Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D0647

    Cinneadh ó Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh/ICAO an 10 Márta 2022 maidir le glacadh Socraithe Oibre idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i dtaca leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta [2022/647]

    PUB/2022/249

    IO L 118, 20.4.2022, p. 79–84 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/647/oj

    20.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 118/79


    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH/ICAO

    an 10 Márta 2022

    maidir le glacadh Socraithe Oibre idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i dtaca leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta [2022/647]

    TÁ COMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH/ICAO,

    Ag féachaint don Mheabhrán Comhair idir an tAontas Eorpach agus ICAO lena ndéantar foráil maidir le creat comhair fheabhsaithe a síníodh in Montréal agus sa Bhruiséil an 28 Aibreán agus an 4 Bealtaine 2011 (MC), agus go háirithe Airteagal 3.3 agus Airteagal 7.3(c) de;

    Ag féachaint don Iarscríbhinn maidir le Sábháilteacht na hEitlíochta a ghabhann le MC, agus go háirithe Airteagal 3.1 de;

    Ag féachaint do Phlean ICAO um Shábháilteacht na hEitlíochta Domhanda (GASP) (ICAO Doc 10004) agus do na tionscnaimh um shábháilteacht dhomhanda (GSI);

    Ag féachaint don Treochlár um Shábháilteacht na hEitlíochta Domhanda (GASR, 2006) maidir le comhroinnt idirnáisiúnta córais sonraí/córais domhanda tuairiscithe sonraí a chur chun feidhme;

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (1);

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (2);

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (3),

    De bhrí gur ar Chaighdeáin agus Cleachtais Mholta (SARPanna) ICAO, ar lámhleabhair agus ar ábhar treoraíochta atá sainmhínithe thacsanomaíocht ICAO maidir le Tuairisciú Sonraí Tionóiscí/Teagmhas (ADREP) bunaithe go príomhúil;

    De bhrí go dteastaíonn ó úsáideoirí ADREP agus an Ionaid Comhordaithe Eorpaigh um Chórais Tuairiscithe ar Theagmhais Aerárthaí (Eccairs) i mBallstáit ICAO tuilleadh úsáide a bhaint as faisnéisí a dhíorthaítear ó bhailiú, anailís agus comhroinnt na sonraí chun bagairtí ar an tsábháilteacht agus na nithe a chuireann leis na bagairtí sin a shainaithint ar scála domhanda;

    De bhrí go mbraitheann sábháilteacht na haerloingseoireachta agus an dul chun cinn i gcomhchuibhiú na heitlíochta sibhialta idirnáisiúnta ar chaighdeáin aitheanta amhail córas ADREP, agus ag aithint a thábhachtaí atá an cúnamh frithpháirteach agus an comhar i réimse bhainistíocht na sábháilteachta agus na gcóras bunachar sonraí;

    De bhrí na hoibleagáide atá ar Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) laistigh den Aontas Eorpach cúnamh a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le bainistíocht na Taisclainne Lárnaigh Faisnéise Eorpaigh ina stóráiltear gach tuairisc ar tharlú a bhailítear san Aontas Eorpach, agus go háirithe de bhrí an chúraim atá uirthi leagan nua d’fhoireann bhogearraí Eccairs, ar a dtugtar Eccairs 2, a fhorbairt agus a chothabháil;

    De bhrí go bhfuil na feidhmeanna uile a fheidhmíonn Ard-Stiúrthóireacht an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde sa Choimisiún Eorpach faoi láthair maidir le foireann bhogearraí Eccairs glactha ar láimh ag EASA ón 1 Eanáir 2021;

    De bhrí gur gá, dá bhrí sin, Socrú Oibre nua a chur in ionad an tSocraithe Oibre a rinneadh in Montréal an 21 Meán Fómhair 2011 maidir leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta;

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Glactar leis seo an Socrú Oibre atá i gceangal leis an gCinneadh seo agus gabhann sé ionad an tSocraithe Oibre a rinneadh in Montréal an 21 Meán Fómhair 2011 maidir leis an gcomhar i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

    Thar ceann Chomhchoiste an Aontais/ICAO:

    Na Cathaoirligh [sínithe amháin]


    (1)  IO L 122, 24.4.2014, lch. 18.

