This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D2273
Decision of the EEA Joint Committee No 130/2023 of 28 April 2023 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2023/2273]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 130/2023 an 28 Aibreán 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2273]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 130/2023 an 28 Aibreán 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2273]
IO L, 2023/2273, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2273/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2273 |
9.11.2023 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 130/2023
an 28 Aibreán 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2273]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/203 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le córais bhainistíochta agus le córais tuairiscithe tarluithe atá le bunú ag na húdaráis inniúla, agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66p (Rialachán (AE) 748/2012 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘- |
32022 R 0203: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/203 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2022 (IO L 33, 15.2.2022, lch. 46).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/203 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 29 Aibreán 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 114/2023 ó Chomhchoiste LEE an 28 Aibreán 2023 (2), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 33, 15.2.2022, lch. 46.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
(2) IO L, 2023/2294, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2294/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2273/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)