonraí chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar é, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.
2. Áiritheoidh na Páirtithe an méid seo a leanas:
|
(a) |
gníomhóidh an t-údarás maoirseachta ar bhealach a bheidh go hiomlán neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige; |
|
(b) |
tá gach údarás maoirseachta saor ó thionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní fhéachann sé le treoracha ná ní ghlacann sé le treoracha; |
|
(c) |
beidh téarma oifige slán ag comhaltaí gach údaráis maoirseachta, lena n-áirítear coimircí i gcoinne baint threallach. |
3. Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar is gá ag gach údarás maoirseachta chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach.
4. Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaithe agus idirghabhála ag gach údarás maoirseachta chun maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a ndéanann sé maoirseacht orthu agus chun dul i mbun imeachtaí dlíthiúla.
5. Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh cumhachtaí ag gach údarás maoirseachta gearáin a éisteacht ó dhaoine aonair maidir le húsáid a sonraí pearsanta.
Airteagal 22
An Ceart chun leighis éifeachtaigh bhreithiúnaigh
1. Áiritheoidh na Páirtithe, gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach eile, go mbeidh an ceart ag gach ábhar sonraí leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcás ina measann sé nó sí gur sáraíodh a chearta nó a cearta a ráthaítear faoin gComhaontú seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta i neamhchomhlíonadh an Chomhaontaithe seo.
2. Áireofar leis an gceart chun leighis éifeachtaigh bhreithiúnaigh an ceart chun cúiteamh a fháil as aon damáiste a rinneadh don ábhar sonraí leis an bpróiseáil sin mar thoradh ar shárú ar an gComhaontú agus faoi na coinníollacha a leagtar amach i gcreat dlíthiúil gach Páirtí faoi seach.
CAIBIDIL III
RÚNDACHT FAISNÉISE
Airteagal 23
Faisnéis rúnaicmithe AE nó faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú
Déanfar malartú faisnéise rúnaicmithe nó faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe AE, más gá faoin gComhaontú seo, agus cosaint na faisnéise sin a rialú le socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAirméine.
CAIBIDIL IV
DLITE
Airteagal 24
Dliteanas agus cúiteamh
1. Beidh na húdaráis inniúla faoi dhliteanas, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla faoi seach, i leith aon damáiste a dhéanfar do dhuine mar thoradh ar earráidí dlíthiúla nó fíorasacha san fhaisnéis a mhalartaítear. Chun dliteanas a sheachaint faoina gcreataí dlíthiúla faoi seach i leith duine aonair díobhálaithe, ní fhéadfaidh Eurojust ná údaráis inniúla na hAirméine a phléadáil go raibh faisnéis mhíchruinn aistrithe ag an údarás eile.
2. Má d’íoc údarás inniúil cúiteamh le duine aonair faoi mhír 1, agus má bhí a dhliteanas mar thoradh ar an úsáid a bhain sé as faisnéis a chuir an t-údarás inniúil eile in iúl go hearráideach, nó a cuireadh in iúl mar thoradh ar mhainneachtain an údaráis inniúil eile a oibleagáidí a chomhlíonadh, aisíocfaidh an t-údarás inniúil eile an méid a íocadh mar chúiteamh, mura rud é gur úsáideadh an fhaisnéis de shárú ar an gComhaontú seo.
3. Ní chuirfidh Eurojust ná údaráis inniúla na hAirméine ceangal ar a chéile cúiteamh a aisíoc as damáistí pionósacha nó neamhchúiteacha.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 25
Speansais
Áiritheoidh na Páirtithe go n-iompróidh na húdaráis inniúla a gcostais féin, ar costais iad a thagann chun cinn le linn chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, mura sonraítear a mhalairt sa Chomhaontú seo nó sa socrú oibre.
Airteagal 26
Socrú oibre
1. Beidh mionsonraí an chomhair idir na Páirtithe chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme faoi rialú ag socrú oibre a thabharfar i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAirméine, i gcomhréir le Rialachán Eurojust.