    (2)  IO L 295, 12.11.2010, lch. 35.

    (3)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.


    CEANGALTÁN A GHABHANN LEIS AN gCINNEADH Ó CHOMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH/ICAO AN 10 MÁRTA 2022

    SOCRÚ OIBRE IDIR AN EAGRAÍOCHT EITLÍOCHTA SIBHIALTA IDIRNÁISIÚNTA AGUS AN tAONTAS EORPACH

    I dTACA LEIS AN gCOMHAR I RÉIMSE AN TUAIRISCITHE AR THIONÓISCÍ AGUS AR THEAGMHAIS SAN EITLÍOCHT SHIBHIALTA

    Is é atá sa Socrú Oibre seo sásraí agus nósanna imeachta a comhaontaíodh go frithpháirteach agus ar gá iad chun gníomhaíochtaí comhair idir an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) agus an tAontas Eorpach (an tAontas) a chur chun feidhme go héifeachtach.

    An “Páirtí” a ghairfear de ICAO agus den Aontas anseo feasta nuair is ceann amháin acu a bheidh i gceist, agus na “Páirtithe” a ghairfear díobh le chéile.

    1.   CUSPÓIR AN tSOCRAITHE OIBRE

    1.1.

    Is é is cuspóir don Socrú Oibre seo, ar socrú oibre é a thagann faoi raon feidhme an Mheabhráin Comhair (MC) agus na hIarscríbhinne um Shábháilteacht na hEitlíochta a ghabhann leis, go háirithe Airteagal 3.3 agus Airteagal 7.3(c) de MC, an comhar idir na Páirtithe a chur chun feidhme, comhar arb é is aidhm dó, i gcás inar féidir, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a chéile i réimse an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht shibhialta agus na gníomhaíochtaí sin a chur cinn.

    1.2.

    Chun cuspóirí an tSocraithe Oibre seo a bhaint amach, comhaontaíonn na Páirtithe leis an gcur chuige ginearálta seo a leanas:

    (a)

    Chun an socrú oibre seo a chur chun feidhme go héifeachtach, ainmníonn an tAontas Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) (1) ina “ghníomhaire teicniúil” aige.

    (b)

    Cuirfidh EASA úsáid tacsanomaíocht ICAO maidir le Tuairisciú Sonraí Tionóiscí/Teagmhas (ADREP) chun cinn ar an mbonn gurb í an caighdeán chun faisnéisí maidir le tionóiscí agus teagmhais a thuairisciú agus a mhalartú laistigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, de Stáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus den Eilvéis.

    (c)

    Cuirfidh ICAO úsáid fhoireann bhogearraí d’fheidhmchláir Eccairs 2 an Aontais chun cinn ag Ballstáit ICAO chun faisnéisí maidir le tionóiscí agus teagmhais a bhailiú.

    (d)

    I ndáil le húsáid fhoireann bhogearraí Eccairs 2, comhordóidh ICAO agus EASA an chomhroinnt agus comhchuibhiú a n-iarrachtaí oiliúna agus tacaíochta agus a gcuid ábhar oiliúna agus tacaíochta chun leas úsáideoirí deiridh Eccairs uile a dhéanamh.

    (e)

    Oibreoidh ICAO agus EASA i gcomhar chun bunachar sonraí lárnach inrochtana domhanda maidir le tionóiscí agus teagmhais a bhunú agus is iad bogearraí Eccairs 2 a bheidh in úsáid acu. Beidh an bunachar sonraí á oibriú i gcomhréir leis na beartais ábhartha maidir le slándáil na gcóras faisnéise a bheidh i bhfeidhm.

    2.   COMHRÉITEACH SONRACH IDIR NA PÁIRTITHE

    2.1.

    Chun úsáid tacsanomaíocht ADREP a chur chun cinn — féach pointe 1.2 b) thuas — comhaontaíonn na Páirtithe leis an méid seo a leanas:

    (a)

    Is é ICAO an t-úinéir agus an Páirtí atá freagrach as forbairt agus cothabháil ghníomhach tacsanomaíocht ADREP.

