Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0778

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 249/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/778]

IO L 106, 20.4.2023, pp. 47–48 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/778/oj

20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/47


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 249/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/778]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1253 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 a mhéid a bhaineann le tosca inbhuanaitheachta, rioscaí agus sainroghanna a chomhtháthú i gceanglais eagrúcháin áirithe agus i ndálaí oibriúcháin le haghaidh gnólachtaí infheistíochta (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1269 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 lena leasaítear Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 a mhéid a bhaineann le tosca inbhuanaitheachta a chomhtháthú sna hoibleagáidí um rialachas táirgí (2), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 31bah (Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún):

‘—

32021 R 1253: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1253 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 (IO L 277, 2.8.2021, lch. 1).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 31bazj (Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32021 L 1269: Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1269 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 (IO L 277, 2.8.2021, lch. 137).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1253 agus Threoir Tarmligthe (AE) 2021/1269 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 151/2022 ó Chomhchoiste LEE an 29 Aibreán 2022 (3), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)   IO L 277, 2.8.2021, lch. 1.

(2)   IO L 277, 2.8.2021, lch. 137.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(3)   IO L 246, 22.9.2022, lch. 115.


Top