2. Cuirfear an socrú oibre in ionad aon socrú oibre atá ann cheana arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na hAirméine.
Airteagal 27
Ceangal le hionstraimí idirnáisiúnta eile
Tá an Comhaontú seo gan dochar d’aon chomhaontaithe dhéthaobhaigh nó iltaobhaigh maidir le comhar nó aon chonartha maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, d’aon chomhaontú nó socrú comhair eile, ná do chaidreamh comhair bhreithiúnaigh ar leibhéal oibre in ábhair choiriúla idir an Airméin agus aon Bhallstát, agus ní dhéanfaidh an Comhaontú seo difear ná tionchar ar bith eile dóibh.
Airteagal 28
Fógra a thabhairt maidir le cur chun feidhme
1. Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh gach údarás inniúil a shonraí teagmhála ar fáil go poiblí mar aon le doiciméad ina leagfar amach, agus teanga shoiléir shimplí á húsáid, faisnéis maidir leis na coimircí le haghaidh sonraí pearsanta a ráthaítear faoin gComhaontú seo, lena n-áirítear faisnéis lena gcumhdaítear ar a laghad na míreanna dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointí (a) agus (c), agus na modhanna atá ar fáil chun cearta na n-ábhar sonraí a fheidhmiú. Áiritheoidh gach Páirtí go soláthrófar cóip den doiciméad sin don Pháirtí eile.
2. Mura bhfuil siad i bhfeidhm cheana, glacfaidh na húdaráis inniúla rialacha lena sonraítear conas a dhéanfar comhlíonadh na bhforálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a fhorfheidhmiú go praiticiúil. Chuirfear cóip de na rialacha sin chuig an bPáirtí eile agus a n-údarás maoirseachta faoi seach.
3. Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile maidir leis an údarás maoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus as a áirithiú go gcomhlíonfar an Comhaontú seo i gcomhréir le hAirteagal 21.
Airteagal 29
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Déanfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.
2. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa ar lena linn a thug na Páirtithe fógra dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 curtha i gcrích.
3. Beidh feidhm ag an gComhaontú seo ón gcéad lá tar éis an dáta a gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas uile:
|
(a) |
tá socrú oibre dá dtagraítear in Airteagal 26 sínithe ag na Páirtithe; |
|
(b) |
tá fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú seo curtha chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd a leagtar síos in Airteagal 28; agus |
|
(c) |
chuir gach Páirtí in iúl don Pháirtí a thugann fógra gur glacadh leis an bhfógra de bhun phointe (b) den fhomhír seo. |
Tabharfaidh na Páirtithe fógra i scríbhinn dá chéile lena ndaingneofar comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír.
Airteagal 30
Leasuithe
1. Féadfar leasuithe ar an gComhaontú seo a dhéanamh i scríbhinn tráth ar bith de chomhthoil idir na Páirtithe. Beidh leasuithe den chineál sin i ndoiciméad ar leith, agus é sínithe go cuí. Is i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar amach in Airteagal 29(1) agus (2) a thiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm.
2. Féadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le nuashonraithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo trí nótaí taidhleoireachta a mhalartú.
Airteagal 31
Athbhreithniú agus meastóireacht
1. Déanfaidh na Páirtithe cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a athbhreithniú go comhpháirteach bliain amháin tar éis an dáta teacht i bhfeidhm, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus nuair a iarrann ceachtar Páirtí amhlaidh agus má tháinig na Páirtithe ar chomhaontú maidir leis.
2. Déanfaidh na Páirtithe meastóireacht chomhpháirteach ar an gComhaontú seo 4 bliana tar éis a dháta teacht i bhfeidhm.
3. Déanfaidh na Páirtithe cinneadh roimh ré maidir le mionsonraithe an athbhreithnithe agus cuirfidh siad comhdhéanamh a bhfoirne féin in iúl dá chéile. Áireofar ar gach foireann saineolaithe ábhartha ar chosaint sonraí agus ar an gcomhar breithiúnach. Faoi réir na ndlíthe is infheidhme, ceanglófar ar na rannpháirtithe uile san athbhreithniú rúndacht na bpléití a urramú agus imréitigh shlándála iomchuí a bheith acu. Chun críocha aon athbhreithniú, áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh rochtain ar dhoiciméadacht, ar chórais agus ar fhoirne ábhartha.