    (b)

    Déanann ICAO agus an Mheitheal um Thacsanomaíocht Eccairs comhordú agus oibríonn siad i ndlúthchomhar chun éabhlóid agus cur chun feidhme comhsheasmhach a áirithiú do thacsanomaíocht ADREP, lena n-áirítear a héabhlóid agus a cur chun feidhme i gCóras Tuairiscithe Eccairs.

    (c)

    Foilseoidh ICAO tacsanomaíocht ADREP ar a shuíomh gréasáin mar dhoiciméad foirmiúil de chuid ICAO agus tabharfaidh sé an doiciméad sin cothrom le dáta nuair is gá.

    (d)

    Is é tacsanomaíocht ADREP ICAO is bonn don chur chuige maidir leis an tuairisciú ar thionóiscí agus ar theagmhais san eitlíocht mar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 376/2014. Athruithe ar thacsanomaíocht ADREP de chuid ICAO, déanfar iad a chomhtháthú, i bprionsabal, le heisiúintí bhogearraí eitlíochta Eccairs.

    (e)

    Leanfaidh EASA de bheith ag spreagadh Bhallstáit an Aontais, Stáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus na hEilvéise le Córas Tuairiscithe Eccairs a úsáid chun a gcuid tionóiscí agus teagmhas a thuairisciú go leictreonach do ICAO de réir na bhforálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn 13 — “Aircraft Accident and Incident Investigation” (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí).

    (f)

    Féadfaidh EASA agus údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais, Stáit LEE agus na hEilvéise tacsanomaíocht ADREP a úsáid saor in aisce i gCóras Tuairiscithe Eccairs 2 agus sna huirlisí gaolmhara.

    (g)

    Féadfaidh EASA nasc le tacsanomaíocht ADREP ar shuíomh gréasáin ICAO a sholáthar do phobal Eccairs trí thairseach ghréasáin phobail Eccairs 2.

    (h)

    Tabharfaidh ICAO cuireadh do EASA páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Rúnaíocht nó de ghrúpaí a bunaíodh chun tacsanomaíochtaí a fhorbairt agus/nó chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le húsáid ADREP (e.g. an idir-inoibritheacht, an samhaltú, teicneolaíochtaí nua a thástáil agus uirlisí tuairiscithe, modhanna agus tacaíocht a fhorbairt a thuilleadh).

    (i)

    Féadfaidh ICAO lógó Eccairs 2 a úsáid i gcomhar le ADREP.

    2.2.

    Chun úsáid Eccairs 2 a chur chun cinn — féach pointe 1.2 c) thuas — comhaontaíonn na Páirtithe leis an méid seo a leanas:

    (a)

    Is é EASA atá freagrach as forbairt agus as cothabháil ghníomhach chóras Eccairs 2, córas atá comhdhéanta de bhunachar sonraí agus de bhogearraí;

    (b)

    Aithníonn ICAO gur córas é Eccairs 2 arb é aidhm dó, i bprionsabal, a bheith comhoiriúnach do ADREP.

    (c)

    Tá ICAO ag úsáid bhogearraí Eccairs 2 agus na n-uirlisí gaolmhara chun córas ADREP de ICAO a chur chun feidhme. Féadfaidh ICAO córas Eccairs 2 a úsáid saor in aisce le freastal ar a gcuid riachtanas féin, lena n-áirítear bailiú na sonraí a bhaineann le hIarscríbhinn 13 — “Aircraft Accident and Incident Investigation” (Tionóiscí agus Teagmhais) agus próisis bailithe sonraí eile a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail bailiúchán IBIS maidir le himbhualadh éan nó tuairisciú ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le tarluithe.

    (d)

    Molann ICAO do Bhallstáit ICAO córas Eccairs 2 a úsáid chun a gcuid tionóiscí agus teagmhas a thuairisciú go leictreonach do ICAO de réir fhorálacha Iarscríbhinn 13 — “Aircraft Accident and Incident Investigation”. Má dhéanann Ballstát ICAO amhlaidh, beidh réiteach Eccairs 2 saor in aisce, mar aon leis an gcothabháil a dhéantar air agus an tacaíocht a thugtar dó.

