EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0799

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 270/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/799]

IO L 106, 20.4.2023, p. 75–76 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/799/oj

20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/75


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 270/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/799]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir (AE) 2019/1151 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasófar pointe 1 (Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach:

‘, arna leasú le:

32019 L 1151: Treoir (AE) 2019/1151 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 80).’

2.

Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach tar éis oiriúnú (c):

‘(d)

A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, beidh feidhm ag Airteagal 13i, Airteagal 13j(2) agus Airteagal 16(6) laistigh de 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 270/2022 ó Chomhchoiste LEE an 23 Meán Fómhair 2022.

(e)

Stáit CSTE a bhfuil deacrachtaí ar leith acu agus Treoir (AE) 2019/1151 á trasuí acu, beidh siad i dteideal moill a chur ar chur i bhfeidhm na Treorach go ceann suas le bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 270/2022 ó Chomhchoiste LEE an 23 Meán Fómhair 2022. Cuirfidh siad cúiseanna oibiachtúla ar fáil maidir leis an ngá le síneadh ama den sórt sin. Tabharfaidh Stáit CSTE fógra d’Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as síneadh den sórt sin faoin lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 270/2022 ó Chomhchoiste LEE an 23 Meán Fómhair 2022.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2019/1151 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)  IO L 186, 11.7.2019, lch. 80.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top