Airteagal 32
Díospóidí a réiteach agus fionraí
1. Má thagann díospóid chun cinn i ndáil le léirthuiscint, feidhmiú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus aon ábhar a bhaineann leis, rachaidh ionadaithe na bPáirtithe i mbun comhairliúchán agus caibidlíochtaí d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh comhaontaithe go frithpháirteach.
2. D’ainneoin mhír 1, i gcás sárú ábhartha nó neamhchomhlíonadh oibleagáidí faoin gComhaontú seo nó má tá tásc ann gur dócha go dtarlóidh sárú ábhartha nó neamhchomhlíonadh oibleagáidí den sórt sin go luath amach anseo, féadfaidh ceachtar Páirtí cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile.
Ní thabharfar fógra i scríbhinn den sórt sin go dtí go mbeidh na Páirtithe páirteach i gcomhairliúcháin le linn tréimhse réasúnta gan teacht ar réiteach.
Gabhfaidh éifeacht leis an bhfionraí fiche lá tar éis an dáta a fhaightear fógra den sórt sin. Féadfaidh an Páirtí a chuirfidh an Comhaontú seo ar fiontraí deireadh a chur leis an bhfionraí sin tráth a thabharfar fógra i scríbhinn don Pháirtí eile. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí láithreach a luaithe a gheofar an fógra sin.
3. D’ainneoin cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí, leanfar d’fhaisnéis a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus a aistrítear roimh a fionraí a phróiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
Airteagal 33
Foirceannadh
1. Féadfaidh ceachtar Páirtí fógra a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh 3 mhí tar éis an dáta a fhaightear an fógra.
2. Maidir le faisnéis a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus a aistrítear sula ndéantar í a fhoirceannadh, leanfar de bheith á próiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú seo mar atá i bhfeidhm dáta an fhoirceanta.
3. I gcás ina gcuirfear deireadh leis an gComhaontú, tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le húsáid leanúnach agus stóráil na faisnéise atá curtha in iúl dá chéile acu cheana. Mura dtagtar ar chomhaontú, tá ceachtar Páirtí i dteideal a éileamh go ndéanfaí an fhaisnéis a chuir sé in iúl a scriosadh nó a thabhairt ar ais dó.
Airteagal 34
Fógraí
1. Tabharfar fógraí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 29(2) den Chomhaontú seo:
|
(a) |
don Airméin, chuig Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hAirméine; |
|
(b) |
don Aontas, chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh. |
Déanfar aon fhógra eile a dhéanfar i gcomhréir leis an gComhaontú seo:
|
(a) |
don Airméin, chuig Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hAirméine; |
|
(b) |
don Aontas, chuig an gCoimisiún Eorpach. |
2. Féadfar an fhaisnéis faoi sheolaí na bhfógraí dá dtagraítear i mír 1 a nuashonrú trí bhealaí taidhleoireachta.
Airteagal 35
Téacsanna barántúla
Tarraingeofar an Comhaontú seo suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris agus san Airméinis agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin. I gcás easaontais, beidh forlámhas ag an téacs Béarla.
DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.