    (e)

    Tabharfar cuireadh do ICAO páirt a ghlacadh i gCoiste Stiúrtha Eccairs agus na cearta céanna aige agus a thugtar do chomhaltaí an choiste le Téarmaí Tagartha an Choiste Stiúrtha.

    (f)

    Molann Rúnaíocht ICAO do Bhallstáit ICAO úsáid córas Eccairs 2, ar córas é atá comhdhéanta de bhunachar sonraí agus de bhogearraí agus atá á reáchtáil ag EASA, ar an mbonn gurb é sin an modh chun a stór náisiúnta tionóiscí agus teagmhas eitlíochta a ghabháil agus cothabháil a dhéanamh air. Más mian le Stát ICAO córas Eccairs 2 a úsáid, tabharfaidh EASA faoi chomhaontú a shocrú leis na Stáit sin.

    2.3.

    Chun iarrachtaí maidir le hoiliúint agus tacaíocht a chomhchuibhiú agus a chomhroinnt — féach pointe 1.2 d) thuas — comhaontaíonn na Páirtithe leis an méid seo a leanas:

    (a)

    I bprionsabal, is é EASA atá freagrach as an oiliúint maidir le Eccairs 2 a chomhordú agus as tacaíocht a sholáthar i dtaca le Ballstáit an Aontais, le Stáit LEE agus leis an Eilvéis, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus leis na Stáit uile a n-oibríonn EASA i gcomhar leo faoi chlár Comhair Idirnáisiúnta EASA.

    (b)

    I bprionsabal, is é ICAO atá freagrach as an oiliúint maidir le Eccairs 2 a chomhordú agus as tacaíocht a sholáthar i dtaca le páirtithe nach luaitear i bpointe a).

    (c)

    I gcás inar féidir, agus acmhainní EASA á gcur san áireamh aige maille leis an tosaíocht atá aige agus a luaitear i bpointe a), tabharfaidh EASA cúnamh do ICAO maidir lena chuid cúraimí siúd, ar an mbonn gurb é ICAO a íocfaidh as costais taistil agus liúntais lae (de réir nósanna imeachta inmheánacha ICAO).

    (d)

    I ndáil le húsáid fhoireann bhogearraí Eccairs 2, féachfaidh ICAO agus EASA lena gcuid ábhar oiliúna agus tacaíochta a chomhroinnt ar mhaithe le leas phobal Eccairs.

    (e)

    I gcás inarb ábhartha, féachfaidh ICAO agus EASA le dul i gcomhar le tríú páirtithe ó thaobh thacaíocht agus oiliúint ADREP/Eccairs de.

    (f)

    Tar éis clárú ar líne ar bhealach iomchuí, beidh rochtain ag údaráis inniúla Bhallstáit ICAO ar Mhol Lárnach Eccairs 2, mol a úsáidtear chun na gníomhaíochtaí oiliúna agus tacaíochta i ndáil le réiteach Eccairs 2 a chomhordú.

    2.4.

    Chun oibriú i gcomhar ar bhunú bhunachar sonraí Eccairs 2, comhaontaíonn na Páirtithe leis an méid seo a leanas:

    (a)

    I bprionsabal, is é EASA atá freagrach as suiteáil agus cothabháil córas Eccairs 2, córas atá comhdhéanta de bhunachar sonraí agus de bhogearraí.

    (b)

    I bprionsabal, is é ICAO atá freagrach as bainistíocht na gceart rochtana ar chóras Eccairs 2 le haghaidh na mBallstát uile cé is moite de Bhallstáit an Aontais, de Stáit LEE agus den Eilvéis

    (c)

    Comhaontaíonn EASA leis an mbonneagar a bhaineann le córas Eccairs 2, córas atá comhdhéanta de bhunachar shonraí agus de bhogearraí, a sholáthar saor in aisce do ICAO agus do Bhallstáit ICAO ionas gurb é an córas sin a úsáidfidh siad mar bhunachar sonraí le haghaidh an tuairiscithe ar thionóiscí agus ar theagmhais de réir Iarscríbhinn 13 — “Aircraft Accident and Incident Investigation”.

    (d)

    Tá sé comhaontaithe go mbeidh an rochtain ar na sonraí a stóráiltear i mbunachar sonraí Eccairs 2, agus roinnt na sonraí sin, faoi réir na bhforálacha maidir le rúndacht a leagtar amach in Airteagal 6 de MC, agus go mbeidh siad faoi réir chosaint na dtaifead maidir le himscrúduithe tionóiscí agus teagmhas a leagtar amach in Iarscríbhinn 13 — “Aircraft Accident and Incident Investigation”.

    (e)

    Gheobhaidh ICAO agus EASA toiliú sainráite i scríbhinn ón Stát lena mbaineann chun rochtain a fháil ar aon sonraí eile a d’fhéadfadh a bheith stóráilte i gcóras Eccairs 2 agus nach dtagann faoi raon feidhme phointe d)

    (f)

    Oibreoidh ICAO agus EASA i gcomhar chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí trí thaighde a dhéanamh ar réitigh a thacóidh leis an tseirbhís aicmiúcháin lárnach agus leis na próisis rialaithe cáilíochta uathoibrithe le haghaidh na n-úsáideoirí uile.

    3.   BAINISTÍOCHT

    3.1.

    Ainmneoidh ICAO agus EASA faoi seach pointí teagmhála a fheidhmeoidh ina gcomhordaitheoirí agus a bheidh freagrach as gníomhaíochtaí comhpháirteacha. Féadfaidh na comhordaitheoirí baill foirne eile a ainmniú chun ionadaíocht a dhéanamh orthu nó chun freastal ar chruinnithe.

    3.2.

    Is idir na comhordaitheoirí a dhéanfar an comhfhreagras faoi gach ábhar praiticiúil a bhaineann leis an Socrú Oibre seo.

    3.3.

    Tionólfaidh na Páirtithe cruinnithe, de réir mar is gá, chun dul chun cinn na ngníomhaíochtaí comhair i gcomhréir leis an Socrú Oibre seo a mheas.

    4.   CISTIÚCHÁN

    4.1.

    Ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn na Páirtithe go sainráite lena mhalairt trí shocruithe ar leith, is ar an bPáirtí féin atá costas aon chaiteachais a thabhaíonn sé i ndáil le feidhmiú a chuid cúraimí faoin Socrú Oibre seo.

    4.2.

    Na gníomhaíochtaí uile a dhéanfar de bhun an tSocraithe Oibre seo, beidh siad faoi réir infhaighteacht cistí, pearsanra agus acmhainní eile a bheidh iomchuí, agus beidh siad faoi réir na ndlíthe, na rialachán, na mbeartas agus na gclár is infheidhme atá ag gach Páirtí.

    5.   MAOIN INTLEACHTÚIL

    5.1.

    Is maoin intleachtúil de chuid ICAO í an tacsanomaíocht ADREP agus is amhlaidh a bheidh.

    5.2.

    Is maoin intleachtúil de chuid an Aontais é córas Eccairs 2 agus na huirlisí bogearraí a bhaineann leis, agus is amhlaidh a bheidh.

    5.3.

    Níl na Páirtithe freagrach as cáilíocht na sonraí a bhailítear ná as méid na sonraí sin.

    5.4.

    Aithníonn gach Páirtí an úinéireacht agus gach ceart ar a chóipchearta, a thrádmharcanna, a ainm, a lógónna agus aon mhaoin intleachtúil eile, agus gach ceart dá ngabhann leo. Is faoi réir formheas i scríbhinn roimh ré ón bPáirtí eile atá úsáid mhaoin intleachtúil an Pháirtí eile ag aon Pháirtí. Má thugtar an cead sin, is ar bhonn neamheisiach a bhainfear úsáid aisti agus comhlíonfaidh an Páirtí a úsáideann maoin intleachtúil an Pháirtí eile, de mheon macánta, na treoracha i scríbhinn, na treoirlínte agus na sonraíochtaí a thabharfaidh an Páirtí eile dó

    6.   LEASUITHE AGUS FOIRCEANNADH

    6.1.

    Féadfar an Socrú Oibre seo a mhodhnú nó a leasú le cinneadh ó Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh/ICAO.

    6.2.

    Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí an Socrú Oibre seo a fhoirceannadh tráth ar bith ach fógra sé (6) mhí a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile.

    (1)  https://www.easa.europa.eu/


    Top