IARSCRÍBHINN I
Cineálacha coireachta tromchúisí (Airteagal 3, pointe (5))
|
— |
an sceimhlitheoireacht, |
|
— |
an choireacht eagraithe, |
|
— |
gáinneáil ar dhrugaí, |
|
— |
gníomhaíochtaí sciúradh airgid, |
|
— |
an choireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha, |
|
— |
smuigleáil inimirceach, |
|
— |
gáinneáil ar dhaoine, |
|
— |
an choireacht mhótarfheithicle, |
|
— |
dúnmharú agus mórdhíobháil choirp, |
|
— |
trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna, |
|
— |
fuadach, srianadh neamhdhleathach agus tógáil giall, |
|
— |
ciníochas agus seineafóibe, |
|
— |
robáil agus tromghoid, |
|
— |
gáinneáil neamhdhleathach ar earraí cultúrtha, lena n-áirítear ársaíochtaí agus saothair ealaíne, |
|
— |
caimiléireacht agus calaois, |
|
— |
an choireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais, |
|
— |
déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí airgeadais, |
|
— |
cambheartaíocht agus sracadh, |
|
— |
góchumadh agus píoráideacht táirgí, |
|
— |
brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu, |
|
— |
brionnú airgid agus modhanna íocaíochta, |
|
— |
an choireacht ríomhaire, |
|
— |
éilliú, |
|
— |
gáinneáil aindleathach ar airm, ar armlón agus ar pléascáin, |
|
— |
gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe i mbaol, |
|
— |
gáinneáil aindleathach ar speicis agus cineálacha plandaí atá i mbaol, |
|
— |
an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear truailliú ó longfhoinsí, |
|
— |
gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile, |
|
— |
mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críocha gnéasacha, |
|
— |
cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh. |
Déanfaidh údaráis inniúla na hAirméine na cineálacha coireachta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo a mheasúnú i gcomhréir le dlí na hAirméine.
IARSCRÍBHINN II
Údaráis inniúla Phoblacht na hAirméine agus a n-inniúlachtaí
(Airteagal 3, pointe (3))
Is iad seo a leanas údaráis inniúla na hAirméine a bhféadfaidh Eurojust sonraí a aistriú chucu:
|
Údarás |
Tuairisc ar na hinniúlachtaí |
|
Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta i bPoblacht na hAirméine |
Tá Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta i bPoblacht na hAirméine inniúil faoin dlí náisiúnta chun cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Is é Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta i bPoblacht na hAirméine an tÚdarás Lárnach atá ainmnithe do chomhar dlíthiúil idirnáisiúnta in ábhair choiriúla — imeachtaí, atá ag céim réamhthrialach na n-imscrúduithe. |
|
Aireacht Dlí agus Cirt Phoblacht na hAirméine |
An tÚdarás Lárnach atá ainmnithe le haghaidh comhar dlíthiúil idirnáisiúnta in ábhair choiriúla — imeachtaí, atá ag céim na trialach (nó níos déanaí: e.g. pianbhreitheanna a chur chun feidhme, daoine ar cuireadh pianbhreith orthu a aistriú). |
|
Coiste Fiosrúcháin Phoblacht na hAirméine |
An t-údarás intíre atá údaraithe chun réamh-imscrúdú (imeachtaí coiriúla réamhthrialach) a dhéanamh ar na coireanna líomhnaithe laistigh dá inniúlacht a bheartaítear leis an gCód Nós Imeachta Coiriúil. |
|
Coiste Frith-éillithe Phoblacht na hAirméine |
An t-údarás intíre atá údaraithe chun réamh-imscrúdú (imeachtaí coiriúla réamhthrialach) a dhéanamh ar na coireanna éillithe líomhnaithe laistigh dá inniúlacht a bheartaítear leis an gCód Nós Imeachta Coiriúil. |
|
Cúirteanna Phoblacht na hAirméine Cúirteanna céadchéime a bhfuil dlínse ghinearálta acu Cúirt frith-éillithe An Chúirt Achomhairc Choiriúil An Chúirt Achomhairc Frith-éillithe |
Na húdaráis intíre atá údaraithe chun ionstraimí comhair bhreithiúnaigh a chur chun feidhme in ábhair choiriúla. |
IARSCRÍBHINN III
Liosta comhlachtaí de chuid an Aontais
(Airteagal 3, pointe (4))
Comhlachtaí de chuid an Aontais lenar féidir le Eurojust sonraí pearsanta a chomhroinnt:
|
— |
An Banc Ceannais Eorpach (BCE) |
|
— |
An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) |
|
— |
An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) |
|
— |
Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) |
|
— |
Misin nó oibríochtaí arna mbunú faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, atá teoranta do ghníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí agus do ghníomhaíochtaí breithiúnacha |
|
— |
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) |
|
— |
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) |
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/2737/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)